Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal VI
[ 26 ]

VI.

Nuair a bhí an comhrádh a bhí ar siubhal ag an bhfear beag buidhe agus ag an mair­néalach críoch­nuighthe, siúd faoi mo dhéin iad. Bhuail an fear beag buidhe faoi ar an stól lem’ ais. Déarfá go raibh sé lán-tsásta leis féin agus leis an saoghal.

“A’ dtiocfá i n‑éindigh liom-sa?” ar seisean liom.

“Cá mbéinn a’ dul?” arsa mise.

“Ceal nach n‑aith­nigheann tú mé?”

“Cé thú?”

D’innis sé sin dom. Geócach a bhí ann a bhíodh ag siubhal na tíre. Bhí tais­beántas aige agus lear maith iongantas agus uathbhás agus beith­idheach allta agus eile ann. I nÉirinn is mó bhíodh sé acht gur minic thug sé cuairt ar Lonndain le daoine fhagháil le dhul leis. Dá mbéadh an duine feil­eamhnach ann, bhéadh páidhe mhaith le fagháil aige.

“Céard a bhéadh le fhagháil agam-sa?” arsa mise.

“Deich is dá fhichead ’san tseacht­mhain,” agus do dhearc sé go géar orm.

Ba mhór an lear airgid é, cheapas, acht nár dhubhras sin leis?

“Trí phunnt,” arsa mise.

Thosuigh sé ag innseacht dom nach mbéadh aon cheó le déanamh agam acht mo leath-chos a bhrúghadh isteach fúm ionnus nach bhfeicfí í; gruaig fhada dhubh a chur orm; dath gránna a chur ar mo ghruaidh; cúpla sgread a leigint anois agus arís, le uathbhás a chur ar an bpobal nuair a thioc­faidís le féachaint orm.

“Trí phunnt,” arsa mise an ath-uair.

“Bíodh sé ’n‑a mhargadh,” ar seisean, agus shín sé roinnt airgid chugam.

Gheallas dó bheith roimhe ar an deich a chlog maidin lá ’r n‑a bhárach; d’ fhág sé slán agam, agus d’imthigh leis.

[ 27 ]Níor fhanas féin i bhfad ’n‑a dhiaidh. D’fhágas slán agus beannacht ag an mnaoi mhóir ruaidh, agus ghluais liom ’san gcathaoir bhig tugadh dom ’san teach lóistín.

Bhí an ceó go millteach. A leithéid de cheó níor facthas ariamh ná ó shoin ’san gcathair. Ní bhéadh aon ghoir ag duine an bealach a dhéanamh abhaile.

Cheapas i dtosach, agus mé ag imtheacht liom ’san gcathaoir bhig, go mba mhór an bheann­acht ó Dhia é gur casadh an geócach liom. Ní bhéadh orm gadaidh­eacht a dhéanamh mar bhí ceaptha agam nuair d’fhágas an teach. Bhíos ó bhaoghal an ocrais agus an ghabh­atair. Bhí trí phunnt ’san tseacht­mhain de theacht-isteach agam. Trí phunnt ’san tseacht­mhain! Ba mhór an t‑airgead é. Is mé bhí go sásta.

Acht tháinic brón mór ar mo chroidhe ’n‑a dhiaidh sin. De réir a chéile bhí an brón ag teacht orm. Níor fhéadas a dhíbirt. Nár dhíolas mé féin ar trí phunnt ’san tseacht­mhain? Nach ndeárnas iongantas agus uathbhás agus feic saoghalta dhíom féin? Dá mbéadh fhios ag mo mhuintir agus mo cháirde gaoil é, nach aca bhéadh an droch-mheas orm? Go ndéanfadh duine de mo shloinn­eadh-sa gníomh mar é—go mbéadh sé ’n‑a stáicín mhagaidh ag an bpobal uile, agus go ndéanfadh sé ar airgead é! Céard déarfaí i nGaillimh? Sin í an cheist a chuireas orm féin, agus nach minic a chuir deóraidhe bocht fáin ceist dá saghas air féin agus é i bhfad ó n‑a bhaile dhúth­chais? Bhí droch-mheas agam orm féin. Bhíos leamh dhíom féin. D’imthigh an náire. Tháinic an fhearg. Bhí buile orm. Bhíos le mire. Na daoine a bhí ag siubhal an chasáin, thiom­áininn an chathaoir ’n‑a mullach i n‑aon turas. Deirinn leó gur shíleadar mé a leagadh—mé féin agus mo chathaoir bheag. Agus nuair a thos­uighidís ag gabháil a leith-sgéil, thos­uighinn ag easgaine orra, agus ag tabhairt na mionn. Chuir seo an-áthas orm. Uathbhás agus feic saoghalta a bhí ionnam anois, agus ’tuige nach mbéadh cead ag a leithéid sin dedhuine a rogha rud a rádh?

[ 28 ]Bhí fear ag dul tharm—fear a raibh culaith ghalánta air—agus d’iarras cipín air. Bhí sé ’ghá thabhairt dom nuair a leigeas sgread (cheapas an sgread a bhí ó’n bhfear beag buidhe a chleach­tadh), agus dubhras—“Nach bhfeic­eann tú gur uathbhás mé! uathbhás! feic saoghalta!” Acht bhí sé imthigh­the ar nós na gaoithe. Leig mé mo shean-sgairt gáiridhe, agus níor stadas de’n sgairt úd go raibh deóra le mo shúilibh. Ba mhór an greann an duine gálánta sin a fheiceál ag imtheacht ’n‑a chosa­náirde. Is dócha gur shíl sé gur duine buile a bhí aige ann i ndáir­íribh. Duine buile! Nach é a bhí ag dul amudha? Nár dhubhras leis nach raibh ionnam acht uathbhás agus feic saoghalta! …

Tá bóthar mór leathan cois na haibhne ’san áit a rabhas anois. Tá tighthe breágha móra ar an taobh ó thuaidh dhe. An abhainn ar an taobh ó dheas. Suidh­eacháin annseo agus annsiúd le taobh na haibhne. Croinnte breágha glasa ar an dá thaobh. Is minic a bhíos daoine seach­ránacha ag caitheamh na hoidhche ar na suidh­eacháin úd. Bhí triúr ar an gcéad suidh­eachán an oidhche cheómar seo. Bhíodar ’n‑a gcodladh nuair a tháinic mé féin orra. Leigeas sgread—sgread an fhir bhuidhe—agus d’éirigh­eadar de gheit. Ó dá bhfeic­theá an sgannradh bhí ’n‑a súilibh! Thosuigh mé ag chur díom: Nach bhfeic­eann sibh gur uathbhás mé—uathbhás agus feic saoghalta? Bhíodar glanta leó marach gur dhubhras: “Cupán caifé agus ruainne aráin—is mór atá sé ag teastáil uaim anois. An mbéidh cupán agaibh-se, a cháirde?”

“Ar son Dé agus ná bí ag magadh fúinn,” arsa duine aca.

“Ní ag magadh atáim. Acht má’s rud é nach dteas­tuigheann sé uaibh, ná tagaidh i n‑éindigh liom.”

Leanadar mé. ’Thuige nach gcaith­finn an t‑airgead? Nach mbéadh an iomarca dhe agam feasta? Trí phunnt ’san tseacht­mhain! Ní bheádh acht a leath agam marach gur chailleas [ 29 ]lúth mo ghéag. Is maith a thárla go raibh mé im’ uathbhás agus im’ fheic saoghalta. Feic saoghalta—thaith­nigh an t‑ainm go mór liom. Feic saoghalta! Feic saoghalta! Thos­uigheas ag rádh na bhfocal arís agus arís eile ar nós páisde a bhéadh ag imirt chleas.

Acht ’tuige nach gcaith­finn an t‑airgead? Gach truaghán a casadh liom dubhras leis mé a lean­amhaint agus cupán caifé ól i n‑éindigh liom. Dá sgór de lucht leanamhna bhí agam nuair a shroich­eamar an áit a ndíoltar an caifé.

Acht ba mhó go mór an t‑uathbhás an dá sgór fear úd faoi n‑a gcuid giobal, agus iad dhom’ lean­amhaint thríd an gceó, ná mise. Bhíodar lom tanaidhe. Bhí féachaint i súilibh coda dhíobh ar fheiceál an bhídh dhóibh mar bhéadh i súilibh tíogair. Bhíodar préachta leis an bhfuacht agus leis an ocras. ’Siad d’alp an biadh agus an t‑allus ag tuitim anuas díobh le chomh te is bhí an caifé agus leis an saothar chuir­eadar orra féin ’gá ól. Bhí sé chomh fada sin ó bhí béile mhaith bídh aca cheana nár fhéad cuid aca an lón a choinneál ’n‑a mbolg….

“Tá sibh-se go huath­bhásach agus go millteach agus go gránna,” arsa mise, “ó bheith i gcall agus i n‑easbhaidh an airgid: uathbhás mé féin, acht go bhfuilim ag fagháil airgid ar a shon.”

Bhíos ag baint amach go deas ’san gcaint nuair a rug an bhean mhór ruadh a bhí ar chosamh­lacht Impire Romh­ánaigh greim orm.

“Cé nach bhfuil tú sa mbaile fós?” ar sise. “Ní raibh aon cheart agam thú a leigint chun bealaigh ar chor ar bith, ní raibh sin. Ní leigfinn acht oiread, dá mbéadh aon cheapadh agam go mbeitheá ag caitheamh do choda ar an mbealach seo—leis an dream seo….”

D’fhéach sí orra go fíochmhar. Shílfeá go raibh eagla ar chuid aca roimpi, gur aithnigh­eadar í. Theann­adar amach uaithi. D’imthigh cuid aca.

[ 30 ]“Agus maidir leat-sa, a Mhicil,” ar sise, “shíleas go raibh ciall agad, shíleas sin. Tá freisin—marach an t‑ól. Mise tá ’ghá rádh, acht is agam-sa is fearr é. Ní fhéad­faidh tú a dhul abhaile anois. Tá an bóthar fada. Tá an ceó go millteach. Agus táir beagnach ólta … caithfidh tú theacht i n‑éindigh liom-sa anocht. Beidh pluid agad cois teineadh go maidin. Beidh tú go compóir­teach ann. Bímís ag imtheacht i n‑ainm Dé. Nach millteach an oidhche í? Go sábh­áilidh Dia sinn! Ná bac leis an rotha, a Mhicil. Tiom­áinfidh mise thú. Sin é an chaoi!”

Thiomáin sí an chathaoir bheag rothach roimpi. Cheapfá gur páisde bhí ionnam féin agus gurab ise mo mháthair.