Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/V

183752Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas — COMHAIRLE CNEAMHDÓIGEPádraig Ó CadhlaLewis Carroll

[ 46 ]CAIBIDIL A V

COṀAIRLE CNEAṀDÓIGE

D’ḟeuċ an ċneaṁdóg (tugtar cneaṁdóg ar an bpiast ċabáiste) agus Eiḃlís ar a ċéile ar feaḋ tamaill gan an oiread agus focal as aoinne aca. ’Sa deireaḋ ḃain an ċneaṁdóg an píopa as a ḃeul agus laḃair sé léi i nguṫ faon-lag codlataċ.

“Cé hé tusa?” arsaiġ an ċneaṁdóg.

Ba ḃoċt an bogaḋ ċum seanċuis a leiṫéid seo de ċeist a ċur. D’ḟreagair Eiḃlís é go háiṁleasga: “Is ar éigin atá a ḟios agam féin cé hé mé fé láṫair, a ḋuine uasail — tá a ḟios agam cé arḃ’é mé ar maidin nuair d’éiriġ mé, aċt is mó cor agus aṫruġaḋ a ċuir mé ḋíom ó ṡoin.”

“Cadé an ḃríġ atá agat leis an gcaint sin?” arsaiġ an ċneaṁdóg go dána. “Míniġ ḋom bríġ do scéil!”

“Ní féidir liom aon ṁíniuġaḋ in aon ċor a ṫaḃairt im’ ṫaoḃ féin duit, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, “tá a ḟios agat naċ mise mé féin in aon ċor.”

“Ní ḟuil a ḟios agam aon rud dá leiṫéid,” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Is baoġal liom,” arsaiġ Eiḃlís go deaġ- ḃeusaċ, “naċ féidir liom aon solus níos fearr a ṫaḃairt duit ar mo ċúrsaí; ní ḟuil solus agam féin orra, agus is bacaċ an tosaċ ar mo sceul a innsint é sin. Is mór an cráḋ do ḋuine ḃeiṫ ag dul i luiġead agus ag dul i meud ċoṁ minic sin.”

“Deirim-se naċ eaḋ,” arsaiġ an ċneaṁdóg. “Ó, béidir,” arsaiġ Eiḃlís, “nár ṫárlaiġ [ 47 ]mar sin duit-se fós, aċt beiḋ tú id’ ṗiast lá breáġ éigin, agus in a ḋiaiḋ sin beiḋ tú id’ ḟeilleacán, agus ḋeurfainn-se, pé sceul é, ná beiḋ tú ró ṡásta a ḃeiṫ ag aṫruġaḋ ċoṁ minic sin.”

“Riaḃaċ pioc caduaic a ċuirfiḋ sé orm,” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ó, béidir,” arsaiġ Eiḃlís, “naċ í an nádúir ċeudna tá ionainn, aċt tá a ḟios agam gur ait liom-sa a leiṫéid.”

“Leat-sa, an eaḋ,” arsaiġ an ċneaṁdóg. “Cé hé tusa, má’s eaḋ?”

Agus ṫarraing an ċeist sin siar ċum tosaċ an tseanċuis arís iad. Níor ṫaiṫniġ le Eiḃlís an tsnabaireaċt so ón ċneaṁdóig, agus ḃain sí stuir aiste féin agus aduḃairt i gcorp lom dáiríreaċta: “Is dóiġ liom,” ar sí sin, “gur ċeart duit-se a innsint doṁ-sa cé hé tú féin i dtosaċ.”

“Cadé a ċúis?” arsaiġ an ċneaṁdóg. Ċuir an ċeist seo an ċaint ’sa ṁuilleann arís orra, agus ós rud é ná fuiġfidís réiḋċan le n-a ċéile d’iompuiġ Eiḃlís ar a sáil agus ḃí sí ag imṫeaċt léi.

“Cas,” arsaiġ an ċneaṁdóg, “tá rud éigin éifeaċtaṁail agam le ráḋ leat.”

’Seaḋ, ḃí deallraṁ éigin ar an gcaint sin, agus ċas Eiḃlís ṫar n-ais arís.

“Iomċur tú féin,” arsaiġ an ċneaṁdóg. “Ná raiḃ le ráḋ agat liom aċt an méid sin?” arsaiġ Eiḃlís, agus ḃrúiġ sí fúiṫe ċoṁ maiṫ agus d’ḟeud sí é.

“Ḃí,” arsaiġ an ċneaṁdóg. Duḃairt Eiḃlís léi féin go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aici a suaiṁneas a ċeapaḋ agus go mb’ḟéidir go inneosaḋ sé rud éigin dí ar ḃfiú éisteaċt leis. Ar feaḋ [ 48 ]roinnt nómantaí ṫarraing sé leis a ṗíopa agus gan aon ḟocal cainte aige, aċt fé ḋeireaḋ scaoil sé a ḋá láiṁ as a ċéile agus ḃain sé an píopa as a ḃeul agus laḃair sé. “Agus is dóiġ leat go ḃfuil aṫruġaḋ ort?” ar sé sin.


“Iomċur tú féin,” arsaiġ an Ċneaṁdóg

[ 49 ]"Tá eagla orm go ḃfuil,” arsaiġ Eiḃlís, “ní féidir liom cuiṁneaṁ ar rudaí mar ba ṫaiṫeaċ liom agus ní ḟanaim ’sa meud ná ’sa rioċt ceudna ar feaḋ aon deiċ nómantaí!”

“Cad iad na rudaí naċ féidir leat cuiṁneaṁ orra?” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ṡíl mé “Fiaḋaċ an Ṁadra Ruaḋ ’sa Rinn” dó ráḋ, sin aṁrán airiġinn ag Uilliam Ṫaiḋg, agus ḃí sé go léir ag dul ’sa ṁuilleann orm,” arsaiġ Eiḃlís go truaiġḃéileaċ.

“Abair “An té ċífeaḋ an t-iongantas” dom,” arsaiġ an ċneaṁdóg.

Ċuir Eiḃlís a ḋá láiṁ taoḃ ṫiar dá drom agus ṫosnuiġ sí: -

“An té ċífeaḋ an t-iongantas ċonnaic mise an lá úd,

Madra-ruaḋ ar sodar agus diallait ón Spáinn air, Poc-fiaḋ ar a ṁuin agus é ag imirt ar ċláirsiġ, Duḃan-ḟalla agus teud aige dá dtarraing ṫar sáile.

M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déiniḋ rinnce.

An té ċífeaḋ an t-iongantas ċonnaic mise an lá úd, Cnoc Ṁaol Doṁn’ istiġ i mbórd árṫaiġ, Baile na Sagart ag ól a sláinte, Táiliúir i mbeul muice agus é ag scuabaḋ na sráide. M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déiniḋ rinnce. [ 50 ]An té ċífeaḋ an t-iongantas ċonnaic mé i gcrann geaṁaise, Fionnóg agus cleaṫ aici ag caiṫeaṁ le franncaiġ. Ḃí oiread ceann capaill de ḃosca ar a ceann ṫuas, A’s í ag díol a cuid earraiḋe idir Ċorcaiġ agus Londuin.

M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déiniḋ rinnce.”

“Éist do ḃeul,” arsaiġ an ċneaṁdóg, “tá sé go léir tré n-a ċéile agat.”

“Is dóċa go ḃfuil, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, go scáṫṁar, “is dóċa go ḃfuil cuid de na focail bun ós cionn agam.”

“Tá gaċ aon ṗioc riaṁ de bun ós cionn agat, ó ṫosaċ go deireaḋ,” arsaiġ an ċneaṁ- dóg. Níor ḟan focal aici.

“Abair ’Aiġneas an Ṗeacaiḋ leis an mBás,’” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ní ḟuil sé agam,” arsaiġ Eiḃlís. “Ná “Coṁairle na Bárd Scolóige dá Ṁac,"” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ní ḟuil, ná sin,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt deurfa mé “An Tiġ a Ṫóg Seáinín” duit.”

“Oḃoċ! mo léir tú!” arsaiġ an ċneaṁdóg, “ḃeaḋ sé sin ag an leanḃ a rugaḋ indé geall leis, aċt, seo leat é, má’s eaḋ.”

Ḃí an dá láiṁ taoḃ ṫiar dá drom i gcoṁ- nuiḋe agus ṫosnuiġ sí gan a ṫuille moille:

“Sin é an tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin é an coirce garḃ a’s mín

Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín. [ 51 ]

Sin é an franncaċ
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin é an cat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin é an madra ṫíos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin í an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin í an cailín deas díoṁaoin
Do ċrúiḋ an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin é an fear gan ṁaiṫ gan ṁaoin
Do ṗóg an cailín deas díoṁaoin
Do ċrúiḋ an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.”

[ 52 ]"Dar ndóiġ, ní gáḃaḋ ḋuit “paidir Ċapaill” ar fad a ḋeunaṁ den sceul,” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ná cuir amuġa air mé,” arsaiġ Eiḃlís.

“Sin é an sagart lán de Laidin
Do ṗós an fear gan ṁaiṫ gan ṁaoin
Leis an gcailín deas díoṁaoin
Do ċrúiḋ an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin é an coileaċ a ġlaoiḋ ar maidin
Do ḋúisiġ an sagart lán de Laidin
Do ṗós an fear gan ṁaiṫ gan ṁaoin
Leis an gcailín deas díoṁaoin
Do ċrúiḋ an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.”

“’Seaḋ, tá gaisce mór deunta anois agat,” arsaiġ an ċneaṁdóg, “do-ġeoḃa tú t’anáil a ṫarraing anois agus béidir annsin go ndeurfá, ‘Táir in Aċrann is na Bliaḋanta!’”

“’Seaḋ, deunfa mé mo ḋíċeall, ar ndóiġ,” arsaiġ Eiḃlís.

Coṁ luaṫ agus a fuair sí breiṫ ar a hanáil seo ar siuḃal arís í.

[ 53 ]

"’Táir in aċrann is na bliaḋanta,’ arsaiġ
Peaid le n-a Ḋaid,
’A’s an méid ded’ ċeann boċt ná fuil maol
tá sé liaṫ.
’Dé ċúis duit, má’s eaḋ, ḃeiṫ ag síor-ṡeasaṁ
ar do ṗlait,
Nó an tonn-taoscaḋ, nó an treiġid é do ċiaċ?’


“’Dé ċúis duit, má’s eaḋ, ḃeiṫ ag síor-ṡeasaṁ ar do ṗlait”

’Nuair ḃíos ag foġluim an cleas im’ óige a’s
im’ aiṁleas,’
Arsaiġ Daid an Ġrinn ag freagairt a ṁic,
’Ba ḃaoġal liom dom’ ṁeaḃair a’s mo ċiall
liom ba ċeas,
Aċt, ní raḃadar ann naċ an oiread a’s tá ’sa lic.’

[ 54 ]

’Ó, Dia linn, a’s caḃair! tá mo Ḋaid-se as a
ṁeaḃair,
Feuċ an tsliġe a ṫagann sé an dorus isteaċ.
Conus fén doṁan, a’s gan tú id’ ḟiaḋ ná id’
ġaḃar,
Ġeoḃaḋ aoinne id’ aois-se ḃeiṫ ċoṁ lán de
ṫeasbaċ?’


“Feuċ an tsliġe a ṫagann sé an dorus isteaċ”

’I dtús mo ṡaoġail a’s m’óige,” arsaiġ Daid
go ró ḃaoṫ,
’Ḃí mé féineaċ ċoṁ bríoġṁar le beaċ,
Agus annsin i rioṫ mo ṡaoġail nuair a ġeiḃinn
an ċaoi
Ċimilinn bálsam agus íce agus gibsol isteaċ.’

[ 55 ]

’Táir in aċrann is na bliaḋanta, a ċroiḋe ’gus
a ṡearc!
A’s ní ḟuil do ċorrán géill ċoṁ heuscaiḋ a’s
a ḃíoḋ,
Agus ní ḟeadar-sa ’sa tsaoġal conus d’iṫis an
ċearc
Idir cnáṁa agus sioṫog, crúb, gob agus sciaṫ.’


“Agus ní ḟeadar-sa ’sa tsaoġal conus d’iṫis an ċearc”

’Inneosa mise ḋuit-se sin, a laoiġ ġil, a’s a
ċuid!
Agus is maiṫ liom go mór gur ṫugais dom an
ċaoi;
Ní raiḃ buaḋċain ar do Ṁam i mbáirseoraċt
ná i dtroid,
Agus tá a rian ar mo ċorrán-sa go mbínn ag
gearraḋ gada léi.’

[ 56 ]

’An le draoiḋeaċt, le diabluiġeaċt, nó le
clisteaċt do ċleas
A ġeiḃeann tú an eas-cú sin a ċoimeád ar do
ċaincín?
Géireaċt do raḋarc! ó, ní féidir é a ṁeas,
Agus gur ṡíl mise ná raiḃ ionnat aċt glincín.’


“An eas-cú sin a ċoimeád ar do ċaincín”

’Scrios amaċ as mo raḋarc, a ḃrasaire ḋailtín! Agus ná bí ag ceistiúċán do Ḋeadá mar sin. Ní ḟuil de ċiall ná de ṁeaḃair istiġ id’ ċinnín A’s a ḃí ag an té ḋein an té nár ċuiḃe ḋos na coin.’”

“’Dé’n aoirde ba ṁaiṫ leat a ḃeiṫ ionnat?” arsaiġ an ċneaṁdóg.

[ 57 ]"Is cuma liom cadé’n aoirde ḃeiḋ ionnam,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt ní maiṫ le duine a ḃeiṫ ag aṫruġaḋ ċoṁ minic sin.”

“Ní ḟeadar mé sin,” arsaiġ an ċneaṁdóg. Ní duḃairt Eiḃlís aon rud annsin: níor ḃreugnaiġeaḋ ċoṁ minic sin riaṁ roiṁe sin í, agus ḃí fearg ag teaċt uirre.

“Agus an ḃfuil tú sásta leat féin anois?” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ rud beag níos aoirde, dá mbaḋ é do ṫoil é, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, “is suaraċ an aoirde gan aċt trí órdlaċ a ḃeiṫ i nduine.”

“Is maiṫ an aoirde í, go deiṁin,” arsaiġ an ċneaṁdóg go strollúsaċ, ag baint searraḋ as féin (trí órdlaċ ar aoirde díreaċ a ḃí ann féin).

“Aċt ní ḟuilim-se in a ṫaiṫiġe,” arsaiġ Eiḃlís go cráiḋte. Agus duḃairt sí in a haigne féin go mb’ḟearr léi ná beaḋ sé ċoṁ fuiris sin olc a ċur ar na hainṁiḋṫe.

“Raġa tú in a ṫaiṫiġe in áit a ċéile,” arsaiġ an ċneaṁdóg, agus ċuir sé an píopa in a ḃeul arís agus ċrom sé dá ċaiṫeaṁ.

Ḋún Eiḃlís a beul an iarraċt so agus d’ḟan sí gurḃ’ ṁaiṫ leis an gcneaṁdóig laḃairt arís. I gcionn cúpla nómant ḃain sé an píopa as a ḃeul agus ḃí sé ag meunġail agus dá ṡearraḋ féin. Annsin ṫáinig sé anuas den ṁuisiriún agus ṡnáṁaiġ sé leis tríd an ḃfeur. Duḃairt sé ag imṫeaċt dí: “Cuirfiḋ taoḃ de in aoirde ṫu agus an taoḃ eile cuirfiḋ sé i luiġead ṫu.”

“Taoḃ de cad é? Agus an taoḃ eile de cad é?” arsaiġ Eiḃlís léi féin.

[ 58 ]"Den ṁuisiriún,” arsaiġ an ċneaṁdóg, díreaċ mar adeurfaḋ sé dá mbeaḋ sí tar éis an ċeist a ċur ós árd air, agus annsin ḃí sé teiċte as a raḋarc.

D’ḟeuċ Eiḃlís ar an muisiriún mar ḃeaḋ sí ag baint meaḃraċ as d’iarraiḋ a ḋeunaṁ amaċ cad iad an dá ṫaoḃ ḃí air. Agus ó’s rud é go raiḃ an muisiriún in a ċearcall cruinn ba ḋeacair dí an ċeist seo a réiḋteaċ. Aċt fé ḋeireaḋ ċuir sí a ḋá láiṁ ṫimċeall air ċoṁ fada agus d’ḟeud sí iad a ċur agus ḃris sí ciosa beag den ṁuisiriún le gaċ láiṁ.

“Is eaḋ! anois,” arsaiġ sí léi féin, “go gcuire Dia ar mo leas me, cia aca is fearr ḋom d’iṫe?” Ċrom sí ag creimirt an ṗíosa ḃí in a láiṁ ḋeis, agus ar an nómant dearg ḃí sé blasta aici buaileaḋ iarraċt dá smeigín ṫíos i gcoinne a cos.

Deirim leat gur baineaḋ preab aiste, aċt ní raiḃ aon am le cailleaṁaint aici, mar ḃí sí ag dul i luiġead go tiuġ. Ṫug sí fén ṗíosa eile gan ṁoill, aċt ḃí a smeigín buailte ċoṁ daingean sin i gcoinne a cos gur ar éigin ḃí sí ábalta ar a beul d’oscailt: aċt d’éiriġ léi é a ḋeunaṁ ar ċuma éigin, agus d’iṫ sí cáinṫín beag den ṁéid ḃí in a láiṁ ċlé.

“Buiḋeaċas le Dia, tá mo ċeann ó ḃaoġal agam,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, agus áṫas an doṁain uirre, aċt deirim leat gur aistriġ an port aici ar an nómant dearg arís nuair ṫug sí fé ndeara ná raiḃ na guailne in aon áit le feicsin aici; dada aċt scrogal mór fada ḋe ṁuineul, agus an feur glas fad a raḋairc síos uaiṫe.

“Cadé an tiubaist an rud glas sin ṫíos [ 59 ]ar fad,” arsaiġ Eiḃlís; “agus cá ḃfuil mo ġuailne imṫiġṫe; agus, oḃoċ! mo láṁa boċta! conus ná feicim siḃ in aon ċor?” Ḃí sí d’iarraiḋ iad a ċorruiġe le linn a’s í ag deunaṁ na cainte, aċt ní ḟaca sí aon rud aċt moṫuġaḋ beag is an ḃfeur ġlas ṫíos fúiṫe.

Nuair ná raiḃ aon ḟaġáil aici ar a ḋá láiṁ a ċur suas go dtí n-a ceann ṫug sí iarraċt ar a ceann a ċromaḋ síos orra, agus ḃí áṫas uirre nuair fuair sí a muineul a lúbaḋ ar gaċ aon taoḃ mar a ḋeunfaḋ eascú nó aṫair-niṁe. Díreaċ nuair ḃí sé lúbṫa go deas isteaċ agus amaċ cúpla boḃta aici agus í ċum a ceann a ṡáṫaḋ isteaċ imeasc an duilleaḃair ḃí ar ḃarr na gcrann — na crainn do-rigne scáṫ dí scaiṫeaṁ beag roiṁe sin — duḃairt rud éigin: “Ṫairis amaċ,” agus ṫarraing sí a ceann siar go hobann: colḃar mór coille ḃí ṫar éis bualaḋ isteaċ ’san aġaiḋ uirre agus ḃí dá greadaiġ le n-a sciaṫáin.

“A aṫair-niṁe!” arsaiġ an colḃar.

“Ní aṫair-niṁe mise,” arsaiġ Eiḃlís, go feargaċ, “agus éiriġ asam.”

“A aṫair-niṁe!” arsaiġ an colḃar arís, aċt ní ċoṁ dána ná ċoṁ feargaċ é, “táim tar éis triail a ḃaint as gaċ aon tsliġe, agus ní ḋeunfaiḋ aon rud an gnó ḋóiḃ!”

“Ní ḟeadar mé ’sa doṁan cad dó tá tú ag tagairt,” arsaiġ Eiḃlís.

“Ḃain mé triail as ṗreuṁa na gcrann agus as ṗorta na haḃann, as ḋígreaċa agus as ċlaḋṫaċa,” arsaiġ an colḃar, agus gan aon suim aici dá ċur in Eiḃlís; “aċt na haṫara- niṁe seo! ní ṡásóċaḋ aon rud iad.”

Ḃí an sceul ag dul níos mó in aiṁréiḋ [ 60 ]ar Eiḃlís, agus duḃairt sí léi féin go mb’ḟearr ḋí gan aon rud a ráḋ go mbeaḋ deireaḋ ag an ċolḃar.

“Ar eagla ná raiḃ trioblóid mo ḋóċaint agam ar gor ar na huiḃe,” arsaiġ an colḃar, “aċt caiṫfiḋ mé ḃeiṫ ar m’aire féin de ló as d’oiḋċe ós na haṫraiḃ-niṁe seo! Ní ḃfuair mé neul codlata le trí seaċtṁaine!”

“Is ol’ liom,” arsaiġ Eiḃlís, “tú ḃeiṫ ad’ ċiapaḋ mar seo.”

“Tar éis dom an crann is aoirde ’sa ċoill a ṫoġa ḋom féin,” arsaiġ an colḃar, ag cur screuċ aiste, “agus díreaċ nuair a ṡíl mé ḃeiṫ scarṫa leo go bráṫ iad a’ teaċt anuas ’sa mullaċ orm ón spéir! A—a—a, a aṫair-niṁe!”

“Aċt ní aṫair-niṁe mise, adeirim leat,” arsaiġ Eiḃlís. “Ca—ca—ca—.”

“Agus ’dé rud é tú má’s eaḋ?” arsaiġ an colḃar, “tá tú d’iarraiḋ breug a ċeapaḋ ḋom nó dallaḋ-ṁollóg éigin a ċur orm!”

“Ca—ca—cailín iseaḋ mise,” arsaiġ Eiḃlís, agus í in aṁras arḃ’ eaḋ nó nárḃ’ eaḋ, nuair ċuiṁniġ sí ar an méid aistriġṫe ḃí curṫa ḋí aici an lá sin.

“Tá deallraṁ ar do sceul, go deiṁin!” arsaiġ an colḃar le hárd-ṡearḃas. “Is iomḋa cailín ċonnaic mé im’ ṡiuḃalta, aċt a leiṫéid sin de scrogal ar ċailín ní ḟaca mé fós! Ar ṁalainn naċ cailín tú; aṫair-niṁe is eaḋ ṫú, agus ní ḟuil aon ṁaiṫ ḋuit a ḃeiṫ ag dul ar a ṡeunaḋ. Is é an ċeud rud eile ḃeiṫ tú d’iarraiḋ ċur in a luiġe orm aċt ná híosfá uḃ.”

D’íosfainn uḃ, go deiṁin,” arsaiġ Eiḃlís; ní inneosaḋ sí breug ar ċapall; “d’íosfaḋ [ 61 ]
“A aṫair-niṁe!” arsaiġ an Colḃar
[ 62 ]cailíní uiḃe ċoṁ maiṫ agus d’íosfaḋ aon aṫair-niṁe.”

“Ní ċreidim ṫu,” arsaiġ an colḃar, “aċt is é an méid atá le ráḋ agam-sa leo aċt dá n-íosfaidís uiḃe saġas aṫara-niṁe is eaḋ iad gan aon daḃt.”

Ḃain an méid seo an bríġ ar fad as Eiḃlís, agus ní raiḃ cniug aiste ar feaḋ cúpla nómant.

“Tá tú ag lorg uḃ, arsaiġ an colḃar, “tá a ḟios an méid sin go maiṫ agam; agus cár ċuma ḋomsa cia aca cailín nó aṫair-niṁe tú.”

“Ó, ní cuma liom-sa é, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís go hobann, “agus ní ag lorg uḃ atá me, agus dá mba eaḋ féin ní ag lorg do ċoda-sa ḃeinn, ní maiṫ liom fuar iad.”

“Cuir díot amaċ as so go mear!” arsaiġ an colḃar go feargaċ, agus ċrom sí dá socruġaḋ féin síos arís ’sa nead. Ḃí Eiḃlís d’iarraiḋ í féin a réiḋteaċ amaċ as na crainn ċoṁ maiṫ a’s d’ḟeud sí; uaireannta ṫéiġeaḋ a muineul in aċrann is na geuga agus ċaiṫfeaḋ sí stad agus í féin d’ḟuasgailt asta. I gcionn tamaill ċuiṁniġ sí go raiḃ píosaí an ṁuisiriúin in a láṁa fós aici, agus ṫosnuiġ sí go han-ċúramaċ ag creimirt píosa agus annsin an píosa eile gaċ re tamall. Uaireannta ṫéiġeaḋ sí in aoirde agus annsin arís i luiġead gur éiriġ léi a haoirde ceart a ṫoṁas arís.

Ḃí sé ċoṁ fada sin ó ḃí sí in a haoirde féin gurḃ’ ait léi í féin an ċeud uair, aċt ċuaiḋ sí in a ṫaiṫiġe fé ċionn gairid agus ṫosnuiġ sí ag caint léi féin mar ba ġnáṫ léi. “Is eaḋ! Sin leaṫ mo ċúrsaí réiḋtiġṫe anois agam! Tá an gnó go léir in a ṡeaċrán-srianaċ. [ 63 ]Naċ deacair é ṫuigsin! Ní ḟeadar mé ó nómant go nómant cadé an ċeud aṫruġaḋ eile ṫiocfaiḋ orm! Is eaḋ! aċt tá m’aoirde ċeart féin agam arís; an ċeud rud eile anois aċt dul isteaċ ’sa ngáirdín áluinn úd—is eaḋ, aċt conus a ḋeunfar sin, ní ḟeadar.” Díreaċ le n-a linn sin ṫáinig sí amaċ in áit oscailte i mbeul na coille, áit i raiḃ tiġ beag ṫimċeall ċeiṫre troiġṫe ar aoirde. “Pé daoine ḃfuil coṁnuiḋe annso orra is dóiġ liom ná deunfaḋ sé an gnó ḋom’ leiṫéid de ċleiṫeire mná glaoḋaċ ċuċa: ċuirfeaḋ sé ar ġealaiġ iad bean ċoṁ árd liom-sa d’ḟeicsin.”

Ṫosnuiġ sí ag creimirt an ṗíosa ḃí in a láiṁ ḋeis arís, agus níor ċuaiḋ sí ar ġoire an tiġe go dtí ná raiḃ aċt naoi n-órdlaċ ar aoirde innte.