IX.
Má d’ḟágadar an Saragósaċ féin ba ḃeag an baoġal dóiḃ ḃeiṫ ó ċontaḃairt go fóill. Ḃíodar ar ḃeagán biḋ agus ar ġann-ċuid uisge; ḃí áḋmuid na luinge sgoilte le teas mór na gréine ionnós go mb’éigin dóíḃ ḃeiṫ ag caidéal ó ḋuḃ go duḃ. Agus le bárr ar an anró, ḃí Satan agus a ċoṁluċt ag faire agus ag fana- ṁaint go ḃfuiġidís faill ar an gcaiptín agur ar a ṁuinntir. Séard a ḃí uaṫa a marḃuġaḋ agus an long ḃeiṫ faoi n-a riar féin aca.
Ḃíodar uile ar ġann-ċuid uisge mar duḃraḋ, aċt ní ḃíoḋ Máire Ḃán agus an Búrla gan fliuċaḋ béil: na tógtar ar a máṫair gur ċuir sí ceigín beag i dtaisge ḋóiḃ sa gcabán.
Ḋúisiġ Máire Ḃán as a codlaḋ oiḋċe. A ḋul i gcuideaċtain a haṫar a ḃí ag an roṫa stiúrṫa, sin é ḃí uaiṫe; aċt ar eagla go gcuirfeaḋ a máṫair cosg léiṫe, ní suas an staiġre beag ċuaiḋ sí aċt leig sí síos trí poll mór í féin, go raiḃ sí ṡíos i dtóin na luinge. Ċuaiḋ sí ṫríd an bpoll sin cúpla uair ċeana, aċt go raiḃ an lá ann. Ní raiḃ léas soluis le feiceál aice i mbroinn na luinge, agus ġaḃ uaṁan í. Ċáiṫ sí uair a ċluig, nó ós a ċionn, ag láiṁseáil timċeall ag iarraiḋ an bealaċ a ḋéanaṁ sa bpoll duḃ dorċa. Annsin ḃris a gol uirṫi. Ḃí sí cinnte go ḃfaiġeaḋ sí bás gan caḃair [ 18 ]gan congnaṁ san uaċais ġránda sin. Ḃí droċḃalaḋ ann ó’n mboḋar-uisge bréan a ḃí bailiġṫe i dtóin an ḃáid, agus is ar éigin nár ḃain an bolaḋ sin a céadfaiḋ ḋi.
Ḃí sí tamall maiṫ ag gol nuair ṁoṫuiġ sí rud beó i n-aice léiṫe. Ḃí an t-ainṁiḋe seo, ma’s ainṁiḋe ḃí ann, ag srónaċt timċeall uirṫi ’gur bualaḋ a ġob le n-a leicinn. Luċ franncaċ a ḃí ann agus é go halpaċ. D’eiriġ leiṫe an ruaig a ċur air aċt ṁoṫuiġ sí go raiḃ na céadta eile aca n-a gar. Ċonnaic sí ḋá ċéad súil i ḃfoisgeaċt slaite ḋi Ba ċosaṁla le réaltaiḃ beaga dearga ḃeaḋ ag soillsiuġaḋ i spéir ḋuiḃ iad, ná le súiliḃ.
Ḃí iongnaḋ a hanma uirṫi, agus ní iongnaḋ ar biṫ é, aċt níor ṫosuiġ sí ag caoineaċán ná ag gol. Dá dtosnuiġeaḋ is cinnte go n-ionnsuiġeaḋ na hainṁiḋṫe fíoċṁara ocraċa seo í. Níl ḟios céard a ċuir ’n-a ceann é, aċt séard a rinne sí amrán bog cronánaċ a ġaḃail.
Cineál suantraiġe ḃí ’san aṁrán a ḃí aice, agus ḃí á ḋá súil dúnta aice agus í ġá ġaḃail; nuair d’osgail sí na súile arís, ní raiḃ na réaltóga beaga dearga le feiceál aice, agus ní ḃfuair sí amaċ ariaṁ an é an ċaoi gur ċuir an ceól bog eagla ṁór ar na luċaiḃ, nó ar ċuir an binneas neaṁġnaṫaċ codlaḋ trom orṫa.
Ar aon ċuma, ní ḋeárna sí mórán moille san áit ar casaḋ léiṫe iad aċt siúd léiṫe ar aġaiḋ arís.
Faoi ḋeireaḋ, ċonnaic sí na réalta ós a cionn. Ċonnaic sí mar ḃeaḋ ballaí duḃa dorċa timċeall uirṫe. Rinne sí ar ċeann de na ballaiḃ seo. Tráṫṁail go leór ḃí téad cnáibe ag sileaḋ leis an mballa, agus ó ḃí aicliḋeaċt cos agus lám aice—go deiṁin ba ḃeag naċ raiḃ sí ċoṁ sgofánta le buaċaill óg—d’eiriġ leiṫe strapadóireaċt a ḋéanaṁ, agus leiṫead a ḋá bonn ḟaġáil ar urlár meaḋonaċ na luinge le duaḋ mór.
B’éigin di siuḃal go réiḋ agus go cúramaċ nuair ḃain sí an t-urlár seo amaċ, mar ní raiḃ aon solus ann agus ní raiḃ ḟios aici cá sáṫfaḋ sí a cos. Ḃí téadraċa, [ 19 ]blocanna, sean-iarann, soiṫiġ, cleiṫí agus gaċ aon tsórd oirnéis caiṫte ṫall is i ḃfus, agus is iomḋa trisleóg agus tuairt baineaḋ aiste go ḃfaca sí léas beag soluis ag deallraṁ ṫrí ṡiúntaċaiḃ na gclár ar a haġaiḋ amaċ.
Ċuala sí torann freisin. Glórṫa fear—sin é ċuala sí; agus ḃí na glórṫa seo i ngoireaċt ceiṫre slat di. Ag ceann na luinge ḃí sí, i n-aíce le pluais ċodalta na mairnéalaċ. Ġlac mór-eagla í; b’ḟeárr léiṫe na luiċ féin ġá halpaḋ na ḃeiṫ i ngreim ag Satan agus a ċuideaċta.
Ḃíodar ag cainnt go hárd agus fearg i nglór cuid díoḃ; ċuir sí súil le siúnta go ḃfeiceaḋ sí céard a ḃí ar siuḃal, agus annsin do leaṫ an raḋarc uirṫe.