Tír na n-Iongantas/33

Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXIII
[ 76 ]

XXXIII.

Níor ṡroiċ an dreóilín béal pluaise na leoṁan go ceann ḋá lá. Le heirġe na gréine, ḃí sé n-a ṡeasaṁ ar ḃárr géige ar aġaiḋ na pluaise amaċ agus an oiread gleó ġá ḋéanaṁ aige is ḃéaḋ ag faoileán. Ḃí sé ċoṁ mórċúiseaċ leis an bpéacóig féin gur cuireaḋ ar an teaċtaireaċt sin é. Éan beag mar é ag dul ar ṫeaċtaireaċt ċuig rí cumasaċ na foraoise! Ba ṁór an onóir é. Ḃí sé roinnt ḃeag faiteaċ, aċt ní leigfeaḋ air féin go raiḃ. Ḃí rí na foraoise n-a ainṁiḋe ḟíoċṁar dolabaiḋe agus ní raiḃ ann féin aċt dreóilín d’éan dearóil. D’ḟéadfaḋ an leoṁan é alpaḋ n-a ḃeaṫa! Ċuiṁniġ sé ar a ċéile ḃí sa mbaile san neid ṡeasgair sa tum; ċuiṁniġ sé ar an ál óg agus ṫáinig creaṫaḋ air. Aċt naċ raiḃ treiḃeaċa an aéir faoi ġeasa a ḃás a ḋíoġal dá marḃóċaḋ an leoṁan é? Ba ṁór an misneaċ dó é sin. Ċaiṫeaḋ sé é ċur i gcéill do’n leoṁan i dtosaċ na cainnte. Aċt níor ṁór ḋó ḃeiṫ an-ṁúinte leis an leoṁan. Níor ṁill deáġ-ḃéasa teaċṫaire ariaṁ. Aċt nárḃ ḟada go raiḃ sé ag teaċt ċuige agus é ag glaoḋaċ air le leaṫ-uair?

Nuair naċ raiḃ an leoṁan ag teaċt ċuige, ṫosaiġ sé ag cumaḋ óráide ḃeaḋ feileaṁnaċ do’n ócáid. Ní raiḃ an ċainnt a ḃí san óráid ċoṁ borb is ba ċóir d’óráid dá ṡaġas ḃeiṫ, b’ḟéidir. Aċt maoluiġeann an ṁoill an teasbaċ.

Sa deireaḋ ṫáinig an leoṁan mór uaiḃreaċ. Ṫáinig creaṫaḋ mór ar an dreóilín boċt. Ṡíl sé laḃairt aċt níor ḟan focal aige. Níor ḟéad sé cuiṁneaḋ go mba teaċtaire ó ṫreiḃeaċaiḃ leiteadaċ’ an aéir é. Ḃí sé náiriġṫe go deó na ndeór.

Ċonnaic sé an leoṁan ag déanaṁ air mar ṡíl sé. D’imṫeóċaḋ leis dá ḃféadfaḋ sé, aċt níor ḟead sé sgiaṫán a ṫógḃáil. Ḃí sé greamaigṫe de’n ġéig. Draoiḋeaċt éigin ḃí ag an leoṁan air. Ċeap sé o ḃfeicfeaḋ sé craosaċ dearg an leoṁain ṁilltiġ gaċ [ 77 ]noiméad agus go mbéaḋ a ré ṫart annsin. Ṫáinig cineál laige air....

Ar a ṫeaċt ċuige féin ḋó, ḃí an leoṁan n-a luiġe faoi ḃun an ċrainn, na cosa tosaiġ sínte amaċ uaiḋ, an ceann mór uasal mongaċ i n-áirde san aér aige, agus é ag féaċaint uaiḋ go brónaċ Ḃí doilġeas an tsaoġ- ail le taḃairt faoi deara i ndoiṁneaċt a ḋá ṡúl, agus an driṫle iongantaċ ḃíoḋ ionnta de ġnáṫ múċta beag- naċ. Ḃeaḋ súil ag duine le deóra móra ḟeiceál sna súile brónaċa seo.

Ar ḟeiceál do’n dreóilín cé’n ḃail ḃí ar an leoṁan ċeap sé gur eagla ḃí air roiṁ clannaiḃ an aéir, agus ṫáinig a ṁisneaċ ċuige arís, laḃair sé go borb agus laḃair sé go dána leis. Duḃairt sé leis go mbeaḋ air cead cinn agus sgiaṫán ṫaḃairt do’n éan uasal ḃí i ngéiḃeann aige. Ċuir sé i gcéill ḋó ċoṁ niṁneaċ is ḃí a ṁuinntir féin dá mbaintí asta é. Ḃí goba fada cruaḋa aca agus sgiaṫáin láidre. Ḃagair sé an t-iolar mór air i ndeireaḋ na dála. Annsin d’éist sé a ḃéal go gcluinfeaḋ sé céard ḃí le ráḋ ag an leoṁan.

Aċt níor laḃair an leoṁan ar ċor ar biṫ. Níor ċuir sé aon tsuim sa gcainnt de séir cosaṁlaċta, aċt é ag osnaġail agus ag cneadġail i ndiaiḋ an ṗeata fuaid- iġeaḋ uaiḋ.

Ṫáinig a ċéile amaċ ó’n bpluais agus lón aici ḋó. Uiḃeaċa pearóide agus earbaill gaḃar an biaḋ ḃí aici ḋó, agus leoṁan naċ mblasfaḋ de’n ḃiaḋ sin ḃí a ré ṫart. Aċt níor leag Deaideó srón air. Ní biaḋ ḃí uaiḋ. Ní raiḃ uaiḋ aċt an Búrla, an peata deas sguabaḋ uaiḋ.

Ṫáinig a ċéile arís agus ba ṁór an t-iongnaḋ ḃí uirṫi nár iṫ sé an biaḋ. A leiṫéid de leoṁan níor casaḋ léiṫi ariaṁ! Naċ uirṫi ḃí an tubaisde go raiḃ sí ceangailte leis! Isteaċ léiṫi sa bpluais arís agus í ag ráḋ leiṫi féin go mbḟeárr ḋi éaluġaḋ uaiḋ agus céile eile a ṫóġaḋ.

Laḃair an dreóilín arís agus laḃair sé go dáná aċt áird ní raiḃ ag an leoṁan ar a ġlór.

[ 78 ]Ṫóg sé a ċeann agus leig aon ġáir bróin as, agus ḃí an dreóilín dul i ndánaiḋeaċt air agus é buailte le n-a ṡrón beagnaċ, ċuir anál trom an leoṁain trí feáḋ i n-aér é! Nuair d’eiriġ leis ṫeaċt anuas ar an ngéig arís ḃí a ċroiḋe n-a ḃéal, agus é ċoṁ sgannruiġṫe is dḟéadfaḋ aon éan ḃeiṫ. Ċeap sé go mb’ḟeárr ḋó filleaḋ aḃaile go ciúin socair ḋó féin.

Aċt ḃí an bealaċ fada, agus sul ar ṡroiċ sé an baile ṫáinig croiḋe agus misneaċ ċuige arís. Tugaḋ droċ- íde air. Má ḃí sé beag bídeaċ féin, ba ṫeaċtaire ó ċlannaiḃ uaisle an aéir é. D’innseoċaḋ sé an sgéal dóiḃ. Ċuirfeaḋ sé i dtuigsint dóiḃ ċoṁ borb neaṁ- ḟaiteaċ is ḃí sé féin, agus an ċaoi nár ċuir an leoṁan aon tsuim ann aċt séideaḋ faoi go mí-ṁúinte gur ċuir sé trí feáḋ i n-aér é!

Ar ṡroiċint ionaid na féise ḋó, d’innis sé a sgéal do na héanlaiṫ ḃí bailiġṫe ann roiṁe. Ṫar éis mórán cainnte, ṡocruiġeadar cogaḋ dearg fuilteaċ a ċur ar na leoṁain, agus ar a gcáirde, agus an t-éan uasal ḃí faoi ḋraoiḋeaċt aca a ċoinneál n-a ġiall go ndéan faiḋe síoṫċáin.

Aċt d’éalaiġ an giall uaṫa an ḟaid is ḃíodar ag cainnt.

Ceapaḋ gur ag triall ar ṗluais na leoṁan ċuaiḋ sé, agus d’imṫiġ an t-iolar ar a lorg. Ḃí Deaideó n-a ċodlaḋ ag béal na pluaise roiṁ an iolar. D’ḟan an t-éan mór ag follaṁain ós a ċionn ar feaḋ tamaill ḃig, annsin ṫáinig sé anuas le luas lasraċ agus sgiob sé an dá ṡúil as cloigeann an leoṁain ḃoċt!

A Ḋeaideó! A Ḋeaideó! Is truaiġ linn do ċás gan fiacail gan ionga gan súil!