Leabhar Sgeulaigheachta/Tomhsanna

[ 159 ]

TOṀSANNA.

Teaċ mór mór é,
Coinnleóir óir é,
Toṁais go ceart é.
Ná leig ṫart é.

An flaiṫeas.


Tá garḋa beag ṡiar ann sin, lán de
ḋaoin’-uaisle,
Birreuda beag’ orra, agus ribíniḋe
uaiṫne.

Lín.


Ċuaḋas suas an bóiṫrín ’s anuas an
bóiṫrín
Agus rug mé an bóiṫrín liom air mo
ḋruim.

Dréimire.

[ 160 ]

Seó ċugaiḃ ṫríd an tsáile é, féil iocán na
gréine,
Fear an ċóta ġuirm agus snáiṫe dearg
’nna léine.

Gliomaċ.



Ċaiṫ mé suas é ċoṁ geal le sneaċta,
Agus ṫáinig sé anuas mar ór buiḋe air
leaċta.

Uḃ.



Riṫeas agus fuaireas,
Ṡuiḋeas agus ċuairtiġeas,
Dá ḃfáġainn é ní ḃéarfainn liom é,
Agus mar naċ ḃfuaireas, ṫugas.

Dealg.



Tágann sé asteaċ air ġuailniḃ daoine
’S imṫiġeann sé amaċ ’nna ṡnáiṫe síoda.

Deataċ.



Cíḋim ċugam ṫríd an lios
Fear na coise caoile cruaiḋ’,
Is é mo ṫruaġ gan é air riṫ
Óir air a ḃfuil beó fáġann sé buaiḋ.

An Bás.

[ 161 ]

Tá caisleán ’sa’ ngarḋa, ann a g-cóṁnaiġeann
na céudta,
Ní ḟillfinn féin ann i leaṫ mo ċuid
éudaiġ.

Póirín Seangán.



Teaċtaire beag o ṫeaċ go teaċ
A ċodlas amuiġ san oidċe.

Bóiṫrín.


Ḃí buaċaill óg ann, aon uair aṁáin, agus ní raiḃ duine air biṫ annsan tír ċoṁ críona leis. Ḃí sé ’nna ṡearḃḟóġanta ag duine-uasal, agus uile ċeist do ċuiriḋe air an duine-uasal, is é d’freagóraḋ í. Aon lá aṁáin duḃairt duine-uasal eile le na ṁáiġistir.

Seó ceist agam ort a ḋuine-uasail tá ag
luasg ann do ṡodar ó’n Spáin,
Cia an uair fuair Buaċaill Sir Donnċaḋ
bás?
agus dḟreagair an gasún air an móimid,
Duais fuair mé ó’n duine-uasal tá ṡuas ag
an g-clár
Gaċ cruaiḋ-ċeist do ċuirfiḋe air, d’ḟuasgailt
go lá,
Nuair d’ḟuaruiġ a ġuala a ċluasa agus a láṁ
Sin í an uair fuair Buaċaill Sir Donncaḋ
bás!