CAIBIDIOL XVIII.
AN GAṪ GRÉINE CÉADNA.
Do ġluais an dá ḃuiḋin, muintir Uíḃ Máine agus muintir Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne, siar óṫuaiḋ i dtreó a ḋá ndúṫaiġ féin. Ḃí i n-aonḟeaċt leis an méid acu a ṫáinig ó Ċill Ṁaiġneann an méid a ṫáinig 'n-a gcoinniḃ go Ceann Cora, i gcás ná raiḃ aon uaigneas orṫa. Nuair a ṫánadar i gcoṁngar do'n ḃaile do sgaradar ó ċéile. Ba ḃeag ná gur eiriġ an gol agus “na mílte ologón” airís nuair a ṡroiseadar an t-aos óg agus na seandaoine nár ḟéad dul go Ceann Cora. Aċ do cuireaḋ cosg leis an mbuairt. Do h-innseaḋ cad 'dúḃairt Colla nuair a ḃí sé ag caint leis an bpobal mór ṫíos ag Ceann Cora. Do cuireaḋ na seandaoine ċun suaiṁnis.
Ċóṁ luaṫ agus ḃí a dtuirse curṫa ḋíoḃ ag an muintir a ṫáinig aḃaile ó'n gcaṫ, ṫusnuiġdar ar ḃualaḋ um a ċéile agus ar ḃeiṫ ag caint agus ag cuiṁneaṁ ar cad a déanfaí feasda. Ḃí an saoġal ana ċiúin, ana ṡuaiṁneasaċ acu, agus an aimsir ag dul i mbreaġṫaċt. An ṗráing agus an ḃruid agus an fásgaḋ aigne a ḃí ar na daoine i gcaiṫeaṁ na h-aimsire an ḟaid a ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal i gcóir an ċogaiḋ, agus an ḟaid a ḃí na slóiġte ag imṫeaċt ó ḃaile agus ag cruinniuġaḋ ċun an ċaṫa, agus an ḟaid do lean an sgannraḋ i dtaoḃ conus a ġeóḃaḋ an caṫ, ḃíodar go léir imṫiġṫe. Ḃí gaċ aon rud ciúin, suaiṁneasaċ, socair.
Do h-óirdneaḋ Conn 'n-a ríġ ar Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne, agus do h-óirdneaḋ Taḋg Óg ua Cealla 'n-a ríġ ar Uíḃ Máine. Ḃí raint gnóṫa le déanaṁ acu araon ar feaḋ tamail ag socaruġaḋ neiṫe idir ċlainn na ḃfear a fágaḋ i gCluain Tairḃ. Do deineaḋ a lán cleaṁnaisí sa [ 354 ]tsocaruġaḋ. Ḋein Niaṁ ḋá ċleaṁnas, cleaṁnas do Ṫaḋg Óg le drifiúr do Ċonn, agus cleaṁnas do Ċonn le drifiúr di féin.
Nuair a ḃí an méid sin déanta ṫug Niaṁ agus a driṫáir cuaird óḋeas go h-Inis Caṫaiġ. Ḃí áṫas mór ar Ċolla nuair a ċonaic sé iad. Cé ḃéaḋ ann rómpa, ar ċuaird, aċ Caoilte! Ba ḃeag ná gur baineaḋ raḋarc a ṡúl airís de Ċaoilte nuair a ċonaic sé iad, díreaċ mar a baineaḋ an ċéad lá úd a ċonaic sé Niaṁ. Ḃí sé 'n-a ríġ an uair sin ar Ċiarraiġe Luaċra i n-inead a aṫar. D'innseadar dó conus a ḃí gaċ aon rud socair lastuaiḋ i n-Uíḃ Máine agus i n-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne, agus d'inis seisean dóiḃ gaċ aon níḋ a ḃí aige le h-innsint i dtaoḃ a ḋúṫa féin.
“Ba ṁaiṫ liom an ċailís úd a ḋ' ḟeisgint, a Aṫair, má 'sé do ṫoil é. Ní ḟeaca riaṁ fós í,” arsa Niaṁ.
Do rug sé isteaċ sa n-érdam iad agus ṫaisbeáin sé an ċailís dóiḃ.
Ba ḃreaġ an raḋarc le feisgint í. D' ḟéadfaḋ duine fanṁaint ar feaḋ leaṫ an lae ag feuċaint uirṫi agus ní ḃéaḋ a ṡúile ná a aigne corṫa ḋi. D'á ḟaid a ḃéaḋ sé ag feuċaint uirṫi is aṁlaiḋ ba ṁaiṫ leis tamal eile ṫaḃairt ag feuċaint uirṫi. Ċoimeádfaḋ saiḋḃreas an óir greim ar a ṡúiliḃ. Ċoimeádfaḋ uaisleaċt agus ealaḋntaċt a h-órnáide greim ar a ṡúiliḃ, agus é 'ġá ḟiafraiġe ḋé féin conus a ḋ' ḟéad láṁ duine riaṁ a leiṫéid d'obair a ḋéanaṁ. Ċoimeádfaḋ an crios, na cloċa loġṁara, greim ar a ṡúiliḃ, agus iad ag taiṫneaṁ agus ag spréaċarnaiġ, agus eisean 'ġá ḟiafraiġe ḋé féin cá ḃfuaradar an solus! D'á n-éaġmuis sin go léir ḃí sa rioċt 'n-a raiḃ an ċailís sin cúmṫa rud éigin a ċoimeádaḋ greim ar ṡúiliḃ an t-é a ċíoḋ í, agus do ċuireaḋ áṫas isteaċ i n' aigne tré n-a ṡúiliḃ.
D'ḟeuċ Niaṁ uirṫi, go dlúṫ agus go daingean, aċ níor [ 355 ]laḃair sí aon ḟocal amaċ as a béal. D'ḟeuċ an ḃeirt eile uirṫi go dlúṫ agus go daingean, leis, agus níor stadadar aċ 'ġá molaḋ.
“Ba ṁaiṫ liom laḃairt leat-sa, a Aṫair,” arsa Niaṁ le Colla.
D'imṫiġdar i leiṫ taoiḃ.
“A leiṫéid seo, a Aṫair,” ar sise. “Tá m' aigne socair agam le mórán aimsire ar mé féin a ṫaḃairt suas do'n tSlánuiġṫeóir i dtiġ ban riaġalta. Ba ṁaiṫ liom do ċóṁairle ḋ'ḟáġail, a Aṫair, i dtaoḃ an teiġlaiġ ban riaġalta ionar ceart dom dul, do réir do ḃreiṫeaṁ- antais.”
“Ar ṁiste ḋom a ḋ'ḟiafraiġe, a 'nġean ó,” ar seisean, “cad é an ḟaid aimsire ó ṡocaruiġis an níḋ san at' aigne ar dtúis?”
“Ḃí sé am' aigne, a Aṫair, ar feaḋ aḃfad,” ar sise, “sar ar ḋainginiġ sé ann. Ní dóiċ liom go ḃféadfainn a ḋ'innsint duit cruinn, a Aṫair, cad é an ḟaid atá sé daingean, aċ tá sé daingean le tamal maiṫ.”
Do stad sé ar feaḋ tamail.
“An dóiċ leat, a 'nġean ó,” ar seisean, “an ḃféadfá a ḋ'innsint dom cad a ċuir an níḋ sin isteaċ at' aigne ar dtúis?”
“Féadfad,” ar sise. “Nuair a ṫusnuiġ an t-ollṁuċán i gcóir an ċogaiḋ ṁóir seo atá curṫa ḋínn againn ṫugas fé ndeara conus mar a ḃí na fir go léir 'ġá ċeapaḋ agus ‘ġá ṡocarú’ 'n-a n-aigne go ndéanfaidís íḋbirt anama ar son na h-Éirean agus ar son an Ċreidiṁ. Ní raiḃ aoinne ba ġéire 'ġá gcur go léir suas ċun na h-íḋbirte sin a ḋéanaṁ 'ná mise. Ansan do ṫuigeas am' aigne, nuair ná raiḃ ar mo ċumas an íḋbirt a ḋéanaṁ ar an gcuma 'n-a raḃdar-san 'ġá déanaṁ, gur ḃ' é ba lúġa ba ġann dom í ḋéanaṁ ar an gcuma 'n-a raiḃ ar mo ċumas í ḋéanaṁ. [ 356 ]Ḋeineas ar an gcuma san í. Ġaḃas orm féin i láṫair Dé ceangal gan céile eile do ġlacaḋ ċoíḋċe aċ an Slánuiġ- ṫeóir, molaḋ go deó leis! Siné mo ċuid-se de 'n íḋbirt, a Aṫair. Tá an ceangal san orm. Ní ḟéadfainn imṫeaċt ó m' aṫair an ḟaid a ḃí sé beó. Ní'l aon rud anois ċun mé ċosg ar ḋul isteaċ i dteiġlaċ ban riaġalta agus an íḋbirt do ċur i ngníoṁ.”
“I dtreó ná béaḋ aon ḃaoġal go ndéanfaí aon dearṁad, a 'nġean ó,” arsa Colla, “ba ṁaiṫ liom aon ċeist aṁáin eile do ċur.”
“Cuir aon ċeist is maiṫ leat ċúġam, a Aṫair,” arsa Niaṁ, “agus neósfad an ḟírinne ḋuit.”
“Nuair a ḋeinis an íḋbirt sin; nuair a ṫugais tu féin suas mar sin do'n tSlánuiġṫeóir, an dóiċ leat a' raiḃ aon éileaṁ ag aoinne eile ort?”
“Ní raiḃ, a Aṫair,” ar sise, “aon éileaṁ ag aoinne eile, ná ní'l anois.” Do stad sí. — “Aċ is dóċa,” ar sise, “gur ceart dom an méid seo a ḋ'innsint duit. Is cuiṁin leat an t-ógánaċ Loċlanaċ úd a ṫáinig anso fadó, nuair a ḃí mo ḋriṫáir Taḋg anso?”
“Is cuiṁin liom é go maiṫ,” arsa Colla.
“Ċuaiḋ sé suas go h-Uíḃ Máine i n-aonḟeaċt le Taḋg. An ċéad uair a ċonac é ṫáinig ana ċion agam air. Ṫáinig gráḋ agam dó. Siní an ḟírinne. Ṫuigeas am' aigne go dtáinig an gráḋ céadna aige-sean dóṁ-sa. Níor laḃramair. Aċ do tuigeaḋ an sgéal eadrainn. — Nuair a ṫáinig an sgéal go raiḃ sé ag glacaḋ an Ċreidiṁ ḃí áṫas mór orm. Ansan, nuair a ṫáinig an sgéal go raiḃ sé ċun ḃeiṫ 'n-a ṡagart, níor ḃ'ḟéidir liom an sgéal a ṫuisgint i n-aon ċor. B'é deire mo ṁaċtnaiṁ ar an ngnó gur ṫuigeas am' aigne go raiḃ ceangailte orm é ċur as mo ċroiḋe ar fad. Do ḋeineas san. — Ní raiḃ aon ḃaint i n-aon ċor, a Aṫair, ag an méid sin sgéil leis an gceangal so adeirim leat do ġlacas orm féin i dtaoḃ an tSlánuiġṫeóra.”
[ 357 ]“Tá go maiṫ, a 'nġean ó,” arsa Colla. “Déanfad-sa an níḋ seo atá agat d'á iaraiḋ orm. Ní mór ḋom, áṁṫaċ, beagán aimsire ċuige. Cuirfead sgéala ċúġat óṫuaiḋ ċóṁ luaṫ agus ḃeiḋ an áit ceapaiṫe agam agus gaċ aon rud socair agam.”
Do sgaradar. Ḃí Taḋg agus Caoilte imṫiġṫe ar fuid na mainistreaċ; Taḋg ag taisbeáint na mainistreaċ do Ċaoilte, agus Caoilte ag cur aiṫne ar na manaċaiḃ, go mór mór ar an muintir go raiḃ sean-aiṫne ag Taḋg orṫa.
Seaċtṁain díreaċ i ndiaiġ an lae sin ṫáinig Colla féin go h-Uíḃ Máine. D'imṫiġ Taḋg agus Niaṁ agus é féin soir go Cill Dara, go teiġlaċ Ḃríġde. Ḃí áṫas nár ḃ'ḟéidir a ḋ'innsint ar Ċóṁarba Ḃríġde agus ar an uile ḋuine des na mnáiḃ riaġalta nuair a fuaradar go raiḃ Niaṁ le fanṁaint acu. D'ḟan sí acu, agus má ba ġaṫ gréine í fadó, ag teaċt i gcuideaċtain, i dteiġlaċ a h-aṫar, b'í an gaṫ gréine céadna í ag gluaiseaċt ameasg na maiġdean naoṁṫa, i dteiġlaċ Ḃríġde, go dtí gur lean sí a h-aṫair.
CRÍOĊ.