do shuidh sé ar gach duine acu, [1]4Agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.
5Agus bhí ’n‑a gcómhnuidhe i n‑Ierúsalem Iúdaigh, daoine diadha as gach náisiún fé’n spéir. 6Agus nuair a leath an sgéal san do chruinnigh na daoine agus bhí mearathal aigne ortha, mar d’airigh gach duine acu a theanga féin acu-san dá labhairt. 7Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt? 8Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é? 9Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Pontuis agus Ásia, 10Phrigia agus Pamphilia, na h‑Éigipte agus n‑a gcríoch san Libia atá tímpall ar Chiréné, agus daoine iasachta ó’n Róimh, 11Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airigheamáir iad ag labhairt i n‑ár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iongantacha Dé. 12Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna agus deiridís le n‑a chéile: Cad é seo mar obair? 13Agus bhí tuille acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san.
14Ansan d’eirigh Peadar ’n‑a sheasamh, agus an t‑aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comhnuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaidh i nbhúr gcluasaibh mo chainnt! 15Mar ní h‑ar meisge atáid siad so, mar is dóigh libhse, óir ní’l tagaithe ach an trímhadh tráth de’n lá. 16Ach sidé an nídh a dubhradh ó bhéal an fháidh [2]Ióél: 17"Agus tiocfaidh ins na laethibh déanacha, adeir an Tighearna, doirtfead as mo Spioraid ar gach feóil, agus déanfaid bhúr gclann mhac agus bhúr gclann inghean targaireacht, agus cídhfid bhúr bhfir óga aislingí, agus déanfar
- ↑ Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin vii. 39; Supra i. 8; Infra 16 agus xix. 6.
- ↑ Ióél ii. 28; Isáias xliv. 3.