156063Caoimhghin Ó Cearnaigh — Ins an IartharLiam Pádraig Ó Riain
[ 60 ]

CAIB. a XVII.—INS AN IARṪAR.

Ḃí Caoiṁġín agus Úna i n-áit uaigneaċ san Iarṫar, agus ḃí deire na laeṫeannta saoire ag druideaṁaint leo. Sgríoḃ Caoiṁġín do'n árd-ṫuairisgeoir, 'na oifig, ag ráḋ go mbaḋ ṁaiṫ leis cúpla lá eile a ḃeiṫ aige i dtreo go mbéaḋ sé in-ann dul go dtí Feis Ṁór an Iarṫair, agus aiste speisialta a sgríoḃaḋ 'na taoiḃ. Baḋ ṫruaġ leis, duḃairt sé, gan an ḟeis ṁór úd d'ḟeicsint.

Fuair sé freagra gan ṁoill. Ċuir an t-árd-ṫuairisgeoir ċuige fós an uiṁir litearḋa, “uiṁir áiriṫe an tsaṁraiḋ,” a ṫáinig amaċ breis a's seaċtṁain roiṁe sin. Ḃí sgéal i nGaeḋilg innte ó láṁ Ċaoiṁġín féin.

“Teasduiġeann a ṫuilleaḋ laeṫeannta saoire uait, an eaḋ?” duḃairt an t-árd-ṫuairisgeoir. “Duḃairt bean liom go nduḃairt bean léi go ḃfuil bean ṗósta agat anois. Má's fíor é sin ní iongnaḋ go ḃfuil a ṫuilleaḋ laeṫeannta saoire ag teasdáil uait. Ní dóiġ liom gur fíor an sgéal [ 61 ]áṁṫaċ—ní ċuireann feallsaṁ mar ṫusa suim ar ḃiṫ i neiṫe saoġalta mar ṁnáiḃ. Aċt is aisteaċ an rud nár ċuiris i n-úil dom cá raḃais ag dul ar do laeṫeannta saoire. Maidir le laeṫeannta saoire eile béiḋ siad agat, ar ṡliġiḋ—mí ar a laiġead. Cloisim go ḃfuil na prátaí millte in áiteaċa ó Iorrus go Cois Ḟairrge—ṫáinig an duḃaċán i dtús na seaċtṁaine—agus ceapann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ gur ċóir dúinn aistí áiriṫe a ḃeiṫ againn ar an sgrios. Crom ar an obair ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus is féidir leat.”

Ṁíniġ sé an saġas aistí a ḃí ag teasdáil, agus rudaí eile a ḃain leis an obair, agus annsin duḃairt sé:

“Tá sé ċóṁ maiṫ ḋuit gan a ḃeiṫ le feicsint annso go ceann tamaill. Agus déan do ṡeaċt ndiṫċeall leis na h-aistí. Saoileann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ anois gur claḋaire agus ‘fear baoġalaċ’ atá ionnat. Ḃí ‘fits’ aici le déanaiġe mar ġeall ort, agus mar ġeall ar do sgéal atá san uiṁir áiriṫe. De ḃríġ go raiḃ sé i nGaeḋilg ní raiḃ Ó D. (an tEagarṫóir) ró-ċúramaċ. Aċt anois! Ceapann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ agus daoine móra go ḃfuil an donas déanta. Deireann tú sa sgéal, nó deireann ‘ċaracters’ éigin, go dtéiḋeann Protastúnaiġ ar Neaṁ ċóṁ maiṫ le daoine eile; naċ ḃfuil i n-Ifreann aċt stáid, gan teine dá ríriḃ ar biṫ; naċ ḃfuil aḋarca ar an Diaḃal; go raiḃ creideaṁ na bPágánaċ go breaġ, uasal; agus a lán rudaí eile nár ċuala duine i n-Éirinn ariaṁ. Is maiṫ an rud naċ raḃais annso timċeall le seaċtṁain ó ṡoin, no ċuirfiḋe an ruaig ort. Tá súil agam go mbéiḋ an trioblóid ṫart sul a ḃéas tú ar ais. Aċt bíoḋ a ḟios agat—agus cuimniġ air as so amaċ—go ḃfuil ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ‘sensitif.’ Ná déan ‘coup’ eile de'n tsaġas céadna arís go bráṫ.”

Ċeap Caoiṁġín gur amaideaċ an rud é aoinne a ḃeiṫ ag casaoid faoi neiṫe aduḃairt daoine i sgéal, nuair ḃí corp na fírinne ionta go h-áiriṫe. Ḃí mórán daoine ag tráċt faoi litriḋeaċt na nGaeḋeal le déanaiġe. Gan cead ag na sgríḃneoirí a ḃfíor-smaointe a noċtaḋ baḋ ṡuaraċ an litriḋeaċt í! Ní raiḃ sé sásta no gur sgríoḃ sé litir ṁór ċuig an Aṫair Muiris faoi an gceist ar fad. Duḃairt Úna gur alt, apologia, áḋḃar leaḃair a ḃí inte.

Is iomḋa turas a ḃí ag an mbeirt nuair do luiġ Caoiṁġín isteaċ ar na h-aistí i dtaoiḃ an duḃaċáin. Do ṡáraiġ boċtaineas an Iarṫair ar a ḃfacadar riaṁ. Duḃairt [ 62 ]Caoiṁġín sna h-aistí go raiḃ boċtaineas na nGaeḋeal ṫar meoḋon, agus nárḃ olc agus nárḃ uaṫḃásaċ an rud é na daoine ag a raiḃ iarsma na sean-ṡíḃialtaċta a ḃeiṫ i n-a leiṫéid de stáid? Nárḃ uaṫḃásaċ an rud é fós intinní agus anamanna a ḃeiṫ d'á milleaḋ annsin ó ḃliaḋain go bliaḋain agus ó aois go h-aois. Ṫáinig duḃaċán na h-intleaċta ann—go deiṁin ḃí sé ann i gcoṁnuiḋe—ċóṁ maiṫ leis an nduḃaċán eile. Duḃairt sé a lán faoi na neiṫe seo. Sgríoḃ an t-árd-ṫuairisgeoir ċuige:

“Tá na h-aistí go breaġ ar ṡliġṫiḃ, aċt táṫar ag casaoid go mór annso faoi an méid a sgríoḃann tú ar Ġaeḋeala agus ar ṡean-ṡíḃialtaċt agus ar anamainn. Ná bac leo feasta. Is beag an tsuim a ċuireann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ionta súd. Ní ḃaineann siad le ‘nuaiḋeaċt.’ Sgríoḃ ar ṗrátaí, a ḃuaċaill!—ar ṗrátaí atá loitiġṫe, millte. Tuigeann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ṗrátaí loḃṫa; ní ṫuigeann sí anamanna agus ní maiṫ léi síḃialtaċt, nua ná sean. Tá an sgéal céadna ag a léiġteoirí.”

Duḃairt Caoiṁġín le hÚna go raiḃ sé ag éiriġe tuirseaċ de ṗáipéirí nuaiḋeaċta, ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ go h-áiriṫe. Níor ċuireadar suim aċt i rudaí suaraċa, aimsearḋa. Ṁeas sé go minic, aduḃairt sé, gur ċóir dó éiriġe as obair de'n tsaġas úd, agus gan aċt obair litearḋa a ḃeiṫ idir láṁaiḃ aige. Annsin ḃéaḋ sé ag leanaṁaint ar a ḟíor-obair. Mar ḃí sé pósta, agus saoġal aoiḃinn, áṫasaċ aige, baḋ ċóir dó ḃeiṫ i n-ann fíor-litriḋeaċt do ċumaḋ.

Tráṫnóna aṁáin nuair ḃí a ċuid oibre san Iarṫar beagnaċ críoċnuiġṫe ḃíodar ag tráċt faoi an gceist seo agus iad ag siuḃal cois loċa áluinn.

“A Ċaoiṁġín,” ar Úna, “bíonn tú ag taiḋḃreaḋ i gcoṁnuiḋe. Bíonn saġas draoiḋeaċta ar do ṁeaḃair agus ar do ṡúile agus ní ḟeiceann tú an saoġal coitċeann ar ċor ar biṫ. Is maiṫ an rud é sin ar ṡliġṫiḃ; go deiṁin is áluinn é; aċt tá eagla orm 'na ṫaoiḃ. Ċíḋfiḋ tú lá éigin naċ ḃfuil an saoġal mar a ċeapann tú é a ḃeiṫ. Béiḋ a ṡuaraċas agus a ċruaiḋeas soiléir duit. Annsin fairíor! Béiḋ tú——”

Do stad sé agus do ṗóg sé í.

“Ní ċuirim suim ar biṫ sa tsaoġal coitċeann,” ar seisean. “Tá tusa agam. Agus ó's rud é go ḃfuil tá an saoġal go h-áluinn agam. Agus o's rud é go ḃfuil sé ċóṁ [ 63 ]h-áluinn sin baḋ ċóir go mbéinn ag cumaḋ litriḋeaċta. Fan go mbéad ar ais i mBaile Áṫa Cliaṫ.”

Do b'ḟada an ḟanaṁaint í. Aċt is beag a ṡaoileadar go mbéaḋ an sgéal mar sin.