181469Niamh — Giollaí TuraisPeadar Ua Laoghaire
[ 71 ]

CAIBIDIOL XIV.

GIOLLAÍ TURAIS.

Ḃí Taḋg Óg ua Cealla tagaiṫe tar n-ais go mainistir Ínse Caṫaiġ ċun a ċuid léiġinn do ċríoċnuġaḋ, agus ḃí sé ag faire ċuige gaċ lá feuċaint an aireóċ' sé tásg nó tuairisg ar Aṁlaoiḃ. Lá d'á raiḃ sé ar an gcuma san, tímpal mí [ 72 ]nó ċúig ṡeaċtṁaine tar éis na dteaċtairí ó Leaṫ Ċuinn a ḃeiṫ i gCeann Cora, ṫáinig teaċtaireaċt ó Uíḃ Máine ag triall air 'ġá ráḋ leis dul óṫuaiḋ aḃaile láiṫreaċ, go raiḃ teaċtairí Ḃriain tar eis dul mór-tímpal ċun uaisle na tíre go léir, 'ġá ráḋ leó ḃeiṫ i gCeann Cora lá áiriġṫe, iad féin agus a gcongnaṁ fear, agus do h-ainimniġeaḋ an lá. D'imṫiġ sé aḃaile. Do ġleus sé féin agus a aṫair oiread nirt agus d'ḟéadadar, agus ṫánadar go Ceann Cora. Ḃíodar ann i gcóir an lae a ḃí ceapaiṫe. Níor ḃ' ḟada go raiḃ mór-ṡluaġ láidir uasal cruinniġṫe ann. Ní raiḃ ḟios acu cad é an gnó a ḃí ḋíoḃ, aċ ba ċuma leó. Ḃí ḟios acu go raiḃ gnó ag Brian díoḃ agus gur ḃ' é a ngnó féin é. Nár ḃaoġal go dtaḃarfaḋ Brian ó'n mbaile iad mura mbéaḋ cúis ṁaiṫ a ḃeiṫe aige ċuige agus gur ḃ' iad féin a ḃéaḋ beirṫe ar ball le pé gnó a ḃí le déanaṁ aige.

Na Loċlanaiġ a ḃí socair ċun cóṁnuiġṫe i n-Éirinn agus tar éis géilleaḋ do Ḃrian agus d'á ḋliġṫiḃ, ḃíodar ann ċóṁ maiṫ leis na Gaeḋlaiḃ, agus ba ṁór an ḃreis iad ar neart slóġ Ḃriain, agus ba ṁaiṫ.

Ḃí teaċtairí maiṫe ag Brian. Giollaí turais a tugtí orṫa. Fir óga luaṫa láidire ab eaḋ iad agus ḃí ana ċuisiḋeaċt ag gaċ teaċtaire acu. Fir ṫoḃṫa ab eaḋ iad. Mar ġeall ar ḟeaḃas a gcuisiḋeaċta a déintí iad do ṫoġaḋ. 'N-a gcuis iseaḋ ṫéidís ar ṫeaċtaireaċt. Nuair a ḃíoḋ sgéala ag Brian le cur go h-oban ag triall ar ríġ éigin de ríġṫiḃ Éirean nó ar ḋuin'uasal éigin, ní ḋeineaḋ sé aċ duine des na teaċtairíḃ sin a ċomáint uaiḋ ag triall ar an ríġ sin, nó ag triall ar an nduin'uasal san, leis an dteaċtaireaċt. Ġluaiseóċ' an teaċtaire sin 'n-a ċuis, agus níor ḃ'ḟada go mbéaḋ an teaċtaireaċt tagaiṫe ċun cinn.

'Na ċuis iseaḋ ḋ'imṫiġeaḋ an teaċtaire, aċ má seaḋ ba luaṫa 'n-a ċuis é 'ná fear eile ar muin capail. Nuair a ṫéiḋeaḋ na giollaí turais sin i dtaiṫiġe reaṫa ba luaṫa iad [ 73 ]'ná aon ḟear capail, agus ba ḃuaine. Ní ṡeasóċ' capal i n-aon ċor le duine acu. B'ḟéidir go mbéaḋ an capal níos géire 'ná an cuisiḋe i dtusaċ an ċúrsa, aċ sar a mbéaḋ fiċe míle curṫa ḋíoḃ acu ḃéaḋ an capal buailte amaċ. Ansan iseaḋ ḃéaḋ a ċuisiḋeaċt ag teaċt i gceart do'n ġiolla turais, agus ḃéaḋ trí fiċid míle curṫa ḋé aige sar a' mbéaḋ aon ḃlúire tuirse ag teaċt air. Ansan féin níor ġáḋ ḋó aċ sodar réiḋ a ḋéanaṁ ar feaḋ tamail ḃig agus ḃéaḋ anál agus misneaċ agus a lán-riṫ airís aige. Ní raiḃ aon ṁaiṫ i gcapailiḃ 'n-a n-aice súd.

D'á éaġmais sin, ní raiḃ coill ná cnuc, gleann ná portaċ ná aḃa i n-Éirinn ná raiḃ aiṫne acu orṫa go léir, agus ġaḃdís gaċ aon ċóṁngar, i dtreó gur ṁinic ná bíoḋ míle 'ṡlíġ acu le gaḃáil nuair nár ḃfoláir d'ḟear capail gaḃáil, b'ḟéidir, deiċ míle de ṫímpal. Ansan, is 'mó rud a ċuirfeaḋ ríġneas ar ḟear capail ná cuireaḋ aon ríġneas orṫa súd. Ḃíoḋ balcuisí éadtroma orṫa, agus bróga éadtroma, agus is minic ná bíoḋ aon ḃróga orṫa. Ḃíoḋ aiṫne ins gaċ aon ḃall orṫa, agus ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ tart nó ocras orṫa ní ḃíoḋ acu aċ aġaiḋ a ṫaḃairt ar an gcéad ṫiġ a ḃuailfeaḋ úmpa agus ġeóḃdís a ndóṫin bíḋ agus díġe. Dá mbéaḋ orṫa gaḃáil tré ḋúṫaiġ naṁad ḃéaḋ arm acu, arm éigin ná béaḋ ró ṫrom. Nuair a neartuiġ cóṁaċt Ḃriain ní ḃíoḋ aon ġáḋ le h-arm acu. Ḃí ḟios ag gaċ aoinne gur ḃ'iad teaċtairí Ḃriain iad. Níor ḃeag san. Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ gaċ aoinne ag caḃruġaḋ leó i n-inead aon ċeataiġe ḋéanaṁ dóiḃ. Do tugtí bia agus deoċ agus onóir agus uraim dóiḃ mar ġeall ar Ḃrian, agus ní baoġal go dtugaidís aon ċúis d' aoinne ċun aon ġearáin a ċur isteaċ orṫa, ḃí a leiṫéid sin de smaċt ag Brian orṫa.

Ḃíoḋ cuid des na h-uaisle b' aoirde i n-Éirinn sa ġnó san. Ṫugaḋ an gnó eólus dóiḃ ar an dtír agus ar na daoine, ní b'ḟearr 'ná mar a ḋ'ḟéadfaidís a ḋ'ḟáġail ar [ 74 ]aon ċuma eile. Ḃíoḋ foṫ-ḋuine d' ríogra Éirean féin sa ġnó. Do ṫárla, an uair seo ar a ḃfuilimíd ag tráċt, go raiḃ duine de ríogra Éirean sa ġnó. Fé ċeilt, áṁṫaċ, iseaḋ ḃí sé sa ġnó. Donn ab ainim dó, Donn mac Beaṫaċ. Ó'n dtaoḃ ṫiar ṫeas de'n Ṁúṁain ab eaḋ é agus mac ríġ ab eaḋ é. Ó ḃí sé deiċ mbliana d'aois do tugaḋ fé ndeara go raiḃ cuisiḋeaċt uaṫḃásaċ aige. Nuair a ḃí sé ċeiṫre bliana déag do ḃeireaḋ sé ar na gioraiṫiḃ ar ṫaoḃ an ġleanna, ag ruiṫ 'n-a ndiaiġ agus 'ġá gcasaḋ mar a ḋéanfaḋ cú. Mar ġeall ar an gcuisiḋeaċt san a ḃí aige do tugaḋ “Caoilte” mar leas-ainim air. Ṫáinig sé ag triall ar Ḃrian ċun go nglacfaí ameasg na ngiollaí turais é. Do glacaḋ láiṫreaċ é ċóṁ luaṫ agus do ċonacṫas an ruiṫ uaṫḃásaċ a ḃí aige. Ní raiḃ aon ḟear ann a ḋ'ḟéadfaḋ coimeád i n-aice leis i n-aon ċor i gcúrsa reaṫa. Nuair a fiafraiġeaḋ a ainim dúḃairt sé gur Caoilte ab ainim dó. Ḃí tuairim acu go léir gur ḃ' ainim bréige an ainim sin dó, aċ ba ċuma leó. Ḃí ḟios acu, gan aċ feuċaint air, go raiḃ fuil uasal ann.

Ḃí sé ċóṁ maiṫ sa ġleacaiḋeaċt agus ar na h-armaiḃ gaisge agus ḃí aoinne d'á luċt cóṁnaoíse. Fear breaġ córaċ cumasaċ ab eaḋ é. Má ḃí aon loċt air b'é seo é. Déarfaḋ duine go raiḃ a ċosa, ó ċrománaiḃ go talaṁ, beagáinín ró ḟada agus ró láidir i gcomparáid le n-a ċaḃail. Aċ ḃíodar téagarṫa ṫuas agus caol ṫíos, agus ḃí an dá ṫroiġ ana ḃeag, ana ṫeann, i dtreó go raiḃ neart mór agus meáġċaint ḃeag ionta. Ḃí an léim aige ċóṁ maiṫ agus ḃí an ruiṫ aige. An falla a ḃéaḋ ċóṁ h-árd leis féin do raġaḋ sé do léim ṫairis gan láṁ ná cos a ċur ann. Do ruiṫfeaḋ sé i n-aice capail agus do raġaḋ sé do léim i ndrom an ċapail sin agus an capal ar cos- anáirde.

Ní raiḃ se ró ḟada i gCeann Cora ameasg na ngiollaí [ 75 ]turais nuair a cuireaḋ amaċ an teaċtaireaċt úd. Cé curfaí siar go h-Uíḃ Máine ag triall ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla aċ Caoilte.

Ċuaiḋ sé siar agus ṫug sé a ṫeaċtaireaċt. Ċonaic sé Taḋg Mór, agus ċonaic sé teiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir. Agus feuċ. Ċonaic sé an rígan óg. Ċonaic sé Niaṁ. Ba ḃeag ná gur baineaḋ a ṁeaḃair ṡaoġalta ḋé glan ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé í. Ċonaic se áilneaċt agus uaisleaċt go minic roimis sin, i mnáiḃ a ḋúṫa féin, agus i mnáiḃ eile i ndúṫaíḃ eile. Ní ḟeacaiḋ sé riaṁ roimis sin i n-aon ṁnaoi, uasal ná íseal, aon níḋ a ḋ'ḟéadfaḋ sé ċur i gcomparáid leis an solus áilneaċta a ṫáinig os cóṁair a ṡúl ċóṁ luaṫ agus ṫáinig Niaṁ os cóṁair a ṡúl. Ċóṁ luaṫ agus d'ḟeuċ sé uirṫi do leaṫ a ḋá ṡúil air agus ba ḃeag ná gur leaṫ a ḃéal air, agus níor ḟéad sé a ṡúile ḃogaḋ ḋí. Ḋ'ḟeuċ sise air, agus má ḟeuċ ní baoġal ná gur ḃog sé ḋi láiṫreaċ iad. D' ḟeuċ sé síos ar an dtalaṁ, agus do las sé go bun na gcluas nuair a ṫuig sé an tuaṫal a ḃí déanta aige. Do laḃair sise go breaġ neaṁ-iongantaċ neaṁ-ṫuairimeaċ, agus ċuir sí raint ceisteana ċuige i dtaoḃ Ḃriain agus i dtaoḃ na h-oibre a ḃí ar siúḃal, agus i dtaoḃ na ríġṫe agus na n-uasal eile a ḃí ag teaċt go Ceann Cora. Do laḃair sí ċóṁ cneasta leis agus ċóṁ résúnta gur ċuir sí a aigne ċun suaiṁnis i dtaoḃ an tuaṫail a ḃí déanta aige.

Isé ċuaiḋ ó ḋeas go h-Inis Caṫaiġ ó Uíḃ Máine ċun an sgéil a ḋ'innsint do Ṫaḋg Óg. Ṫáinig sé féin agus Taḋg, agus tuille des na h-uaisliḃ óga a ḃí ar sgoil na mainistreaċ ó Ċúige Conaċt, ṫánadar aḃaile le cois a ċéile. Do ġleusadar go léir iad féin i n-arm 's i n-éide agus ṫugadar aġaiḋ ar Ċeann Cora. Ċuaiġ Niaṁ go Ceann Cora i n-aonḟeaċt le n-a h-aṫair. Ċuaiḋ a lán eile de ṁnáiḃ uaisle na h-áite ann, leis, i n-aonḟeaċt le n-a muintir féin. Do riṫ an giolla turais rómpa ċun a [ 76 ]ḋ'innsint go raḃdar ag teaċt agus ċun áite do ċeapaḋ agus do ċoimeád dóiḃ 'n-a ḃféadfaidís longṗort a ċur suas dóiḃ féin. Ní baoġal ná go raiḃ sé ann sar a dtáinig puínn eile, agus ná gur ṡocaruiġ se ar áit ḋeas oireaṁnaċ do longṗort Ṫaiḋg Ṁóir uí Cealla. Níor ḃ'ḟada go dtáinig Taḋg Mór féin agus Niaṁ agus an teiġlaċ go léir, agus ṫug daoine fé ndeara go raiḃ an giolla turais ana ċúramaċ i dtaoḃ longṗuirt Ṫaiḋg Ṁóir.

Ḃí longṗort ríġ Conaċt eile i n-aice na h-áite 'n-a raiḃ longṗort Ṫaiḋg Móir uí Ċealla. Ḃí cuid de ríogra Conaċt a ṫug fé ndeara go raiḃ an giolla turais ana ṫiúsgalaċ ag cur gaċ aon níḋ i n' áit féin i longṗort Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, agus ḃí raint iongnaḋ orṫa.

Níor fágaḋ an giolla turais aḃfad ag déanaṁ an tiúsgail, áṁṫaċ. Do comáineaḋ ċun siúḃail é ar ṫeaċtair- eaċt eile. Is air a glaoiḋtí i gcóṁnuiġe nuair a ḃíoḋ gáḋ le diṫineas agus le cruinneas agus le géarċúis. Ċuir duine éigin des na h-uaisliḃ leaṫsgéal éigin uaiḋ 'ġá ráḋ ná féadfaḋ sé teaċt. B'éigin do Ċaoilte dul ag triall air agus a ṫaisbeáint dó gur ċeart dó teaċt, go mbéaḋ se ag déanaṁ díoḃála ḋó féin mura dtagaḋ sé agus a ṫaisbeánt dos na h-uaisliḃ eile go raiḃ sé cóṁ maiṫ le h-aoinne acu ċun dualgais fir do ċóṁlíonaḋ.

Nuair a ḃí na h-uaisle go léir cruinniġṫe ḃí mór-ṡluaġ áluinn uasal acfuinneaċ ag Brian. Níor ṁiste “gasra nár ḋóiċ” a ṫaḃairt ar an mór-ṡluaġ san, mar a tugtar sa tsean aṁrán. Ó ṫusnuiġdar ar ṫeaċt ḃí Meargaċ Gaḃa agus a raiḃ de ċeártanaiḃ a tsaoġal aige ag obair go dian ag déanaṁ arm agus ag deisiuġaḋ arm. Ṫáinig gaiḃní i n-aonḟeaċt leis an muintir a ṫáinig. Mura mbéaḋ san níor ḃ'ḟéidir do Ṁeargaċ teaċt ar an obair. Na gaiḃní a ṫáinig, áṁṫaċ, is aṁlaiḋ a luíġdar isteaċ sa n-obair a ḃí ar siúḃal, i dteannta na ngaiḃní a ḃí ann rómpa, agus do [ 77 ]stiúruiġ Meargaċ an obair go léir. B'ṡin mar ba ṫúisge a ḃí an obair go léir críoċnuiġṫe. Do críoċnuiġeaḋ an obair go léir fé ḋeire agus do sguireaḋ na longṗuirt agus do ġluais an ṁór-ṡluaġ ċun bóṫair.