An t-Oileánach/8

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Mise i mbun tighe
[ 75 ]

VIII
MISE I mBUN TIGHE

Pósadh agus scaipeadh ar ár líntighe, “na fiagaithe tugadh go Béal Feirste,” Paid Shéamais insa Daingean, an ruaim a cuireadh ar na cótaí.

Do phós mo dhrifiúr Cáit. I dtigh beag ar an mbaile d’fhan sí. Sealgaire maith fir aici. Is minic a choimeádainn fé uisce é agus maide rámha agam gach uair do bhíodh portáin uainn chun baighte. Do choimeádas ró fhada lá é. Ní raibh ann ach an dé ar theacht ar barra dho agus dath gorm air, ach níor chuaidh ar mo chomraighe ó shin.

Ba chosúil leis an dtigh fhág Cáit an tigh gur chuaidh sí ann agus do bhíodh uibhe, leis, ’n‑a dhrom. Paid Shéamais ainm an fhir mar Séamas Mór dob’ eadh ’athair. Do cheap Paid dul ’on arm sarar phós sé ach deireadh a athair leis—“A Pháidín, a bhuachaill! an t‑ualach sa chnoc ort,” á chur i n‑iúl do go mbeadh air beagán ualaigh a bhreith leis. An uair do bhíodh na bruidheannta agus an t‑achrann age sna tuathaigh ar margadh is aonach do bhíodh Séamas Mór so ’n‑a cheann ar bhuidhinn aca mar is ó Pharóiste an Fhirtéaraigh do shroich sé go dtí an t‑oileán so. Bhíodar go maith chun gnóthaí tútach a dhéanamh ach ní rabhadar cliste. Bhíodh neadacha na gcearc i ndíon an tighe ach níor chuaidh an cheard amú ar Cháit ná go dtéigheadh sí go minic ar a dtuairisc agus níorbh’ fhearr léi iad d’fhagháil sa chúib. Caithfead iad [ 76 ]d’fhágaint annsan anois ag cur ’s ag cúiteamh le chéile nó go dtabharfaidh mo scéal chúcha arís me.

Do phós mo dhritheáir Paidí an bhliain i ndiaidh Cháit, cailín ó Dhúnchaoin—inghean figheadóra. Beirt mhac do bhí aca an t‑am gur cailleadh í. Ráithe bhí an ceann óg agus dob’ éigean dom mháthair bhocht gabháil fé é thógaint tar éis a h‑áil féin. Bhí Máire i Meirice fós, Nóra agus Eibhlín age baile. Ní raibh fonn anall ar Mháire nó go mbeadh an bheirt sin thall ’n‑a diaidh, rud a thuit amach. Is ró ghearr ’n‑a dhiaidh sin gur chuir sí an costas go dtí iad. B’eo leo aon bhliain amháin. An uair a fuair sí na súile oscailte thall aca do bhí sí féin ag machtnamh ar ghluaiseacht mar do bhí an garsún mic di i bhfus fós agus theastuigh uaithe a cheart a bhaint amach do agus di féin agus dlí a chur ar an úncail do chuir as seilbh iad. Do bhain sí amach an Blascaod i ndeire an fhoghmhair agus gairid do chéad púnt ’n‑a bóthar.

Níorbh ’fhada do bhí Máire i bhfus an t‑am gur chuir sí an dlí ar bun agus fé’n am gur stad sí de’n úncail—dritheáir a céile—níor mhór an luach é. Fuair sí féin fagháltas agus an méid do gearradh do’n mac do cuireadh ’on bhannc é. Níorbh’ fhada ar fad gur phrioc an bheach í féin chun pósadh ath-uair. Balcaire teann téagartha d’fhear óg gan faic na ngrást aige ach an t‑éadach agus gan san féin ró mhaith aige. Do chuireadar suas tigh beag nua dóibh féin agus bhíodar ag breacadh leo ar nós gach nduine. Sealgaire maith dob’ eadh an balcaire agus dar ndóigh do mhairfeadh sí féin mar a mairfeadh an coinín nó aon duine a chonnaic Meirice ná thug aon tamall ann. An uair a tháinig an mac san aois agus é mór do chuaidh sé féin go dtí an Talamh Úr.

Níorbh ’fhada gur phrioc an bheach mo dhritheáir Paidí agus ná feadair aenne cá raibh sé nó go raibh sé leath-bhágh siar go Meirice, an dá ghárlach age m’ mháthair, m’ athair scoth-chríona agus gan de mharc aca insa deire chun an bhotháin do choimeád ach an peata—mise. Féach gur gairid do bhí an ruaig ’á chur ó chéile orainn. An sult, an greann, an [ 77 ]caitheamh-aimsire do bhíodh ar siubhal againn roim biadh, am bidh, tar éis bídh, imithe; agus anois gan faic ann ach glór na caillighe bhéal-dorais agus sámsaireacht Thomáis Mhaoil; ach “ba mhaith iad san féin ann,” mar deireadh an fear le Cuan Cromdha.


“Mhuise, beannacht Dé le h‑anman do mharbh!” arsa mo mháthair oidhche le Tomás Maol, “an bhfuil aon chur síos agat ar na fiagaithe ó’n oileán a tugadh go Béal Feirste?”

“Is ait a’ fiafraighe é sin féin agus m’athair féin sa treis,” arsa Tomás.

“Mhuise, beannacht Dé leat!” ar sise.

“Bhí, a mhic ó! Thug sé cheithre lá déag ó’n dtigh go h‑annródhach. Bhíos beag an uair sin ach is cuimhin liom go maith nár cheapas gurbh é m’athair riamh é nuair a tháinig sé thar n‑ais. Lán báid aca a chuaidh chomh fada siar leis an Mullach Reamhar lá breagh gréine i mbád go raghaidís ag fiadhach ar choiníní. D’fhágadar an bád i gcuas ann agus chuadar ar thóir na gcoiníní sa chnoc. Ní fada dhóibh go bhfeacadar an long an súnda adtuaidh agus cuma uirthi go raibh sí ar mí-ghléas. Seo leo ’on bhád agus chuadar ar a bórd; agus b’fhearra dhóibh ná raghaidís. Do réir deáraimh bhí cuid mhaith de’n bhfuirinn i n‑easnamh ar an gcaptaen. Alfraits rógaire dob eadh é agus ní raibh a mhalairt de dheáramh air. Ní túisce bhíodar so tagaithe as an mbád ar chlár na luinge ná thairrig sé gunna chuige agus do dhírigh ortha é. Chaith sé téadán báid an oileáin i bhfairrge agus scaoil sé leis an sruth í agus ní leigfeadh sé ’on bhád iad chun teacht abhaile. Chuir sé iachall ortha a raibh do sheolta aige a chur anáirde agus do shéid an oidhche thar meón. Thug sé chomh fada le h‑íochtar na h‑Éireann de’n scríb sin iad—comh fada agus bhí sé féin ag dul agus dá mbeadh sé ag dul a fhaid eile. Chuir sé go tigh ósta annsúd iad agus d’fhág sé fógra ag bean a’ tighe ar a cluais iad san a bheith aici dho féin ar theacht thar n‑ais do. D’éaluigh fear aca ó’n gcuid [ 78 ]eile, athair Shéamais Mhuair, agus níor thaisteal aenne riamh trí Éire is mó do fuair annródh ná é gan bróg ar a chois ná éadach ar a chorp ach an t‑ocras agus an fuacht ag gabháil lastuas do agus an scannradh ’n‑a theannta san air ar eagla go mbeadh bertha air ó am go h‑am.

“Nuair a fuair an Captaen réidh é féin do cuireadh dlí ortha agus do bhíodar daor innte agus ní raibh tuiscint aca insa scéal ná tuiscint ag aenne ionnta mar ná raibh aon Bhéarla aca ach focail a bhí ag athair Dhuinnshléi’.

“Do raghadh príosún ortha mara mbeadh duine uasal a ghlac do láimh iad. Do chualaidh sé an t‑allagar go léir agus é ag gabháil thar brághaid tighe na cúirte agus do chuir sé cúntas ar shlataire do bhí i mbéal a’ dorais cad é fáth na geonach. D’innis an slataire dho mar bhí agus cad as iad. Captaen airm dob’ eadh an duine uasal agus b’é Ciarraighe a áit dúthchais. Do chuaidh sé do’n ráib sin isteach ’na measc agus b’éigeant an chúis a tharrac anuas aríst agus le cabhair an duine uasail do nochtadh an fhírinne i dtaobh ropaire na luinge dhon mbreitheamh. B’éigean do dachad púnt a chur amach ar an mbórd agus fiacha an bháid a chaill sé ’n‑a theannta, deich bpúint eile.

“B’éigean do’n gcéad fhear é shiubhal aníos go léir agus ní mór ab’ fhiú é nuair a bhain sé an t‑oileán amach. Duine bocht muirearach dob’ eadh é agus ó’n uair gur bhuail an t‑eagla é ní raibh leigheas aige air ach teicheadh nuair a fuair sé an lom air. Is minic a chuala m’athair ’á rádh go gcuirfeadh gach nduine aca insa tsiubhal comh maith leis mara mbeadh gur dheineadar comhairle má bheadh aon chao’ bogaithe ’ca gur le seasamh suas é cé go mbeadh an captaen ar a thoil dá gcuirfeadh gach nduine aca chun siubhail. Siúd is go ndubhairt sé le bean a’ tighe iad a choimeád os a gcomhair sin dubhairt sé a mhalairt laistiar dóibh léi—má chuirfidís chun imeacht scaoileadh leo, mar ní raibh sé i mbun faic eile dhéanamh leo ach iad a chur bun os cionn ar aon táille thabhairt dóibh; agus ní mór ná gur bhuaidh sé an cluiche ortha.”

[ 79 ]“Mhuise faid saoghail chughat,” arsa mo mháthair a bhí ag éisteacht leis an scéal comh maith le duine.


Ní raibh fhios faic againn nó gur bhuail Paidí an doras isteach chughainn anall ó Mheirice, agus gan é ann ach bliain agus gan air ach an t‑éadach agus gan san féin ró mhaith air. Is dócha gur duine eile do shín a lámh leis sin féin chuige.

Do cheapamair go mbeadh sé i rith a shaoghail aríst ’n‑a leanán sidhe againn ach ní mar a síltear a bítear go minic agus dob’ ’in ionbhadh age Paidí é. Insan Earrach do bhí chughainn tháinig gairm-scoile ó’n áit thall arís air féin agus ar a bheirt chlainne.

D’fhreagair iad go tapaidh. Do bhuail chuige ar a bhaclainn an gearrcach óg gan é ach ag siubhal agus do choimeád ar a bhaclainn é nó gur bhain sé amach an áit thall. Bhí an garsún eile cruaidh. Do chrom sé ar bheith ag díol as an mbeirt agus as féin, gach lá ag obair go cruaidh agus thug deich mbliana ar a gcuma san. Tar éis an méid sin blian do thabhairt, agus gan taom chinn agus gan teip lae oibre air, ní raibh aon phúnt amháin féin spártha aige. Fear árd lom dob’ eadh é, dúil san obair aige agus do dhéanfadh sé oiread le beirt. Sin é an fáth ná raibh easnamh aon lae amháin oibre i Meirice air faid a bhí sé ann. Ní ceal ná go mbíodh daoine gan obair go minic i rith an téarma úd ann ach do choimeádadh an saoiste an fear ab’ fhearr ar na fir dheire, agus dob’ shin ionbhadh age Paidí é.

Do bhí triúr de’n ál againn i bhfus agus triúr thall. Do bhí an bheirt aosta ag braith ar an bpeata an uair seo agus gan sa bhothán againn ach an triúr. Bhíos glan fiche bliain an uair seo agus do bhíomair ag déanamh go maith ar feadh tamaill. Mise ’á chomáint chun margaidh gach uair go dtí Daingean Uí Chúise, uaireannta de thalamh agus uaireannta eile tré bhágh mhór fhada an Daingin.

Bhíodh muca uaireannta againn, iasc, caoirigh agus mar [ 80 ]sin dúinn, breac-uair beithíoch agus olann. Na chéad turais go rabhas ag dul ann do bhíodh iongnadh ar an gcuid eile an uair a bhínn ag áireamh na dtighthe dóibh mar dh’innseadh an clár amuich dom cé bhíodh istigh.


Do bhíos lá ann agus do bhí Paid Shéamais, fear mo dhriféar Cáit, i n‑éineacht liom agus sinn i dtreo a chéile i rith an lae. Fear dob’ eadh é ná beadh gloine de’n uisce beathadh i bhfad idir lámha aige, nó piúnt leanna duibhe, gan iad a scaoileadh siar ach ní fhuair sé aon bhlas milis riamh ar an gceann a cheannochadh sé féin, agus ba mhór an seódh leis go bpriocfadh fear eile insa chúl é chun ceann leis féin d’ól.

Sé críoch agus deire na mbeart é gur ghaibh an deoch lastuas ar fad an lá san de. Dhein sé roileán ar fad de. Níor fhág sé aon tsamhailt céille aige ach oiread leis an chéad uair a chrom sé ar lámhncán tar éis an cliabhán d’fhágaint do. Ó bhí sé de’n tubaist orm nár shéan é sara raibh sé as a meabhair ar fad ní raibh aon ghnó agam éirghe as san am so agus é leigeant fé bholg na gcapall.

Uim árd an tráthnóna sa tSráid Mheánach dúinn, sluagh daoine síos suas, cuid aca ag teacht fé n‑ár mbrághaid go raibh aithne aca orainn ag fáiltiú aniar ó’n Oileán romhainn. Is amhlaidh ar deire gur éirigh an fear eile gránna:

“Cad as an paca diabhal san?” adeireadh sé. “Sí an chainnt an chuid is fearr díbh. Ní deoch a bheadh le fagháil uaibh comh maith sin. Daoine bochta muinnteartha annso spallta ó’n dtart!”

Gan mhagadh ná bréag do bhí an fhírinne ag teacht uaidh ach cad é an mhaith sin, bíonn an fhírinne féin searbh uaireannta.

Do bhí snaidhmeanna ar mo chroidhe ag éisteacht le n‑a chuid allagair gan deáramh ach cad a bhí agam le déanamh ach iad a bhrúghadh ar m’aigne. Uaireannta thagadh beirt phóilíní ’ár dtreo agus thagadh áthas orm go mbéarfaidís ar [ 81 ]chluais air chun é thógaint uaim agus é chur i n-áit a choinneochadh é nó go mbeadh a mheabhair go maith aige; ach faid a bhraitheadh sé iad san timcheall thabharfadh aon duine an leabhar gur chléireach sagairt é bheadh sé comh oiriúnach san nó go mbraithfeadh sé glan as an áit sin iad. Ní bheadh fir an Rí ach glan leo nuair a bheadh a hata raidithe insa spéir aige agus gan aon fhear seoidh ar an sráid ach é. Thagadh fear suas chun clabhta a thabhairt do, mar ’dheadh, ach is amhlaidh a thugadh súd póg do.

Seadh, do bhí san go maith agus ní raibh go h-olc agus d’á olcas mar bhíonn age duine uaireannta, dar leis, d’fhéadfadh an scéal a bheith níos measa go minic agus d’á aitheacht mar chaitheas-sa an lá leis an rógaire seo is fós do bhí na bearta cruadha ar fad romham.

Do chuir sé a lámh ’n-a phóca agus do thairrig sé aníos a phíp, ceann cré agus gan innte ach an chailc.

“A Mhuire! níl aon bhlúire tobac fós agam,” ar seisean. “Téanam isteach insa ti’ muair sin thall, bíonn tobac maith ann.”

“Dhera, beidh tobac le fagháil insa siopaí atá romhainn siar agus ná bac leis a’ dtí’ sin,” arsa mise leis.

“Dá mbeinn thiar do bheinn ag teacht aniar go dtí an tobac maith atá sa ti’ seo,” ar seisean.

Níl aon duine ar an dtalamh adéarfadh go raibh aon bhraon dighe ’n-a chorp faid a bhí allagar an tobac ar siubhal aige. Bhí ’fhios agam ná tógfadh sé gob ná sciathán díom agus b’eo linn treasna na sráide.

Craobh de chualacht stróinséartha dob eadh an tigh mór, le muinntir Atkins, go raibh gach sórt ’á dhíol ann. Tigh breagh ornáideach dob eadh é. Do bhí deilbh mná ar chathaoir idir an dá chúntúirt ann, toirt aon mhná tuaithe innti agus a h-aghaidh ar an ndoras.

Ar dhul thar doras isteach dom dhuine do bhain de a hata ag beannú do’n mnaoi: “Dia ’s Muire dhuit, a Mháighistreás Arcins!” ar seisean.

[ 82 ]Sin é an carrbhal is mó do bhain amach sult i nDaingean Uí Chúise ó bhí an droch-shaoghal ann. Ní raibh fear ó aon áird istigh ná gur thuit fuar marbh le snaidhmeanna gáiridhe do bhuail gach nduine aca, fir oibre an tighe agus na h-uachtaráin comh maith, ar chloisint cainnt an fhir bhaoith dhóibh. Dá mbeadh deáramh an iomarca dighe air cad é an tábhacht cad a dhéanfadh nó cad déarfadh a leithéid; ach is air ná raibh sé.

Do bhí an oidhche ag druidim linn agus an méid eile ó’n oileán do bhí insa bhaile mór ag ciorrú an bhóthair abhaile ach níorbh aon mhaith san do thagairt leis seo. Is mó do bhí sé toilteannach gabháil soir ná gabháil siar; agus chun na fírinne a rádh is soir is mó d’oirfeadh do dul mar is soir do bhí tigh na ngealt agus dob’ ’in é an áit is mó do bhí ag oiriúint do an lá úd.

An uair d’fhágamair an tigh mór do bhí na soillse ’á lasadh agus níorbh’ fhada uaidh do bhíomair nuair adubhairt sé:

“Ní féidir liom-sa dul a thuille, a Thomáis,” ar seisean.

“Dhera, cad tá a’ teacht anois leat?” arsa mise.

“Táim titithe leis an ocras agus tá tart, leis, orm.”

“Nár cheapas ná raibh an dá ghalar i n-éineacht ar aenne riamh.”

“Táid siad orm-sa, ar mh’anam, mhuise!”

Thógas liom é agus bhaineas amach tigh an bhidh leis. Cheapas ná raibh a dhóthain bidh istigh, ach do bhí. Ní dhéanfadh sé franncach ar chaith sé de. Do chuaidh a chodladh agus n’fheadair aenne ciaca beo nó marbh é go dtí n-a deich amáireach.


Tar éis trí lá do bheith ó’n dtigh agam de dheascaibh Phaid Shéamais—Paid an diabhail bhuidhe, go maithidh Dia dhom a rádh—do bhí raicc ar siubhal go tiugh timcheall an Bhlascaeid. Do bhí gach sórt raice ann, adhmad agus boscaí móra lán go béal. Ní raibh fhios ag aenne cad é an sórt stuife an rud a bhí is na boscaí an uair a briseadh iad. Bhrisidís na boscaí agus bheiridís leo abhaile iad tar éis a mbíodh ionnta a chaitheamh uatha.

[ 83 ]Nuair a chonnaic na h-oileánaigh nárbh aon mhaith dhóibh an earradh a bhí ins na boscaí sin do bhíodar ’á scaoileadh thársta sa bhfairrge nuair a thárluigheadh aon rud eile leo. Níor thug ach roinnt bheag daoine aon bhosca lán abhaile leis.

Cótaí dubha a bhíodh ar mhná an uair úd—plainín. Chuiridís dath air—bhód. Bhíodh ruaim roimis an ndubh air agus cad deire le bean tighe aca go raibh dhá chóta le ruamadh aice ná gur bheartuigh sí ar an stuif, a bhí sa bhosca thug a fear leis, chun iad a ruamadh. Bhí sé tugtha fé ndeara aici go dtagadh dath as an stuif nuair a fliuchtaí é. Má dhein sí an beartú san do chuaidh sí chun cinn leis agus níorbh aon ghnó breallach a dhein sí dhe mar níor cuireadh riamh ruaim ar chóta do bhí chomh dulta síos leis.

Do theasbáin an bhean so a saothar do bhean eile agus do bhean eile agus níor náireach di é mar do rith a gnó go feillebhinn léi.

“Nach mór an diabhal fir nár thug aon ghráinne chun an tighe dhi chugham-sa,” arsa báiléar mná do chonnaic na cótaí ruamtha, “agus dhá chóta istigh le ráithe agam agus a gcuid datha gan aon ruaim; agus ní bheidh sé a d’ionntaoibh leis ach a bhfaghad-sa chun mo láimhe é,” ar sise.

“I gcúntas an tsaoghail,” arsan bhean eile léi, “leig do féin,” ar sise.

Níorbh’ fhada do bhí an báiléar mná so age baile san am gur tháinig an fear ó’n gcnoc agus paca mór móna aige.

“An diabhal, a Shiobhán, go bhfuil snáithíní an droma tairricthe aige asam,” ar seisean. Do cheap sé go ndéanfadh sí truagh dho, dar ndóigh; ach ní h‑amhlaidh do bhí aige ach a mhalairt.

“Mo lá go dealbh, nár chuir sé cnámh do láirce as ionad!” ar sise, “mar is fada buidhe go dtabharfá chun na cistean paca ba luachmhaire ná é;” agus bhí coinneal ’n‑a radharc ’á rádh.

“Dhera, n’fheadar cathain d’fhágas amuich aon phaca gurbh’ fhiú é thabhairt abhaile,” ar seisean.

[ 84 ]“Dhera, ’dhiabhail, nár fhágais stuif na mboscaí id’ dhiaidh, a dhéanfadh mo chótaí a ruamadh dhom atá istigh le ráithe ag brath leis,” ar sise.

“Tá paiseón ort, a bhean bheag,” ar seisean.

“Ní h‑iongantas dom san agus trí bhosca mhóra lán insa tigh seo thiar di agus gan pins agam-sa a chaithfinn leis an gcirc di,” arsan bhean.

“Is cuma dhuit-se cad tá agat ná uait mar taoi as do chéill glan,” arsan fear léi.

“Ó! beagán rath ort, rud atá ort nó ar aenne atá id’ threo!” ar sise, “agus an chluas a bhaint díom-sa go mbeidh barra na mboscaí úd ag an bhfear a thug leis iad; agus ná raibh droch-earradh riamh i mbosca comh h‑ornáideach leis—bosca a bhí siúndálta ó’n dtaobh istigh agus é comh geal le scillin’, le luadh ’n‑a thimcheall.”

Fear breagh so-ranna dob’ eadh fear an tighe ach an uair a chuir sí an t‑olc go léir air do chuaidh sé chun cinn leis an mbáiléar.

Lá de’n tseachtain a bhí chughainn thug an bhean so turus eile ar bhean na gcótaí; agus do bhíodar aici gan cháim; ach do bhí scéal nua eile aici dhi i dtaobh na stuife agus d’innis di an tairbhe eile do bhí aici ’á bhaint aisti—go raibh dhá shutha muice aici agus go rabhadar ag fagháil bháis leis an ngorta ach ó chrom sí ar bheith ag beirbhiú na stuife dhóibh agus dorn mine do chaitheamh uirthi go rabhadar amuich insa bhuaile agus a mbolg anáirde, “agus is geairrid go mbeid siad reamhar glan,” ar sise.

“Mhuise, milleadh ’s meath ar a’ bhfear nár thug gráinne chun an tighe dhi,” arsan báiléar mná, “agus dhá sculartach muice ar an dteinteán agam agus iad i reachtaibh na leanbh a dh’ithe leis an ocras, gan ionnta ach na cnámha agus an croiceann agus iad nach mór bliain d’aois.”

“Dhera,” arsan bhean eile, “ó tá an scéal imithe anois ná leig ort gurb oth leat é.”

An uair a bhain an ropaire mná so an tigh amach dob’ fhada [ 85 ]léi gur tháinig a fear chun é throid. Níor fhág sí thíos ná thuas air é.

“Dhera,” ar seisean, “nach mó duine nach mise do chaith uaidh í.”

“Ná an diabhal duine ach mara raibh ’madán eile mar thu féin,” ar sise.

Do chuir sí chun feirge é insa deire gurbh éigean do’n gcomharsain teacht fé dhéin a gcosanta fé dheire.

Lar na mháireach do phrioc fear an tighe suas é féin. Leig sé air gur ag soláthar mine chun na muc a bhí sé ag dul go Daingean Uí Chúise. Thug sé ball éadaigh ó dhuine agus ball ó dhuine eile agus níor stad gur bhain amach an baile mór. Thug daoine muinnteardha éigin costas an bhóthair do agus níor chas riamh ó shin.

Té ab eadh bhí ’sna boscaí úd. Dob’ é an chéad té a tháinig ’on Oileán é. D’aithneochaimís go maith anois é.