an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuireadar ceist chuige agus dubhradar: A Thigearna, an sa n‑aimsir seo a thabharfair an rígheacht thar n‑ais d’Israél? 7Ach dubhairt sé leó: Ní h‑agaibhse atá fios d’fhághail ar na h‑aimsiribh ’ná ar na tráthanaibh a chimeád an t‑Athair fé n‑a chómhacht féin. 8[1]Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, [2]agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadhnaise dhómhsa i n‑Ierúsalem agus i n‑Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h‑imeall an domhain ar fad.
9Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh suas é os cómhair a súl agus do ghlac sgamall as a radharc é. 10Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imtheacht suas ar neamh, féach, bhí beirt fhear ’n‑a seasamh ’n‑a n‑aice agus éadach geal ortha, 11Agus dubhradar: A fheara Ghaililiacha, cad ab áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógtha suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar ar gcuma gcéadna, fé mar a chonacabhair ag dul suas ar neamh é.
12Ansan do thánadar thar n‑ais go Iérúsalem ó’n gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnoc atá i ngiorracht siubhal lae sabbóide do Ierúsalem. 13Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis. 14Bhíodar san go léir ag leanmhaint do thoil a chéile i n-úrnuighthe mar aon leis na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le n‑a bhráithribh.
15Ins na laethibh sin d’eirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé, (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruinnighthe ann): 16A fheara, a bhráithre, ní foláir cómhlíonadh an Scriptiúra do thargair an Spioraid Naomh tré béal Dáibhid [3]i dtaobh Iúdáis, an fear a threóruigh an muinntir a ghaibh Íosa, 17an fear a h‑áirimheadh orainne agus go raibh páirt aige sa t‑seirbhís
- ↑ Infra ii. 2.
- ↑ Lúc. xxiv. 28
- ↑ Salm. xl. 10; Eóin xiii. 18.