Mo Sgéal Féin/3

Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 16 ]
III
RÓGAIRÍ

Do théidhinn soir go minic go cúinne na h-iothlann, ach dob’ fhada go ndeaghas thairis sin soir. Bhí blúire beag de thalamh gan daingean lastuaidh de’n iothlainn, agus an Seana Mhacha a tugtí air. Ní raibh aon cheart [ 17 ]ag aoinne seachas a chéile chun an tSeana Mhacha, mar níor bh’ fhiú aon rud é. Bhí daoine ’n-a gcómhnuighe i dtigh a bhí lastiar d’ár dtigh-ne. De mhuíntir Iarlaithe ab eadh iad. Bhíodh géana mhuíntir Iarlaithe ar an Seana Mhacha go minic. Bhí ar na géanaibh sin gandal mór bán, “sgafaire gléigeal gandail,” agus ní raibh an beithigheach allta san le fághail, sa n-Aifric theas ná ins na h-Indiathaibh thoir ná i n-aon pháirt eile de’n domhan, a dh’fhéadfadh sgannradh do chur i gcroídhe aon duine mar an sgrannradh do chuireadh an rógaire gandail sin am’ chroidhe-se an uair sin. Nuair a thagainn go cúinne na h-iothlann agus nuair a chínn na géana ar an Seana Mhacha, do rithinn thar n-ais chómh géar agus do ruithfeadh duine ó león buidhe nó ó león breac. Dá mbéad na géana abhfad suas uaim d’fhanfainn tamall, b’fhéidir, ag féachaint ortha, ach bhíodh mo cheann cromtha agam agus mé ar sgáth na caraige sar a’ bhfeicfeadh an gandal mé. Uaireanta bhíodh radharc maith agam air agus gan aon radharc aige orm. Níor bh’ iongnadh an sgannradh. Nuair a thógadh sé a cheann agus sheasuigheadh sé suas díreach, bhíodh sé níob’ aoirde go mór ’ná mise. Do thuiginn uaireanta go bhfeiceadh sé mé go maith, ach go mbíodh an bitheamhnach ’á leigint air ná feiceadh. Bhíodh a cheann cromtha aige agus é ag piocadh an fhéir ghlais, ach bhíodh ’fhios agam-sa go maith gur ag faire orm a bhíodh sé, agus ag féitheamh féachaint an raghainn amach ar an Seana Mhacha, i dtreó go sínfeadh sé a mhuineál fada bán agus go ruithfeadh sé chúgham chun mé dh’ithe. Do chuadhas amach ar an Seana Mhacha aon uair amháin nuair a mheasas ná raibh sé féin ná na géana ann i n-aon chor. Bhíodar ann a gan fhios dom. Níor thugas aon rud fé ndeara go dtí go bhfeaca chúgham é, agus [ 18 ]a cheann chun an tailimh aige, agus a mhuineál sínte aige. Do bhéiceas agus do ritheas. Do rugas na cosa uaidh, ach b’ ar éigin é. D’iompuigh sé thar n-ais agus d’aireófá míle ó bhaile é ag sgreadaigh agus ag maoidheamh as an ngaisge a bhí déanta aige. Do chonac agus d’airigheas go minic ó shin an sgreadach chéadna agus an maoidheamh céadna ag teacht a’ gandal nár ghé, a’ gandal fir, mar gheall ar ghníomh ná raibh aon phioc níba chródha ’ná gníomh an ghandail úd a bhí ar an Seana Mhacha an uair úd.

Tá páirc ar aghaidh an doruis amach, agus “an pháirc sin amuich,” a tugtí an uair sin uirthi. Bhí bearna ar aghaidh an doruis chun dul isteach sa pháirc sin. Do bhuailinn-se amach, agus soir an bhearna san agus soir tré lár na páirce, uaireanta, nuair a bhíodh an gandal ar an Seana Mhacha. Ansan bhíodh radharc agam ó-thuaidh ar an gCnuc mBuidhe, agus ar an gCaol, mar ar marbhuigheadh gandal eile abhfad ’n-a dhiaigh san, agus ar Ghleann Daimh, mar a raibh Tadhg na n-Ubh ’n-a chómhnuighe; agus suas ar Charaigín an Radhairc, agus ar Thúirín an Chasúrlaigh, agus síos ar Pháirc na gCloch, agus ar Pháirc na Coise, agus ar Pháirc na h-Abhan agus ar Pháirc na Gainimhe. Chuireas aithne ortha go léir i ndiaigh ’chéile. Páircíní beaga bochta cruadha ab eadh iad. Droch thalamh ab eadh an áit go léir. Ach sar a dtáinig an dubh ar na prátaí d’fhásaidís go maith i n-aon tsaghas tailimh, agus biadh breagh foláin flúirseach ab eadh iad do dhaoinibh nó do bhuaibh nó do chapaillibh, nó d’aon rud beó a dh’fhéadfadh biadh a dh’ithe i n-aon chor. Bhéadh bliain anois agus airís, b’ fhéidir, agus thiocfadh meathlughadh ar na garaidhthibh, tré thiormacht aimsire, nó tré dhroch ghaoith éigin, nó mar gheall ar ghalar éigin a bhéadh ar an síol, i dtreó [ 19 ]go bhfanfadh na prátaí ró mhion, nó ná béadh aon adhbhar acu sa talamh. Thabharfadh san bliain ghana-chúiseach do dhaoinibh. Bhéadh “Conchubhar Mór sa chúinne” agá lán. Ní fhanadh puínn d’aon tsaghas eile bídh sa tír. Pé gráinne arbhair a saothruightí do caithtí é dhíol, nó an chuid ba mhó dhé, chun an chíosa dhéanamh. Dheineadh daoine a ndícheal chun oiread des na prátaíbh miona do choimeád agus dhéanfadh an garaidhe do chur i gcóir na h-aithbhliana. Ansan, b’fhéidir, do thiocfadh an aimsir go rathmhar i gcaitheamh na h-aithbhliana. D’fhásfadh na garaidhthe go saidhbhir, chómh saidhbhir sin go mbéadh na clasa dúnta ins gach aon gharaidhe i gcaitheamh an tsamhraidh, agus brat trom de bhláthanaibh bána ortha i ndeire an tsamhraidh, agus prátaí nua le fághail ionta oidhche Lughnasa, lán sgiathóige fé gach aon ghas, agus nár ith duine riamh isteach ’n-a bhéal biadh do b’ fhearr ’ná iad. Ansan ní chuimhneóch’ aoinne an chuid eile de’n bhliain sin ar “July an chabáiste.”

Isé cúis n-a dtugtí “July an chabáiste” ar an mí sin, ’ná so,—Nuair a thagadh droch bhliain ní bhíodh aon rud le n-ithe ag daoinibh ach an cabáiste i gcaitheamh an mhí sin, i dtreó nuair a thagadh oidhche Lughnasa agus na prátaí nua, go mbíodh árd áthas ar gach aoinne deire bheith le “July a chabáiste.”

Nuair a bhíodh mo chuaird tabhartha agam tríd an bpáirc a bhí ar aghaidh an doruis amach, do théighinn soir sa pháirc a bhí lastoir di. An Pháirc Dhronnach a tugtí ar an bpáirc sin, mar bhí sí árd ’n-a lár fé mar a bhéad drún uirthi. Is dóich liom gur ó’n árdán san atá i lár na páirce dronnaighe sin a fuaras an chéad radharc síos ar an bpáirc mbuidhe agus ar chnapóigín páirce atá lastíos di go dtugtí “Árd Phádraig” [ 20 ]uirthi. Ní fheadar cad ’n-a thaobh gur tugadh “Árd Phádraig” uirthi, murab amhlaidh a mheas duine éigin go raibh deabhramh éigin aici leis an Árd Phádraig úd atá lastuaidh de’n Bhearnain Dearg i gContae Luimnighe. Pé ’n Éirinn é, bhí aithne mhaith agam-sa ar an Árd Phádraig a bhí i n-ár gcuid tailimh féin abhfad sar ar chuireas eolus ná aithne ar an Árd Phádraig eile.

Is dóich liom, leis, gur am’ sheasamh ar lár na Páirce Dronnaighe a bhíos, am’ sheasamh ar bhara na druinne, nuair a leigeas mo shúil an chéad uair riamh ar Dhaingean na Saileach. Siar ó-dheas uaim iseadh chonac an daingean san, agus isé a bhí ag féachaint go garbh agus go goirgeach agus go míchomhthromach. Níor mhisde daingean a thabhairt air. Níor dhóich le duine go bhféadfadh aon rud beó dul isteach air; agus dá dtéigheadh rud isteach ameasg na gcaraigreach san ná béadh aon bhreith aige ar theacht amach go deó asta, táid siad chómh mí-chuíbhsach san, chómh h-anspianta san. Ach cad ’n-a thaobh gur tugadh Daingean na Saileach air? Ní raibh oiread agus an meathán ba shuaraighe de shlait sailighe ná de shlait fuínseóige ná d’aon tsaghas eile slaite le feisgint ar na caraigreachaibh géara glasa loma atá air, ó’n gceann thuaidh dé go dtí an ceann theas, ná ó n-a mhullach go dtí a bhun. Bíodh, ámhthach, go raibh san mar sin an chéad lá a fuaras-sa radharc siar air ó lár na Páirce Dronnaighe, do h-innseadh dom ’n-a dhiaigh san ná raibh na caraigreacha chómh nochtaithe sin i gcómhnuighe. Dubhairt fear liom a bhí trí fichid blian d’aois nuair a rugadh mise, go raibh Daingean na Saileach clúdaithe go breagh le coilltibh nuair a bhí sé féin ’n-a gharsún, agus ná béadh bac air dul ó’n gceann thuaidh go dtí an ceann theas [ 21 ]de’n chnuc ar ghéagaibh crann, gan aon chos leis do chur ar an dtalamh. Do leagadh an t-adhmad, ach do lean an ainim, Daingean na Saileach, ar an gcnuicín.

Nuair a bhíodh gort sa pháirc ar aghaidh an doruis amach, ní fhéadainn dul amach inti ná dul tríthi soir, mar bhíodh an t-arbhar níb’ aoírde go mór ’ná mé féin, agus do raghainn amú ann. Ansan, nuair a bhíodh an gort bainte ní fhéadainn dul soir tríd an bpáirc, mar bhíodh na coínlíní agus na briogadáin sa choínleach, agus do phriocfaidís mo chosa. Ní bhíodh bróga ar aon leanbh an uair sin, ná ar aon daoine óga. Ar dhaoine a bhíodh eirighthe suas féin ní bhíodh bróg ná stóca ach amháin Dé Domhnaigh, nuair a bhídís ag dul go dtí an t-Aifrean, nó an lá a bheidís ag dul i n-áit éigin as baile. Bhíodh a rian air, bhíodh cosa cruadha foláine acu gan beann ar fhuacht. Anois ní foláir bróga do chur ar chosaibh an leinbh abhfad sar a bhféadan sé siubhal ná cos do chur ar an dtalamh i n-aon chor. Fágan san cosa leicthe agá lán acu, leictheacht cos a leanan díobh i gcaitheamh a saoghail. B’ fhearr an tseana shlígh.

Is cuímhin liom lá áirighthe, nuair a bhíos, is dóich liom, trí bliana dh’aois. Bhí gort nó coínleach sa pháirc a bhí ar aghaidh an tighe amach, i dtreó go mb’ éigean dom fanmhaint istigh. Bhí bata agam agus mé ag marcaidheacht an bhata síos agus suas ar fuid an úrláir, mar ’dh eadh gur chapall an bata. Chonac a lán daoine iasachta amuich sa chlós agus iad ag cogarnaigh agus ag caint. Thuigeas go raibh duine mór éigin ag teacht agus go rabhadar ag feitheamh leis. D’airighinn anois as airís an focal “an máighistir,” agus “Mr. Saunders.” Fé dheire do tháinig duin’uasal mór beathuighthe isteach, agus do shuidh sé ar chathaoir i lár an tighe, agus do líon na daoine iasachta go léir [ 22 ]isteach ’n-a dhiaigh. Bhí m’ athair ar dhuine de’n mhuintir a tháinig isteach. Isé do chuir an chathaoir i lár an tíghe do’n duin’uasal chun go suidhfeadh sé uirthi. Ní raibh focal a’ h-aoinne. Ní bhíodh sgáth ná eagal orm féin an uair sin roim aon tsaghas duine, uasal ná íseal, murabh’ ionan a’s roimis an ngandal úd. Siúd anonn mé agus do sheasuigheas ar aghaidh an duin’uasail amach.

“Good morrow, Mr. Saunders!” arsa mise leis, go fáilteach.

“Oh, good morrow, boy! good morrow, boy!” ar seisean, agus do rug sé ar ghualainn orm agus tharaing sé chuige mé go rabhas idir a dhá ghlúin aige.

“Tell me, my boy,” ar seisean, “did you eat any meat to-day?”

“Don’t you know,” arsa mise, láithreach bonn, “that I ate a piece of a goose long ago, when it was Christmas!”

Mheasas go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach le neart gáirí. Do gháir an duin’uasal féin, leis, agus do sgaoil sé uaidh mé.

Is cuimhin liom an méid sin anois chómh maith, chómh glan, agus dá mba indé nó seachtmhain ó shin a thuitfeadh sé amach. Is cuimhin liom, leis, go dian mhaith an iongnadh a tháinig orm nuair a chonac ag cur an anama amach ag gáirí iad go léir, agus ná feaca féin go raibh aon chúis gháirí sa méid adúbhart. Tháinig lá, tamall ’n-a dhiaigh san, agus do thuigeas go h-áluinn cad a chuir ag gáirí iad.

Chun an chíosa d’ árdughadh ortha go léir iseadh tháinig an “máighistir” an uair sin. Nuair a chuir sé chúgham-sa an cheist i dtaobh na feóla is amhlaidh a bhí sé ag lorg leath-sgéil. Dá n-abrainn-se gur itheas [ 23 ]feóil an mhaidean san, nó indé roimis sin, nó seachtmhain roimis sin, do bhéadh an leath-sgéal a bhí uaidh aige. D’fhéadfadh sé a rádh, “Bíon feóil le n-ithe agaibh-se gach aon tseachtmhain. Taisbeánan san go bhfuil mo chuid tailimh-se agaibh ró shaor. Caithfidh sibh tuille cíosa thabhairt dom.” Ach nuair ná raibh ag an leanbh le maoidheamh ach gur ith sé smut de ghé fadó nuair a bhí an Nodlaig ann, do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d’ árdughadh. Siné an rud a chuir ag gáirí iad go léir. Do gháir an duin’uasal féin, ach is dóich liom gur bh’ í “gáire Sheághain dóighte” an gháire a dhein sé. Do sgaoil sé uaidh mé tapaidh go maith ar aon chuma. Níor theastuigh a thuille de’n ghé uaidh.

Ní dóich liom gur fhéad sé an cíos a dh’árdughadh an uair sin. Bhí léas ag na tineóntaithibh ar an dtalamh. Níor bh’ uiriste an cíos a dh’ardughadh ortha go dtí go dtuitfeadh an léas. Mar sin féin ámhthach, léas mí-ádhbharach ab eadh é. Léas i bpáirt ab eadh é. Thug san ana bhúntáiste do’n mháighistir. Dá bhfágadh duine des na tineóntaithibh a chíos gan díol, d’fhéadfadh an máighistir a chur fhiachaibh ar an gcuid eile é dhíol thar a cheann.

Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad a h-aon, (1801) iseadh do deineadh an léas. An uair sin díreach iseadh bhí “aimsir Bhonaparte” ag tosnughadh. Níor bh’fhada go raibh airgead mór le fághail ar gach aon rud a bhí ag an bhfeirmeóir le díol. Do thuig an máighistir an méid sin, agus bhí a chroídhe briste mar gheall ar an léas a bheith ann ’ghá chosg ar aon árdughadh cíosa. Do chrom sé féin agus an t-agent a bhí aige ar an uile shaghas uisge-fé-thalamh a dhéanamh féachaint an bhféadfaidís an léas do bhriseadh. Sidí [ 24 ]an tseift ar ar shocaruigheadar chuige sin. Bhí ar na tineóntaithibh aon duine amháin ná bíodh a chíos ollamh aige nuair a bhíodh sé ag glaodhach. Do sgaoileadh leis ar feadh raint blianta go dtí go raibh sé mórán i ndiaigh lámha. Ansan do h-éiligheadh ar an gcuid eile an cíos a bhí ar an bhfear san. D’eirigh ana chlampar dlíghe mar gheall air sin. Ní dhíolfadh an chuid eile cíos an fhir sin. Níor bheag le gach aoinne a chíos féin do dhíol. Do mheas an máighistir go bhféadfadh sé an léas do bhriseadh mar gheall air sin. Tar éis mórán costais agus mórán clampair do dhíoladar é, agus do thug an dlígh dhóibh talamh an fhir sin go dtí go mbéadh a gcuid féin fághalta thar n-ais acu as an dtalamh. Tamall ’n-a dhiaigh san d’eirigh clampar eile de’n tsaghas chéadna. Ní cuimhin liom go raibh an áit aon lá riamh gan clampar de’n tsórd san go dtí gur thuit an léas san, tímpal na bliana 1874. Do h-árduigheadh an cíos ansan i bhfeirimitíbh. Ach níor díoladh puínn riamh de’n chíos árd san. D’fhan an chuid ba mhó dhé gan díol go dtí go dtáinig an stailc úd a cuireadh suas i gcoinnibh cruadh-chíosa.

Tá a gcuid tailimh ceannaighthe amach anois, fés na dlighthibh nua so, ag clainn na ndaoine a thug an aimsir úd go léir ag troid i gcoinnibh na h-éagcóra.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.