272205Tír na n-Iongantas — XPádraic Ó Conaire
[ 19 ]

X.

Ní raiḃ i n-Árus codalta na mairnéalaċ aċt fíor ḋroċ ṡolus ó lampa ḃeaġ a ḃí croċta ó ṡail, aċt ba ḋall an duine naċ dtuigfeaḋ cé’n droċ-obair a ḃí ar siuḃal ag an gcúigear fear a ḃí istiġ.

Ḃí Satan ann go n-a ċosaiḃ cnapaċa, go n-a ċroiméal trom sguabaċ, go n-a ḟiar-ṡúil, go n-a ċraiceann a ḃí ar ḋaṫ ċró capall sa ḃfóġṁar. Ḃí an brísde beag bán air, agus an léine ḋearg agus an fáinne ait ag baint na leaṫ-ċluaise ḋe le n-a ṁeaḋċan ṁór! Agus ar ndoiġ níor ḋearmad sé an ċrios iongantaċ!

Ḃí biṫeaṁnaċ eile le n-a ais. Bel an t-ainm ḃi acá ar an mboc seo. Ḃí seisean n-a ṡuiḋe ós íseal, ar a gogaide ar nós táilliúra, agus gan falaċ air aċt drár beag giobaċ. Ḃí mór-ċuid de’n ċainnt dá ḋéanaṁ aige-sean, aċt ba ṁó go mór an tsuim ċuirṫeá sna pictiúiriḃ ḃí sgríoḃṫa ar a ċraiceann ḃuiḋe ná ’n a ḃriaṫraiḃ beóil. Ní raiḃ ordlaċ dá ċabail, ó ṁuineal go básta, naċ raiḃ píctiúr éigin geárrṫa isteaċ ann le snáṫaid. Ḃí pictiúir crainn ṁóir failme ar a ḋruim, agus éanlaiṫ de gaċ uile ḋaṫ, agus de gaċ uile cineál, [ 20 ]aġ néaduġaḋ i ngéagaiḃ caola slíme an ċrainn sin. Ḃí pearóid ann, agus na seaċt ndaṫ a moltar sna seanleaḃraiḃ Síneaċa ar a ċlúṁ. Ḃí fear a raiḃ culaiṫ mairnéalaiġ air ’n-a ṡuiḋe faoi ḃun an ċrainn, agus bean óg a raiḃ folt uirṫi ċoṁ trom agus ċoṁ dualaċ le aon ḟolt dár facṫas ariaṁ n-a suiḋe le n-a ċois, agus greim láiṁe aici air. B’foras d’aiṫint uirṫi go raiḃ muinġín ṁór aice as! Aċt an naṫarniṁe mór cealgaċ ḃí ar a gcúl agus é ag teaċt orṫa i ngan ḟios! Ḃeaḋ fonn ort béiċ a leigint asat ḋá ḃfeicṫeá é agus an dealg niṁe ag teaċt amaċ as a ḃéal!

Ḃí triúr fear eile ann, aċt ó ḃíodar n-a suiḋe ar ṫrí ḃaraille i ndorċadas na pluaise, ní féidir a ráḋ ’n-a dtaoḃ aċt go raiḃ a súile ag lonnraḋ ar nós sméaróid a ṡéidfiḋe i n-uaiṁ ḋorċa, agus go mba ċosaṁail a nglór leis an torann ġniṫfeaḋ uisge i soiṫeaċ leaṫ- ḟolaṁ dá gcraiṫtí é. ’Deirṫeá go mba ṁór an stróṁ, agur go mba ṁillteaċ an saoṫar orṫa aon ċainnt a ḋéanaṁ agus a laġad di is ḃí ar síuḃal aca; aċt nuair laḃradar, laḃradar i n-aonḟeaċt agus ḃíodar triúr ar aon ḟocal agus ar aon smaoineaḋ.

D’eiriġ Satan agus laḃair sé leis an gcuideaċtain ṡéiṁ seo.

“A ḃráiṫre ionṁuine, a ċáirde cléiḃ,” ar seisean, “is fada sinn ag súil leis an oiḋċe seo,” ar seisean.

“Fíor ḋuit! Fíor ḋuit! ars’ an triúr i n-éinḟeaċt.

“Tá ḃreiṫ báis tuġṫa againn ar an gCaiptín Mongaċ,” arsa Satan, “agus tá caoi againn leis an mbreiṫ sin a ċur i ḃfeiḋm. Ar maidin ar eiriġe gréine siuḃalfaiḋ sé an clár....”

“Siuḃalfaiḋ sé an clár,” ars an triúr i n-éinfeaċt.

“Siuḃalfaiḋ sé an clár agus béiḋ a ṡeanċaḃail lom ġránda ’ġá iṫe ag míoltaiḃ alpaċa na mara móire,” arsa Satan.

“Beirtear air! Beirtear air go beó!” ars’ an triúr i n-éinfeaċt.

“Foiġid a ḃráiṫre ocraċa!” arsa Satan. “Caiṫfear an obair a ḋéanaṁ go ceart agus go dlistineaċ.”

[ 21 ]Rug sé ar ḃlúire cailce agus ṫosaiġ ag sgríoḃaḋ ar an mbórd léiṫe.

“Níl de ċongnaṁ againn aċt naonḃar,” ar seisean, “aċt tá an uile ḋuine do’n naonḃar sin i n-ann troid a ḋéanaṁ má ḃíonn gáḃaḋ leis. Tá an máta n-a ċod- laḋ. Ḃeirtear air gan a ḋúiseaċt, agus cuirtear ceangal na gcúig gcaol air. Tá an Caiptín ar an droiċead—ní obair ṁór oraiḃ-se, a ċáirde, ṫeaċt air i ngan ḟios agus na heangaca teanna cnáibe sin a ċaiṫeaṁ anuas air ionnós naċ mbéiḋ ann corruġaḋ: naċ féidir liḃ sin a ḋéanaṁ a ċáirde, a ḃráiṫre ḋílse?”

“Is féidir! is féidir,” ars’ an triúr i n-éinḟeaċt.

“Téiḋeaḋ tusa, a Ḃel, go cabán an Ċaiptín,” arsa Satan, “agus téiḋeaḋ an cócaire agus beireaḋ sé ar an mnaoi ruaiḋ sin is siocair le n-ar ḟulaingeamar, an ḃean is siocair le sróin ḃreáġ an ċócaire a ċailleaḋ agus beirtear ar a hál freisin, agus annsin.... aċt ní gáḃaḋ ḋom innseaċt do Ḃel céard is ceart a ḋéanaṁ. Tá sean-ṫaiṫiġe aige-sean ar a ċéird. Agus ní call dúinn, innseaċt do’n ċócaire goidé an cineál ainḃruiṫe is feárr linn....”

Rnneadar uile gáiriḋ.

D’eiriġ an cócaire a ċaill a ṡrón. “Srónta fada cama agus srónta geárra díreaċa, srónta boga milse agus srónta cruaḋa cnáṁaċa....”

D’eiriġ Bel. Ḋo noċt sé na fiacla fada fuara. Ṫáinig dúil fola n-a ḋá ṡúil. Ḃí a ṫeanga ḟada ċalacṫa ag sileaḋ leis ar nós gaḋair a mbeaḋ anaiṫe air.

“Ġeoḃaiḋ mé greim fiacal ar a caolsgróg, slugfad a ḃfuil d’ḟeoil ar a cnaṁaiḃ....”

Ḃí faoi a lán eile a ráḋ aċt ċuir ḋá rud cosg leis. An tart mór a ḃí ġá ṁarḃaḋ, agus Satan, ċuir iallaċ air stopaḋ.

“Ná déantar a leiṫéid,” arsa Satan go huġdarásaċ. “Déantar an obair go ceart. Déantar í go dlistineaċ, nó ní ḃéiḋ an t-áḋ orainn.”

Ṫainig triúr eile isteaċ ar an nóiméad seo.

[ 22 ]“Tá gaċ niḋ faoi réir againn,” arsa Satan, “níl orm anois aċt gléas troda a roinnt oraiḃ ar eagla go mbeaḋ gáḃaḋ leis. Aċt ná bíoḋ aon troid ann má’s féidir é.”

Annsin ṫug sé ḋá ṗiostal do gaċ uile ḟear a ḃí sa láṫair. Rinne sé naoi roinnt do’n ṗúdar agus do’n ġrán. Ḃain sé na sgeana as an gcsios ṁór a ḃí faoi ’n-a ċom, agus leag sé ar an mbórd iad go dtoġaḋ gaċ duine ceann le n-aġaiḋ féin.

Rinneaḋ aṁlaiḋ.

Ċuaiḋ Satan ar a ġlúnaiḃ. Ċuaiḋ an uile ḟear dá raiḃ ann ar a ġlúnaiḃ, agus sgian i n-áirde ag gaċ fear díoḃ.

“Dar sliaḃ agus dar fairrge,” arsa Satan de ġuṫ árd,

“Dar sliaḃ agus dar fairrge,” ars’ an ċuideaċta d’aon ġuṫ.

“Dar réalta na spéire agus dar míolta na talṁan dar na máiṫreaċa ṫug ar an saoġal sinn agus dar na haiṫreaċa ġein sinn, dar a ḃfuil ar an talaṁ, agus faoi’n talaṁ agus ós cionn na talṁan, dar an Dia a ċruṫaiġ a ḃfuil luaiḋte agam, is mian linn an obair ḃeannaiġṫe seo ġlacamar idir láṁaiḃ a ḋéanaṁ ċoṁ maiṫ ’s is féidir linn.”

Ṫug an ċuideaċta an ṁionn sin go dúṫraċtaċ.

Ṡil Máire Ḃán imṫeaċt léiṫe, agus innseaċt dá haṫair gaċ a ḃfaca sí, agus gaċ ar ċuala sí, aċt sul a raiḃ sé d’uain aice cos a ċorruġaḋ ṫáinig duine éigin taoḃ ṫiar ḋi, agus níor ċuiṁniġ sí ar a ṫuilleaḋ go raiḃ sí féin agus a muinntir ar urlár uaċtaraċ na luinge agus iad ceangailte le téadraċaiḃ roiġne cnáibe.