Muintir Bhaile Átha Cliath/Cré

Muintir Bhaile Átha Cliath (2020)
by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Cré
James Joyce281382Muintir Bhaile Átha Cliath — Cré2020Domhnall Nagreine
[ 123 ]

CRÉ


Bhí Maria ag súil lena hoíche airneáin: thug an Bhean Tís cead imeachta dhi a thúisce is a bheadh tae na mban críochnaithe. Bhí tine breá bríomhar ar lasadh agus bhí cheithre bhairín breac ollmhóra ar cheann de na taobh-bhoird. Shílfeá nár gearradh na bairíní breaca seo; ach dá ndruidteá leo d’fheicfeá gur gearradh iad ina slisíní fada tiubha agus go rabhadar réidh le seachadadh thart ag am tae. Maria í féin a ghearr iad.

Duine an-bheag go deo ab ea Maria ach bhí srón an-fhada agus smig an-fhada aici. Labhraíodh sí trína sróin ábhairín, go deas séimh i gcónaí: “Yes, a stóir,” agus “No, a stóir.” Chuirtí fios uirthi i gcónaí nuair a bhí easaontas idir na mná faoina dtubáin agus d’éiríodh léi déanamh síocháin i gcónaí. Lá amháin dúirt an mátrún léi:

“Maria, is bean cheann réitigh chruthanta thú!”

Agus chuala an bhean tís tánaistigh agus beirt de na mná ón choiste stiúrtha an moladh. Agus bhí Ginger Mooney de shíor ag rá nach réiteodh leis an óinseach a raibh cúram na n-iarann uirthi murach Maria. Bhí cion a chroí ag cách ar Maria. [ 124 ]Shuífeadh na mná chun tae ag a sé a chlog agus d'fhéadfadh sí imeacht léi roimh a seacht. Ó Dhroichead na Dothra chuig Colún Nelson fiche nóiméad; Ón Cholún go Droim Conrach, fiche nóiméad; agus fiche nóiméad chun cheannach rudaí. Bheadh sí ann roimh a hocht. Tharraing sí amach a sparán gona greamána airgid agus léigh arís na focail: A Present from Belfast. Bhí sí an-tógtha leis an sparán sin mar cheannaigh Joe é dhi chúig bliana ó shin nuair a chuaigh seisean agus Alphy go Béal Feirste ar thuras Luan Cincíse. Istigh sa sparán bhí dhá leathchoróin agus cúpla pingin. Bheadh chúig scilling fágtha aici tar éis íoctha as an turas tram. Nach aoibhinn an oíche a chaithfidís in éineacht a chéile agus na páistí ar fad ag gabháil fhoinn! Ach amháin bhí súil aici nach dtagadh Joe abhaile agus é ar meisce. Bhíodh sé chomh difriúil nuair a bhí braon ar bith ar bord aige.

D’iarr sé go minic uirthi cur fúithi in aontíos leo; ach bheadh sí sa bhealach orthu dar léi (cé go raibh bean Joe an-chineálta léi) agus bhí sí dulta i dtaithí ar shaol na neachtlainne. Ba dhuine maith é Joe. Thugadh sí aire dhó agus do Alphy freisin; agus deireadh Joe go minic:

“Mo Mhama is ea mo Mhama ach is í Maria m’fhíor-mháthair.”

I ndiaidh chliseadh pósta a mhuintire féin fuair na buachaillí an post sin di i neachtlann Dublin by Lamplight, agus thaitin sé léi. Bhíodh drochmheas aici ar Protastúnaigh ach anois mheas gur dhaoine an-lácha iad, sách ciúin agus stuama, ach daoine an-deas le bheith i do chónaí leo. Anuas ar sin [ 125 ]bhí a plandaí aici sa tigh gloine agus thaitin sé léi tabhairt aire dhóibh. Bhí raithneach dheas aici agus céir-phlandaí agus, nuair a thagadh duine ar bith ar cuairt chuici, thugadh sí slapar nó dhó ón ghrianán dó. An t-aon rud nár thaitin léi, na sleachta as an Bhíobhla a léití ag ceann spríce na siúlóidí; ach ba an-deas go deo í an bhean tíos le caitheamh léi, bhí dóigh chomh galánta aici.

Nuair a dúirt an cócaire léi go raibh gach aon ní réidh chuaigh sí isteach i seomra na mban gur thosaigh ag tarraingt an chloig mhóir. I gceann cúpla nóiméad thosaigh na mná ag teacht isteach ina mbeirteanna agus ina dtriúir agus iad ag cuimilt a lámh galach lena gcótaí beaga agus ag tarraingt a muinchillí anuas ar a rítheacha dearga galacha. Shuíodar chun boird faoi chomhair a mugaí móra ar líon an óinseach le tae te iad, é measctha le bainne agus le siúcra i gceaintíní ollmhóra cheanna féin. Rinne Maria maoirseacht ar dháileadh an bhairín breac cinntiú go bhfaigheadh gach bean a ceithre chanta. Insíodh go leor scéalta grinn agus rinneadh neart gáire le linn an bhéile. Dúirt Lizzie Fleming go raibh an fháinne i ndán do Maria agus, in ainneoin a liacht Oíche Shamhna eile a dúirt Fleming sin, b’éigean do Maria dhéanamh gáire agus rá nach raibh fear ná fáinne uaithi; agus nuair a rinne sí gáire lonraigh a súile breacghlasa agus breacliatha le cotadh díomách agus ba bheag nár bhuail barr a sróine le bar a smige. Ansin d’ardaigh Ginger Mooney a muga tae agus mhol sláinte Maria a ól fad is a bhuail na mná eile a muga ar an tábla, agus dúirt sí gur trua nach raibh pórtar ann. Agus rinne [ 126 ]Maria gáire arís gur dhruid barr a sróine le barr a smige agus gur chroith a corp beag bídeach mar thuig sí gur le dea-mhéin a rinne Mooney sin, ach, ar ndóigh, bhí meon bhean an daoscair aici.

Ach nach Maria a bhí sásta nuair a bhí a dtae caite ag na mná agus nuair a thosaigh an cócaire agus an óinseach ag glanadh na mbord! Chuaigh sí isteach ina seomra beag agus, ar chuimhneamh dhi gur mhaidin Aifrinn í an mhaidin arna mhárach, bhog lámh an aláraim óna seacht a chlog gona sé a chlog. Ansin bhain a sciorta oibre agus bróga tí dhi gur leath an sciorta ab fhearr aici ar an leaba agus leag a bróga galánta faoi bhun na leapan. D’athraigh a blús freisin agus, ar sheasamh os comhair an scátháin di, bhreathnaigh go ceanúil ar an chorp beag bídeach a ghléas sí go mion minic. In ainneoin na mblianta mheas gur chorp deas slachtmhar í.

Nuair a chuaigh sí amach bhí na sráideanna ag glioscarnach le báisteach agus bhí sí buíoch dá seanchóta donn báistí. Bhí an tram lán agus níor mhór di suí ar an stól beag ag bun an charráiste, sa chaoi gur thug a haghaidhe ar na daoine go léir, agus bhí a cosa ag teagmháil ar éigean leis an urlár. Shocraigh sí ina haigne féin na rudaí a dhéanfadh sí agus mheabhraigh gurbh fhearr go mór é bheith neamhspleách agus t’airgead féin i do phóca agat. Bhí súil aici go mbeadh oíche shuairc acu. Bhí sí cinnte dhe go mbeadh ach ach níor thig léi cur as a ceann nach raibh Alphy [ 127 ]agus Joe ag labhairt lena chéile. Bhíodar ag titim amach de shíor lena chéile anois ach nuair a bhíodar ina mbuachaillí bhíodar an-mhór lena chéile: ach sin mar a ghabhas an saol.

Thuirling sí den tram ag an Cholún gur shnigh chun cinn go gasta tríd an tslua. Chuaigh isteach i siopa cáca Downes ach bhí an siopa chomh lán le daoine gurbh fhada gur freastalaíodh uirthi. Cheannaigh dosaen cístí éagsúla aon phingine, agus d’fhág an siopa faoi dheireadh faoi ualach mála móir. Ansin mhachnaigh ar céard eile a cheannódh: ba mhaith léi ceannach rud éigean gleoite. Ní mó ná go mbeadh neart úll agus cnónna acu. Níor léir di céard ba chóir di ceannach, agus cáca an t-aon rud a rith léi. Cáca rísíní a thogair sí ar a cheannach ach ní bhíodh dóthain reoán almóinne ar cháca rísíní siopa Downes agus chuaigh anonn go siopa ar Shráid Énrí dá dheasca. Chaith go leor ama ag dóbartaíl agus d’fhiafraigh an bhean óg ghalánta laistiar den chuntar, ar léir gur chuir Máire isteach uirthi, d’fhiafraigh dhi ar cháca bainise ar mhian léi ceannach. Las grua Maria leis sin agus rinne sí meangadh gáire leis an bhean óg; ach d’fhan cuma stuama uirthi siúd, agus ghearr sí canta tiubh den cháca rísíní faoi dheireadh is faoi dheoidh, d’fhill clúdach páipéir air agus dúirt:

“Dhá scilling agus ceithre pingine más é do thoil é.”

Shíl sí go gcaithfeadh fanacht ina seasamh ar an tram go Droim Conrach óir shílfeá nár thug na fir óga faoi deara í ach rinne seanfhear uasal áit di. Ba fhear coimpléascach é agus bhí hata crua donn á chaitheamh aige; bhí aghaidh leathan [ 128 ]dhearg agus bhí croiméal breacliath aige. Meas Maria go raibh cuma an choirnéil ar an duine uasal agus smaoinigh ar mhéad a dhea-bhéasa i gcomparáid leis na fir óga nach ndearna acht stánadh díreach rompu. Tosaigh an fear uasal ag caint léi faoi Oíche Shamhna agus faoin aimsir fhliuch. Fiafraigh an raibh an mála lán le sócamais do na gasúir agus dúirt gur cheart do gasúir bhaint suilt as an tsaol agus iad óg. D’aontaigh Maria leis agus thug le fios gur thaitin a chomhluadar léi le sméidte cinn modhúla. Bhí sé an-deas léi agus ghabh sí buíochas leis agus d’umhlaigh dhó ag tuirlingt den tram di ag Droichead na Canálach, gur umhlaigh seisean dise, chuir a lámh ina hata agus rinne meangadh lách gáire, agus ag dul suas an tsraith tithe dhi, lena ceann beag bídeach cromtha faoin bháisteach, smaoinigh sí ar a éasca is a bhí sé aithint duine uasail, go fiú nuair a bhíos sé súgach.

“Ó, seo Maria! a dúirt gach uile dhuine ar teacht isteach teach Joe dhi. Bhí Joe ann, é tagtha abhaile ó chúrsaí gnó, agus bhí éadaí Domhnaigh ar na páistí go léir. Bhí beirt chailíní móra bhéal dorais i láthair agus bhí na cluichí ar siúl. Thug Maria an mála cístí don bhuachaill ba shine, Alphy, chun a roinnte agus dúirt Missus Donnelly gur dheas uaithi tabhairt mála cístí chomh mór sin, agus chuir iallach ar na páistí go léir gabháil buíochais léi:

“Go raibh maith agat, Maria.”

Ach dúirt Maria gur thug rud éigin speisialta léi do phapa agus do mhama, rud éigin a thaitneodh leo go cinnte, agus thosaigh ag cuardach a cáca rísíní. Chuardaigh mála Downes agus ansin [ 129 ]pócaí a cóta báistí agus ansin an seastán hataí ach níor aimsigh in áit ar bith é. Ansin d’fhiafraigh de na páistí uile ar ith páiste ar bith dhíobh é, trí bhotún - ar ndóigh – ach dúirt gach aon mhalrach nár ith agus bhí an chuma orthu nár thaitin sé leo ithe cácaí más é go gcuirfí goid ina leith ansin. Bhí a réiteach féin ag gach uile dhuine ar an mhistéir agus dúirt Mrs Donnelly gur léir gur fhág sí ina diaidh ar an tram. Chuimhnigh Maria ar mhéad an trí chéile a chuir uirthi fear uasal an chroiméil bhreacléith, gur dhearg le teann náire agus bambairne agus díomá. Ba bheag nár bhris an gol uirthi mar gheall ar theip a bronntanais gan choinne agus an dá scilling agus cheithre phingin a chaith sí le fána.

Dúirt Joe gur chuma é áfach agus thug uirthi suí síos cois na tine. Bhí sé an-chineálta léi. D’eachtraigh gach a tharla san oifig di agus d’inis freagra deisbhéalach a thug sé don bhainisteoir. Níor thuig Maria cad ina thaobh go raibh Joe sna trithí ag gáire faoin fhreagra a thug sé ach dúirt nár mhóide ná go raibh an bainisteoir an-tiarnúil mar dhuine. Dúirt Joe nach raibh aon dochar ann ach tuiscint a bheith air, gur dhuine gnaíúil ach gan teacht in aghaidh an tsnáithe air. Sheinn Mrs Donnelly an pianó do na páistí agus dhamhsaíodar siúd agus chanadar. Ansin sheachaid an bheirt chailíní bhéal dorais na cnónna. Níor fhéad duine ar bith teacht ar na cnóirí agus bhí Joe ag éirí cantalach nach mór, gur fhiafraigh conas a cheapadar go mbrisfeadh Maria cnónna gan chnóire. Ach dúirt Maria [ 130 ]nár thaitin cnónna léi agus d’iarr orthu gan a mbuaireamh ina taobh. Ansin d'fhiafraigh Joe dhi an dtógfadh sí buidéal leanna duibh agus dúirt Mrs Donnelly go raibh pórtfhíon sa tigh freisin dá mba fhearr léi sin. Dúirt Maria go mba fhear léi nach n-iarraidís uirthi ól ní ar bith: ach ní éistfeadh Joe le heiteach.

Ghéill Maria dhó, gur shuíodar cois na tine ag caint faoin tseansaol agus shíl Maria labhairt ar son Alphy. Ach scread Joe go dtreascródh Dia é dá labhraíodh sé focal lena dheartháir go deo arís agus dúirt Maria go raibh aiféala uirthi gur tharraing an scéal anuas. Dúirt Mrs Donnelly lena fear gur mhór an náire dhó labhairt faoina chuid fola féin mar sin ach shéan Joe a dheartháir agus dhóbair gur bhris imreas amach mar gheall air. Dúirt Joe nach ligfeadh don fhearg bhreith bua air ar son na hoíche a bhí inti agus d’iarr ar a bhean oscailt thuilleadh pórtair. D’eagraigh an bheirt chailíní bhéal dorais roinnt cluichí Oíche Shamhna agus ba ghearr go raibh meidhir sa chuideachta arís. Gliondar na malrach agus dea-ghiúmar Joe agus a mhná, chuir sé aoibhneas ar Maria. Chuir an bheirt chailíní bhéal dorais plátaí beaga ar an tábla gur chuireadar dallóg ar na páistí agus ghiollaíodar chuig an bhord iad. Fuair páiste amháin an leabhar urnaí agus fuair an triúr eile an t-uisce; agus nuair a fuair cailín amháin de na cáilíní bhéal dorais, nuair a fuair an fáinne, chroith Mrs Donnelly a méar leis an chailín deargtha mar a bheadh ag rá: Ó, nach agamsa atá a fhios![1] Ní shásódh iad ansin ach cur púicín ar Maria agus a giollacht chuig an tábla féachaint céard a gheobhadh sí; agus, fad is a bhíodar [ 131 ]ag cur an phúicín uirthi, bhí sí ag briseadh a croí ag gáire, gur dhruid barr a sróine le bun a smige.

Ghiollaíodar chuig an tábla í agus gach aon duine ag gáire agus ag magadh agus shín sí a lámh amach san aer faoi mar a dúradh léi déanamh. Chorraigh sí a lámh thall agus abhus san aer gur thuirling anuas ar cheann de na fochupáin. Mhothaigh ábhar bog fliuch[2] faoina méara agus b’iontas léi nár labhair aon duine agus nár bhain a púicín di. Lean tost ar feadh cúpla soicind; agus ansin bhí cambús agus radadh cogarnaí ann. Dúirt duine éigin rud éigin faoin ghairdín, agus sa deireadh dúirt Mrs Donnelly rud éigean an-chrosta le cailín amháin de na cailíní bhéal dorais agus d’ordaigh a chaitheamh amach láithreach bonn: nár shúgradh é sin. Thuig Maria nach ndearnadh i gceart é an babhta sin agus chaithfeadh sí a dhéanamh arís dá dheasca sin: agus an uair seo fuair sí an leabhar urnaí.

Ansin sheinn Missus Donnelly port Miss McCloud do na páistí agus d’áitigh Joe ar Maria ghlacadh gloine fíona. Ba ghearr go rabhadar go léir spleodrach go leor arís agus dúirt Missus Donnelly go dtéadh Maria sna mná rialta sula mbeadh an bhliain thart mar go bhfuair sí an leabhar urnaí. Níor fhaca Maria Joe riamh chomh cineálta sin léi is a bhí an oíche sin: bhí sé chomh lán le caint shuáilceach agus le cuimhní deasa. Dúirt sí gur chaitheadar go léir go han-mhaith ar fad léi.

Sa deireadh thosaigh tuirse agus suan ag teacht ar na páistí agus d’impigh Joe ar Maria amhrán beag a rá sula n-imíodh sí, ceann de na seanamhráin. Dúirt Missus Donnelly “abair, le do thoil, Maria!” agus mar sin b’éigean do Maria éirigh agus seasamh le hais an phianó. [ 132 ]D’iarr Mrs Donnelly ar na malraigh fanacht ina dtost a éisteacht le hamhrán Maria. Sheinn sí an tús go ndúirt “Anois, Maria!”, agus las Maria go bun na gcluas, agus thosaigh ag gabháil fhoinn i nguth íseal creathánach. Chan I Dreamt that I Dwell,[3] agus nuair a tháinig ar an dara véarsa chan arís:

Tabhraíodh dhom go rabhas i mo chónaí i bpálás álainn
agus seirbhísí agus daoir ag freastal orm
agus thar gach aon eile ‘tháinig faoi fhraitheacha an tí sin
gur mise is mó a bhí a bhí mórtas as agus dóchas ann.
Agas is agam a bhíodar na táinte airgid
agus sean-shloinne maorga mór le rá,
ach an rud is mó a thaitin liom sa bhrionglóid,
go rabhais i ngrá liom i gcónaí.

Níor thriall duine ar bith cur in iúl a botúin di áfach; agus nuair a chríochnaigh a hamhrán ba mhór an maoithneachas a bhí ar Joe. Dúirt sé nach raibh a shárú ar an tseanaimsir agus nach raibh a shárú ar cheol sean-Balfe bocht dar leisean, cuma céard a deireadh daoine eile; agus tháinig deoir chomh mór ar an tsúil aige is nár aimsigh sé an rud a bhí á lorg aige agus b’éigean dá bhean rá leis cá raibh an corcscriú.

Gluais

edit
  1. sa chluiche seo, is é is ciall leis an leabhar urnaí, gairm rialta. Is é is ciall le huisce, saol fada nó imeacht thar sáile nó an dá rud. Pósadh is ciall leis an fháinne.
  2. an chré. Bás is ciall léi
  3. Aria cáiliúil ón cheoldráma The Bohemian Girl leis an Éirinneach Michael William Balfe.
   This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:
  This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.

The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Translation:
 
  
This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.