Caoimhghin Ó Cearnaigh/23

Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Laetheannnta an Dóláis
[ 76 ]

CAIB. a XXIII.—LAEṪEANNTA AN DÓLÁIS.

Níor ṡaoil Caoiṁġín ar dtús go raiḃ an sgéal leaṫ ċóṁ dona aige agus do ċeap an t-árd-ṫuairisgeoir é a ḃeiṫ. Go deiṁin níor ṡaoil sé go raiḃ sé go dona ar ċor ar biṫ. Ḃí sé tuirseaċ de ṫuairisgeoireaċt—an saġas di a ḃí ag teasdáil ón ‘tSean-ḃean Liaṫ’ pé sgéal é. An dúil ṁór a ḃí aige i litriḋeaċt, ḃí sí ag éirġe niḋ ba ḋéine agus níḋ ba láidire le déanaiġe 'ná mar ḃí sí ċeana. Ċeap sé gur ṁiṫid dó fíor-iarraċt a ḋéanaṁ i gcóir saoġail sásaṁail, litearḋa.

Ḃí go maiṫ. Do ċuir sé snas agus slaċt ar an gcéad ċuid de'n leaḃar fá “Ċreideaṁ agus Saoṫar ár Sinnsir,” an leaḃar 'nar ṫráċt sé faoi “an ċóiṁ-ċeangal atá idir diaṁaireaċt agus fíor-ṡíḃialtaċt.” Do ċuir sé ċun carad í—duine mór de Ċonnraḋ na Gaeḋilge.

Níorḃ ḟada gur ċasadar ar a ċéile.

“Tá an leaḃar léiġte agam,” arsan duine mór. “Do ṫaiṫniġ sé go mór liom féin. Aċt ní féidir leis an gConnraḋ é ḟoillsiuġaḋ. Tá rudaí ann agus níor ṁaiṫ le daoine áiriṫe a n-innsint ná a gcraoḃsgaoileaḋ. Sgaipfeaḋ an leaḃar an iomarca eolais imeasg an tsluaiġ.”

“Ní féidir é sin a ḋéanaṁ,” ar Caoiṁġín; “ní féidir an iomarca eolais a spaipeaḋ i n-aon tír.”

“Is féidir—i n-Éirinn,” arsan duine mór. “Is contaḃarṫaċ an rud an t-eolas. Ní fuláir do'n Ċonnraḋ a ḃeiṫ an-ċúramaċ. Caitfiḋ sé ḃeiṫ ċóṁ glic le sean-ṡionnaċ.”

“Ní ḟeicim aon ċóiṁ-ċeangal idir fírinne staire agus sean-ṡionnaċ,” ar Caoiṁġín.

[ 77 ]Do ġaḃ gáire an duine mór.

“Tá sin go maiṫ,” ar seisean. “Aċt is fearr gliocas an tsionnaiġ 'ná fírinne staire i n-Éirinn go fóill. Rud eile. Ní ṫaiṫneoċaḋ an leaḃar leis na Gaeḋeala féin. Na daoine a ḃíos ag innsint sgéal cois na teineaḋ insa nGaeḋealtaċt, ní ḃéaḋ baint aca leis. Is rud fá leiṫ an aigne Ġaeḋealaċ, agus ní dóiġ liom go ḃfuil an diaṁaireaċt agus an ḟeallsaṁnaċt úd oireaṁnaċ di ar aon ċor.”

“Aċt tráċtann sé ar aigneaḋ ár sinnsir róṁann,” ar Caoiṁġín. “Aigne Ġaeḋealaċ a ḃí aca súd! Tá daoine ag tráċt faoi an nGaeḋealtaċt le déanaiġe agus níl eolus aca aċt ar iarsma beag de'n Ġaeḋealtaċt—an t-iarsma beag atá le fáġail indiu: aon lá as milliún beo-laeṫeannta na Gaeḋealtaċta. Is beag an tsuim a ċuireann siad ins an ṁór-Ġaeḋealtaċt ḋo-ḟeicsionaiġ.”

“B'ḟéidir é,” arsan duine mór. “Aċt níl an t-am tagaiṫe fós. Tá aigne na n-Gaeḋeal indiu ċóṁ simpliḋe, creidṁeaċ le h-aigneaḋ leinḃ. 'Seaḋ, go díreaċ. Leanḃ na hEorpa an Gaeḋeal. Ní sgéala na Saoi aċt sgéala na siḋe atá ag teasdáil uaiḋ.”

Ḃí an rud céadna le ráḋ ag daoine móra eile agus ag daoine beaga ċóṁ maiṫ leo. Ní raiḃ foillsiġṫeoir i n-Áṫ Cliaṫ toilteannaċ an leaḃar do ċraoḃsgaoileaḋ. Ṫáinig iongnaḋ orṫa na ṫaoiḃ. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ do Ċaoiṁġín iarraiḋ ar Ḟear na Gealaiġe é ḟoillsiú.

Duḃairt a lán naċ raiḃ smaointe ná litriḋeaċt ag teasdáil ó na Gaeḋeala. Duḃraḋ fós naċ raiḃ smaointe ná litriḋeaċt ag teasdáil ó na h-Éireannaiġ naċ raiḃ teanga a sinnsir aca. Ní raḃadar ag teasdáil i n-aon áit sa tír aċt aṁáin ó ċorr-ḋuine. Do b'aisteaċ an rud é, aduḃairt Caoiṁġín leis féin. Níor ċreid sé é, ar dtús. Aċt na neiṫe litearḋa a sgríoḃ sé, i nGaeḋilg nó i Sacs-Ḃéarla: neiṫe a ḃain le feallsaṁnaċt, le h-árd-smaointe, le h-anam, le h-intleaċt, ní ċuirfeaḋ aoinne i gclóḋ iad i ḃfuirm leaḃair, agus is beag eagarṫóir páipéir a léiġfeaḋ iad ar fad. Duḃraḋ leis i gcoṁnuiḋe ná tuigfeaḋ an sluaġ iad.

“An raḃas ag taiḋḃreaḋ?” ar seisean i litir do'n Aṫair Muiris. “An raḃamar go léir ag taiḋḃreaḋ le linn an Oireaċtais úd—fadó, mar ṡaṁluiġeann sé ḋom féin anois. Cá ḃfuil an ‘Éire nua’? Cá ḃfuil an ‘spiorad nua’? Cá ḃfuil an intleaċt ṁór a ḃí ag éirġe, [ 78 ]dar linn? B'ḟéidir go ḃfuilid go léir ann, aċt ní léir dom go ḃfuil. Tá an donas ar mo ṡaoġal-sa, agus ní ḟeadar 'on doṁan cad is cóir dom a ḋéanaṁ. Litriḋeaċt i mBaile Áṫa Cliaṫ—Fairíor! Ċím anois go mbéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋom ḃeiṫ ag gaḃáil aḃráin don Life. Ní féidir liom post ḟáġail i n-oifig aon ṗáipéir eile. Rinne mé go leor iarraċta. Ḃíonn mo ċroiḋe cráiḋte go minic. Sa maidin, áṁṫaċ, bíonn aoiḃneas agus draoiḋeaċt ar mo ċroiḋe, agus bíonn dóċas an doṁain agam. Um ṫráṫnóna, tar éis mé a ḃeiṫ ar lorg oibre ó áit go h-áit, agus i n-oifigí do gaċ uile ċineál—mo ċreaċ cráiḋte!

“Tá saġas scannraḋ ar an ṁnaoi, aċt ní leigeann sí uirṫe go ḃfuil. Tá mo ċroiḋe céasta 'na taoiḃ ó ló go ló. Deireann sí ó am go h-am go gcaiṫfiḋ sinn imṫeaċt as Éirinn. Agus an t-aṫair agus an ṁáṫair ar tí teaċt ar ais, agus dóċas 'na gcroiḋe!—ní heol dóiḃ an stáid 'na ḃfuilmid. Duḃras go minic go dtigeann anam duine ar an doṁan i dtreo go mbéaḋ caṫ agus cleaċtaḋ aige. Caṫ agus cleaċtaḋ! Caṫ agus cleaċtaḋ i gcoṁnuiḋe, gcoṁnuiḋe! 'Seaḋ, duḃras é roiṁe seo; tuigim agus moṫuiġim anois é.”

Duḃairt an t-Aṫair Muiris go mb' ḟearr do Ċaoiṁġín agus Úna Baile Áṫa Cliaṫ d'ḟágáil agus dul go Cluaintobair. Ḃéaḋ saoġal sonasaċ aca ar an ḃfeilm ḃig, dar leis, agus tar éis oibre an lae ḃéaḋ sé ar a ċumas litriḋeaċt a ḋóṫain do ċumaḋ. “Duḃras leat i ḃfad ó ṡoin go ḃfuil ‘mianaċ smaointe’ le fáġail fá'n dtuaiṫ, agus go ḃfuil doṁan intinne fá leiṫ ag muintir na tuaiṫe. Tiocfaiḋ nua-litriḋeaċt na h-Éireann ó'n dtuaiṫ. Na bailte móra atá againn tá siad feoċta, loitiġṫe. Níl spiorad Ċríost ná spiorad Ċúċulainn ionta. Fill ar an ḃfeilmeoireaċt, a Ċaoiṁġín, agus béiḋ áḋḃar ḟiliḋeaċta agus áḋḃar litriḋeaċta i do ċroiḋe gaċ lá. 'Seaḋ, agus béiḋ rud atá i ḃfad níos fearr ionat—béiḋ Ríoġaċt Neiṁe le moṫuġaḋ ionat. Táim ċóṁ sona le naoṁ agus mé ag obair ar an riasc mór annso i nGortruaḋ. An ḟeilmeoireaċt go bráṫ!”

“Anois agus arís,” ar Caoiṁġín 'na ḟreagra, “saoilim go ḃfuil an ceart agat, agus gur ċóir dom dul ar ais go Cluaintobair. Aċt is sgríḃneoir mé gan aon ġó, agus tá sé buailte isteaċ im' aigneaḋ go ḃfuil neiṫe im' intinn gur cóir dom a gcraoḃsgaoileaḋ. Aċt níl sliġe ná uain [ 79 ]agam ċun é sin do ḋéanaṁ. Tá an ḟírinne agat mar ġeall ar na bailte móra. Tá siad feoċta, loitiġṫe. Aċt níl. Tá anam i ngaċ duine atá 'na ċoṁnuiḋe ionta. 'Sé an donas é go ḃfuil na ‘gnáṫ-ḋaoine’ i n-uaċdar. Ní fuláir dúinn ḃeiṫ foiġdeaċ agus ár ndiṫċioll do ḋéanaṁ gaċ lá dá maireann sinn ċun an ‘ḟíor-ḋuine’ atá fá ċeilt i ngaċ caṫruiġṫeoir a ṁúsgailt.

“Ṫug an Canónaċ Ó Maoilḃeanna seanmóirí iongantaċa uaiḋ le déanaiġe. Ċuir sé sgannraḋ ar a lán, óir ḃí bríġ a ṫeagaisg fíor-ċosaṁail le cumannaċt. Béiḋ éirġe amaċ imeasg na mboċt lá éigin, duḃairt sé, agus baḋ ṁaiṫ leis é. Tá mé féin boċt go leor anois, agus támuid i gcruaḋċás. Tá imniḋe ṁór orm faoi an ṁnaoi. Is dóċa go raċaiḋ sinn go Cluaintobair i ndeire na tréiṁse . . .”

Tamall 'na ḋiaiḋ sin ṫáinig sgannrad mór ar Ċaoiṁġín. Do ḃuail Úna breoite. D'éiriġ sí níḋ ba laige ó ló go ló. Ṫáinig an doċtúir ċuice, ṫáinig an Canónaċ gac lá dá féaċaint. I gceann coicṫiġise ċeap gaċ aoinne aċt aṁáin Caoiṁġín go raiḃ an bás i ngar di, agus maidir le Caoiṁġín féin gioḋ go raiḃ dóċas aige fós ḃí sé beagnaċ as a ṁeaḃair.

“A Ċaoiṁġín,” ar sise tráṫnóna, “is minic a ḃíomar ag tráċt ar an mbeaṫaiḋ agus ar an mbás; is minic aduḃrais naċ ḃfuil sa mbás aċt aṫrú clóḋa; is minic aduḃrais go raiḃ ċóiṁ-ċeangal agus cáirdeas idir ár n-anmanna fad ó, agus go mbéiḋ ċóiṁ-ċeangal agus cáirdeas eatorṫa go deo na ndeor. Anois, a Ċaoiṁġín, éiriġeaḋ do ċroiḋe, agus bíoḋ meisneaċ agat, agus bíoḋ dóċas ionat. Agus béiḋ m'anam i ngar duit i gcoṁnuiḋe, agus béiḋmid i n-aoinḟeaċt le ċéile arís, agus——”

Aċt ní féidir leis creiḋeaṁ go raiḃ sí ag imṫeaċt. Do ṗóg sé í, agus duḃairt sé go mbéaḋ saoġal fada sonasaċ roimpi. Maidir leis an ḃfeallsaṁnaċt níor ċuiṁniġ sé uirṫe.