An Crann Géagach/An Breac atá san Abhainn Mhóir

96457An Crann Géagach — An Breac atá san Abhainn MhóirPádraic Ó Conaire
[ 74 ]
AN BREAC ATÁ SAN ABHAINN MHÓIR

D’aithneóchainn an breac sin thar aon bhreac dár lúb é féin i bpoll srotha ariamh. Tá toirt ann thar mórán dá ghaoltaibh, agus aois nach bhfuil ag a lán díobh. Acht an chiall atá ’n‑a cheann! Tá iasgairí na seacht bparáisde cráidhte céasta aige le na bliadhantaibh fada; gach uile chineál baoite dár cuireadh ar dhubhán ariamh féachadh iad—ní dhéanann an seadaire de bhreac acht gob biorach a sháitheadh amach thar an gcloich mar a mbíonn comhnaidhe air, iarball a chasadh go sgigeamhail agus imtheacht leis ar a shuaimhneas.

D’fheictheá shíos uait é san uisge glégeal, agus gan beann aige ort ná ar do bhaoite dá fheabhas é. Agus nach ort bhéadh an cantal nuair d’fheictheá é ag éirghe aníos go bárr uisge le breith ar mhíoltóig bhéadh ar aon dath agus ar aon chosamhlacht leis an gceann bhéadh ar do dhubhán féin! An breac clisde seanda sin! Nach iomdha easgaine bhain sé as iasgaire le n‑a linn.

Ar dhubhairt tú liom go bhfuil fonn ort a dhul ar a thóir, a iasgaire na mbreac? Cuirfead ar an eólas thú; téigh go hÁrd Macha i dtosach; annsin, cuir aithne ar aon iasgaire breac dá bhfuil sa gcathair sin. Abair leis go bhfuair tú tuairisg an Bhric, agus go bhfuil socraighthe agat gan an áit fhágáil go mbeidh sé agat istigh ’do mhála.

[ 75 ]Nach rómhat bhéas an fháilte! Nach duit innseóchar na sgéalta fíre faoi iasgairibh tháinic as tíorthaibh i bhfad i gcéin le Breac na hAibhne Móire a mhealladh!

Cuirfear an uile dhuine sa gceanntar shíl an Breac thabhairt leis i n‑aithne dhuit. Déanfaidh tú cumann agus cáirdeas buan leis an ógánach caol agus leis an seanóir liath. Taisbeánfaidh gach duine aca a ghléas iasgaireachta dhuit, idir dubhán agus dorugha agus slat. Cuirfidh sé síos ar an mBreac dhuit, ar a thoirt, ar a mheadhchan, ar a chlisteacht—cuirfead geall leat go gcloisfidh tú sgéalta faoi Bhreac na hAibhne Móire a sháróchas aon sgéal iasgaireachta atá sna leabhraibh....

Nár tháinic fear óg as Albain san áit uair agus nár thug sé mionn agus móid nach bhfágfadh sé bruach na haibhne go mbéadh an Breac aige? An fear óg díthchéillidhe! Níor thuig sé cé’n éirim bhí i gcoigeann an éisg sin!

Chaith sé an tEarrach ann. Bothán beag de chliathaibh aige ar an mbruach agus biadh ghá thabhairt chuige gach lá ó’n gcathair. Tháinic tús an tsamhraidh. Chuir sé féin agus an breac aithne níos feárr ar a chéile. Le linn an tsamhraidh fhada bhuidhe, bhí an fear agus an t‑iasg i gcuideachtain a chéile, ag éirghe muinnteardha le chéile; go raibh rún an ógánaigh ag an mbreac agus rún an Bhric ag an ógánach....

Dubhairt fear liom nach ag iasgaireacht chaitheadh an t‑ógánach an aimsir ar chor ar bith [ 76 ]acht ag ceapadh filidheachta: acht cé chreidfeadh a leithéid de dhuine nár chuir baoite ar dhubhán ariamh?

* * *

An áit a bhfuil comhnaidhe ar an mBreac bhainfeadh sé filidheacht as an t‑é go mbéadh féith na filidheachta ann ar chor ar bith.

Uisge glé reatha ag imtheacht le fánaidh thar chlochaibh cruinne glasa. Poll dubh duaibhseach faoi mhullán árd. An poll sin ’n‑a sgathán aoibhinn ag gach néal agus ag gach éan théidheann treasna na spéire. Bruach ar gach taobh de’n pholl dubh ag éirghe aníos ó’n uisge go roighin réidh agus blátha ioldathacha ag fás air.

Agus na héanlaith bhíos thart ann! Deirtear nach bhfuil aon áit eile i nÉirinn is mó d’fheicfeá fáinleóga ná i n‑aice an phuill seo—na céadta agus na céadta díobh ag déanamh spóirt agus aoibhnis dhóibh féin ós cionn an uisge dhuibh le tuitim na h‑oidhche.

An chainnt agus an chantaireacht bhíos ag gach cineál díobh i dtosach an tsamhraidh sna sgeachaibh thart ann! Ann a bhíos feis agus cómhdháil éanlaith Éireann, agus an oiread gleó aca is bhíos ag lucht aon fheise eile: níl a fhios nach mbíonn an oiread céille le n‑a ngleó freisin—mara mbíonn féin, bíonn sé i bhfad níos binne....

Tá coill ann, i n‑aice leis an bpoll. Aoibhinn bheith sa gcoill sin lá brothallach buidhe samhraidh. Dordán beach ann. Cumhracht ó ithir agus ó luibh agus ó chrann ann. Draoidheacht ann do’n té gur féidir draoidheacht a chur air.

[ 77 ]Mo thruagh gan an samhradh ann! Mo sheacht gcéad truagh gan an samhradh ann agus mise sa gcoill sin!

Molaim do’n fhile cuairt thabhairt ar an áit, ar an bpoll dubh duaibhseach, ar an uisge glé reatha, ar an dá bhruach bláthmhara go na mílte éanlaith, ar an gcoill cheólmhar chumhartha—seadh, agus ar an mBreac atá i gceannas na ríoghachta draoidheachta seo....

* * *

Acht ní fheacas an Breac ariamh le mo shúilibh cinn. Ní fhacas an choill acht oiread, ná an poll dubh, ná an t‑uisge glé reatha. Acht mara bhfaca mé le mo shúilibh cinn iad chonnaiceas le súilibh m’intinne iad....

Seo é an chaoi ar chuireas aithne ar an mBreac agus ar an áit i dtosach:

Mé ’mo shuide ar mo stóilín i gcill an phríosúin ag féachaint uaim go truaighmhéileach thrid an bhfuinneóig ar phaiste de’n spéir ghuirm, agus ar an bhfáinleóig thagadh idir mé agus an paisde beag áluinn sin.

Osgluigheadh mo dhoras. Tháinic gárda isteach.

Bhí an tráthnóna ann agus gan mórán ar a aire. D’osgail sé leabhar póca bhí aige. Bhain suas le fiche dubhán go n‑a mbaoithí as.

“Iasgaire breac thú,” ar seisean, “chonaiceas san oifig cuid de na dubháin bhí do phóca nuair rugadh ort.”

Dubhras leis go mb’ eadh, gur chuireas suim mhór i n‑iasgaireacht breac. D’iarr sé orm an baoite míoltóg is feárr dá raibh aige féin [ 78 ]a thoghadh. Rinneas amhlaidh. Mholas cuid díobh. Cháineas cuid eile. Thuig sé go ndeárnas iasgaireacht, go raibh sgil agam san ealadhain sin.

Chuir an bheirt iasgaire breac aithne ar a chéile annsin i gcill phríosúin....

Bhí truaigh aige dhom nár fhéadas bualadh amach leis an tráthnóna sin le Breac na hAibhne Móire a mhealladh!

Thagadh sé cúpla uair nó trí go dtí mo chill gach seachtmhain n‑a dhiaidh sin, agus d’innsigheadh sé dhom faoi ’n mBreac agus a eachtraí, gur chuireas aithne mhór-mhaith ar an iasg clisde sin, ar an bpoll dubh duaibhseach mar a bhfuil comhnaidhe air, ar an dá bhruach bhláthmhara, ar an uisge glé reatha, ar an gcoill draoidheachta atá le n‑a n‑ais....

* * *

D’aithneochainn an Breac sin anois thar aon bhreac dár lúb é féin i bpoll srotha ariamh. Agus ó tá an t‑earrach ag teacht, agus an lá dhul ’un síneadh, bhéaraidh mé cuairt ar a áit chomnaidhthe. Déanfaidh mé bóthán cliath annsin ar an mbruach bláthmhar ceólmhar, agus cuirfidh mé fúm ann liom féin ar nós an Albanaigh óig; agus mara mbeiridh mé ar an mBreac, cá bhfios nach mbeirinn ar chuid de’n fhilidheacht atá ag baint leis an áit?