Deoraidheacht/2
II.
Nuair atá duine ann nach raibh aon chleacht aige ar airgead ariamh, imthigheann sé uaidh mar imthigheas lóchán roimh an ngaoith. B’fhearacht agam-sa é. Bhí mo chuid-se ag imtheacht agus ag imtheacht go tiugh. Ag imtheacht ar nós uisge na haibhne. Níor chuir sin aon droch-mhisneach orm, amhthach. Nach raibh an comhluadar agam? Nach rabhadar sásta gach uile shórt a dhéanamh dhom? Nach duine mór a bhí ionnam anois? Nach raibh mé i n‑an’ airgead a chaitheamh le duine uasal ar bith? Gach uile lá bhíodh an dream céadna ’mo chuideachtain agus an caitheamh airgid céadna ann, acht gur mise bhí ’ghá chaitheamh i gcomhnuidhe. Is minic, ar dhúiseacht dhom ar maidin, go n‑abróchainn liom féin nuair d’fheicfinn an chos adhmuid ar an gcathaoir lem’ ais, nach gcaithfinn a thuilleadh airgid leis an gcomhluadar. Acht bhíodh uaigneas orm gan iad. Dhearcainn ar an bpioctúir bhig a bhí crochta ar an mballa, ar an triúr fear óg a bhí go meidhreach agus go so-mheanmnach dhóibh féin, agus an ghrian ag soillsiughádh orra. Thosóchainn ag machtnamh ar mo chruadh-chás féin. Bhíodh olc orm nuair d’fheicinn muintir an tighe ag dul suas agus anuas an staighre, óir nach rabhas féin i n‑an’ a dhéanamh gan congnamh; bhíodh olc orm nuair a chloisinn torann bróg ar an tsráid; thagadh buile orm nuair d’fheicinn duine go haerach agus mé féin go dubhach doilgheasach. Annsin [ 11 ]chuimhneóchainn ar chomh lághach is bhínn féin nuair a bhíodh braon ólta agam.
Nach raibh Dia láidir? Cad chuige a mbéinn ’ghá mhasladh ag ceapadh go bhfágfadh sé lom folamh mé nuair a bhéadh an méid a bhí agam anois caithte agam? Ba mhór an peacadh bhí ann. Chuirinn orm agus bhuailinn amach….
Ciall cheannuighthe an chiall is feárr. Ní mórán céille bhí ceannuighthe agam-sa gur chaitheas bliadhain ar an mbealach seo—go rabhas taobh le ceithre sgór punnt. Bhí cleacht agam ar an gcois adhmuid faoi’n am seo, agus ar an saoghal nuadh a bhí tagtha. Acht mar sin féin, bhíodh olc orm uaireanta nuair d’fheicinn duine ag rith. Bhíodh fonn orm a bhualadh le mo mhaide croise. Dá mbadh rud é go marbhóchainn é, b’amhlaidh ab’ fheárr liom é. Nár leagas fear óg a bhí ag dul tharm go lúthmhar éasgaidh ⁊ go neamh-urchóideach lá, agus nach rabhadar le mo chur san bpríosún? Cuirfí freisin muna mbéadh duine de mo lucht aitheantais a bhí ’sa láthair agus a d’innis mo sgéal dhóibh.
’Sé a shábháil mé ó’n bpríosún. ’Sé mhúin ciall dhom, freisin, agus seo é an bealach ar múineadh mé:
Chuamar beirt ag ól agus ag caitheamh airgid mar ba ghnáthach linn. Mí-thráthamhail go leór, do dhearmadas mo chuid airgid a bhreith liom an lá céadna.
Cheapfá nár chreid sé i dtosach mé, nuair a d’innsigheas dó é; ar chaoi ar bith, ní raibh sé sásta an píosa coróineach d’iarras air, ar iasacht, a thabhairt dom. Ní raibh an t‑airgead aige, má b’ fhíor dhó féin, acht leis an snaois a tháinic air, b’fhacthas dom ar an bpointe gur ag ceapadh go raibh mo chuid-se caithte agam a bhí sé. Agus ar chaitheas leis féin agus a chomhluadar gan mhaith!
Ghabh fearg mé. Bhíos le cuthach. Gach droch-ainm ar fhéadas chuimhneamh air, thugas air é. Bhagair mé mo mhaide croise air. Ní dheárna sé acht a dhul ’sna trithíbh gáiridhe. [ 12 ]Ag magadh fúm a bhí sé, ag magadh faoi’n amadán a chaith a chuid leis.
Tháinic sé im’ aigne a cheann a sgoilteadh le soitheach mór a bhí ar an gclár, agus dhéanfainn freisin é, dá bhfuighinn an chroch air, bhí an oiread sin buile orm, muna mbéadh gur thug fear an ósda an soitheach leis le n‑a chur i dtaisge.
D’imthigheas, acht ag dul amach dom chualas na daoine a bhí ’san teach ag magadh fúm féin, agus faoi’n gcois adhmuid, agus ag innseacht dá chéile chomh droch-aigeanta is bhí an bacach. Bhí seacht ndiabhail déag ag ithe mo chroidhe-se, agus má bhí duine ann ariamh a bhí ceaptha agus lán-cheaptha ar dhúnmharbhadh a dhéanamh, ba mise an duine sin.
An oidhche úd, agus mé ’mo luighe ar mo leabaidh bhig, rinneas sgrúdughadh coinnsiais. Gach a dtárla dhom, agus gach a ndeárnas ó chailleas lúth na ngéag, chuireas trí n‑a chéile é. B’fheasach mé le fada go raibh atharrughadh mór tagtha orm, ar mo mheon agus ar mo chroidhe agus ar m’aigne; go mba mhó go mór an t‑atharrughadh úd bhí tagtha ar m’aigne ná an t‑atharrughadh bhí tagtha ar mo cholainn; go mbéadh an fuath agus an ghráin agus an díombáidh agus an t‑olc mar chomhluadar agam feasta; go mbéadh an duairceas mar chéile agam go lá mo bháis.
Chuir an smaoineadh seo lionndubh ar mo chroidhe. Cheapas atharrughadh a dhéanamh ar mo bhéasaibh, ar mo shaoghal, agus ar mo mhodhthaibh maireachtála—an chathair a thréigeadh, nó, ar an gcuid is lugha dhe, áit chomhnuidhthe d’fhagháil i bhfad ó na cáirdibh bréagacha bhí agam.
Chomhair mé a raibh fágtha agam de’n airgead. Deich bpunnt is trí fichid a bhí ’san mbannc agus cúpla púnnt ’san teach. Ó, a Thighearna! nach mé a bhí ag déanamh an bhaileabhair dhíom féin? Nach mé bhí ag dul le fánaidh na haille? Agus mé ag caitheamh mo chuid airgid leis na [ 13 ]diabhail úd! Agus mé ’mo stáicín aithbhéise aca i gcaitheamh an achair!
Ní bréag a rádh go rabhas go díombádhach agus go leamh dhíom féin. Chaith mé mé féin ar an úrlár agus thosuigheas do mo luasgadh féin anonn ’s anall, agus ag stracadh na gruaige as mo cheann le teann cumha agus dubróin. Dubhras cúpla paidir. Gheallas i láthair Dé go mbéadh a mhalairt de shaoghal agam feasta dá mb’ é A thoil naomhtha é. Annsin thosuigheas ag gol agus ag cur na súl go dtí go raibh mo chuid féasóige fliuch le deóraibh….
Ar maidin dubhras le bean an tighe go raibh fúm imtheacht.