Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/1/6

Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Chéad Ghníomh, An Séamhadh Radharc
[ 19 ]

AN SÉAṀAḊ RAḊARC.


Rí-ṫeaċ Cruaċna.—Méiḃ agus Oilill.


O.—An dtáinig Mac Roṫ fós, a Ṁéiḃ?

M.—Níor ṫáinig. Ní ró-ḟuirisde teaċt ó Ḋáire.

O.—Ní heaḋ. Fear fial. Fear foġanta. Is mór é onóir Ḋáire ’na ḋúṫaiġ, deirtear náċ beag de ṡeó an raṫ atá ar ṫriúċa céad Cuailnge agus ar Ḋáire féin ó ṫarla an Donn Cuailnge san áit. Is deacair a ráḋ go leogfaid muintir na háite an tarḃ uaṫa.

M.—Ní leó an tarḃ aċ le Dáire féin.

O.—Ní le Connaċtaiḃ an Finn-ḃeannaċ aċ liom-sa agus dá dtiġeaḋ teaċtaireaċt ó Ḋáire ’ġá iaraiḋ ar iasaċt is dóiċ liom gur maiṫ na cáirde síḋe a ḃeaḋ ag an té a ḃéarfaḋ ċun siuḃail é.

M.—Ca ḃfios ná go dtiocfaḋ Dáire agus an Donn i n‑aoinḟeaċt.

O.—Níor ṁeasa a ṫúis ná a ḋeire. Tá breis ṁór agus ár ndóiṫin Ultaċ annso ċeana againn. Ní ḟeadar cad dob áil leat díoḃ. Is cosdasaṁail an ara iad. Rud is measa ná san féin: is contaḃarṫaċ an ara iad. Mara gcurfar cóir ṁaiṫ orṫa millfear ár n‑oineaċ. Má curtar cóir ró ṁaiṫ orṫa beiḋ éad ar ár n‑uaisliḃ féin. Idir Ultaiḃ agus Connaċta ḋóiḃ, táid siad éadṁar, teasaiḋe, tógálaċ, ar gaċ taoḃ. Má eirġean eatarṫa beiḋ droċ-obair againn.

M.—Ní ḟeicean tusa ċoiḋċe, a rí, aċ duḃ an sgéil. Tá mo smaċt-sa ċoṁ daingean san ar Ṁacaiḃ Máġaċ agus ar na slóiġtiḃ atá fúṫa, agus tá [ 20 ]a leiṫéid sin d’iontaoiḃ agam asta gur cuma liom an doṁan conus a ḋéanfaid Ultaiġ iad féin d’iomċar annso. Dá mbuaileaḋ Ultaċ Connaċtaċ treasna an ḃéil ní baoġal duit go ḃfreagrófaí an buille!

O.—Seaċain, a Ṁéiḃ. Is féidir smaċt do ḃeiṫ ró ḋian. Rud is measa ná san: sgéiḋfiḋ do smaċt do rún. Má ḃuailean Ultaċ Connaċtaċ agus ná freagróċar an buille, cad déarfaid Ultaiġ leis sin? Déarfaid siad go ḃfuil beart ḋoiṁinn éigin agut-sa laistiar de’n smaċt.

M.—Oċón! Is deacair tu ṡásaṁ! Ní ḋéanfaiḋ bainne a’s luċ ann an gnó ḋuit na bainne a’s luċ as!

O.—Ní luċaiġ iad aċ coin ċraosaċa!

M.—Ríogra uaisle, onóraċa is eaḋ iad! Fir is eaḋ iad d’ḟuilingeóċ bás níos túisge ná ḃrisfidís a ḃfocal. Cad a ċuir annso ar dtúis iad? Ní raiḃ bac orṫa fanaṁaint ṫoir ’na ndúṫaiġ féin. Cad a ḋíbir ó n‑a muintir agus ó n‑a ngaolta iad? Ní raiḃ de ḋia beag acu aċ Conċoḃar. Cad fé ndeara ḋóiḃ druim láṁa ṫaḃairt leis agus aġaiḋ do ṫaḃairt ar ḋúṫaiġ iasaċta? Ar ḋúṫaiġ naṁad? Ort-sa agus orm-sa agus ar ċlannaiḃ Máġaċ uile? Ní raiḃ aċ an t‑aon ċúis aṁáin acu leis. Níor ḟéadadar fulang leis an ḃfeall a ḋein Conċoḃar. An té ná fuilingean feall ní ḋéanfaiḋ sé feall.

O.—“An té ná fuilingean feall ní ḋéanfaiḋ sé feall!” Bíoḋ an sgéal go léir agat, a ríogan.

(Imṫiġeas.)

M.—Cad déarfaḋ Oilill anois dá mbeaḋ a ḟios aige cad é an neart atá sa smaċt! Do neósfaḋ [ 21 ]Ceat mac Máġaċ dó cad tá ag coimeád Connaċtaċ socair. Ba ḋeacair Ceat féin do ċoimeád ar sliġe na síoṫċána mara mbeaḋ an ní atá ar ár n‑aigne.

(Tig Mac Roṫ.)

Seaḋ, a Ṁic Roṫ, ar ṫugaḃair an tarḃ liḃ?

M. R.—Ambasa, a ríogan, níor ṫugamair.

M.—Cad fé ndeár san?

M. R.—Nuair a ṫugas-sa an teaċtaireaċt do Ḋáire ṁac Ḟiaċna ḃí sé lán tsásta iasaċt an tairḃ do ṫaḃairt uaiḋ. Duḃairt sé gur leis féin an tarḃ agus ná taḃarfaḋ sé aon tsásaṁ do ṁuintir na háite i dtaoḃ an tairḃ do ċoimeád nó do ṫaḃairt uaiḋ, pé ’cu ba ṁaiṫ leis féin. Agus duḃairt sé ná glacfaí aon díoluiġeaċt ar an iasaċt. Ċeapas go raiḃ gaċ ní socair. Do frioṫálaḋ sinn go maiṫ le roġa gaċ bíḋ agus leanna. Nuair a ġaḃas amaċ ar maidin lar na ṁáireaċ agus ċuas fé ḋéin an tairḃ ċun é ċomáint liom do ċoisg Dáire me. Duḃairt sé ná leogfaí an tarḃ liom, agus mara mbeaḋ nár ḃéas dó féin feall do ḋéanaṁ ar eaċlaċaiḃ ná ar luċt taisdil sliġe ná tiocfaimís tar n‑ais beó. D’ḟiarfaiġeas de cad fé ndeár an t‑aṫrú aigne.

M.—Cad duḃairt sé leis sin?

M. R.—Duḃairt sé go nduḃairt duine dár n‑eaċlaċaiḃ aréir roiṁe sin, mara dtugtaí an tarḃ ar ais go mbéarfaí ar éigin é, le mór-ṡlóiġte Ṁéiḃ agus le mór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ.

M.—Tá go maiṫ, a Ṁic Roṫ. Ní gá aon aṫrú mór do ḋéanaṁ sa ċaint. Duḃairt an t‑eaċlaċ “mara dtugtaí ar ais é do ḃéarfaí ar éigin é.” Ní’l [ 22 ]agam-sa le ráḋ aċ nuair ná tugtar ar ais é do ḃéarfar ar éigin é. Imṫiġ, a Ṁic Roṫ.

(Imṫiġeas M. R.)

“Nuair ná tugtar ar ais é do ḃéarfar ar éigin é.”—Is beag an blúire cainte an méid sin focal. Is réiḋ éasga a riṫid siad a béal duine. Ni’l ionta aċ anál agus fuaim. Ní puinn de sin féin atá ionta. Cé ṁeasfaḋ anois, an mó braon fola a sgaoilfear le fánaiḋ mar ġeall ar an méid sin cainte! Cé ṡaṁlóċ go ḃféadfaḋ na focail ḃeaga san slóiġte líonṁara do ċruinniú ó ċríoċaiḃ fada, fairsinge, imigcéineaṁla! Fir óga uaisle do ṫarrang aḃfad ó ḃaile! Daoine nár laḃair aon ḟocal riaṁ le n‑a ċéile, ní áirṁiġim fuaṫ ná miosgais do ṫaḃairt dá ċéile, do ċur ag gearraḋ a ċéile le faoḃar! Fuil agus ionaṫar daoine, agus cuirp ’na sraṫanaiḃ, do ċur ar áṫaiḃ agus ar ḃántaiḃ, ar ṁaġaiḃ agus ar ḃearnaiḃ, ó Ṡionainn go hEaṁain Ṁaċa! Ní raiḃ aċ buille fé ṫuairim ann nuair a duḃart leis an eaċlaċ mara dtugtaí an tarḃ ar ais go mbéarfaí ar éigin é. Ḃí tuairim agam ná féadfaḋ sé a ḃéal do ċoimeád dúnta, aċ níor ṁeasas go dtiocfaḋ an sgéal amaċ ċoṁ mór ċun mo ṫoile agus a ṫáinig. Seaḋ! Tá an ċú ’s an cat ’s an girrḟiaḋ ar aon úrlár agam anois, pé cuma ’na dtiocfar as. Cad é an dúiseaċt a ġeaḃaiḋ Conċoḃar as a ċodla! Ní’l Ultaċ beó gan diombáḋ agus seirḃṫean agus dúr-ċroiḋe air mar ġeall ar an ḃfeall gcaillte a deineaḋ ar Naoise agus ar a ḃeirt ḋrioṫár. Tá Conċoḃar ’na ċeas. Tá ceasnaí a ḋóiṫin air. Ní’l an fear san beó ar [ 23 ]uaisliḃ Ulaḋ do ṫarraingeóiḋ arm ar a ṡon go deó arís.—Ca ḃfios ná go leanfaḋ tuille acu Fearġus agus Cormac Conloingeas. Tá coṁar amuiċ agat orm, a Ċonċoḃair, le bliaḋain agus fiċe. Is miṫid é ḋíol leat. Ċuiris teaċtaireaċt ’am iaraiḋ. Táim ċuġat fé ḋeire.

(Imṫiġeas.)

[Brat anuas.]

Deire an Ċéad Ġníṁ.


An Chéad Ghníomh, An Séamhadh Radharc