[ 101 ]Le mionnaiḃ móra do lean na marcaiġ eile é, ar buile le feirg ⁊ tnúṫ. Ba ṡaoḃ é a dtóruiġeaċt. D’ḟág sé i ḃfad ’n-a ḋiaiḋ iad, mar ḃí an t-eaċ caol duḃ go cuiṫig tréan.
Níor ṫarraing sé srian go dtáinig go Cúmlumina ⁊ sgaoil an t-eaċ faoi an ḃfásaċ.
“’Sé mo ḃaraṁail,” ar seisean leis féin, “go mbeiḋid ar mo ṫóir anoċt, ⁊ is córa ḋam mo leabaiḋ do ḋeunaṁ i measg na ḃfiallaċa.”
Do ḃuail sé leis i n-aġaiḋ an ċnuic. Ḃí an pilibín mioḋg[1] ag feadaiġil ⁊ an gaḃairín reoiġ[2] ag meigilliġ i measg na seasga, sruṫáin na gcnoc ag crónán a seoṫa binn[3] ⁊ an cúm duḃ glóraċ faoi uaigneas na hoiḋċe. Ḃi an ġealaċ ag éirġe ⁊ ag caiṫeaṁ leusa solais eidir gaċ faill ċum gur ḋóiġ leat ó sgáile gaċ splince[4] go raiḃ soċraide síḋe ag triall ṫríd an mbealaċ.
Cad atá ag an mbuiḋin ġéirleanaṁna ḋá ḋeunaṁ? Do ċruinniġeadar a g- ceann a ċéile ag Áṫ an Ċaoil Duiḃ,—aḃann do riṫeann ṫrí Ġleann Loċa Brin,—agus do ṁacṫnaiġeadar. “Leanfad-sa é,” ars an Maor Buiḋe, “agus má ḟaġaim faill[5] air, deunfad corp de. Teiḋiḋ-si ar ḃur n- aġaiḋ ⁊ gaḃaiḋ an leanḃ; geallaim daoiḃ ’nuair do ċloisfiḋ Diarmaid go ḃfuil an leanḃ gaḃálta go ndeunfaiḋ se iarraċt ar í ṡaoraḋ ⁊ cuirfimíd buaraċ[6] ’n-a ċoṁair.”
“Tá an Maor glic,” ar fear eile, “tógaiḋ a ċoṁairle, beir ar ċoileán an leoṁain ⁊ tiocfaiḋ an leoṁan le preab ⁊ le búirfeaḋ i measg na sealgaireaḋ.”
Ḃí Nóra óg ’n-a seasaṁ i ndoras boṫáin ag feiṫeaṁ le n-a h-aṫair, ⁊ na sruṫáin ag seinnm ċeoil di.
Ḃí tobar fíor-uisge ar aġaiḋ an dorais gus reultán ag feuċaint anuas ann. D’ḟeuċ an inġean go háṫasaċ ar an dtobar mar ba ġnáṫaċ, dar léi, leis an reultán gceudna so teaċt anuas ó’n speur gaċ tráṫnóna ⁊ é féin do ṫomaḋ ins an tobar ⁊ rinnceaḋ le haiteal.[7] Ṫáinig sgáil anois ós cionn an tobair ⁊ do ṁúċ sé an reultán. D’ḟeuċ sí suas le truaġ do’n reultán, mar do rinneaḋ sé cuil- eaċta[8] ḋi gaċ tráṫnóna. Ḃí ceaṫrar fear ag druidim léi go grod.
“Beir uirri,” ar fear aca, aċt do, sceinn[9] an leanḃ uaiḋ ⁊ do riṫ faoi ṫor cuilinn, as sin faoi ḟaill liaṫ ḃí ar an maċaire. Do riṫ fear annso ⁊ duine eile ann súd. Do ṫug fear aca mionn gur ṡleaṁnaiġ sí ó n-a láiṁ mar ṡiaḃra ⁊ duḃairt duine eile go raiḃ sí annso anois ⁊ ann súd ó ċianaiḃ; aċt ar feaḋ na cons- póide so, cé go raiḃ croiḋe an leinḃ ’n-a beul ⁊ a baill ar criṫ, do ṡnáiṁ sí ó sgáṫ faille go dtí ceann eile, ⁊ i gcionn [ 102 ]leaṫ-uaire an ċluig ḃí sí i ḃfad ar a haġaiḋ faoi ḋéin[10] a haṫar, mar ḃí ’ḟios aici go dtiocfaḋ sé ins an mbeárnain am éigin de’n oiḋċe.
Ḃí Diarmaid ins an am ceudna so ar ġualainn an Aitinn, ag feuċaint síos ar an ngleann mar a raiḃ a ḋalta, ⁊ ag smuaineaḋ uirri. Ḃí an gleann beag naċ míle uaiḋ ⁊ muraḃán[11] na hoiḋċe ós a ċionn, aċt dar leis do ċonnairc sé deilḃ a leinḃ ⁊ do ċuala sé a guṫ ag glaoḋaċ air. Do ṗreab sé ’n-a ṡuiḋe le huaṫḃás ag maċtnaṁ gur imṫiġ tubaiste éigin ar a inġin, ⁊ leis sin do ṡaoil sé gur ċorruiġ an feur ’dtaoiḃ ṡiar dé. Sul a raiḃ aimsir aige ar iompóḋ, do léim an Maor Buiḋe as an ḃfeur ⁊ do ċuir sé sgian duḃ go dorn a gcliaḃ Ḋiarmada. “A ḃiṫeaṁnaiġ, do rinnis anois é,” ar Diarmaid boċt go fann, ⁊ do ḟreagair an Maor é le goic ⁊ gáire. Níor ṫuit an gaisgiḋeaċ fós. Le méid an neirt do ḃí aige do ṫug sé ruaṫar ar an Maor ⁊ do ċuir glaic ’na scornuiġ. Do rug an ḃeirt ḟear barróg ar a ċéile, ⁊ do ċoṁraic an Maor go feargaċ fíoċṁar. Do ḃíodar araon ar ḃárr na faille, ⁊ le móir-neart do steall[12] Diarmaid uaiḋ é mar ċaiṫfeaḋ duine pisgin cait, síos i measg na gcairrge duḃ, síos le fánaiḋ, mar a ndeunann an fiolar ’sa seaḃac a neid, ⁊ do ṫuit sé féin ar ṗleasg[13] a ḋroma. I n-anaċa[14] an ḃáis dó, do ċuala sé liúġaḋ an leinḃ arís. Le feiḋm d’éiriġ sé ’n-a ṡuide ⁊ do leig glaoḋ as do ḃean mac-alla as na gleanntaiḃ—“Táim a’ teaċt, a Nóra Óg, táim a’ teaċt.”
Deir sean-daoine, ’nuair a ṡéideann an ġairḃ-ṡíon ṫrí Ḃeárna Ḋiarmada go gcloistear ós cionn foṫroma na gaoiṫe móire, liúġaḋ an leinḃ ⁊ freagra an Ḃuaċalla Ḃáin,—“Táim a’ teaċt, a Nóra Óg, táim a’ teaċt.”
Maṫġaṁain Ċinn Ṁara.