Aesop a tháinig go h-Éirinn/An tSaint agus an Formad

Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An tSaint agus an Formad
[ 27 ]

37.—AN tSAINT AGUS AN FORMAD.


Ḃí an fear santaċ agus fear an ḟormaid lá ag déanaṁ íḋbirte ċum Iúpiter. Níor ḃ’ áil le Iúpiter ḃeiṫ ’ġá ḃoḋraḋ féin leó agus ċuir sé Apollo ag trial orṫa ċum pé aṫċuinge a ḃí uaṫa do ṫaḃairt dóiḃ do réir ċirt.

Ṫáinig Apollo. “Seaḋ!” ar seisean, “tá a ḟios agam go ḃfuil gráḋ mór agaiḃ d’á ċéile; má’s fíor bréag. Anois an t-am agaiḃ ċum é ṫaisbeáint. Pé rud iarfaiḋ duine agaiḃ ġeaḃaiḋ an fear eile ar a ḋúbailt é.”

[ 28 ]Do stadadar. Ḃí fear na sainte glic. Ċeap sé go leigfaḋ sé do’n ḟear eile laḃairt agus aṫċuinge d’iaraiḋ i dtreó go ḃfaġaḋ sé féin an aṫċuinge sin ar a ḋúbailt. Aċt ní raiḃ a ḟios aige cad a ḃain le formad dá ṁéid gliocas aḃí ann.

Do laḃair fear an ḟormaid. Ní raiḃ uaiḋ aċt an ċaoi.

“Curtar mise ar leaṫ-ṡúil!” ar seisean. Le n-a línn sin do baineaḋ an dá ṡúil a’ fear na sainte.

Tá formad is measa ’na súd ann, .i. an formad a ḃainfaḋ an dá ṡúil as féin ċum aon tsúil aṁáin do ḃaint a’ duine eile.

An Múineaḋ.

An t-é ḋéanfaiḋ díoġḃáil d’á ċóṁarsain le corp droċ aigne déanfaiḋ sé díoġḃail is mó ’ná é dó fein, .i. díoġḃáil anama.