156062Caoimhghin Ó Cearnaigh — Tír na n-ÓgLiam Pádraig Ó Riain
[ 57 ]

CAIB. a XVI.—TÍR NA n-ÓG.

Ċuir Caoiṁġín obair an leaḃair ar leaṫ-taoḃ. D'ḟág an Canónaċ slán ag Fine Gall. Ṫáinig Úna go Baile Áṫa Cliaṫ san am céadna. D'aontuiġ sise agus Caoiṁġín a ḃeiṫ 'na gcoṁnuiḋe i n-aice Ċuain Áṫa Cliaṫ tar éis an ṗósta. Fuaradar tigín deas i nDuṁaċ Ṁuirḃṫean, i ngar do ṫiġ Ṡeáin Uí Ṁurċaḋa, 'na raiḃ Caoiṁġín ag cur faoi ċeana. Ḃí Seán ag fágáil na háite, óir ḃí sé tar éis posta ḟáġail mar eagarṫóir caḃruiġṫe i mBéilfeirsde. Ba ṫruaġ le Caoiṁġín é a ḃeiṫ ag imṫeaċt. Aċt ḃí go leor le déanaṁ aige, agus ṡaoil sé go raiḃ sé ina ċoṁnuiḋe i dTír na nÓg ċeana féin. Socruiġeaḋ go mbéaḋ an pósaḋ ann i dtús a laeṫeannta saoire i gceann míosa.

Tar éis a bpósta ċaiṫeadar seal i ḃFine Gall cois na fairrge, agus 'na ḋiaiḋ sin ḃíodar i ngleann na Bóinne agus i gceanntar na Teaṁraċ ar feaḋ tamaill, agus sa deire ċuadar go dtí an tIarṫar. Tar éis seaċtṁaine ba ḋeacair do Ċaoiṁġín a ċreideaṁain naċ raḃadar pósta le bliaḋanta. An saoġal a ḃí aige roiṁe sin saṁluiġeaḋ dó naċ raiḃ ann aċt rud éigin do léiġ sé i ḃfad ó ṡoin i sean-sgéal—ní raiḃ fíor-ḃeaṫa aige go dtí seo. Ċreid sé go raiḃ dearmad mór déanta ag feallsaṁna i dtaoiḃ pósta. Iad so aduḃairt gur tréigeant árd-nádúire a ḃí ann, ḃíodar ag dul amuġa go mór. Ní raiḃ a anam ċóṁ beoḋa ariaṁ agus do ḃí sé annsin. Ḃí an-tráċt ag na feallsaṁna agus na saoiṫe naoṁṫa faoi “an ḃantraċt”; finn-sgéalaiḋeaċt spriodálta í sin. Fá ḋuḃailceas do ċruṫuiġ an cineaḋ daonna féin do ċuireadar an milleán ar “Ḃean,” díreaċ mar do ċuireadar milleán eile ar an “Diaḃal.” An cineaḋ daonna a ḃí cionntaċ ó ṫús go deire.

[ 58 ]Lá da raḃadar 'na suiḋe i ngleanntán áluinn, uaigneaċ cois na Bóinne ċuir sé i gcuiṁne do Úna an eagla agus an imniḋe a ḃí uirṫe roiṁ pósaḋ.

“Ní ṫuigim anois cad a ḃí orm annsin,” ar sise. “Aċt tá sé imṫiġṫe ar nós taiḋḃriḋ. Saoilim go ḃfuilim im' ḃeaṫaiḋ dáríriḃ fá ḋeoiḋ. Níor ṡaoileas gur ḃ'ḟéidir an oiread sin sonais a ḃeiṫ fá'n ngréin agus atá orm-sa.”

“Tá an sgéal céadna agam-sa,” adeir Caoiṁġín.

“Agus seo rud iongantaċ eile,” ar Úna. “Nuair ḃí sonas orm roiṁe seo ḃí eagla orm go n-imṫeoċaḋ sé. Níl aon eagla orm anois.”

“Ní dóiġ liom go ḃfuil ár sgéal-ne cosaṁail le sgéal aon ḃeirte eile dár ċualas tráċt air ariaṁ,” ar Caoiṁġín. “An ċéad uair do ċasamar ar a ċéile ṡaoileas go raiḃ sean-aiṫne againn ar a ċéile, agus go raiḃ cáirdeas croiḋe eadrainn i ḃfad roiṁe sin.”

“Adṁuiġim anois, rud nár adṁuiġeas dom féin ar dtús, gur ṫugas gráḋ ḋuit an ċéad uair,” ar Úna.

“Rinne mé aṁlaiḋ i do ṫaoiḃ-se,” ar Caoiṁġín. “Ḃí mo ḋúil ort o'n gcéad uair. Aċt ariaṁ roiṁe sin níor ċuireas an oiread sin suime i gcailíní agus do ċuireas i dtaiḋḃsí.”

“Níor ṫuigeas cé an saġas rud an gráḋ sul ar ċasamar ar a ċéile,” ar Úna. “Ṫuigeas go maiṫ é 'na ḋiaiḋ sin.”

“D'aiṫin ár n-anamanna a ċéile,” ar Caoiṁġín. “Táim fíor-ċinnte anois go ḃfuil aiṫ-ḃreiṫ ann.”

“Is iongantaċ an smaoineaḋ sin,” ar Úna. “Ċuir sé sgannraḋ orm ar dtús. Níor ṫuigeas i gceart é. Níor ḃ'eol dam gur ṁíniġis dom í, an difríġeaċt atá idir an ‘gnáṫ-ḋuine’ agus an ‘fíor-ḋuine.’ Ní ḟeadar go ḃfuil sé fíor, aċt tá sé an-iongantaċ. Is truaġ naċ gcuireann sinn go léir níos mó spéis ins an ḃ-‘fíor-ḋuine.’ Ba ṁinic nuair ḃí árd-áṫas orm duḃairt mé liom féin ‘cé'n fáṫ naċ ḃfuilim mar so i gcóṁnuiḋe, óir is é an “mé” céadna atá ionam i gcoṁnuiḋe? Agus má tá árd-áṫas orm aon uair aṁáin is féidir árd-áṫas a ḃeiṫ orm i gcoṁnuiḋe, agus annsin ḃéinn ar Neaṁ i gcoṁnuiḋe, ar ṡliġiḋ pé sgéal é.’”

“Feallsaṁ atá ionnat,” ar Caoiṁġín, agus ṗóg sé í.

“Má's feallsaṁna atá ionainn, a Ċaoiṁġín, is aisteaċ an dúil atá againn i bpóga. Níl teora linn.”

[ 59 ]“Is féidir le feallsaṁ morán d'ḟóġluim as póga,” ar seisean.

“Ḃíomar ag tráċt,” ar sise, “ar an ḃfíor-ḋuine’ atá fá ċeilt i ngaċ aoinne, agus ar an árd-áṫas a ḃíos air ó am go h-am——”

“I gcoṁnuiḋe,” ar Caoiṁġín. “Bíonn áṫas ar an ḃ-‘fíor-ḋuine’ i gcoṁnuiḋe. 'Sé an fáṫ naċ mbíonn áṫas ‘orainn’ i gcoṁnuiḋe: an ‘fíor-ḋuine’ atá i ngaċ aon againn a ḃeiṫ ṫíos, ceilte, dearmadṫa, i n-ionad a ḃeiṫ ṫuas, beoḋa, faoi réim, treoraċ.”

“'Seaḋ,” ar Úna. “Sin a ḃí im' aigneaḋ. Agus naċ féidir le gaċ aoinne an ‘fíor-ḋuine’ a ṡaoṫruġaḋ, mar adéarfá, agus é a ḋéanaṁ síṫ-ḃeo i ndeireaḋ na dála? Agus annsin naċ mbéaḋ gaċ aoinne ċóṁ sásta, sonasaċ 'na ṡliġiḋ féin agus támuid-ne anois? Annsin naċ mbéaḋ an Aois Ḟor-órḋa tagaiṫe?”

“Ḃéaḋ,” ar seisean. “Aċt gioḋ go nduḃairt ár dTiġearna go ḃfuil Ríoġaċt Neiṁe ionainn féin, agus gioḋ go dtuigeann an ‘fíor ḋuine’ an ḟírinne ġlórṁar sin, ní ṫuigeann agus ní ċreideann an ‘gnáṫ-ḋuine í; agus riaġluiġeann an ‘gnáṫ-ḋuine’ an doṁan fós. Cad a ḃí i ngaċ ‘gluaiseaċt’ ṁór ó aois go h-aois? Cad atá i ngluaiseaċt seo na Gaeḋilge? Éirġe-amaċ na ḃ-‘fíor-ḋaoine’ i n-aġaiḋ na ‘ngnáṫ-ḋaoine.’ Diaḋaireaċt, diaṁaireaċt, fíor-ġráḋ, fíor-ḟiliḋeaċt, fíor-ċeol, carṫannaċt, ċóṁ-ṁoṫuġaḋ—'siad sain go léir beaṫa agus obair an ‘ḟíor-ḋuine.’”

Uair eile ḃíodar 'na suiḋe ar Ċnoc na Teaṁraċ. Iarnóin aoiḃinn a ḃí ann. Ḃíodar ag tráċt ar an tsean-ṡaoġal a ḃí ann.

“Is uaṫḃásaċ an rud é an oiread sin aoiḃneasa a ḃeiṫ caillte,” ar Úna.

“Ní ċreidim go ḃfuil sé caillte,” ar Caoiṁġín. “Na h-anamanna a ḃí annso i dTeaṁair fad ó tá siad i n-áit éigin nó ar stáid éigin sa gcruinne. B'ḟéidir go ḃfuil cuid aca tagaiṫe ar ais arís agus go ḃfuilid ag obair fá ċolna eile i n-áiteaċa eile ar fud na h-Éireann. B'ḟéidir go mbéaḋ caṫair ní baḋ ḃreaġṫa agus níḋ baḋ ḃeaṫaṁla 'ná an tsean-Ṫeaṁair annso lá éigin.”

“Is deacair é sin do ċreideaṁ” ar Úna, “ċóṁ uaigneaċ agus tá an áit indiu. Dá mbéaḋ fuinneaṁ agus [ 60 ]áṫas i n-anam na h-Éireann ḃéaḋ a ṁalairt de sgéal againn.”

“Níor ṡaoileamar féin an oiread sin áṫais a ḃeiṫ ionainn agus atá,” ar Caoiṁġín. “Béiḋ eolus ar a cúṁaċt ṁór ag Éirinn lá éigin, agus annsin cuirfiḋ sí Teaṁair agus neiṫe níos iongantaiġe 'ná Teaṁair ar bun arís.”

“Béiḋmid tar éis ḃáis annsin,” ar Úna, “ní ḟeicfimid-ne Caṫair na Teaṁraċ go deo,”

“Nílim cinnte naċ ḃfeicfimid,” ar Caoiṁġín. “Níl fios ná fáirnis againn ar na turais atá i gcinneaṁain d'ár n-anamainn. Ní ḃéiḋmid marḃ ar aon ċuma. Níl bás dáríriḃ ann aċt aṫrú clóḋa agus aṫrú stáide. Níl Teaṁair caillte aċt aṫruiġṫe.”

“Is iongantaċ an duine ṫú, a Ċaoiṁġín,” ar Úna. “Annso fá uaigneas na Teaṁraċ níl brón ná neiṁ- ṁeisneaċ ar biṫ ort. Ní ċuiṁniġeann tú ar a ḃfuil caillte.”

“Ḃí mór-ṫaoide ḃeaṫaḋ annso uair aṁáin,” ar Caoiṁġín. “D'imṫiġ an taoide agus anois tá an tráiġ go h-uaigneaċ. Aċt tiocfaiḋ an taoide ar ais i n-am 's i dtráṫ. Tá áḋḃar na taoide síṫ-ḃeo.”