Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 5
[ 36 ]

CAIBIDIOL A CÚIG.

Gobnait.—Feuch nach amhlaidh do dhéin licíní slinne de’n airgead mar a dhéin d’airgead Mhichíl Réamoinn.

Peig.—Ní h‑é sin adúbhraís cheana, a Ghobnait, ach gur dhéin Micheál airgead des na licíníbh slinne.

Gobnait.—’Sdó, do dhéin, leis, ach má ’seadh do dhéin licíní slinne de’n airgead airís.

Nóra.—’Gcloistí! Nach cuimhin le n‑ár gcluasaibh tú ’ghá rádh linn go dtug sé an t‑airgead isteach chun na mná, agus gur fheuch sí air agus gur cheap sí gur bh’airgead dleaghthach é, agus d’á chómhartha san féin go dtug sí dhó an hata?

Gobnait.—’Sdó, do cheap, leis, agus do thug. Ach is ’na dhiaigh sin do dhéin licíní slinne airís de’n airgead.

Nóra.—Agus conus fhéadfadh licíní slinne a dhéanamh airís de, mura mbainfeadh Micheál féin an diablaidheacht de?

Cáit.—Agus cá bhfios ná gur bhain?

Nóra.—Dúbhairt sí gur imthigh sé air abhaile nuair a fuair sé an hata.

Gobnait.—Má ’seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn airís seachtmhain ’na dhiaigh sin, é féin agus Tadhg na n‑Ubh, agus chuadar isteach sa tigh cheudna agus do ghlaoidh Micheál ar an mnaoi i leath-taoibh. “Tá a dó agus dá thistiún agat orm,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “Ní’l aon dó agus dá thistiún agam-sa ort,” ar sise. “Tá, go macánta,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “’Sdó, deirimse ná fuil,” ar sise. “Nach cuimhin leat,” ar sise, “go rabhas ag [ 37 ]coimeád do hata, agus gur sholáthruighis an t‑airgead i mball éigin agus go dtugais dom é?” “Cad do dhéinis leis?” arsa Micheál. “Níor dhéineas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé anso sa bhosca fós agam.” “Ba mhaith liom é a fheiscint,” arsa Micheál. “Tá sé ansúd,” ar sise, “sgilling agus dá réal agus dá thistiún. Tar i leith,” ar sise, “go bhfeicir féin airís iad.” Do chuadar anonn go dtí an bosca agus d’osgail sí é, agus nuair fheuch sí isteach ann agus a chonaic sí na licíní slinne, d’iompuigh sí ar Mhicheál agus d’fheuch sí air mar fheuchfadh sí ar mhadra uilc. “Seo,” arsa Micheál, ag síneadh an airgid chúici. “Coimeád é!” ar sise. “Agus fág mo thigh! Tá an mac mallachtan ann, agus ionat-sa chómh maith! Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur imthigh an bheirt agus dithneas ortha.

Síle.—Ní fheadar cad a dhéin sí leis na cúig licíníbh?

Gobnait.—Ní fheadar, a Shíle. Ach ’sé mo thuairim go bhfuaradar an taobh amuich de dhorus chómh luath leis an mbeirt.

Síle.—Ní leigfeadh eagla dhom mo lámh a chur ortha.

Cáit.—D’airigheas-sa gur dhéin sé gabhar de Thadhg na n‑Ubh.

Gobnait.—Níor dhéin, ach is amhlaidh a chuir sé an sguab ag gabháil air. Chuir sé fhiachaibh ar an sguaib Tadhg a chur amach as an dtigh.

Nóra.—Airiú, conus, a Ghobnait?

Gobnait.—Is amhlaidh a bhíodar go léir, lán an bhaill acu, bailighthe thiar ag tigh Thaidhg na n‑Ubh, agus iad ag imirt cártaí, agus d’eirigh achran éigin eatortha, i dtreó go ndúbhairt Micheál le Tadhg, “Mura n‑éistir do bhéal,” ar seisean, “déanfad gabhar [ 38 ]díot.” “Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg. “D’fhéadfainn,” arsa Micheál. “Ná déin aon dá chuid ded’ dhícheal,” arsa Tadhg. “An mar sin é?” arsa Micheál. “Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiceam anois cad a fhéadfair a dhéanamh.” Tharaing Micheál leabhrín beag dubh amach as a phóca, agus bhí fabharaí dearga ar na billeógaibh aige, agus chrom sé ar é a léigheadh. I gceann tamaill do stad sé, agus d’fheuch sé ar Thadhg. “Ní’l ach aon chontabhairt amháin sa sgeul, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n‑aistireóchadh an ghaoth agus tú ad’ ghabhar, ní fheudfainn tú chasadh thar n‑ais.” “Aidhe, agus a bhitheamhnaigh na croiche duibhe, cad ’na thaobh nár innsis é sin ar dtúis dom?” “Táim ’ghá innsint anois duit, agus ní’l agat ach a rádh liom stad i n‑am.” “Stad, má ’seadh!” arsa Tadhg. “Ní chreidfinn ó’n saoghal go bhféadfá é dhéanamh, ach mar sin féin ní misde liom leigint duit bheith ag imirt do chuid cleas ar dhuine éigin eile.” “Bíodh geall,” arsa Micheál, “go gcuirfidh an sguab an dorus amach tú má deirim-se léi é dhéanamh.” D’fheuch Tadhg ar an sguaib. Bhí sí ’na seasamh i n‑aice an doruis. Sguab bhreagh nua throm do b’eadh í. Gháireadar an chuideachta nuair a airigheadar an focal. “Ní chuirfeá féin amach mé,” arsa Tadhg, “agus is deacair a rádh go gcuirfeá fhiachaibh ar an sguaib rud a dhéanamh ná féadfá féin a dhéanamh.” “Ní chuirfinn féin amach tú,” arsa Micheál. “Agus dá mbéadh bata maith agat ní’l aon cheathrar anso do chuirfeadh amach tú.” (Bhí ainim Thaidhg i n‑áirde le méid a nirt ó’n lá úd a ghabh sé ar an móir-sheisear a lean ó Shráid an Mhuilinn é chun a mharbhtha.) “Ach cuirfead-sa geall leat anois go gcuirfidh an [ 39 ]sguab san thíos amach tú.” D’aimsigh Tadhg a bhata, agus do labhair Micheál leis an sguaib. Sheasaimh Tadhg i lár an tíghe. D’eirigh an sguab agus thug sí iaracht ar é bhualadh idir an dá shúil. Bhí an bata go maith agus an chuisle láidir, agus ambasa chosain Tadhg a cheann agus a cheannacha, ach do bhuail sí ins na cosaibh é, agus do bhuail sí ins na loirgnibh é, agus do bhuail sí ins na glúinibh é, agus do bhuail sí ins na ceathramhnaibh é, agus ins a’ drom, agus ins na h‑asnaigheachaibh, i dtreó ná feidir sé ar ball cad a bhí ag imtheacht air. Fé dheire do liúigh sé an dorus d’osgailt dó, agus geallaim dhuit gurabh é b’fhada leis go raibh sé amuich.

Síle.—Bhí an lámh a bhí sa sguaib ró láidir dó!

Cáit.—Is mór an iongnadh san go deimhin! B’fhéidir dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an t‑é go raibh a lámh inti, ná raghadh an sgéal chómh saor leis agus chuaidh. Agus feuch i leith orm, a Ghobnait. Conus fhéadfadh licíní slinne dhéanamh d’airgead Shéadna, agus nach de licíníbh slinne a déineadh é?

Gobnait.—Cá bhfios duit, a Cháit, cad de gur dhéin fear na n‑adharc é? Dar ndóich, tá a fhios ag an saoghal nach go macánta ná go dleaghthach a fuair sé é.

Peig.—Pé cuma ’na bhfuair sé é, níor dhéin aon licíní slinne dhe, nó má dhéin, níor fhanadar i bpócaíbh Shéadna. Bhíodar san folamh go leór aige nuair a bhí sé ag fághail an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair sé an leathar agus an chéir agus an snáth, agus thug sé aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit go raibh an mhórdháil bainte dhe glan.

Nuair a tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach tnáithte troma-chroídheach, agus nuair a chonaic sé an chathaoir agus [ 40 ]an mhealbhóg agus an crann ubhall, agus a chuimhnigh sé ar na trí guídheanaibh breaghtha do loiteadh, tháinig seirbhthean agus canncar agus buaidhreamh aigne air, i dtreó nár fhéad sé greim mine ná ubhall do bhlaiseadh. Chaith sé é féin sa chathaoir, mar bhí an tuirse air, agus ba ghearr gur thuit a chodladh air.

Thug an fear bocht an oídhche ar an áit sin. Nuair dh’osgail sé a shúile bhí an lá díreach ag eirighe. Bhí an fuacht tar éis dul nach mór tré n‑a chroídhe. Bhí sé tamall beag ’na dhúiseacht, sul ar chuimhnigh sé ar an sparán agus ar an bhFear nDubh, agus ar iomláine eachtra an lae roimhe sin. Ní túisge choruigh sé é féin ’ná a mhothuigh sé an t‑ualach i bpóca na bheiste. Chuir sé a lámh isteach. Cad a bhéadh ann ach an sparán!

“Mhaise, an bhfeacaidh aon Chríosdaidhe riamh a leithéid sin d’obair?” ar seisean, agus tharaing sé amach é. Chuir sé a lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá cheud púnt ann go lom slán!

“Seadh!” ar seisean, “mura bhfuil buaidhte ag an méid sin gnótha ar a bhfeaca-sa riamh de neithibh iongantacha! Ní fhéadfadh sé bheith agam a gan fhios dom! Cuardach? Níor chuardach go dtí é! Aon nídh ach mo mhéireana a chur amach tré chúinníbh na bpócaí! Cuardach? Is mé chuarduigh iad, má cuarduigheadh pócaí riamh! Folamh? Bhíodar chómh folamh——chómh folamh agus bhíodar riamh, agus níor bheag dóibh sin. Ní fhéadfaidís bheith níos folamha. Má ’seadh, cá raibh an t‑airgead an fhaid a bhíos ag cuardach? Cár imthigh sé? Cár fhan sé an fhaid a bhí sé imthighthe? Cia thug thar n‑ais é? Cad é an brígh atá leis an obair? Siní an cheist. Siní an adhb. Cad é an tairbhe dhómh-sa sparán trom teann a bheith agam am’ póca agus dá cheud púnt airgid, agus ansan mé dhul ar an aonach agus neart a bheith do gach [ 41 ]spreallairín fir méaracán mé cháineadh ós cómhair na gcómharsan, agus ‘gréasaidhe beag buídhe’ a thabhairt orm, agus ‘taoibhíní ruadha’ agus ‘meanuithí ramhra’ agus ‘bréan-bhróga’ a chasadh liom, agus é fhógairt ós comhair an aonaigh ná raibh pingin am’ póca? Má ’s ar a mhargadh a mhairean gach aoinne, ní h‑é margadh na leanbh is gnáth leó a dhéanamh. Agus má ’sé sin margadh gur cuireadh brígh na mionn orm-sa mar gheall air, is suarach le rádh é. ‘Béidh sé chómh teann an lá déanach agus tá sé anois’———andaigh, ní h‑iongnadh dhó san!”

Chomáin sé leis ag caint leis féin ar an gcuma san go ceann abhfad. Fé dheire do phreab sé ’na shuidhe.

“Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus díolfad Diarmuid, agus tabharfad tuille leathair abhaile liom.”

Chomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor stad cos leis go dtí go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach.

Bhí Diarmuid ’na sheasamh idir dhá lígh an doruis ar an gcuma gceudna ’na raibh sé indé roimhe sin. Ba ghnáth leis a lán d’á aimsir a chaitheamh mar sin ’na sheasamh sa dorus agus a ghuala leis an ursain, agus é ag feuchaint síos an bóthar agus suas an bóthar, síos an bóthar agus suas an bóthar, gach re dtamall.

“Airiú, a Shéadna, cad d’imthigh ort?” arsa Diarmuid.

“Andaigh, níor imthigh faic, a Dhiarmuid,” ar seisean “ach do thánag chúgat-sa led’ chuid airgid. Seo dhuit é.” Agus do shín sé púnt chuige.

“Ní raibh sé abhfad gan teacht isteach chúgat,” arsa Diarmuid, agus do thug sé feuchaint ghreannmhar ar Shéadna, fé mar bhéadh amhras aige nár bh’as an gcéird a fuair sé an t‑airgead.

Thuig Séadna an fheuchaint, agus dúbhairt sé, “Bhí sé [ 42 ]seo geallta dhom roimis an aonach agus ní bhfuaras é go dtí indiú.”

“Airiú,” arsa Diarmuid, “agus cad ba ghádh an dithneas go léir? Ná déanfadh sé an gnó i gceann seachtmhaine nó coigthíghis? Táir chómh suaithte agus dá mba ná leigfeá do thaobh ar aon leabaidh le trí oídhche. An rabhais amuich i n‑aon bhall aréir?”

“Amuich i n‑aon bhall aréir? Cá mbéinn amuich aréir, airiú? Ní rabhas go deimhin. Ach nuair a chuadhas abhaile ó’n aonach, do shuídheas sa chathaoir agus do thuit mo chodladh orm, agus geallaim dhuit gur fhanas ansan go maidin indiú.”

“Dómhaise, is greannmhar san de! Agus feuch, nuair a bhís ag fágaint an tíghe seo um thráthnóna indé ní raibh aon rian díghe ort, agus bhí sé ’na thráthnóna mhór luath. Cár fhanais?”

“Mhaise, beannacht Dé le h‑anaman do mharbh, a Dhiarmuid, agus leig dom féin. Níor fhanas i n‑aon bhall ach dul abhaile láithreach. Ní h‑ól ná imirt a bhí ag déanamh buartha dhom, geallaim dhuit é.”

Do shín sé an púnt chun Dhiarmuda, agus thug sé a bhóthar air gan a thuille ríghnis, ar eagla go gcurfaí a thuille ceisteanna air. Bhí sé ceapaithe luach a trí nó a ceathair de phúntaibh eile do thabhairt leis, ach bhí sgannradh air go bhfiafróchadh Diarmuid de cia thug an t‑airgead dó.

Ag gabháil an bóthar abhaile dhó, do bhí a aigne agus a inntinn tré n‑a chéile, agus é ag cur agus ag cúiteamh, ag cur agus ag cúiteamh, a d’iaraidh a dhéanamh amach cad d’imthigh ar an airgead lá an aonaigh.

“Dá mbéinn ag machtnamh air go ceann bliaghna ó indiu,” ar seisean, “ní fhéadfainn a thuisgint cad é an brígh atá leis.”

[ 43 ]Agus i gcaitheamh na slíghe níor sgar an lámh chlé leis an dtaobh de’n bhest go raibh an sparán lastigh de, agus do bhí an lámh dheas sáithte go h‑uillinn i bpóca an bhríste aige, agus é ag cur an óir tré n‑a mhéireanaibh.

Síle.—Cad é an tairbhe dhéin sé dhó bheith ’ghá chur tré n‑a mhéireanaibh, a Pheig?

Peig.—Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, ach bhí sé ’ghá dhéanamh, pé ’n Éirinn é, agus níor stad sé dhé go dtáinig sé abhaile. Bhí sé i bhfonn nídh b’fhearr chun na mine agus chun na n‑ubhall an uair sin ’ná mar a bhí sé indé roimhe sin, agus d’ith sé a dhóithin díobh. Bhí sé ag ithe agus ag machtnamh go ceann abhfad. Fé dheire do stad sé agus bhuail sé buille d’á bhois ar a leath-ghlúin.

“Dar an bportús!” ar seisean, “dá bhfeiceadh Diarmuid an capall dubh úd ceannuighthe agam, ní fios cá stadfaidís na ceisteana. Ní bhéadh aon bhreith agam ar dhul uaidh. Tá sé ró ghéarchúiseach ar fad. Nuair a thabharfá leath-sgeul dó agus ba dhóigh leat go mbeidhfeá réidh leis, is amhlaidh a bhéadh sé i n‑achran ionat níos daingne. B’fhéidir, tar éis an tsaoghail, gurab amhlaidh mar is fearr é nár cheannuigheas capall ná bó. Is cuma liom ó tá an t‑airgead agam. Mharbhóchadh an capall úd mé, agus ansan ní bhéidís na trí bliaghna deug féin agam. Agus óir nár cheannuigheas an bhó ní gádh dhom bheith ag lorg mná chun a crúidhte. B’fhéidir nár bh’fhearr riamh é mar sgeul. ‘An rud ba mheasa le duine ’ná a bhás, ní fheadair sé ná gur b’é lár a leasa é’! Déanfad na bróga so, agus ansan raghad ag triall ar Dhiarmuid agus tabharfad liom luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre bpúnt, agus mar sin. Ha! ha! a Dhiarmuid, seadh! seadh! seadh! Sleamhnóchaidh an sgeul suas a gan fhios duit. Nár mhór an dallachán mé nár chuimhnigh ar an slígh sin ar dtúis? Dar nóin ní bhéadh nídh ar [ 44 ]bith ba mheasa dhom ’ná ainim airgid do dhul amach orm láithreach bonn mar sin. Déarfaí gurab amhlaidh do ghoideas ó dhuine éigin é. Ach nuair a curfar amach i ndiaigh a chéile é, ceapfaidh gach aoinne, nídh nách iongnadh, gur as mo chéird a bhéidh sé déanta agam.”

Nuair a bhí an méid sin socarughadh aigne déanta aige, thóg sé greim eile de’n mhin agus d’ith, agus d’aimsigh sé ubhall eile agus do chogain. Ansan do tharaing sé chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid snáithe agus na meanuithí caola agus na meanuithí ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair. Nuair a bhíodh sé ag obair ba bheus leis bheith ag síor-chrónán, agus sidé an port is mó a bhíodh ar siúbhal aige:—

Ó! greadadh ’s duais ort,
A chailligh ruainnigh
Thug orm fuath ban
Éirean

Go bhfuil dhá chluais ort
Chómh mór le sluasaid
A’s pus ró mhór mar
Bheul ort!

Dá bhfaghainn ó’n Ruachtaigh
Go port Abhann Móire
’Gus Malla ó thuaidh mar
Spré leat,

An Chlaoideach ruadh ’gus
A bhfuil de bhuaibh ann
Ní shínfinn suas mo
Shaoghal leat.

Caibidiol 5