Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/62

This page has been proofread.
342
Caib. XVIII. 24
Gníomhartha na n‑Aspol

dhúthaíbh Ghalatia agus Phrigia, i ndiaidh chéile, ag cur misnigh ar na deis­giobuil go léir. 24Tháinig, ámh, go h‑Ephesus Iúdach n‑ar bh’ainim dó Apollo, Alecsan­dríneach, fear deagh­labhartha, láidir ins na Scriptiúr­aibh. 25Bhí sé oilte ar shlighe an Tighearna agus do labhair sé le díogras aigne agus do theagaisg sé go dúthrach­tach na neithe a bhaineann le h-Íosa, agus gan ar eólus aige ach baiste Eóin. 26Do chrom an fear san ar labhairt go dána sa tsinagóig. Agus nuair a dh’airigh Priscilla agus Acuila é thugadar leó é agus mhúin­eadar dó níos cruinne slighe an Tighearna. 27Ansan ba mhian leis dul go h‑Acaia agus do sgríbh na bráithre ag triall ar na deis­giobuil ’ghá iarraidh ortha é ghlacadh. Agus nuair a tháinig sé thug sé congnamh mór do’n mhuinntir a bhí tar éis creid­eamhaint. 28Óir do chuir sé ’n‑a luighe go cuthaigh ar na Iúdaígh, go puibilídhe, gur b’é Íosa is Críost ann.


Caibidiol XIX.

An eaglais dá chur ar bun ag Pól i n‑Ephesus. Clampar na ngaibhní ngeal.

1Agus do thárla, le linn Apollo bheith i gCoirint go dtáinig Pól go h‑Ephesus, nuair a bhí na h‑áiteana uachtar­acha siúbhal­tha aige, agus go bhfuair sé rainnt deis­giobul; 2Agus dubhairt se leó: Ar ghlac­bhúir an Spioraid Naomh ó chreidbhúir? Agus dubhradar san leis: Ní h‑eadh ach níor chlois­eamair an Spioraid Naomh a bheith ann i n‑aon chor. 3Agus dubhairt seisean: Má ’seadh cad ann ’nar baisteadh sibh? Agus dubhradar: I mbaiste Eóin. 4Agus dubhairt Pól: [1]Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’fholáir dóibh creid­eamhaint sa’ t‑é a bhí le teacht ’n‑a dhiaidh féin, ’sé sin, i n‑Íosa. 5Nuair a dh’airíghdar an méid sin do baisteadh iad i n‑ainim an Tighearna Íosa. 6Ansan do chuir Pól a lámha ortha