Caoimhghin Ó Cearnaigh/13

Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
An Leabhar Mór
[ 46 ]

CAIB. a XIII.—AN LEAḂAR MÓR.

Nuair a ḃí an t-Oireaċtas ṫart do ṫosnuiġ Caoiṁġín ag smaoineaḋ ar an obair go mbaḋ ċóir dó a ḋéanaṁ. Ḃí sé cinnte go raiḃ neiṫe 'na intinn ba ċeart dó ċur ċun críċe ar son na h-Éireann. Ḃí spiorad nua sa tír, aċt ḃí smaointe ag teasdáil. Ḃí na Gaeḋil ag corruġaḋ, aċt [ 47 ]ní raḃadar aċt i mbéal a maiṫeasa fós; níor ṫuigeadar a mbealaċ ná a dtír ná an aois nua i gceart; agus na treoruiḋṫe intleaċtaċa a ḃí aca, ní raiḃ dúil i dtreorú ag a ḃfurṁór. Ċeap cuid aca gur leor dóiḃ tobac a ċaiṫeaṁ ins An Stad agus aḃráin do ċumaḋ ar an sean-nós; ṡaoil cuid eile aca gurḃ iad “fuaimeanna” a ċuirfeaḋ spiorad na h-Éireann i n-aondaċt le ceol treoruiġṫe na cruinne . . . Buḋ ċóir do gaċ sgríḃneoir go h-áiriṫe smaoiniuġaḋ agus oibriuġaḋ i mbárr a anama.

D' éiriġ Caoiṁġín go moċ gaċ maidin, agus amaċ leis ar a roṫar ṫar na bóiṫre idir na sléiḃṫe agus an ḟairrge. Ḃí “draoiḋeaċt na maidne” 'na ċroiḋe agus 'na ṫimċeall, agus diaiḋ ar ndiaiḋ do ṡocruiġ sé ar leaḃar mór, táḃaċtaċ, intleaċtaċ do sgríoḃaḋ.

Diaṁaireaċt agus síḃialtaċt bun a's bárr an leaḃair—diaṁaireaċt agus síḃialtaċt na nGaeḋeal. B' eol dó go raiḃ síḃialtaċt i n-Éirinn, agus ar fud an doṁain, na mílte bliaḋain roiṁ Aois ár dTiġearna. An ċaint do ċuala sé agus na leaḃra do fuair sé i gCumann Erigena ċuireadar crot nua, iongantaċ ar sgéal an ċiniḋ ḋaonna. Agus maidir leis an rud ar a nglaoḋtar “stair,” ḃí sé ċóṁ cosaṁail le fíor-stair agus do ḃí “nuaiḋeaċt” na bpáipéar laeṫeaṁail le beaṫaiḋ spriod- álta agus le beaṫaiḋ intleaċtaiġ na h-Éireann. Ḃí sé cinnte go raiḃ diaṁaireaċt áluinn i n-Éirinn i n-allód, agus gan eolus a ḃeiṫ againn faoi an ndiaṁaireaċt sin ní féidir linn síḃialtaċt agus saoṫar agus sgéal ár sean do ṫuigsint. Cailleaḋ an diaṁaireaċt agus milleaḋ an saoġal i n-Éirinn i ḃfad sul ar ṫáinig na Loċlannaiġ. D'éiriġ an-ċuid daoine go h-aċrannaċ, d'éiriġ cuid eile aca go foirmeaċ. Ḃí morán eolais fá leiṫ ag Caoiṁġín i dtaoiḃ an tsean-ṡaoġail agus na sean-ḟeallsaṁnaċta agus na sean-ealaḋan agus na sean-ṡíḃialtaċta; agus ċuir sé leagan nua ar an iomad rud a ḃain leis na sean-déiṫe, leis na sean-nósa, agus leis na sean-sgéalta. Ba léir dó gur ṫuig an sean-sean-Ġaeḋeal, ċóṁ maiṫ leis an nGréagaċ, ⁊l, an diaḋaireaċt a ḃí ann féin; ba ḟeasaċ dó-san go raiḃ ríoġaċt Neiṁe ann féin. Aċt ba ṡuaraċ é smuaineaḋ na n-Éireannaċ i dtaoiḃ an tsaoġail agus an ċiniḋ ḋaonna le fada. Ní raiḃ fios aca—mar a ḃí ag a sinnsir—ar an ndiaḋaireaċt agus ar an nglóire a ḃí le fáġail ionta féin. Aċt do ṫaisbeán spiorad an [ 48 ]Oireaċtais go raiḃ aṫrú ag teaċt orṫa. Duḃradar go mba ṁaiṫ leo a ḃeiṫ ċóṁ Gaeḋealaċ le n-a sinnsir, agus a ḃeiṫ cosaṁail leo do réir spioraid agus do réir smaointe. Ḃí go maiṫ. De ḃríġ go raiḃ an sgéal mar sin baḋ ċeart a lán eolais ar spiorad agus smaointe na sean-Ġaeḋeal a ṫaḃairt dóiḃ, duḃairt Caoiṁġín leis féin. Ċeap sé mar ṫeideal an leaḃair: “Creideaṁ agus Saoṫar ár Sinnsir,” agus mar ḟó-ṫeideal: “An Ceangal atá idir Diaṁaireaċt agus Fíor-ṡíḃialtaċt.” Do ṫosnuiġ sé ar clár do riaraḋ.

Do sgríoḃ sé ċuig Úna gaċ lá. Ḃí an-tráċt ins na litreaċa fá “An Leaḃar Mór.” Uair aṁáin ḃí sé go h-aereaċ, fileaḋta, uair eile ḃí sé go fuinneaṁail, uair eile arís ḃí sé go brónaċ.

Sgríoḃ sé maidin:

“Is iongantaċ iad na h-imṫeaċta a ḃíos ar siuḃal san ‘ṁór-intinn’ agus an ‘duine’ 'na ċodlaḋ. Oiḋċe aréir ḃíos an-ṫuirseaċ tar éis teaċt a ḃaile ón oifig dom. Rinne mé iarraċt ar leanaṁaint ar an gcaibidil úd i dtaoiḃ ban-déiṫe na sean-Ġaeḋeal, aċt do ṫeip orm glan. Ḃí na smaointe trí n-a ċéile, agus níor ḃ'ḟéidir liom bríġ an sgéil do noċtaḋ ar aon ċor. Do ċailleas an oiḋċe agus ċuaiḋ mé do ċodlaḋ ar a dó a ċlog ċóṁ tnáiḋte, agus ċóṁ mí-ṡásta liom féin a's do ḃí mé riaṁ. Aċt ar ndúiseaċt dom ar maidin ṡaoileas ar feaḋ nóimid go raḃas cois tráġa áilne agus go raiḃ mná sár-ḃinne ag caint i n-aice liom. Saṁluiġeaḋ ḋom gur ḃan-déiṫe a ḃí ionta, nó go raḃadar ag cainnt i dtaoiḃ na mban-déiṫe. An ċéad nóimead eile ḃíos im' lán-ḋúiseaċt, agus ḃí an ‘tráiġ’ agus na ‘mná’ imṫiġṫe. Aċt na neiṫe nár ḃ'ḟéidir liom socruġaḋ aréir ḃíodar go soilléir agam annsin. Táim tar eis cuid ṁaiṫ de'n ċaibidil a sgríoḃaḋ. Aċt fáiríor, is éigin dom stad anois. Caiṫfiḋ mé dul go dtí an oifig—agus ní ḟeadar cia'n obair ṡuaraċ, neaṁ- ṫairḃeaċ atá róṁam. Óċ, a ḃan-déiṫe mo ċroiḋe, ní féidir liom freastal oraiḃ no go dtiocfaiḋ an oiḋċe arís. Tá ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ ag glaoḋaċ orm.”

Sgríoḃ Úna ar ais ċuige:

“An é sin an saġas ‘staire’ atá d'á sgríoḃaḋ agat?—rudaí a ċualais mná siḋe ag ráḋ cois tráġa draoiḋeaċta ar osgailt dó ṡúl ḋuit ar maidin! Sin é an Forus Feasa dáríriḃ! Ḃfuil an réaṁráḋ sgríoḃṫa ag Clíoḋna fós? An mbéiḋ nótaí agat ón nGobán Saor?”

[ 49 ]Sgríoḃ sé ċuice oidċe:

“Tá amadán an doṁán 'na ċoṁnuiḋe i nDuṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean. Caoiṁġín Ó Cearnaiġ is ainm dó. Do ċrom sé ar leaḃar mór do sgríoḃaḋ, ċun ceist ṁór do noċtaḋ. Aċt fiċe duine foġlumṫa ag obair go dian ar feaḋ fiċead bliaḋna—ní ḃéidís i n-ann an t-eolas go léir—áḋḃar an leaḃair—a ḃailiuġaḋ. Ḃéaḋ orṫa a lán leaḃra agus a lán sgéalta agus a lán láṁ-sgríḃinne sean-Ġaeḋilge a sgrúdú, agus annsin a lán leaḃra Frainncise, agus a lán leaḃra Gearmáinse, ⁊rl, a sgrúdú. Annsin ḃéaḋ tús maiṫ déanta aca. Aċt ní ḃéaḋ ann aċt tús. Ċeap an gogaille gó úd, an Caoiṁġín réaṁráiḋte, go mb'ḟéidir leis féin an obair go léir a ḋéanaṁ i n-aon ḃliaḋain aṁáin! . . . Is éigin dam aṫrú ċláir a ḋéanaṁ. Sgríoḃḟaiḋ mé ar dtús ar ḋiaḋaċt agus ar ḋiaṁaireaċt an ċiniḋ Airian agus ar ḋiaṁaireaċt an tsean-ṡaoġail i gcoiṫċeann. Annsin sgríoḃfaiḋ mé ar na príoṁ-Ċeiltiġ ag a raiḃ an t-eolas céadna agus an diaṁaireaċt ċéadna—nó ag a múinteoirí agus a n-ollaṁain pé sgéal é. Annsin feicfiḋ Éireannaiġ an lae indiu an ḃeaṫa ṁór spriodálta a ḃí ag na príoṁ-ṡleaċta. Feicfiḋ siad rud mór eile: an tsliġe is fearr ċun an ḃeaṫa ṁór spriodálta ċéadna a ṡaoṫruġaḋ ionta féin.”

Duḃairt Úna gur deas an taiḋḃreaḋ é, aċt naċ raiḃ ann aċt taiḋḃreaḋ. B' ḟurus a ċeapaḋ agus a ráḋ go raiḃ Aois Ḟorórḋa ann ar dtús, agus go mbéaḋ sí ann arís. Fáiríor, ní raiḃ ins an méid sin aċt finnsgéal, agus ní raiḃ ins an méid seo aċt dóċas agus dúil anama. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋó ḃeiṫ ag ráḋ go raiḃ faṫaiġ ann i n-allód.

Agus b' ḟéidir go raiḃ, duḃairt Caoiṁġín san ċéad litir eile. “Deirtear gurab é an cúigeaḋ cineaḋ daonna atá ins an doṁan anois. Glaoḋtar an cineaḋ ‘Atlantean’ ar an gceaṫraṁaḋ cineaḋ. Deirtear gur cineaḋ faṫaċaṁail a ḃí ann nó i gcuid de. Deirtear fós go raiḃ fuiġeall an ċiniḋ sin ar an doṁan nuair ṫáinig ár gcineaḋ féin, agus dá ḃríġ sin ḃí corp na fírinne sna céad sgéalta i dtaoiḃ na ḃfaṫaċ. Nílim ag ráḋ go ḃfuil sé fíor nó naċ ḃfuil. Aċt táim cinnte i dtaoiḃ síḃialtaċt' an tsean-ṡaoġail. Taisbeánann sean-sgéalaċt, nó ealaḋa ṡean-ċoṁarṫaiḋe, an tsíḃialtaċt ṁór a ḃí ag na daoine a ṁair i ḃfad roiṁ ár n-aimsear féin, na mílte bliaḋain [ 50 ]roiṁ Aois ár dTiġearna. Ḃí caṫraċa ċóṁ mór le n-ár gcaṫraċa féin aca. Ḃí foġluim ṁór, ḋoiṁin aca; coiṁéadaḋ ó aois go haois i dteangain rúin-diaṁraiġ ṡaṁlaċtaiġ í. Ḃí i ḃfad níḋ ba ṁó eolais aca i dtaoiḃ an anama 'ná atá againne. Cuiṁniġ ar na Gréagaiġ féin agus an stuidéir a rinneadar faoi Eṫos. Deir Platon go ḃfuil an t-anam tríonóideaċ, go ḃfuil trí neiṫe ann—an nous, atá diaḋaireaċ agus síorruiḋe, an anoia, atá éigciallḋa, agus an psyċe. Is miṫid do na h-Éireannaiġ fíor-stuidéir a ḋéanaṁ fá'n anam arís, agus fá ḃríġ na cruinne.”

Ḃí go maiṫ, duḃairt Úna, aċt naċ rinne sé dearmad mór? Ó éirġe na Críostaiḋeaċta naċ raiḃ gaċ rud i dtaoiḃ an anama go soilléir?

Ní raiḃ, duḃairt Caoiṁġín. “Do ṫaisbeán Críost, agus do ṁíniġ Sé, bun-riaġlaċa spriodálta. Tá siad simpliḋe, tá siad an-iongantaċ. Ní mór dúinn iad a ċoiṁéad agus a ċóiṁlíonaḋ. Dá ndéanfaimís sin amuiġ 's amaċ do ġeoḃaimís tús Ríoġaċta Neiṁe san tsaoġal so agus ionainn féin. Aċt tá beagnaċ ḋá ṁíle bliaḋain caiṫte, agus níl aċt tosnuġaḋ déanta fós. Tá na bun-riaġlaċa dearmadṫa ag a lán agus tá a gCríostaiḋeaċt go foirmeaċ. Tá diaṁaireaċt Ċríost agus diaṁaireaċt na saoiṫe naoṁṫa dearmadṫa. Agus dá ḃríġ sin tá dliġṫe agus iongnaḋ an anama gan noċtaḋ; táimíd neaṁ-eolgasaċ 'na dtaoiḃ. Ceapaim féin anois naċ mbéiḋ a ṁalairt de sgéal againn no go dtuigimíd an diaṁaireaċt atá i dteagasg Ċríost, agus fós—no go dtuigimíd go ḃfuil aiṫ-ḃreiṫ nó aiṫ-ionċolnuġaḋ ann. Ċreid ár sinnsir go raiḃ sé ann; agus ní gáḃaḋ ḋam a raḋ go réiḋtiġeann sí le teagasg agus le diaṁaireaċt Ċríost.”

Duḃairt Úna gur ċuir an smaoineaḋ sin sgannraḋ uirṫe. Buḋ uaṫḃásaċ an rud sinne a ḃeiṫ ag teaċt ar ais arís agus arís eile ar an doṁan dolásaċ so. Baḋ ċeart go mbéad suaiṁneas agus síoṫċáin ag duine boċt tar éis aon turais aṁáin.

Ní duḃairt aoinne, ar Caoiṁġín, go dtiocfaḋ “duine”—an “gnáṫ-ḋuine”—ar ais arís. Níl sa ngnáṫ-ḋuine aċt saġas aisteora, gan ḟios dó féin. 'Sé an t-anam an fíor-duine, agus is é an t-anam a ṫigeas ar ais arís—an t-anam agus ‘an ċolann ċúiseaċ,’ do réir saoiṫe áiriṫe—i gcolainn ċorporḋa nua. Agus is maiṫ leis an anam féin [ 51 ]é sin do ḋéanaṁ, agus iarraċt nua agus cleaċtuġaḋ nua a ḃeiṫ aige sa doṁan. Is léir do'n anam, sul má nglacann sé colainn nua, naċ mbéiḋ 'na “ḃeaṫaiḋ” nua ar an tsaoġal aċt seal beag i gcóiṁṁeas le saoġal na saoġal agus leis an aoiḃneas síorruiḋe atá roiṁe—nó atá aige, baḋ ċeart a ráḋ. Aċt saoileann sinne—“gnáṫ-ḋaoine,” “aisteoirí” i gcruaiḋ-ċluiċe, mar atáimíd—go ḃfuil an saoġal an-ḟada, an-tuirseaċ ar fad. Tá ḟios ag ár n-anamainn—ár ḃfíor-ḋaoine fá ċeilt—naċ aṁlaiḋ atá an sgéal.”

Ḃí an sgéal mar sin ag Caoiṁġín agus Úna ar feaḋ i ḃfad. Sgríoḃadar áḋḃar leaḃair ṁóir i ḃfuirm litreaċa. Aċt ḃí Caoiṁġín ag éirġe go mío-ḟoiġdeaċ, mí-ṡásta, cráiḋte. Uaireannta ní raiḃ sé i n-ann focal de'n leaḃar a sgríoḃaḋ. Ċaill sé an oiḋċe ar fad go minic. Ba ḋeas a ḃeiṫ ag sgríoḃaḋ ċun Úna, ba ḋeacair rud eile do sgríoḃaḋ, nuair a ḃí sé tuirseaċ, agus fonn air a ḃeiṫ ag caint le h-Úna nó ag sgríoḃaḋ ċuiċe. Uaireannta eile ḃí sé tnáiḋte tar éis na h-oibre i gcóir an ṗáipéir, agus na smaointe bríoġṁara a ḃí 'na intinn ar maidin ḃíodar imṫiġṫe glan. Ḃíoḋ sé ag á iarraiḋ ar Úna a h-intinn a ṡocruġaḋ ċun an ṗósta. Dá mbéaḋ sí aige mar ṁnaoi ḃéaḋ an saoġal go h-áluinn, agus ḃéaḋ seisean i n-ann an leaḃar do ċur ċun cinn go breaġ, réiḋ, bríoġṁar, duḃairt sé. Ḃéaḋ sé i n-ann fíor-litriḋeaċt do ċumaḋ ar a ṡuaiṁneas. Fuair sé freagarṫa sultṁara magaṁla ó Úna. Aċt ḃí imniḋe uirṫe.