An t-Oileánach/9

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An rón
[ 86 ]
IX
AN RÓN

Ag bailiú feamnaighe, an rón sa chladach, an troid, marbhú an róin an chos ghonta, soláthar an leighis.

Is cuimhin liom maidean a thugas aghaidh chun na trágha. Aimsir leasaithe dob eadh í. Do bhíos go lán-mhoch agus píce breagh nua agam chun má bhuailfeadh aon dornán feamnaighe liom í bhailiú leis. An uair a shroicheas barr an chladaigh do bhuaileas mo bhrollach ar mhaolchlaidhe beag do bhí ann ach ní raibh gealas a dhóthain ann chun aon rud d’fheiscint ó bharra, agus ó’n uair ná raibh thugas an dá sháil le fánaidh nó gur shroicheas an grean. Do bhí beagán feamnaighe tirm ar fuaid an bharrataoide go léir agus do chaitheas ar a chéile lem’ píce breagh nua í. Do bhí sórt mórtais annsan orm an méid sin de ghnó fónta do bheith déanta agam agus daoine eile ’na gcodla ach creidim ná ritheann an sórt san mórtais i bhfad le daoine agus dob’ in ionbhadh agam-sa, leis, é.

Níor ró fhada gur chuala an tsrann ghránna age m’ chúl, srann diamhair a thóg ó thalamh na hÉireann me, gan aenne im’ threo, gan aenne ag teacht orm agus fós gan an mhaidean ana-sholasmhar. Do dheineas machtnamh gurbh’ olc an fear me agus an lá ag teacht orm ná raghadh sa treo gur deineadh an tsrann agus arm maith im’ láimh agam. Ní raibh an focal as mo bhéal an uair a chuala srann agus srann eile.

[ 87 ]Do chasas de thaipigean sa treo gur chuala iad agus cad a chífinn ná an rón mór groidhe breac agus a cheann anáirde aige agus an chuid eile de’n gcorp sínte insa ghainnimh. Do thóg mo chroidhe geit ach ní le h-eagla roimis an rón é mar nár bhaoghal duit go deo é ach fanúint uaidh agus leigeant do féin. Ach is é eagla bhí orm-sa ná tuitfeadh sé liom agus gurbh’ fhearr le daoine an uair úd ceann aca ná aon mhuc, d’á fheabhas mar bheadh sí. Do shín sí siar chun codlata arís.

Do bhreithnigheas an uair seo gur rón bhaineann í agus tháinig breis mhisnigh orm mar chuala gurbh’ fhusa seacht cinn aca so do mharbhú ná aon tarbh amháin. Do bhí sí ar an mbarra-taoide agus an tráigh ’na lag trágha.

Do bhraitheas mo phíce an fhaid a bhí sí ’n-a suan. Do choimeádas an t-iarrann im’ láimh agus an tsámhthach romham amach agus do chromas ar bheith ag druidim léi chun stráiméad a thabhairt di; ach fé mar gheobhadh sí mo bholath do thóg a ceann agus leig srann láidir fhiain agus do chrom ar bheith ag múscailt agus ag fágáil na nide bhí déanta insa ghrean aici.

Le linn casadh síos di chun na fairrge thugas stráiméad di agus sé cinn i ndiaidh a chéile agus ba mhar a chéile léi gach buille de’n tsámhthaigh a bheith ’á bhualadh uirthi nó an peann so im’ dhorn; agus iarracht dár thugas fúithe dheineas dhá leath de’n tsámhthaigh. Thugas buille leis an smut de do bhí im’ láimh treasna an choincinn di ach do ghaibh sí ’n-a béal é agus do chogain agus do dhein min-ramh de. Ní raibh faic annsan agam ach feam trágha agus do bhíos ag tarrac uirthi chomh tiugh agus dob’ fhéidir liom ach ní h-aon bhascadh a bhí agam ’á dhéanamh di ach go rabhas ag coimeád moille uirthi ó’n uisce agus ní raibh san i bhfad uaithe insan am so.

Insa deire agus me tnáithte agus ise comh tnáithte liom ráinig liom í bhualadh i gcró an chinn le bollán trágha agus thug an buille sin a bolg anáirde ach níorbh’ fhada go bhfuair sí a meabhair aríst.

Fé dheire nuair do cheapas í bheith marbh agus feam agam [ 88 ]agus gan aon staonadh orm ach ag tarrac uirthi cad deire liom ná gur chuaidh ró ghairid di agus do thug fogha ar ghreim do bhaint asam; agus do bhain go cruinn, mannt groidhe as cholpa mo choise, an méid go bhfuair a ceithre cláir-fhiacal tosaigh greim air agus thug léi glan an greim sin amach as mo chois. Níor ghéilleas do cé go raibh fuil ag teacht ’n-a shlaoda as comh mór is bhí as an rón.

Seadh, do bhí an rón tuitithe liom insa deire agus níor mhór ná go rabhas féin, leis, tuitithe agus ba dhóbair go mbeadh deire mo shaoghail istigh an uair d’fhéachas go cruinn ar mo chois agus chonnac an cannta bhí aisti agus an tobar fola do bhí ’á fágaint.

Ní mór ná go raibh fuil mo chroidhe silte agam, dob éigean dom an bhest bheag do bhí orm do bhaint díom agus í chasadh timcheall na coise agus an córda do bhí tharm aniar ’á coimeád. Do bhí an t-uisce ag teacht agus an tráigh ag líonadh agus gan an rón ró fhada ó’n uisce agus bhí eagla orm go scuabfadh an fhairrge uaim arís í tar éis mo dhuaidh agus fós gan aenne ag teacht im’ ghoire ná im’ ghaor agus eadartha bó an uair sin ann, agus tré gach machtnamh breac-shúil agam ’á thabhairt ar an gcois agus srothán fola aici ’á shéideadh.

Fé dheire, agus me ar bheag-bhrí insan am san, do chonnac fear ar barra anáirde agus do tháinig orm anuas go tapaidh. Úncail dom dob eadh é go dtugaimís Diarmaid na mBeach air. Do bhí iongnadh air agus dubhairt sé ná feacaidh sé, marbh, rón comh mór léi riamh.

“Tá an rón agam, Úncail,” arsa mise, “ach táim féin gan cos.”

Ní mór ná gur thuit sé nuair a chonnaic sé an greim gránna bhí aisti. Níorbh’ fhada gur tháinig fear agus fear eile orainn agus do chuireamair suas thar barrataoide í agus thánamair abhaile.

Do chaill mo mháthair a meabhair agus m’ athair, leis, nuair a chonnacadar an cannta bhí amach as mo chois agus níor mhór [ 89 ]an sólás do chuir an rón mór ortha toisc nár thug an té mhairbh é na cosa slán leis.

Do chuaidh a lán ag nochtadh an róin is b’é Diarmaid na mBeac an maor a bhí ortha. Níor chuaidh m’athair, chuige, ann. Ní raibh sé istigh leis féin i dtaobh mo choise-se ach do scaoil sé an t-asal le Diarmaid chun é thabhairt abhaile agus dubhairt sé leis stiall a thabhairt dos gach duine do bheadh ’á nochtadh.

Do bhí seana-mhná isteach agus amach ar thuairisc mo choise. A h-oideas féin age gach nduine aca. Tháinig an tseana-bhean bhéal-dorais, leis, go luath agus an uair a chonnaic sí an chos:

“Dhera, ní fiú biorán a bhfuil ar an gcois sin,” ar sise.

Nuair a dubhairt sí é sin ar mh’fhallaing nárbh’ aon mhí-bhuidheachas a bhí agam-sa uirthi mar dob’ fhearr liom go mór mar fhocal é ná an chainnt adeireadh a thuille aca, sé sin go mbeinn ar leath-chois. Chonnaic sí sin greim ba dhá mhó ná é bainte age rón as chois fir i n-Inis Mhicileáin, adubhairt sí; agus ná raibh moill seachtaine ag cneasú air. Seán Mhuiris Liam a mhairbh an rón gur bhain sí an greim as a chois. Do mhairbh a athair rón eile, thug leis ailp úr de, do chuir leis an gcneidh í, do chuir stráice éadaigh ’á scaoileadh í bhí an poll lán amach de’n bhfeoil nádúrtha, adubhairt an tseana-chailleach.

“Agus an fada ’n-a dhiaidh sin gur tháinig sí chun croicinn?” arsa mo mháthair.

“An lá baineadh di an stráice d’imigh sé ag siubhal na cloiche agus gan aon scáth ar an gcois ach í le gréin i rith an lae agus do bhí an croiceann tráthnóna an lae sin uirthi,” ar sise.

Súil d’ár thug mo mháthair amach chonnaic sí Tomás Maol ag teacht agus píosa mór de rón ar a dhrom. Do bhí barra an phíosa ag dul go dtí n-a chúl agus an ceann eile dhe síos go h-ioscada air.

[ 90 ]“Tá Tomás chughat, a Eibhlín,” arsa mo mháthair leis an gcailligh.

Do phreab sí de gheit ’n-a suidhe agus do bhuail amach agus an uair a chonnaic sí an t-ualach breagh a bhí age n-a fear chúichi do leig scearta mór gáire. Le suim mhór roime sin ní raibh aici ach gráinne de shalann gharbh mar annlan.

Annsan tháinig Diarmaid agus an t-asal go dtí an doras agus n’fheacaidh aenne riamh asal ba mhó go raibh ualach air ná é. Ní raibh le feiscint de ach a dhá chluais agus a eirball le rón ’n-a phíosaí troma agus an giolla féin cromtha go talamh fé n-a ualach féin de.

Do bhí a lán allagair ar siubhal annsan agus insa chainnt dóibh:

“Beidh an buachaill seo gan cos, is baoghalach,” arsa mo mháthair, “do dheascaibh an róin chéadna.”

“Ní bheidh, im’ baiste!” arsa Diarmaid, “ó’n uair gur rith leis an rón do mharbhú; mara mbeadh san do bheadh droch-sheans aige.”

Annsan d’innis mo mháthair do mar gheall ar scéal Eibhlín.

“Do bhí a leithéid i gceist mhuise, ar mh’anam,” ar seisean. “Smut do rón eile a cuireadh mar ar baineadh an bhéalóg aisti; agus m’anam-sa ó’n ndiabhal! fé’n dtacaid seo ’máireach go mbeidh ailp do mhalairt róin le cnámh do lurgan-sa, ’ógánaigh,” arsa Diarmaid na mBeac.

D’fhág “An Collach Dubh” calath an Bhlascaeid maidean lár-na-mháireach. Ochtar fear innti, cheithre mhaide rámha, dhá sheol, dhá chrann, dhá chleith. Gála cruaidh láidir anois dtuaidh. Bád breagh mór nua dob eadh í agus an fhuireann oilte go maith ar a ngnó.

Buaileadh uirthi an dá sheol agus scaoileadh roimis an ngála í. Do lean fear an cnoc amach í agus an phíp dearg ’n-a bhéal agus do bhí an bád i nInis Mhicileáin sara raibh an phíp múchta, ’n-a bhéal.

[ 91 ]Do cheap fear na cloiche[1] gur bád raice í tar éis long a dhul síos nó gurbh amhlaidh a bhí leath ar bhain leis marbh agus bhí sé amach go dtí n-a bhásta ag an gcalath rómpa mar do bhí tarrac mór ann. Do chuir sé an cheist láithreach cad a thug iad a leithéid de lá.

“A leithéid seo a thug sinn,” arsa Diarmaid ag innsint do, “agus níl fágaint na cloiche gan sórt éigin beo nó marbh.”

“Ar mh’anam, mhuise!” arsa fear na cloiche, “go bhfuil do dhóthain le déanamh agat thar ar chuiris riamh díot.”

Do bhí an lá ag dul ar bun agus ag séideadh agus do bhíos féin isteach agus amach mar ná raibh pian ná tinneas insa chois agam. Do bhí mo mháthair síos suas, leis, ag éisteacht leis an ngála mór, fé mar bheadh cearc go mbeadh ubh aici, agus dubhairt sí i gcionn tamaill: “Tá eagla orm go mbeidh an lá ceannaithe age lucht na fairrge mar gheall ar do chois,” ar sise.

Pé eagla bhí orm féin i dtaobh na coise, agus go mb’fhéidir gur chos mhaide bheadh fúm, do bhí tinneas an Chullaigh Dhuibh agus a raibh innti fé’n am san orm.

Thug fear na cloiche muinntir an bháid go dtí n-a thigh agus thug biadh dhóibh. An uair a bhí san caithte do ghlaoidh sé ar chuid aca i n-éineacht leis ag cuardach an róin. Tar éis a raibh de phuill san inis a chuardach do theip ortha aon cheann d’fhagháil. B’éigean dóibh casadh ar an dtigh.

Do bhí liútar éatar age Diarmaid annsan go mbeadh fear na coise tar éis bháis. Dubhairt fear na cloiche go raibh aon pholl amháin eile ann agus nár mhór fiche feadh ’théid chun dul ann, agus “tá téad annso agam-sa chun caoirigh thabhairt as draipeanna,” ar seisean.

“Ca’il a’ téad?” arsa Diarmaid.

Do bhuail sé an téad chuige ar a dhrom agus b’eo amach é agus an chuid eile i n-éineacht leis. Do scaoileadh síos insa téid é, maide aige fén’ ascail chun an róin do mharbhú, [ 92 ]scian ’n-a bhéal aige, agus do scaoileadh leis nó go raibh sé age béal an phuill. Do scaoileadh fear na cloiche síos ’n-a dhiaidh.

Ba mhaith an bheirt domh-sa iad súd. Do bhíos buidheach díobh go dtí an lá a cailleadh iad. Gur i bhFlaitheas na Naomh dóibh.

Thugadar an rón leo agus an uair a bhí sé aca dubhairt na fearaibh ná raghadh aon bhád béal-oscailte abhaile anois insa scríb a bhí ann. Dubhairt Diarmaid dá gcuirfidís i bhfearas fé sna seolta do féin í go raghadh sí soir fé mar tháinig sí anoir! Amach ar an mór-mhuir leo agus thóg Diarmaid Ceann Sléibhe de’n chéad bhórd léi agus a chalath féin de’n dara bórd agus níor stad gur chuir ailp de’n rón fuinte isteach im’ chois féin agus i gcionn seachtaine bhíos comh maith agus bhíos riamh.

  1. Duine bhí ’na chomhnaidhe san inis.