Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/1

Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Dara Gníomh, An Chéad Radharc
[ 24 ]

AN DARA GNÍOṀ.


AN ĊÉAD RAḊARC.


Rí-ṫeaċ Cruaċna.—Méiḃ agus Oilill. Mórṡeisar giollaí turuis ar gaċ taoḃ de’n ċlár.


M.—Seo, a ġiolla. Imṫiġ-se ag triall ar Ṁaine Aṫraṁail agus taḃair an sgríḃinn sin dó. Agus imṫiġ-se agus taḃair é sin do Ṁaine Ṁáṫraṁail, agus beir-se leat é sin ag triall ar Ṁaine Ṁórġus. Agus tusa, a ġiolla, taḃair é sin do Ṁaine Ṁionġus, taḃair-se é sin do Ṁaine Aoi. Agus tusa, taḃair é sin do Ṁaine Ṁóeibert. Agus beir-se é sin ag triall ar an Maine eile. Amaċ liḃ!

(Imṫiġid an mórṡeisear san.)
Seo, deiniḋ-se ar an gcuma gcéadna. Taḃair-se é sin do Ċeat ṁac Ṁáġac—fear ná fuil puinn gráḋa do Ċonċoḃar aige—é sin d’Anluan—é sin do Ṁoccorb—é sin do Ḃascall—é sin d’Éan é sin do Sgandall é sin d’Éadġa. Bíḋ ar siuḃal! Ná teipeaḋ ar luas ḃur gcos!

(Imṫiġid.)

O.—Tá mórṡeisear de na Ṁainiḃ ag teaċt, agus mórṡeisear de Ṁacaiḃ Máġaċ. Cad é an líon a ṫiocfaiḋ gaċ Maine agus gaċ mac de Ṁacaiḃ Máġaċ, a Ṁéiḃ?

M.—Duḃart le gaċ fear díoḃ a ṫríoċa céad do ṫaḃairt leis.

O.—Sin ċeiṫre ṫríoċa céad déag. Sin ḋá ṁíle agus daċad míle.

[ 25 ]M.—Tá Cormac Conloingeas ag teaċt. Ní ṫiocfaiḋ sé sin fé ḃun an tríoċa céad Duḃloingse atá ’na ngnáṫ-ṫeaġlaċ aige ó ḟág sé Conċoḃar.

O.—Sin ċúig míle agus daċad míle.

M.—Go réiḋ, a rí. Tá tríoċa céad Ultaċ ag Cormac i n‑éaġmais an tríoċa céad Duḃloingse. Ní háil leat ċoiḋċe feiṫeaṁ le deire sgéil!

O.—Sin oċt míle agus daċad míle. Ní ró ḟada le dul iad ar ṡlóiġtiḃ Ċonċoḃair. Dá olcas atá an sgéal aige níor ḃ’ḟada an ṁoill air ḋá oiread an méid sin do ċruinniú i gCúige Ulaḋ fós, gan bac dá ḃfuil uaiḋ ar díbirt. Agus ní eile, a Ṁéiḃ. Ní’l fear óg ná aosda i gCúige Ulaḋ ná fuil Conċoḃar tar éis gaċ sórd eóluis gaile agus gaisge do ṁúine ḋó, ar an uile ṡaġas airm agus gníṁ.

M.—Is beag an tairḃe ḋó anois ar ṁúin sé riaṁ dóiḃ. Do ṁúin sé ḋóiḃ an t‑eólus is fearr a múineaḋ do laoċra riaṁ nuair a ṁúin sé ḋóiḃ gur neaṁní gaċ aoiḃneas saoġalta seaċas réim ċlú, agus ná faġtar réim ċlú, gan dílse i mbriaṫar. Ġaiḃ sé de ċosaiḃ ’na ṫeagasg agus ’na ċlú féin nuair a ġaiḃ sé de ċosaiḃ ’na ḃriaṫar rí. Táid ríogra Ulaḋ bréan de Ċonċoḃar. Ní luaisgfiḋ duine acu claiḋeaṁ ar a ṡon.

O.—Ná codail ar an gcluais sin, a Ṁéiḃ. Bíoḋ go ḃfuil seirḃṫean a ndóiṫin anois ar ríogra Ulaḋ ċun Conċoḃair agus gur fuaṫ leó claiḋeaṁ do noċtaḋ ar a ṡon, noċtfaid siad an claiḋeaṁ tapaiḋ go leór ar a son féin. Gaḃaim-se orm go bpreabfaid siad suas go mear nuair a ċífid siad slóiġte Connaċt ag déanaṁ losgaḋ agus léirsgrios ar a ndúṫaiġ. Aċ tá ní eile, a ’nġín ó.

[ 26 ]M.—Cad é an ní eile sin? Is iongantaċ mar a ċíon tú neiṫe náċ féidir le haon duine eilse d’ ḟeisgint!

O.—Nuair a ċífiḋ Fearġus agus Cormac Conloingeas agus a ḃfuil annso agat díoḃ, a ndúṫaiġ féin dá lot, taḃarfaid siad druim láṁa linn. Tógfaid siad páirt le n‑a ngaoltaiḃ agus le n‑a gcáirdiḃ féin, ní náċ loċt orṫa. Ní’l aċ claiḋeaṁ aḋmaid ag Fearġus ó ṫainig sé annso. Má ḃíon sé ag dul i gcaṫ ní foláir an Calaḋċolg do ṫaḃairt dó ṫar n‑ais. Má ṫógan sé páirt le Conċoḃar agus an claiḋeaṁ san d’ iompáil ’nár gcoinniḃ brisfear caṫ láiṫreaċ orainn.

M.—Éist, a rí. Éist! Ní ḟeadraís cad tá agar dá ráḋ. Ní baoġal duit Fearġus. Is fear tréan Fearġus aċ tá rud ná féadfaḋ sé a ḋéanaṁ.

O.—Is dóċa go ḃfuil. Cad é an rud é?

M.—Ní ḟéadfaḋ sé a ḟocal do ḃrise.

O.—Aċ! Baoiṫreaċt! a ’nġín ó.

M.—Ní hiongna liom tu ’ġá ráḋ san, a rí. Ní ṫuigean folaṁ sáiṫeaċ.

O.—Conus san?

M.—Ní ṫuigean t’aigne-se aigne Ḟearġuis. Ní ḟéadfaḋ Fearġus a ḟocal do ḃrise mar ní leogfaḋ an ḟírinne atá istiġ ’na ċroiḋe ḋó é ḋéanaṁ.

O.—Tá go breáġ!

M.—Níor ġá ḋuit an claiḋeaṁ do ṫógaint uaiḋ. An ḟaid a ḃí focal a ḃéil agat dob ḟearra ḋuit an Calaḋċolg aige ná uaiḋ.

O.—B’ ḟéidir é. Mar sin féin is mór an suaineas liom ar m’ aigne an claiḋeaṁ do ḃeiṫ agam féin. Cad é an díoġḃáil dom a ḟocal agus a ċlaiḋeaṁ do ḃeiṫ i n‑aoinḟeaċt agam?

M.—Ní haon tairḃe ḋom ḃeiṫ leat!

[ 27 ]O.—Ní fíor san, a Ṁéiḃ. Is tairḃe mór ḋuit ḃeiṫ liom. Breiṫniġ an aḃa sar a dtéir ’na cuiliṫ. Má ṫéiġean tú go Cúige Ulaḋ agus gan agat aċ caogad míle fear, ní ṫiocfair-se ná iad aḃaile go Cruaċain arís.

M.—“Caogad míle fear!” Cé duḃairt go raḃas ag dul go Cúige Ulaḋ agus gan agam aċ caogad míle fear!

O.—Ní ḟeicim a ṫuille san áireaṁ atá déanta agat.

M.—Agus níor ṫugais uain dom ar a innsint duit go ḃfuil áireaṁ eile le déanaṁ agam. Níor ṫugais uain dom, a Oilill, ar a innsint duit go ḃfuil Cú Raoi mac Dáire ag teaċt aneas ó Ċaṫair Con Raoi, agus ḋá ṫríoċa céad aige, a ġnáṫ-ṫeaġlaċ féin. Agus níor ṫugais uain dom ar a innsint duit go ḃfuil ḋá rí ḋéag dá éaġmais ag teaċt ó’n Muṁain ċuġainn agus tríoċa céad de ċaiṫ-ḃilíḃ cruaḋa calma ag gaċ rí ḋíoḃ. Fir go ḃfuil seana-ṫaiṫiġe ag gac fear acu ar arm agus ar ċaṫ agus ar ċogaḋ. Fir a ċuir teiċe agus ruag agus dearg-ár go minic ar ṡlóiġtiḃ Ulaḋ.

O.—Agus ar ṡlóiġtiḃ Connaċt.

M.—Ní mince a ċuireadar ruag ar ṡlóiġtiḃ Connaċt nár mar a ċuir slóiġte Connaċt ruag orṫa-san.

O.—Ambasa, a Ṁéiḃ, is dóiċ liom gur ḋeinis an aḃa do ḃreiṫniú. Céad míle fear! Agus gan fear orṫa náċ naṁaid agus bioḋḃa báis do Ċonċoḃar agus d’Ultaiḃ! Déanfair an ḃeart, a Ṁéiḃ.

M.—Is fada go dtáinig sé asat! Déanfad an ḃeart! Bainfead an ṁór-ċúis de Ṁac Faċtna! Geaḃad de ċosaiḃ ’na ġradam! Curfar ceó ar do ṡoilse, a ṁic Neasa! Millfear an ṁór-uaisleaċt. [ 28 ]Leagfar an réim ċlú! Fágfar Eaṁain ’na huaigneas agat, a Ċonċoḃair! Fágfar an ċúige sin Ulaḋ ’na dearg-ḟásaċ! Is mairg duit nár sgaoil ṫart inġean Eoċaiḋ! Ḋeinis do ṗas magaiḋ fúiṫi! Tiocfaiḋ an magaḋ ’na ḋáríriḃ ċuġat! Ní sgarfaiḋ sí leat go gcuiriḋ sí do ġnúis le grean agus a cos ar ċúl do ċinn!

O.—An fear boċt! Is truaġ gan a ḟios aige cad tá ċuige. Dá mbeaḋ a ḟios aige cad tá ċuige ní ḟanfaḋ sé leat. D’imṫeóċ sé a hÉirinn, ní heaḋ aċ as an saoġal, níos túisge ná ḟanfaḋ sé le n‑a leiṫéid de ċor do ṫaḃairt air.

M.—Bíoḋ do ṡult agat, a rí. Beiḋ mo ḋíoġaltas agam-sa. Dá mb’ é Impire na Róṁa é bainfear an t‑uaiḃreas dé!

O.—Ambasa, a Ṁéiḃ, ní fėicim a ṁalairt d’ ḟuadar fút.


An Dara Gníomh, An Chéad Radharc