Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Fuadar agus flosg agus giodam
[ 303 ]

CAIBIDIOL XI.

FUADAR AGUS FLOSG AGUS GIODAM.

Um an dtaca 'n-a raiḃ slóiġte na Loċlanaċ agus a luċt conganta socair 'n-a gcábánaiḃ ar an maċaire, fan na tráġa, ar an dtaoḃ ṫuaiḋ de ċuan Áṫa Cliaṫ, ḃí slóiġte Ḃriain ag teaċt go tiuġ isteaċ ar ṁaċaire Cille Maiġneann, mar ar ġnáṫ le Brian longṗort a ḋéanaṁ i gcóṁnuíġe nuair a ṫagaḋ sé féin agus a ṡlóiġte andeas ó'n Múṁain, ag cur smaċta ar Loċlanaċaiḃ Áṫa Cliaṫ, nó ag cur eagla a ċóṁaċta ar na Gaeḋlaiḃ a ġaḃaḋ a bpáirt. Ċuaiḋ gaċ ríġ des na ríġṫiḃ a ṫáinig andeas an uair sin ċun na h-áite 'n-ar ġnáṫ leis dul, é féin mar ba ġnáṫ leó a ḋéanaṁ. Ḃí gaċ ríġ agus a ḃuiḋean féin ag cur a gcábán suas fé mar a ṡroisidís an áit, agus ní raiḃ aon ḃuiḋean ag teaċt sa tslíġ ar ḃuiḋin eile, ná ní raiḃ aiġneas ná diospóireaċt ná aḃcóidiġeaċt ar siúḃal.

[ 304 ]Ḃí cábán Taiḋg Ṁóir uí Ċealla sa n-áit 'n-a mbíoḋ sé i gcóṁnuíġe, i n-aice le cábán an Árdríġ, agus ḃí cábán Ṁaoilruanaiḋ na Paidre i n-aice le cábán Ṫaiḋg Ṁóir. D'ḟág san caoi ag Conn agus ag Ṫaḋg Óg ua Cealla ar ḃeiṫ go minic i ḃfoċair a ċéile, agus ḃíoḋ Caoilte agus Lonán i ḃfoċair na beirte sin ċóṁ minic agus d'ḟéadaidís é. Minic go maiṫ ab eaḋ san, mar ní raiḃ cábán a n-aṫar ró ḟad ó'n áit. D'ḟág san, leis, caoi ag Niaṁ ar ḃeiṫ go minic n-a ḃfoċair go léir, agus ar a lán eóluis a ḋ'ḟáġail ó Ċaoilte ar an gcuma 'n-a raiḃ an tsluaġ go léir suiḋte, agus ar cad é an saġas an naṁaid agus cad a ḃí acu d'á ḋéanaṁ. B'é gnó an ġiolla turais gaċ eólus de'n tsórd san so ṡoláṫar agus do ḃeiṫ aige, agus ní baoġal ná go raiḃ Caoilte tugṫa go maiṫ ċun an ġnóṫa san do ḋéanaṁ, agus ċun gaċ aon ḃlúire eóluis, fé mar a ṫagaḋ sé suas leis, do ṫaḃairt ag triall ar Niaṁ. Do ṫugaḋ sé ag triall ar Niaṁ é ċóṁ luaṫ agus ṫugaḋ sé ag triall ar Ḃrian é.

Ḃí cuid ṁaiṫ des na Loċlanaiġ a ḃí 'n-a gcóṁnuiġe i n-Éirinn an uair sin, ar ṁór-ṡluaġ Ḃriain, i gCill Ṁaiġneann, ag caḃruġaḋ leis sa ċaṫ san, agus ḃí ceart Éireanaċ, do réir dliġṫe na h-Éirean, curṫa i ḃfeiḋm aige ḋóiḃ féin agus d'á slioċt, mar ġeall ar an gcaḃruġaḋ san.

Ḃí Ospac ann agus an méid nirt slóġ a ṫáinig adtuaiḋ leis ó-s na h-oileánaiḃ nuair a ḋ'euluiġ sé ó Ḃruadar. Do ġlac sé féin agus a ḋaoine an Creideaṁ, agus do ḃaist Colla iad i n-Inis Caṫaiġ, agus ċuireadar fé ċomairce Ṡeanáin iad féin. Ansan do ṫánadar, i n-aonḟeaċt le mór-ṡluaġ Ḃriain, ċun an ṁór-ċaṫa. Do ṫuigeadar go raiḃ an caṫ le troid ar son an Ċreidiṁ, agus ḃí ḟios acu go raiḃ neaṁ le fáġail ag an té do ṫuitfeaḋ i gcaṫ a troidfí ar son a Ċreidiṁ.

Ḃí M'lṡeaċlainn Mór ann, ríġ na Míḋe, agus deiċ gcéad fear aige. [ 305 ]Ṫáinig a lán d'ḟearaiḃ Ulaḋ ann agus do luiġdar isteaċ ins na buiḋniḃ, fé mar a ḃí aiṫne acu ar na fearaiḃ nó ar na ríġṫiḃ. Fir ab eaḋ iad ná leigfeaḋ a gcroíḋe ná a n-aigne ḋóiḃ fanṁaint sa ḃaile nuair a ḃí a leiṫéid de ċaṫ le bualaḋ, agus Éire go léir i n-a leiṫéid do ċontaḃairt, agus an Creideaṁ i n-a leiṫéid de ċontaḃairt.

Ḃí an dá ríġ ó Albain ann agus neart maiṫ láidir de Ġaeḋlaiḃ Alban i n-aonḟeaċt leó.

Do réir gaċ seanaċais ḃí suas le fiċe míle fear ag Brian i gCill Ṁaiġneann an uair sin nuair a ḃíodar go léir cruinniġṫe. Do réir na gcúntaisí gcéadna ḃí aon ṁíle ḟiċid ag an naṁaid. Aċ ḃí an deiċ gcéad fear ins na h-éidíḃ práis ar ṫaoḃ na Loċlanaċ, agus do measaḋ gur ṁó le ráḋ an deiċ gcéad san, i ḃfrioṫġuin caṫa, 'ná deiċ míle des na fearaiḃ ná raiḃ orṫa aċ na “léinteaċa sróil.”

Ḃí Caoilte agus na giollaí eile ag teaċt isteaċ coitċianta ó ḃeiṫ ag feuċaint ar an naṁaid agus 'ġá mbreiṫniuġaḋ.

As na tuairisgiḃ a ṫugadar leó do ṁeas Brian ná tiocfaḋ an naṁaid amaċ ċun caṫa go ceann seaċtṁaine eile pé 'r doṁan é. Ḃí Luan na Failime an uair sin ann. Ḃí a neart go léir cruinniġṫe i n-aice Áṫa Cliaṫ ag ríġ Laiġean i gcóir an ċaṫa. Ḃí Cúige Laiġean gan ċosaint. Dob' ana ṁaiṫ an rud, an ḟaid a ḃéifí ag feiṫeaṁ leis an gcaṫ, an Ċúige sin do sgrios agus bia do'n ṁór-ṡluaġ do ṫaḃairt aisti; a ċur ḟiaċaint ar ríġeaċt Ṁaoilṁórḋa an ṁór-ṡluaġ do ċoṫuġaḋ.

Ċuir Brian amaċ a ṁac, Donċaḋ, ċun Cúige Laiġean do sgrios. Do ġluais Donċaḋ i dtusaċ na h-oíḋċe, i dtreó ná feicfí ag imṫeaċt é agus go mbéaḋ na creaċa istiġ aige sar a' moṫóċ' an naṁaid go raiḃ an gnó 'á ḋéanaṁ i n-aon ċor. Níor rug Donċaḋ leis ar an gcuaird sin puínn ṫar cúig nó sé ċéadaiḃ fear. Ní raiḃ aon ġnó aige d'á ṫuille. [ 306 ]An oíḋċe do ġluais Donċaḋ ó Ċill Ṁaiġneann, ċun na h-oibre sin a ḋéanaṁ, b'ṡiní díreaċ an oíḋċe do ċuir Gormḟlaiṫ Aṁlaoiḃ leis an dteaċtaireaċt, ó ríġṫeiġlaċ Ṡitric, ag triall ar Ḃruadar, a gan ḟios do Ṡitric agus a gan ḟios do Ḃéibionn. Ḃí Aṁlaoiḃ ábalta ar ċeilt a ċur air féin i n-a lán de rioċtaiḃ, agus ar é ḋéanaṁ go maiṫ. Nuair a ḃí sé ag imṫeaċt ó'n ríġṫeiġlaċ do ċuiṁniġ sé i n' aigne gur ṁaiṫ an rud dó gaḃáil tré Ċill Ṁaiġneann feuċaint an ḃféadfaḋ sé teaċt suas le h-aon ḃlúire eóluis a ḃéaḋ tairḃṫeaċ do Ḃruadar. D' aimsiġ sé mála agus ċuir sé ar a ṁuin é, mar 'ḋ eaḋ ná raiḃ ann aċ duine de luċt leanaṁna an tslóiġ agus go raiḃ sé ag díol neiṫe beaga a ḃéaḋ áiseaċ d' ḟearaiḃ an tslóiġ. Cá dtaḃarfaḋ sé aġaiḋ aċ i dtreó an ḃaill 'n-a raiḃ Donċaḋ agus a ḃuiḋean ag tusnuġaḋ ar ġluaiseaċt óḋeas. Ḃí iongnaḋ air. Do luiġ sé ar ċaint le cuid de'n luċt leanaṁna a ṫárla i n' aice. Níor ḃ' ḟada gur ḃailiġ sé uaṫa an toisg ar a raiḃ an ḃuiḋean ag imṫeaċt óḋeas, agus cé ḃí 'n-a ċeann orṫa. Do ḃailiġ sé é féin amaċ ó'n luċt leanaṁna ċóṁ tapaiḋ agus d' ḟéad sé é gan aon droċ aṁras a ṫarang air féin. Ċóṁ luaṫ agus ḃí sé bailiġṫe uaṫa ṫug sé aġaiḋ soir óṫuaiḋ, agus níor ḃ'ḟada go raiḃ sé ag caint le Bruadar. Ní baoġal gur ag triall ar Ṁaolṁórḋa a ċuaiḋ sé ċun a innsint dó go raiḃ buiḋean fear imṫiġṫe óḋeas ċun a ṫíre do sgrios. Dá ndeineaḋ, b'ḟéidir go ngluaiseóċ' Maolmórḋa óḋeas ċun a ṫíre do ċosaint, agus do lagóċ' san mór-ṡluaġ na Loċlanaċ i gcóir an ċaṫa. Ag triall ar Ḃruadar a ṫug sé aġaiḋ.

“Is maiṫ a ḋeinis é, a ṁic ó!” arsa Bruadar leis. “Tá súil agam ná faġaiḋ ríġ Laiġean amaċ go ḃfuil san ar siúḃal 'n-a ṫír. D'imṫeóċ' sé uainn láiṫreaċ agus ní oirfeaḋ dúinn sgaraṁaint le h-oiread agus aon ḟear aṁáin. Tá an sgéal céadna díreaċ anso sa leitir seo agam ó ḋ' [ 307 ]ṁáṫair, pé cuma n-a ḃfuair sí amaċ é. Deir sí gur ceart dúinn an caṫ do troid láiṫreaċ sar an mbeiḋ uain ag Donċaḋ ar ṫeaċt ṫar n-ais.”

“Isé mo ṫuairim-se, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ, “go mbeiḋ easnaṁ níos mó 'ná easnaṁ Ḋonċaḋ agus a ḃuiḋne ar an Árdríġ nuair a ṫiocfaiḋ an caṫ.”

“Cad é an t-easnaṁ eile a ḋ'ḟéadfaḋ a ḃeiṫ air?” arsa Bruadar.

“Tá ríġ cúige éigin ag déanaṁ a ḋíċil ċun a ċur ḟiaċaint ar ċuid des na ríġṫiḃ eile tarang siar ó Ḃrian agus ó Ḋál gCais nuair a ṫusnóċaiḋ an caṫ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Dar so 's súd aċ má deintear san beiḋ an caṫ ar ár dtoil féin againn!” arsa Bruadar. “An dóiċ leat,” ar seisean, “an ḃfuil ag eiriġe leis an ríġ cúige sin?”

“Do réir mar airiġeas an ċaint,” arsa Aṁlaoiḃ, “do ḃeartuiġeas go raiḃ ag eiriġe leis maiṫ go leór.”

“Ó, is maiṫ é sin!” arsa Bruadar. “Imṫiġ, a laoġ,” ar seisean, “agus cuir ċúġam an draoi.”

Fear ab eaḋ Bruadar a ḋein, i dtusaċ a ḃeaṫa, an rud céadna díreaċ a ḋein Aṁlaoiḃ nuair a ḃí sé i n-Inis Caṫaiġ. Do ġlac sé an Creideaṁ, agus ansan do ġlac sé na h-Úird i dtreó gur deineaḋ deacon dé. Ḋá ḋeacon ab eaḋ é féin agus Aṁlaoiḃ. Ansan níor lean Bruadar de'n Ċreideaṁ. Do ṡéan sé é agus ċaiṫ sé uaiḋ é, díreaċ mar a ḋein Aṁlaoiḃ. Nuair a ċaiṫ sé uaiḋ an Creideaṁ d' iompuiġ sé ar ḋiablaiḋeaċt agus ar ḋraoiḋeaċt agus ar ḋeaṁanaiḃ agus ar ṗiseógaiḃ, agus ar an uile ṡaġas deismireaċta de'n tsórd san, i dtreó go ndeirtí go raiḃ ar a ċumas a lán neiṫe iongantaċa do ḋéanaṁ le cóṁaċt deaṁan.

Ṫáinig an draoi. D'inis Bruadar dó conus mar a ḃí cuid de ṡluaġ Ḃriain imṫiġṫe amaċ ag creaċaḋ Cúige Laiġean, agus conus mar a ḃí cuid des na ríġṫiḃ ag iompáil i gcoinniḃ Ḃriain. [ 308 ]“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do ċóṁairle ḋom? Is mise, mar is eól duit, is fear cinn riain ar an mór-ṡluaġ so. Is agam atá lá an ċaṫa do ċeapaḋ. Dá dtugainn an t-órdú' anois,” ar seisean, “ḃeimís ollaṁ ċun an ċaṫa do ṫusnú' go moċ ar maidin Dé h-Aoine. Cad deirir liom?”

Do stad an draoi ar feaḋ tamail. Tar éis maċtnaiṁ do laḃair sé.

“Má troidtear an caṫ so Dé h-Aoine,” ar seisean, “tuitfiḋ Brian. Má troidtear an caṫ aon lá eile tuitfiḋ siḃ-se go léir.”

Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige d'iompuiġ sé ar a ṡáil agus d'imṫiġ sé ċun a ċábáin féin.

Do stad an ḃeirt, Bruadar agus Aṁlaoiḃ, ag feuċaint 'n-a ḋiaiġ. Nuair a ḃí sé imṫiġṫe as a raḋarc do laḃair Bruadar.

“Tuigim é,” ar seisean. “Má ṫroidimíd Dé h-Aoine beiḋ Donċaḋ gan filleaḋ agus beiḋ an ríġ cúige seo a deirir-se i n-earaid le Brian. Má fantar níos sia gan an caṫ do ṫroid beiḋ Maolmórḋa imṫiġṫe ċun a ċúige do ċosaint, beiḋ Donċaḋ tagaiṫe ṫar n-ais agus na creaċa aige. Ċífiḋ an riġ cúige seo a deirir-se an dá níḋ sin, Maolmórḋa imṫiġṫe agus Donċaḋ tagaiṫe agus na creaċa aige, agus luiġfiḋ sé isteaċ i n' inead féin sa ċaṫ. Ansan beiḋ Brian ró láidir dúinn go léir. Siné bríġ na cainte sin adúḃairt an draoi. Ní foláir an focal do ċur amaċ anois ameasg na slóġ so go léir go ḃfuil an caṫ le tusnú' ar maidin Dé h-Aoine.”

Do cuireaḋ amaċ an focal. Do h-innseaḋ, leis, do'n ṁór-ṡluaġ go léir, an focal adúḃairt draoi Ḃruadair, dá dtroidtí an caṫ Dé h-Aoine go dtuitfeaḋ Brian, aċ dá ḃfágtí gan troid é níba ṡia 'ná go h-Aoine go dtuitfeaḋ na Loċlanaiġ agus a luċt conganta go léir. Do ṫuig an [ 309 ]ṁór-ṡluaġ as san dá dtroidtí an caṫ Dé h-Aoine a ḃí ċúġainn go mbéaḋ an buaḋ ag na Loċlanaiġ.

D'á ḃríġ sin, ċóṁ luaṫ agus fuaradar an focal ṫusnuiġdar go léir ar iad féin d' ollaṁuġaḋ i gcóir an ċaṫa. Ní raiḃ puínn ṫar oċt n-uaire a's daċad acu an uair sin ċun an ollṁuċáin a ḋéanaṁ. Níor ḃeag leó an méid sin aimsire. D'á luaṫaċt a troidfí an caṫ dob' eaḋ b'ḟearr é, dar leó. Ḃíodar deiṁniġṫeaċ go mbuaḋfaidís. Ḃíṫeas tar éis a ċur 'n-a luiġe orṫa go daingean ná raiḃ ag Brian de ṁór-ṡluaġ aċ sloigisg a ḃí níba ṫugṫa go mór ċun iompáil ar a ċéile 'ná mar a ḃíodar ċun troda ḋéanaṁ le naṁaiḋ. Go raiḃ cuid des na ríġṫiḃ cúige agus ná raḃdar aċ ag feiṫeaṁ leis an gcaṫ do ṫusnuġaḋ ċun druim láṁa ṫaḃairt le Brian agus é féin agus Clann Ċais do ṫréigean. Go raiḃ cúis a ndóṫin agá lán acu ċuige sin, mar go raiḃ láṁ Ḃriain ana ḋian orṫa, agus d'á ḋéine a ḃí láṁ Ḃriain orṫa gur ṫuigeadar go mbéaḋ láṁ Ṁurċaḋ níba ṡeaċt ndéine orṫa nuair a ṫiocfaidís fúiṫi. Nuair a ṫusnóċ' an caṫ gur ḃ' eaḋ do ċífí an neaṁġus a ḃí i gcóṁaċt Ḃriain, d'á ṁéid leaṫa a ḃí faoi agus d'á aoirde cáil a ḃí air. Aċ pé breiṫ a ḃéaḋ aige ar ḃuaċtaint sa ċaṫ dá mbéaḋ an dá ṡluaġ mar a ċéile i dtaoḃ arm, ná raiḃ aon ḃreiṫ i n-aon ċor aige ar ḃuaċtaint nuair a ḃí an deiċ gcéad fear ins na h-éidíḃ práis ag na Loċlanaiġ. Go siúḃlóċ' an deiċ gcéad fear san rómpa tré ṁór-ṡluaġ Ḃriain agus go ngeóḃdís de ċosaiḃ ionta. D'á luaṫaċt, d'á ḃríġ sin, a troidfí an caṫ dob' eaḋ b' ḟearr é, dar leó, mar b' ṡin mar ba ṫúisge a ḋ' ḟéadfaidís iad féin do leaṫaḋ isteaċ ar ṁaċairiḃ breaġṫa míne na h-Éirean agus seilḃ a ġlacaḋ ionta. Ḃí fonn agus flosg agus giodam agus meanamna agus mór- ċroíḋe, d'á ḃríġ sin, orṫa féin agus ar a mnáiḃ, agus fuadar an doṁain fúṫa, nuair a riṫ an focal mór-ṫímpal [ 310 ]eatarṫa go dtroidfí an caṫ ar maidin Dé h-Aoine a ḃí ċúġainn. Níor ċodail aoinne acu an ċuid eile de'n oíḋċe sin, ḃí a leiṫéid sin d' ḟoṫram agus de ġleó ar siúḃal ó ċeann ceann de'n longṗort.

Níor ḃ'ḟada go ḃfuaraḋ amaċ i longṗort Ḃriain cad a ḃí ar siúḃal, agus cad fé ndeár an gleó agus an foṫram. Ḃí Caoilte agus a ġiollaí turais anso agus ansúd, fé ċeilt, ameasg na Loċlanaċ. Ṫugadar leó ag triall ar ṁór-ṡluaġ Ḃriain tuairisg cruinn ar an ollṁúċán. Ṫusnuiġ na Gaeḋil ar iad féin d' ollaṁuġaḋ láiṫreaċ. Ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal go tréan sa dá longṗort i ndeire na h-oíḋċe sin agus i gcaiṫeaṁ an lae amáiriġ, agus i gcaiṫeaṁ na cod' eile de'n aimsir as san go h-Aoine.