Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Fágtar fúm-sa féin é
[ 65 ]

CAIBIDIOL XIII.

FÁGTAR FÚM-SA FÉIN É.

Níor cuiṁniġeaḋ a ṫuille ar Aṁlaoiḃ ná ar an mbréig a ḃí innste aige, ná ar an eoċair. Do ġluais an Legáid agus Colla agus an gaḃa, ċóṁ tiuġ agus d'ḟéadadar cóir iompair a ḋ'ḟáġail, soir airís go Ceann Cora. Fuaradar [ 66 ]Brian agus Murċaḋ agus Dúlainn Óg agus Gormḟlaiṫ i gcóṁairle, istiġ i seómra leó féin, agus na h-Ultaiġ i seómra eile ag feiṫeaṁ le freagra. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig an Legáid isteaċ do ċuir Brian fáilte roimis agus d'inis sé bunús an sgéil dó agus d'iar sé cóṁairle air.

“Ní'l agam le taḃairt duit, a ríġ,” arsa'n Legáid, “aċ an t-aon ċóṁairle aṁáin. Isé M'lṡeaċlainn an t-Árdríġ. Isé Árdríġ Éirean é i láṫair na h-uaire seo 'n-a ḃfuilimíd ag caint anso. Beart éagcóra iseaḋ é ċur as an Árdríġeaċt. Gaḃan an éagcóir sin i gcoinniḃ dlíġe Dé. Má tá Leaṫ Ċuinn corṫa de Ṁ'lṡeaċlainn cuireaḋ Leaṫ Ċuinn féin as an Árdríġeaċt é. Ansan má's toil le fearaiḃ Éirean Árdríġ a ḋéanaṁ de Ḃrian deinidís é. Ní ḃeiḋ Brian ag déanaṁ éagcóra ar aoinne an uair sin má ġlacan sé an Árdríġeaċt. Má géilltear anois dos na maiṫiḃ seo atá tagaiṫe anso ó Ċúig' Ulaḋ raġaid siad aḃaile agus neósfaid siad do gaċ aoinne gur géilleaḋ dóiḃ. Beiḋ sé i mbéal gaċ aoinne go ḃfuil Brian le ḃeiṫ i n' Árdríġ. Pé áit 'n-a ḃfuil cáirde Ṁ'lṡeaċlainn ar fuaid na h-Éirean glacfaid siad arm láiṫreaċ, agus glacfaid cáirde Ḃriain arm láiṫreaċ. Beid fir Éirean 'n-a ḋá gcamṫa agus iad ag marḃuġaḋ a ċéile. Loitfear agus leiġfear i n-aon lá aṁáin a ḃfuil de ṫairḃṫe déanta ag Brian i n-Éirinn ó'n gcéad lá a ṫóg se claiḋeaṁ.”

Do laḃair Dúlainn.

“Is maiṫ í do ċaint, a Ṫiġearna Easboig,” ar seisean, “agus is eagnaiḋe, aċ tá cúpla rud agus níor ṫugais aġaiḋ orṫa. Má curtar aḃaile na daoine seo atá tagaiṫe anso ó Ċúig' Ulaḋ ċúġainn, gan aon tsásaṁ i n-aon ċor a ṫaḃairt dóiḃ, cad is dóiċ leat a ḋéanfaid na daoine a ċuir anso iad? Is dóiḃ liom-sa go ḃfuil ḟios agam cad a ḋéanfaid siad. Raġaid siad i gcóṁairle. Neósfar dóiḃ ná glacfaḋ Brian an Árdríġeaċt. Déarfaid siad-san: ‘Tá [ 67 ]go maiṫ. Ní'l againn aċ Árdríġ éigin eile do ṡoláṫar. Ní ċoimeádfaimíd M'lṡeaċlainn a ṫuille pé cuma 'n-a mbeiḋ an sgéal againn.’ Curfar na teaċtairí céadna so ag triall ar ḟear éigin eile, ar ḟear éigin ná fuil ábalta ar Ġaeḋlaiḃ Éirean do ġleusaḋ fé aon smaċt aṁáin ċóṁ maiṫ agus 'tá Brian ábalta air. Ansan iseaḋ ḃeiḋ measgán mearaiḋe i gceart agat ar ḟearaiḃ Éirean. Ansan, ní 'n-a ḋá gcuid a ḃeid fir Éirean agat aċ 'n-a dtrí codaiḃ, 'n-a gceiṫre codaiḃ, agus iad ag marḃuġaḋ a ċéile, agus ní fios caṫin a déanfar aon neart aṁáin airís díoḃ. I dtaoḃ éagcóra: ní h-éagcóir ar ríġ ná ar Árdríġ má 's toil le n-a ḋaoine féin é ċur i leiṫ taoiḃ toisg gan an gnó a ṫugadar le déanaṁ dó a ḃeiṫ aige 'á ḋéanaṁ dóiḃ do réir a dtoile. Mura h-éagcóir d'á ḋaoine féin M'lṡeaċ- lainn do ċur as an Árdríġeaċt ní h-éagcóir do Ḃrian an Árdríġeaċt do ġlacaḋ.”

Do stad sé agus do ṡuiġ sé. Ċuaiḋ a ċaint i ḃfeiḋm go h-ana ḋaingean ar a raiḃ ag éisteaċt leis. Níor ċuiṁniġ aoinne acu, go dtí gur laḃair sé, ar cad a ṫuitfeaḋ amaċ dá n-iartí ar ḋuine éigin eile teaċt sa n-Árdríġeaċt i n-inead Ṁ'lṡeaċlainn.

“B'ḟéidir,” arsa Murċaḋ, “gur ṁaiṫ an rud glaoḋaċ isteaċ anso ar na teaċtairíḃ seo agus a ráḋ leó a ḋ'innsint dúinn go h-iomlán cad 'tá uaṫa. D'innseadar ċeana é, aċ is níḋ é seo náċ misde mórán cainte ḋéanaṁ 'n-a ṫaoḃ. Anois an t-am ċun na caint ḋéanaṁ. Is fearr feuċaint ar an uile ṫaoḃ de'n sgéal anois 'ná b’ḟéidir dearṁad a ḋéanaṁ nár ḃ'ḟéidir a leiġeas ar ball.”

Do glaoḋaḋ isteaċ orṫa.

“Ba ṁaiṫ linn, a uaisle,” arsa Brian, “go neósfaḋ siḃ anso airís, i láṫair an Easboig, an toisg a ṫug siḃ, agus na cúiseana a ḃí ag an muintir a ċuir ċúġainn siḃ le siḃ a ċur ċúġainn.” [ 68 ]D' innseadar airís cad a ṫug iad. Go raiḃ sé buailte isteaċ i n-aigne na poibiliḋeaċta go léir lastuaiḋ ná béaḋ raṫ ná séan ar Éirinn go dtí go mbéaḋ Brian i n' Árdríġ ar Éirinn. Go raiḃ M'lṡeaċlainn maiṫ go leór mar ríġ cúige, aċ gur léir do gaċ aoinne ná raiḃ an acfuinn aigne ann, ná an éirim aigne, ná an cumas gníṁ, ba ċeart a ḃeiṫ i n-Árdríġ Éirean. Ná raiḃ aon ḟear beó go raiḃ na tréiṫe sin ann an uair sin ċóṁ láidir agus ḃíodar i mBrian. D'á ḃríġ sin gur ḃ' éagcóir ar Éirinn gan Brian a ḃeiṫ i n' Árdríġ uirṫi. Go raiḃ fir Éirean ceapaiṫe ar Ḃrian do ċur sa n-Árdríġeaċt dá dtoiliġeaḋ Brian féin ċuige.

Ansan d' áiriġdar na cineaċa agus na tuaṫa agus na treaḃċasaí, ní h-aṁáin i Leaṫ Ċuinn aċ ar fuaid na h-Éirean go léir, a ḃí ar an aigne sin.

Nuair a ḃí deire ráiḋte ag na teaċtairíḃ do laḃair Brian.

“Beirig liḃ aḃaile, a uaisle,” ar seisean, “ag triall ar an muintir a ċuir anso siḃ, an freagra so. Glacfad-sa an Árdríġeaċt má ṫoiliġean M'lṡeaċlainn ċuige, agus is mé féin a raġaiḋ síos ag triall air agus a ċuirfiḋ ċuige an ċeist. Socarófar an sgéal idir mise agus M'lṡeaċlainn agus ní gaḋ d' aoinne eile beó a ṫuille cainte ḋéanaṁ 'n-a taoḃ.”

Níor laḃair aoinne eile. Do h-ollaṁuiġeaḋ dínnér mór dos na teaċtairíḃ agus do deineaḋ cúram mór díoḃ ar feaḋ trí lá agus trí oíḋċe, agus ansan d'ḟágadar slán agus beannaċt ag Brian agus agá ṫeiġlaċ, agus d' imṫiġdar óṫuaiḋ aḃaile.

Nuair a ḃíodar ar an sliġ ag dul aḃaile ḃíodar ag maċtnaṁ ar an ḃfreagra a ḃí fáġalta acu ó Ḃrian, aċ dá mbeidís ag maċtnaṁ go ceann bliana air ní ḟéadfaidís aon tuairim a ṫaḃairt do cad a ṫiocfaḋ as, agus 'n-a ṫeannta san a's eile níor ḃ’ ḟéidir dóiḃ aon loċt ḟáġail air. Ní lúġa 'ná mar ḟéadfaḋ an Legáid aon loċt ḟáġail air. Ní [ 69 ]luġa 'ná mar a ḋ' ḟéadfaḋ M'lṡeaċlainn féin aon loċt a ḋ'ḟáġail ar an ḃfreagra dá n-airiġeaḋ sé é, agus is dóċa gur airiġ. Do ġlacfaḋ Brian an Árdríġeaċt — aċ ní ġlacfaḋ sé í i gcoinniḃ toile Ṁ'lṡeaċlainn féin. Cad é an loċt a ḃí le fáġail ag aoinne air sin?

Ċuir an freagra san cosg láiṫreaċ leis an ḃformad ar ar ṫráċt an Legáid. Ní raiḃ aon níḋ ċun carad Ṁ'lṡeaċ- lainn agus cáirde Ḃriain do ċur i gcoinniḃ a ċéile, mar do ċoimeád an freagra an gnó go léir idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn féin. Ní raiḃ aon ḃaoġal go raġaḋ aoinne ag tairisgint na h-Árdríġeaċta d'aon ḟear eile, mar ní dúḃairt Brian lom díreaċ ná glacfaḋ sé féin í. Ní raiḃ ag daoine ar gaċ taoḃ le déanaṁ aċ a suaiṁneas a ċeapaḋ agus fanṁaint go ḃfeicfidís cad a ḋéanfaḋ Brian.

D'imṫiġ Colla agus an Legáid siar go h-Inis Caṫaiġ. D'ḟiafraiġdar cá raiḃ Aṁlaoiḃ. Ní raiḃ aon tuairisg air. D'imṫiġ lá agus d'imṫiġ ḋá lá, agus níor ṫáinig sé. D'imṫiġ seaċtṁain agus níor ṫáinig sé. Do cuireaḋ teaċtaire soir go Ceann Cora feuċaint a' raiḃ sé ann. Ní raiḃ. Do ġluais tuille aimsire agus níor ṫáinig sé. Ansan ṫáinig neiṫe eile agus gnóṫaí eile crosta ar an mainistir agus ar na manaiġ, agus d'imṫiġ Aṁlaoiḃ as a gceann. Ní raiḃ aon ḟios acu ar ġuid na cailíse. Níor ḃ' aon iongnaḋ ró ṁór leó ógánaċ a ḋ'imṫeaċt mar sin leis féin as an mainistir. Níḋ ab eaḋ é do ṫuiteaḋ amaċ anois a's airís. Nuair a ṫuiteaḋ sé amaċ ní ḃíoḋ caṫuġaḋ ró ṁór orṫa 'n-a ṫaoḃ. Dar leó “b'ḟearr teiṫeaḋ maiṫ 'ná droċ ṡeasaṁ.” Agus d'á luaṫaċt a deintí an teiṫeaḋ b'eaḋ b'ḟearr é, dar leó, ó ḃí sé le déanaṁ i n-aon ċor. Dar leó, ba ṫruaġ nár ṫeiṫ Aṁlaoiḃ sar ar deineaḋ deacon dé.

Níor ġlac Taḋg Óg ua Cealla an sgéal ċóṁ neaṁ- ċorḃuaiseaċ san. Ní raiḃ aon ḟios aige ar ġuid na cailíse aċ ċóṁ beag le h-aoinne des na manaiġ, aċ ní áiteóċ' an [ 70 ]saoġal air gur ḃ' aṁlaiḋ a ṫeiṫ Aṁlaoiḃ. Dar leis, má ḃí Aṁlaoiḃ beó ṫiocfaḋ sé ṫar n-ais ċun na mainistreaċ mura mbéaḋ go raiḃ rud éigin 'á ċosg ar ṫeaċt ṫar n-ais. Ṫoir i gCeann Cora do ċonacṫas go déanaċ é.

“Raġad soir,” ar seisean, “agus laḃarfad leis an mBanríġin agus má ṫáinig aon tuairisg ó n-a ṁuintir a ċuir ḟiaċaiḃ air cuaird a ṫaḃairt aḃaile neósfaiḋ sí ḋom é. Ḃí sí ana ṁór leis. Má tá aon droċ níḋ imṫiġṫe air ní ḟeadar cad a ḋéanfad.”

Is ar éigin ḟéadaḋ sé aon ḃlúire bíḋ a ċaiṫeaṁ ná aon neul de'n oíḋċe do ċodlaḋ. D'imṫiġ sé soir. Fuair sé caoi ar ċaint le Gormḟlaiṫ. Ḃí sí go h-ana ṡéiṁ leis, agus ḃí sí go h-ana ḃuarṫa mar ġeall ar gan aon tuairisg a ḃeiṫ aige ar Aṁlaoiḃ. Ní raiḃ aon tuairisg i n-aon ċor aici féin air. Ṁeas sí, níḋ nár ḃ'iongnaḋ, go raiḃ sé ṫiar sa ṁainistir. Ċuir sí a lán ceisteana ċun Taiḋg 'n-a ṫaoḃ. Ar ṫug sé fé ndeara le déanaiġe go raiḃ aon níḋ ag déanaṁ aon ḃuarṫa ḋó? An raiḃ aon trioblóid idir é féin agus Colla mar ġeall ar aon rud? Ar tugaḋ aon ṁilleán dó mar ġeall ar aon níḋ? Ċuir sí a lán ceisteana de'n tsórd san ċuige, agus ṫug sé fé ndeara go ḃféaċaḋ sí ana ġéar air le linn gaċ ceiste 'ċur.

Ḃí an ċuaird sin i n-aistear. Níor ḟéad Gormḟlaiṫ aon tsásaṁ aigne ṫaḃairt dó. Siúd óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine é feuċaint a' ḃfaġaḋ sé aon tuairisg ann. Ċoṁ luaṫ agus ċonaic Niaṁ é ba ḃeag nár ṫuit sí i laige, ḃí sé ag feuċaint ċóṁ h-olc san.

“Airiú, a Ṫaiḋg,” ar sise, “cad d'imṫiġ ort!”

D'inis sé ḋi.

“Is dóċa,” ar seisean, “gur b'aṁlaiḋ atá sé marḃ, agus cad a ḋéanfad!” agus siúd caise deór anuas ó n-a ṡúiliḃ.

Do leig sí ḋó ar feaḋ tamail, agus ní tirim a ḃí a súile féin. Fé ḋeire do laḃair sí.

[ 71 ]“Má tá sé beó, a Ṫaiḋg,” ar sise, “agus má tá cion ċóṁ mór san agat air, ní mar sin is ceart duit an cion a ṫaisbeáint.”

“Agus cad tá le déanaṁ agam, a Niaṁ?” ar seisean.

“Cuir daoine amaċ ar a ṫuairisg,” ar sise, “agus geall luaċt-saoṫair maiṫ do'n té a ṫaḃarfaiḋ tuairisg ċúġat air. Ní h-é mo ṫuairim féin go ḃfuil aon droċ níḋ tar éis imṫeaċt air. Fear ró ġasta iseaḋ é. Ní dóiċ liom go ḃfuil aon naṁaid aige.”

“Ní ḟeadar an tsaoġal,” arsa Taḋg, “cad é an gnó a ḃí soir go Ceann Cora aige an lá a ċuaiḋ Colla agus an t-Easbog soir ann. Ċonaic Colla ann é aċ ní ḟeacaiḋ aoinne ag dul ann é ná ag teaċt as.”

“Cuir t' aigne ċun suaiṁnis, a Ṫaḋg,” ar sise. “Ní'l baoġal air. Tá fios a ġnóṫa féin aige. Má tá oiread ceana aige ort agus 'tá agat air tiocfaiḋ sé ṫar n-ais ċúġat ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus d'ḟéadfaiḋ sé teaċt.”

Ċuir Taḋg amaċ an luċt cuardaiġ agus ġeall sé an luaċt-saoṫair dóiḃ, aċ níor ṫáinig aon tuairisg ar Aṁlaoiḃ. Aċ ṫáinig tuairisg nár ḃ'é. Ṫáinig tuairisg ó Ċeann Cora, agus ċuir an tuairisg sin gaċ aon rud eile soir siar.