Leabhar Sgeulaigheachta/Ridire na Cleasa

[ 149 ]

RIDIRE NA CLEASA.

Annsan tsean-aimsir ḃí duine-uasal ann. Ní raiḃ aċt aon ṁac aṁáin aige, agus nuair d’ḟás an t-ógánaċ suas ċuaiḋ an t-aṫair ag tóruiġeaċt mná ḋó. Ṫáinig sé go teaċ feilméara a raiḃ inġean le pósaḋ aige agus d’iarr sé air an ḃfeilméar a inġean do ṫaḃairt d’á ṁac mar ċéile. Duḃairt an feilméar leis naċ dtiuḃrad sé a inġean do ḟear air biṫ aċt d’ḟear-ceirde. Ḃí mac an ḋuine uasail i ngráḋ le h-inġin an ḟeilméara agus duḃairt sé le n-a aṫair, “Caiṫfiḋ mé céird ḟóġlaim, agus fanfaiḋ inġean an ḟeilméara liom.” An lá air na ṁáraċ d’imṫiġ an t-aṫair agus an mac agus ḃíḋeadar ag siúḃal go dtángadar go bruaċ na fairrge. Ċonnairc siad fear air luing, d’ḟíafruiġ sé ḋíoḃ creud do ḃí siad ag tóruiġeaċt. “Tá mé tóruiġeaċt fir a ṁúinfeaḋ céird do m’ ṁac,” ar san t-aṫair. “Má leigfiḋ tu liom-sa é,” ar san Ridire, “múinfiḋ mise ceird dó, agus ḃéarfaiḋ me arís duit é, faoi ċeann lá agus bliaḋain.” “Táim [ 150 ]sásta,” ar san t-aṫair. Do ṫug an Ridire Cormac (b’é sin ainm ṁic an duine uasail) air ḃord luinge. Ṫóg sé an crann seóil agus ċuir amaċ go fairrge. Buḋ ḟear-draoiġeaċta an Ridire, agus nuair ċuaiḋ sé tamall amaċ do ḃuail sé buille de’n tslaitín-draoiġeaċta air Ċormac, agus rinne poc gaḃair dé. Rug sé leis é go dtángadar ċum oileáin air an ḃfairrge. Ḃí teaċ breáġ ag an Ridire air an oileán. Ḃí dá ḃuaċaill deug eile air teurma ag an Ridire. Ċuaiḋ Cormac air aġaiḋ go maiṫ, go raiḃ an ḃliaḋain críoċnuiġṫe agus ḃí cuid ṁaiṫ draoiġeaċta fóġlamṫa aige. Ṫug an Ridire Cormac leis air an luing, go dtáinig siad ċum na h-áite a ḃfuair sé Cormac ó’n aṫair. Ḃí seisean air ḃruaċ na fairrge agus ḃí lúṫġáire ṁór air nuair ċonnairc sé Cormac. “Seó é do ṁac,” ar san Ridire, tá céird ṁaiṫ aige, aċt má ḟágfaiḋ tu agam bliaḋain eile é, béiḋ dá ċéird aige. “Fágfaiḋ mé agad é,” ar san t-aṫair, “agus fáilte.” Rug an Ridire Cormac air ais leis agus ḃí sé ag múnaḋ draoiġeaċta ḋó go raiḃ an dara bliaḋain críoċnuiġṫe, agus ḃ ḟios ag Cormaċ naċ dtiúḃraḋ an Ridire a ḃaile é, mar nár ċuir an t-aṫair annsan [ 151 ]margaḋ, é do ṫaḃairt air ais an dara h-uair. Anuair naċ dtáinig an mac a ḃaile ag deireaḋ na dara bliaḋna ċuaiḋ an t-aṫair dá ṫóruiġeaċt. Ḃí sé ag siúḃal go dtáinig sé go teaċ an Ridire agus duḃairt leis, “Cad fá naċ dtug tu mo ṁac a ḃaile?” “Ní raiḃ sé ann mo ṁargaḋ,” ar san Ridire, “aċt tig leat é do ḃeiṫ agad air maidin amáraċ.” Lá air na ṁáraċ ṫug an Ridire an t-aṫair agus an mac leis, gur ḟág sé iad air ḃruaċ na fairrge. Ann sin duḃairt an mac, “Tá rásaiḋ móra le ḃeiṫ i nGailliṁ amáraċ, deunfaiḋ mé capall díom féin go ngnóṫuiġiḋ mé uile rása. Cuir uile ṗíġin a ṫig leat d’ḟáġail, orm; nuair a ḃéiḋeas na rásaiḋ ṫart tiucfaiḋ Ridire na Cleasa le mise do ċeannaċ, geoḃfaiḋ tu dá ċeud púnt orm; na sgar le mo ṡrian, agus béiḋ me ’sa’ mbaile róṁad féin.”

Air maidin lá air na ṁáraċ rinne an mac capall dé féin, le diallaid agus le srian óir. Ċuaiḋ an t-aṫair ag marcuiġeaċt air, agus ċuaiḋ ċum na rásaiḋ. Ġnóṫuiġ sé uile rása, agus fuair an t-aṫair dá ċeud púnt air, aċt níor sgar se leis an t-srian, agus ḃí an mac ’san mbaile roiṁe.

[ 152 ]Lá air na ṁáraċ ċuaiḋ an ḃeirt go teaċ an ḟeilméara, agus d’iarr siad an inġean. “Taisbéan dam ḃfuil céird ag do ṁac” ar san feilméar. Ċuadar amaċ agus rinne an mac teaċ breáġ a raiḃ ceiṫre reiṫe faoi. Ċuadar uile asteaċ, agus d’imṫiġ an teaċ air na reiṫiḃ mar ċóiste mór, “Tá mé sásta go ḃfuil céird ag do ṁac,” ar san feilméar, “tig leis m’inġean a ḃeiṫ aige.” Pósaḋ an lánaṁain, agus ḃí mic agus inġeana go leór annsan teaċ-air-reiṫiḃ. Fuair siad-san an t-áṫ agus sinne na cloċáin, báiṫeaḋ iad-san agus ṫáinig sinne slán.