Caibidiol VIII
PÓSAḊ ṪAIḊG ÓIG AGUS NELL ṀÁIRE AINDÍ
Nuair a ḃíos ag dul aḃaile ó ṫiġ Ṁáire Aindí tar éis ċleaṁnais Ṗeats Teaimí do ḃriseaḋ do Nell, do ġaiḃeas an bóiṫrín agus cé ḃuailfeaḋ liom fén dtor aċ Taḋg Óg.
“Ní gáḋ ḋuit a ḃeiṫ annsan,” arsa mise, “mar ná tiocfaiḋ sí anoċt ċuġat. Tá siad go mór tré n-a ċéile ṫuas, tá cleaṁnas Ṗeats Teaimí briste. Imiġ leat suas. ‘Is olc an ġaoṫ ná séideann do ḋuine éigin.’ N’ḟeadrais ná go mbeaḋ fáilte roṁat. Tá olc ar Ṁáire ċuig Peats Teaimí.”
Ċuireas díom annsan.
Ḃí Mam ar na craoḃaċa roṁam. Ba ḋóbair di mé ḋ’iṫe, a ḋuine, toisc ḃeiṫ ċoṁ fada amuiċ, aċ leigeas di ḃeiṫ ag cur aisti. Ní ’neósainn di cá raḃas, bíoḋ gur ċeistiġ sí go cruaiḋ mé. Níor ḟéadas, áfaċ, gan ḃeiṫ ag gáirí, nuair do ċuiṁniġeas ar Ṗeats Teaimí, agus do ċuir san an cíocras ar fad ar Ṁam ċun fios scéil d’ḟaġáil. Ar feaḋ na hoiḋċe n’ḟéadainn staidéar a ḋéanaṁ ar aon ċeaċt aċ me ag gáirí agus Mam am’ ċeistiú coitianta. Ċuaiḋ an scéal ó smaċt sa deire orm agus ċuireas liú mór gáirí asam nuair do ċuiṁniġeas ar an gcic do ḃuail Peats ar an madra. Ḃí mo ṁáṫair ḃoċt ’á snaoi leis an ḃfiosraċt. Rug sí orm agus ċuir sí im’ ṡuiḋe ar ċeann an ḃúird me agus mo ċosa ar sileaḋ. B’éigean dom an scéal go léir d’innsint, a ṁic ó. Ḃí sí ag leigint uirṫi go raiḃ olc uirṫi ċuġam aċ ċonnac-sa go maiṫ gur ṫaiṫniġ an scéal léi agus ṫugas fé ndeara go raiḃ sí ag gáirí ċúiċi féin. I gcionn tamaill ṫug sí uḃall dom a ḃí i ḃfolaċ aici i n-áit éigin [ 55 ]ná raiḃ ḟios agam-sa. Ṫugas cuid den uḃall do Ċáit. Annsan ċuamair a ċodlaḋ ; aċ ní a ċodlaḋ ċuaiḋ Mam aċ suas go tiġ Ṁáire Aindí agus is dóċa gur ag cadráil ṫugadar cuid ṁaiṫ den oiḋċe.
Ṗreabas as an leabaiḋ nuair ċuala ag teaċt í agus ḃíos leaṫslí síos an staiġre nuair ṫáinig sí isteaċ.
“Cad deir Máire Aindí anois le Taḋg Óg, a Ṁam?” arsa mise.
“Téire ’on leabaiḋ,” ar sise, “agus ná bí id’ ġeilt annsan.”
“Á, ’Ṁaimí, innis dom é,” arsa mise, “an raiḃ Taḋg Óg ṫuas faraiḃ?”
“Ḃí,” ar sise.
“Raiḃ sé féin agus Máire go mór le ċéile?”
“Ḃíodar,” ar sise.
“Hurú!” arsa me féin, agus riṫeas isteaċ go dtí seomra Ċáit agus rugas ar ṡróin uirṫi agus ḋúisiġeas í.
“Cad tá ort arú?” ar sise.
“Píosam, pósam,” arsa mise, “prátaí rósta, bainne do ḃó-sa is bainne mo ḃó-sa, táṫaoi pósta, imiġiḋ an bóṫar! Hurú! Hí-ú!” arsa mise. Aċ ċuala Mam ag teaċt agus b’éigean dom riṫ.
“Tánn tú ait,” arsa Cáit, agus ċuir sí osna codlataċ aiste.
Ar maidin nuair a ḃíos ag dul ar scoil ḃí Nell Ṁáire Aindí ar an mbóṫar ag bun an ḃaile. Ġlaoiḋ sí orm, agus, a ṁic ó, sara raiḃ ḟios agam faic, rug sí orm agus ṫug sí fámaire de ṗóig dom. Ba ċuma liom, aċ ḃí Micilín Eoin díreaċ ag gaḃáil anuas an casán agus ċonnaic sé í. Ṫáinig olc orm ċúiċi. Piú! póganna! Bíonn cailíní i gcoṁnaiḋe ag pógaḋ daoine agus ċuirfidís déistin ort. Scríobas an ṗóg dem’ aġaiḋ lem’ ṁuinirṫle agus d’imiġeas. Ḃíomair leaṫslí ar scoil nuair ċuireas láṁ im’ póca agus cad do ġeoḃainn ann aċ leaṫċoróin. Ḋearṁadas an tseanaṗóg, deirim-se leat. Ċeannuiġeamair bosca toitíní ag an dTobar agus ḃíomair ag féaċaint ciaca ’gainn araon d’ḟéadfaḋ an [ 56 ]gal do ċur amaċ tré na ṡróin. Ḃí Micilín ċoṁ maiṫ liom-sa ċuige sin. Annsan ṫugamair tamall eile d’iarraiḋ an gal do ṡlugaḋ. Ḃí Micilín breóite ag an dtobac agus ṫáinig daṫ glasḃuiḋe air. Nuair a ṫánamair araon ar scoil fuair an Máiġistir bolaṫ an tobac uainn aċ ní ḟuair sé aon toitín ’nár bpócaí mar ḃíodar go léir caiṫte againn. Fuaireamair léasaḋ mar sin féin, aċ ṫáinig scannraḋ ar an Máíġistir nuair do ḃreóitiġ Micilín tar éis é ḃualaḋ agus d’ḟág sé le hais na teine feaḋ an lae é.
Nuair a ḃíomair amuiċ lár an lae ċonnac féin an Máiġistir ag caiṫeaṁ toitíní agus é ag bladar leis na cailíní ata ag múineaḋ sa scoil eile.
Ḃíodar anaṁór tré ċéile i dtiġ Ṁáire Aindí go dtáinig lá an ṗósta. Ḃíoḋ na mná go léir istiġ ann gaċ oiḋċe agus ċuala Cáit ’á ráḋ go raiḃ gúna gleóite age Nell agus hata istiġ i mbosca agus cleite mór bán air. Ḃí sceitimíní ar Ċáit mar ġeall ar na rudaí a ḃí aici. ’Sé rud a ḃí ag cur tinnis ar na fearaiḃ ná “an lá” a ḃeaḋ aca. Ba ċuma leo-san i dtaoḃ an hata. Nuair a ċídís mise, ḃídís am’ ċeistiú mar ġeall ar mo ṫurus go dtí Peats Teaimí. Ġeiḃidís anaṡult sa scéal, a ḋuine. “Agus cad duḃairt sé annsan, a Jimín?” adeiridís.
D’innsinn dóiḃ agus ċuiridís liú gáirí asta. Is dóiġ liom go raiḃ Peats ’na ċoiliċín paor ag an ndúṫaiġ. Duḃradar liom go raiḃ sé ’á ḃagairt go marḃóċaḋ sé mise; aċ duḃairt Taḋg Óg go gcosnóċaḋ sé féin me. Fear mór láidir iseaḋ Taḋg.
Ḃí rí-rá mór ar an mbaile maidin an ṗósta. Ḃí a ċulaiṫ Doṁnaiġ ar gaċ aonne aċ ar Ḋaid. Ċongaiḃ Mam sa ḃaile é sin. Ṫáinig ḋá ġluaisteán ón nDaingean ċun luċt an ṗósta a ḃreiṫ go dtí an séipéal. Ċuaiḋ luċt an ḃaile ann ar ċóistí agus ar ṫrucaillí. Ní ḃeaḋ Nell sásta gan mise ḋul léi ’na gluaisteán féin. Ḃí sí go deas, a ḋuine, agus ḃí a súile agus a béal ag gáirí. N’ḟeadar connus a ḋeineann na cailíní iad féin ċoṁ [ 57 ]deas? Nuair a ċonnac ċuġam í ṁeasas go raiḃ sí ċun me ṗógaḋ arís agus ḃíos ag cúlaḋ uaiṫi.
“Caiṫfir-se teaċt liom-sa sa ġluaisteán,” ar sise.
“Raġad, am baic!” arsa mise, “má ṫugann tu geallúint dom.”
“Arú, cad é?” ar sise.
“Gan mé ṗógaḋ,” arsa mise.
Do ġáir gaċ aonne agus ḃí Nell ag gáirí leis.
“Ó, táim sásta,” ar sise, “téanam ort!”
Arú! is breá an rud mótar. Ḃain an suiḋeaċán preab asam, a ḋuine, nuair a ṡuiḋeas anuas de ṗreib air. Is láidir nár ċaiṫ sé i n-áirde san aer me, ḃí sé ċoṁ bog san. Nuair a ṡuiḋ úncail Nell im’ aice ḃain an suiḋeaċán preab as san leis, mar d’imiġ sé i ḃfad síos fé, gan ċoinne. “Ó ḋe, an diaḃal me!” ar seisean, leis féin, agus annsan do ġáireamair araon.
Annsan ḃain an tiománaiḋe casaḋ as rud éigin i dtosaċ an ġluaisteáin agus ṫosnuiġ glór uafásaċ éigin istiġ i mbolg an ṁótair. Ṁeasas féin gur tinneas a ḃí air. Ṡuiḋ an tiománaiḋe isteaċ agus as go bráṫ linn. Ḃí mo ċroiḋe im’ béal agam-sa go ceann tamaill mar ṁeasainn go raġaimís i n-áirde ar an gclaiḋe; aċ ba ḋóiġ leat go raiḃ ciall ag an ngluaisteán an tslí ṡeaċnuiġeaḋ sé gaċ aon rud.
Ba ṁór a’ spórt ḃeiṫ ag féaċaint ar ṡeanaṁná agus asail aca ag baint an ċlaiḋe amaċ nuair a ḃraiṫidís ċúċa sinn; agus níor leigeas-sa don aḋairc ar feaḋ na haimsire aċ ’á séideaḋ.
Nuair a ṫánamair go dtí an séipéal ḃí a lán de ṁuinntir an ḃaile ann agus ċuamair isteaċ. Ċuir an sagart Nell agus Taḋg ar a ḋá nglúin agus léiġ sé rud éigin as leaḃar agus duḃairt sé leo rud éigin a ráḋ ’na ḋiaiḋ agus duḃradar, aċ is ar éigean a ċloisfá Nell i n-ao’ ċor. Ḃí sí támáilte, tá ḟios agat. Annsan do ċuir Taḋg fáinne ar a méir agus b’ in pósta iad. Ní raiḃ a ṫuille ann. N’ḟeadar-sa cad ċuige a ḃíonn an gleo go léir i dtaoḃ pósta i n-ao’ ċor.
[ 58 ]Annsan seaḋ d’éiriġ an ċainnt. Ḃí gaċ aonne ag teaċt ċun na beirte agus ag croṫaḋ láṁ leo agus ag ráḋ, “Go mairir a ḃfuil nua agat!” agus ḃíoḋ mná ag pógaḋ Nell go dtáinig olc orm ḟéin ċúċa agus d’imiġeas ar fuaid na sráide. Ċuadar go léir isteaċ i dtiġ óil annsan agus ḃíodar ag rinnce agus ag ól agus ag aṁrán. Ag déanaṁ siar ar an tráṫnóna b’ait leat cuid de sna fearaiḃ. Ḃídís ag aṁrán agus greim láṁ aca ar a ċéile agus cainnt gan aon ċiall ar siuḃal aca; agus dá ḃfeicṫeá na pleiḋcí ag iarraiḋ a ċéile a ṗógaḋ, agus an pórtar ag tuitim as an ngloine ḃíoḋ ’na láṁaiḃ. Ċuirfidís muca i gcuiṁne ḋuit. Ḃí na daoine óga ar fad sa ċistin ag rinnce agus mileóidsinn ag sranntarnaiġ agus ag casaċtaiġ mar ċeol aca.
Tráṫnóna d’imiġ Nell is Taḋg sa ṁótar go dtí an traen agus ṫugadar mise leo go bun an ḃóiṫrín age baile. Im’ ṡuiḋe i n-aice an tiománaiḋe a ḃíos, agus mé ag faire ar gaċ aon rud a ḃíoḋ sé a ḋéanaṁ. D’ḟéaċas ṫaram siar aon uair aṁáin agus is aṁlaiḋ a ḃí Taḋg ag pógaḋ Nell; agus ní ṫug sí aon ċlaḃta baise ḋo mar ṫug sí an oiḋċe úd sa ḃóiṫrín. Baineaḋ anaṗreab as Nell nuair a ċonnaic sí mé ag féaċaint orṫa agus ċlúduiġ sí a haġaiḋ le n-a ḋá láiṁ agus ḃí sí ċoṁ dearg leis an dteine. Ḃí caṫú orm gur ḟéaċas i n-ao’ ċor.
Nuair d’imiġeadar uaim ag bun an ḃóiṫrín, an riaċ ná go dtáinig uaigneas orm ḟéin agus ḃíos i reaċtaiḃ guil, a ṁic ó! cé go raiḃ Taḋg taréis leaṫċoróin a ṫaḃairt dom. Nuair a ċuas isteaċ aḃaile b’éigean dom an scéal go léir d’innsint do Ċáit. Ḃí anaṡuim aici ann.
Ṫáinig Nell agus Taḋg aḃaile aréir—oiḋċe Ṁáirt Inide tá ḟios agat, agus caiṫeann gaċ aonne ḃeiṫ sa ḃaile roimis an gCarrġas. Go tiġ Nell a ċuadar agus is ann a ḃeiḋ Taḋg feasta adeir Mam, mar tá sé ’na ċliain isteaċ age Máire Aindí. D’ḟiafruiġeas de Ṁam an mbeidís sa ḃóiṫrín aon oiḋċe eile aċ is aṁlaiḋ do ḃuail sí mé agus duḃairt—“ḃfuil do ċeaċt agat?”
[ 59 ]Nuair a ḃíos ag dul ar scoil indiu cé ċífinn im’ ċoinniḃ sa ḃóṫar aċ Peats Teaimí. Ḃí eagla orm gaḃáil ṫairis agus léimeas isteaċ ṫar claiḋe. Nuair d’aiṫniġ sé mé ḃagair sé a ḋorn orm. “Ha, há! má ḃeirim-se ort!” ar seisean.
“Hí-ú!” arsa mise, “connus do ṫaiṫniġ do ṫurus ’on Sceilg leat.” Ṫáinig néal air annsan agus ċaiṫ sé bolán mór cloiċe im’ ḋiaiḋ.