Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal V
[ 20 ]

V.

Táim féin agus an máir­néalach ag ól ar ár ndícheall. Is beag de’n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamh­lachta.

D’imthigh leith-bhliadh­ain ó d’ólas deór cheana, agus airighim an t‑ól ag dul trí mo chorp mar bhéadh sruthán teineadh ann. Ní’l ball díom nach moth­uighim ann é. An brón mór agus an droch-chroidhe bhí orm ar maidin ’san teach lóisdín táid sgartha liom. Gníomh ar bith dá ndeárnadh ariamh tig liom-sa a dhéanamh, má’s fíor dhom féin.

Tháinic an chaint chugam. Thos­uigheas ar sgéal­taibh iong­[ 21 ]antacha innseacht do’n mhair­néalach groidhe bhí le m’ais, agus ar ndóigh, ní do dhuine ar bith eile tharla na heachtraí acht dhom féin.

I mBéarla bhíos ag cur díom i dtosach, acht ní raibh sé i bhfad gur thionn­tuigheas ar an nGaedh­ilge i ngan-fhios dom féin.

Bhí an áit lán agus tháinic iongnadh orra uile ar chlos na teangan nuaidhe dhóibh, acht ar an mair­néalach amháin. Níor leig an cleas­aidhe úd air acht gur thuigh sé an uile fhocal dá raibh me a rádh. Bhíos corruigh­the go mór, agus bhí fonn orra-san fios d’fhagháil céard a bhí ag gabháil dom.

D’éirigh fear beag buidhe bhí ’n‑a shuidhe leis féin i gcúinne ’n‑a sheasamh. Firín beag buidhe rocach géar-chúiseach a bhí ann agus a dhá shúil shoill­seacha imthigh­the isteach ’n‑a chloig­eann. Is ar éigin d’fheicfeá chor ar bith iad leis na malaíbh móra dubha bhí ós a gcionn. Chuir sé cúpla ceist ar an mair­néalach. Is beag nach ndeachas féin ’sna trithíbh nuair a thugas faoi deara cé mar bhí an tsrón mhór fhada chrotach agus an smigín fada biorach a bhí air ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile ’chomhfhad ’s a bhí sé ag caint.

Bhí an mairnéalach sásta mo sgéal-sa a nochtadh dhó. Sgaoil sé siar slug mór eile, agus thosuigh air ag cur de go tapaidh agus go bríogh­mhar, agus a raibh ann ag éisteacht leis go haireach.

Dubhairt sé gur Gear­mánach a bhí ionnam féin; go rabhas ar buile tráth dem’ shaoghal; gur mharbh­uigheas ochtar fear an uair sin (dhruid cuid aca siar uaim); gur cuireadh i dteach na ngealt mé feadh sgathaimh fhada—go raibh rí na tíre sin sásta mé sgaoil­eadh saor. Bhí mo chiall agam nuair a sgaoil­eadh amach mé, ar ndóigh, agus céard a dhéan­fainn acht aghaidh a thabhairt ar an Afraic Thoir leis na leomhain a mharbhadh.

’Seadh go díreach (ar seisean). Is ann a milleadh mar sin é. Sean-leomhan fíochmhar a tháinic air, a mhic ó, agus [ 22 ]é ’n‑a chodladh. Marach go raibh sé ’n‑a chodladh, beag baoghal go dtiocfadh sé air, bhí sé chomh haireach sin. Acht sul ar fhéad an fear bocht arm faobhair nó teineadh a ghlacadh chuige, nó sgread féin a leigint, chuir rí na coille na crúba go cnámh ann. Nach bhfeic­eann síbh a rian air fós, a cháirde?

Thasbáin sé dhóibh na loit d’fhág an gluais­teán ’n‑a dhiaidh ’mo éadan. Cheapas féin cosg a chur leis acht níor éirigh liom. Siúd ar aghaidh leis an gcaint arís é.

Acht bhí sgian mhór fhada ghéar aige (arsa mo dhuine), agus le preabadh do shúl bhí sí go feirc aige i gcroidhe an leomhain. Nach raibh, a chara? Go deimhin bhí. Agus nár thug tú leat an beith­idheach mór ar do dhruim, nó an méid de d’éirigh leat iomchur? Nár thugas féin ar bórd na luinge thú—thú féin agus an t‑ualach? Cad chuige nach dtiubh­rainn, a cháirde, fear tréan cumasach mar é, a bhí i n‑an’ leomhan a mharbhadh agus a iomchur?

Céard d’éirigh dá leath-chois agus dá leath-láimh, an eadh? Mo léan agus mo ghéar-ghuirt! Is brónach le n’aithris é. B’éigin do dhochtúir a mbaint de. Dob’ éigin, a cháirde, agus ba mhór an truaigh é, dá mbéadh neart air….

Ní raibh focal ag neach dá raibh ’sa láthair, acht iad ag cur na súl thríom. Iongantas ar chuid díobh. Truaigh ag cuid eile aca dhom. Cuid eile aca a bhí ró ólta leis an sgéal a thuigsint i gceart.

Acht ní raibh an mair­néalach groidhe sásta leis an méid sin bréag. B’ion­gantach ar domhan an fear bréag é, agus de réir mar bhíodh sé ’ghá spalladh is amhlaidh is fearr bhíodh sé ag cuimh­neamh orra.

Nár éaluigh­eamar beirt as an luing ’san Spáinn, agus nár shiubh­lamar an tír sin agus mise im’ iongantas aige? Nach mbíodh na céadta—na mílte—ag teacht chugainn le mise fheiceál? Nuair a bhíodh an stumpa de leath-chois sin [ 23 ]atá faoi deis­ighthe ar an mbealach seo agam (bhrúigh sé an chos isteach fúm), agus cóta mór ’n‑a thim­cheall mar seo (chuir sé cóta mór an fhir bhig bhuidhe ’mo thim­cheall), dheamhan a gcreidfeá go raibh cos ar bith faoi. Acht an chaoi a raibh a éadan daithte agam, agus an folt mór gruaige bréag­aighe síos go bhásta a bhíodh air—bhí saidh­bhreas ann, saidh­bhreas mór.

Le chomh greann­mhar is bhí sé ag rádh na cainte, agus leis an deagh-chraic­eann a chuir sé uirri, agus leis an gcosamh­lacht a bhí air féin, ní fhéadfá aon olc a bheith agad dhó. Na daoine a bhí ann, bhíodar ag teannadh liom le dearcadh níos cruinne ar dhuine a bhí chomh hion­gantach liom, acht chuir sin olc orm. Leigeas béic orra. Do dhruid­eadar siar uaim arís. B’aoibhinn liom gur éirigh liom sgannradh a chur orra. Bhain an mair­néalach féin an-ghreann as. Bhain an fear beag buidhe an-ghreann as. Bhagair sé orra fanacht amach uaim, go raibh droch-fhuadar fúm, go raibh an droch-chosamh­lacht orm, go mb’fhéidir go ngoinfinn duine aca.

“Fanaidh siar uaidh! Fanaidh siar uaidh, adeirim!” adeireadh an mair­néalach agus an fear beag buidhe i n‑éindigh.

Acht bhí aon bhean amháin ann nár sgann­ruigheadh. Bean mhór a bhí innti, bean mhór mhill­teach a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach. Gruadh ar dhath an chaoir chaor­thainn uirri. A brollach sgaoilte aici. Boladh an óil uaithi. A dhá súil ar lasadh ’n‑a ceann.

Shuidh sí le mo thaobh ar an suidh­eachán. Labhair sí liom agus an uile dhuine dá raibh ann ag féachaint orainn.

“Is ait an Gear­mánach thú,” ar sise, “agus tú ag labhairt Gaedhilge feadh na hoidhche.”

Ní raibh a fhios agam céard ab’ fhearr dhom a rádh. Bhí náire orm roimpi, go mbéinn ’n‑a leithéid sin de chomh­luadar, go leigfinn dóibh stáicín áibhéise a dhéanamh dhíom.

[ 24 ]“Ní raibh ann acht mugadh-magadh,” arsa mise faoi dheireadh.

“Ní raibh dochar ann. Cé arb’ as tú?”

“As Gaillimh.”

“As Gaillimh, an eadh? An ndeir tú liom!”

“Dheamhan focal bréige ann. Acht cé arb’ as thú féin? Gaedhilge na Gaillimhe tá agad.”

“As Cill Aodáin mise.”

“As Cill Aodáin! Ní’l sé thar dhá mhíle dhéag ó bhaile na Gaillimhe; is minic a bhíos ann. Nach ann a rugadh…?”

(Fear a raibh cáil mhór air uair d’ainm­nigheas-sa. Fear a cheap buille a bhualadh ar son a thíre).

“Is ann a rugadh é,” ar sise; “bhíos ag dul ar sgoil leis.”

D’éirigh sí smaoin­teach. Tháinic na deóir ’n‑a súilibh. Thriom­uigh sí le n‑a práisgín iad. D’ól sí blogam eile as an ngloine. Bhíomar ar leath­taobh linn féin faoi’n am seo agus gan áird ag na daoinibh eile orainn. Bhí an fear beag buidhe agus an mair­néalach ag comhrádh ’san gcúinne.

“Na bith - - - - eamhn - - - - aigh!” ars’ an bhean mhór ruadh a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach; agus ní hé amháin go raibh an t‑éadan uirri acht bhí an chosamh­lacht uirri go ndéanfadh sí gníomh uathbháis a shár­óchadh aon ghníomh uathbháis dá ndeárna Impire Rómhánach ariamh—dá mbéadh sé ’n‑a cumas.

“Cé na bitheamh­naigh?” arsa mise le n‑a sásughadh, mar bhí buile uirri.

“Nach bhfuil fhios agad féin cé hiad? Nach Éirean­nach thú?”

Leis an olc agus leis an taod agus leis an cuthach feirge bhí uirri, is ar éigin thuigfeá í.

“Do chroch­adar na sagairt. Do shladadar an pobal. Do dhíbrigh­eadar na manaigh agus na bráithre. Do bhánuigh­eadar an tír.”

[ 25 ]“Fíor dhuit,” arsa mise.

“Chuireadar Uolfe Tóne ’san bpríosún,” ar sise, “chuir­eadar Emmet san bpríosún, chuir­eadar​…​(an fear ar ar tráchtadh cheana bhí i gceist aici), chuir­eadar mé féin ’san bpríosún​…​chuir…”

Chuir sí cosg léithi féin.

“Agus cheap tusa buille a bhualadh ar son do thíre freisin,” arsa mise.

“Cheap, a mhúirnín​…​acht ní mar gheall air sin cuireadh ’san bpríosún mé.”

“’Deile?”

“An t‑ól,” ars’ an bhean mhór ruadh.

D’fhan an bheirt againn ’n‑ár dtost ar feadh tamaill mhaith. Ise faoi chuthach i ngeall ar ar fhulaing sí féin—agus a tír. Mise ag machtnamh ar ár gcruadh-chás. An fhuireann go sgléip­each agus go hárd-ghlórach agus go neamh-aireach. An áit uile go soill­seach lonnrach faoi na lampaíbh beaga aibhlighe a bhí ar gach dath dá bhfuil ’san mbogha ceatha. Ceól dhá spreagadh ann—agus ní hé amháin go raibh an gléas ceóil úd i n‑an’ ceól a sheinnt uaidh féin, acht nocht­uigheadh sé cuimse pioctúirí ’san am céadna; an t‑easach áluinn, an abhainn mhear thapaidh, an choill mhór agus an ghealach ós cionn na gcrann, an mhuir agus an long dhá báthadh innti. Acht ba bheag an tsuim a chuir an bheirt dheór­aidhe a bhí ’n‑a suidhe ar aon stól ’san gceól ná ins na pioc­túiríbh ná ins an sgléip; bhíodar go brónach agus go trom-chroidh­each agus tráigh­eadhacht an tsaoghail ’n‑a gcroidhe.

· · · · · · · · · ·

D’éirigh an bhean mhór ruadh de phreib. Chuir sí a dhá láimh ’mo thim­cheall, agus thosuigh sí dhom’ phógadh ós comhair a raibh ann.