181460Niamh — An LegáidPeadar Ua Laoghaire
[ 31 ]

Caibidiol VII.

An Legáid.

Do ġluais suim aimsire. Ṫáinig easbog ó'n Róiṁ go h-Éirinn. Go h-Inis Caṫaiġ a ṫug sé aġaiḋ ar dtúis. Do cuireaḋ sgéala soir go Ceann Cora 'ġá innsint do'n ríġ, do Ḃrian, go raiḃ sé tagaiṫe ann. Ḃí Cóṁairle agus teaċtaireaċt ó'n bPápa aige do Ḃrian i dtaoḃ a lán neiṫe a ḃí ag baint leis an Eaglais agus le gnó na h-Eagailse i n-Éirinn an uair sin. Ḃí gaċ aon rud a ḃain le gnóṫaíḃ Creidiṁ briste, stolta, stracaiṫe as a ċéile, ag na Loċlanaiġ leis an ndroċ obair a ḃí acu 'á ḋéanaṁ i n-Éirinn ar feaḋ breis agus cúpla céad blian roimis sin. Ḃí Brian ag déanaṁ a ḋíċil ċun na díoḃála do leiġeas. [ 32 ]Níor ḃ'ḟéidir dó an leiġeas a ḋéanaḋ sa ċeart agus é ḋéanaṁ do réir dlíġe na h-Eagailse ar gaċ aon tsaġas cuma, mar ba ċóir, gan cóṁairle agus teagasg agus stiúruġaḋ a ḃeiṫ aige ó ċeann an Teampuil, ó Ḟear Inid Íosa Críost.

Ċóṁ luaṫ agus d'airiġ Brian an t-Easbog a ḃeiṫ tagaiṫe ó'n Róiṁ go h-Inis Caṫaiġ ṫáinig sé féin agus uaisle a ṫeiġlaiġ anoir ó Ċeann Cora ċun na mainistreaċ ċun teaċtaire an Pápa do ġlacaḋ mar ba ċóir. Ṫáinig Brian um ṫráṫnóna. Fuair sé féin agus na h-uaisle a ṫáinig i n-aonḟeaċt leis beannaċt an Ṗápa ó'n Easbog. Ansan ṫug sé féin agus an t-Easbog mórán aimsire i ḃfoċair a ċéile, agus ṫug Brian cúntas cruinn do'n Easbog, le breiṫ ṫar n-ais ċun na Róṁa ag triall ar an bPápa, ar an gcuma 'n-a raiḃ an Creideaṁ i n-Éirinn an uair sin, ar an léirsgrios a ḃí déanta ag na Loċlanaiġ ar eaglaisíḃ agus ar ṁainistríḃ agus ar sgoileanaiḃ, agus do léiriġ sé ḋó an obair ṁór nár ḃ'ḟoláir a ḋéanaṁ ċun na díoḃála do leiġeas, agus conus mar ná raiḃ aon ḃreiṫ ar an ndíoḃáil do leiġeas go h-iomlán, mar nár ḃ'ḟéidir na mairḃ a ṫaḃairt tar n-ais as an gcré. D'inis an t-Easbog do'n ríġ, do Ḃrian, cad é an gráḋ a ḃí ag an bPápa ḋó, agus méid na h-urama a ḃí ag an uile ḋuine íseal agus uasal dó ar fuid na h-Euróipe go léir; ná raiḃ i mbéalaiḃ ríġṫe agus daoine ar fuid na Críostaiḋeaċta aċ na gníoṁarṫa iongantaċa a ḃí ag Brian 'á ḋéanaṁ i n-Éirinn i gcoinniḃ na Loċlanaċ, i gcoinniḃ na sluaġ págánaċ a ḃí tar éis gaḃáil de ċosaiḃ um an dtaca san i Sasana agus i n-Albain, agus a ḃí ag súil le brúṫ óḋeas ar ṁáġaiḃ míne na Fraince agus na h-Iodáile fé mar a ḋein a sínsear na céadta blian roimis sin.

“Tuigean an Pápa, a ríġ,” arsa'n t-Easbog, “agus tuigid na daoine go léir mura mbéaḋ an cosg atá agat-sa [ 33 ]agus agat' ṡlóiġtiḃ Gaeḋal 'á ċur le cóṁaċt na nDanar anso i n-Éirinn go mbeidís ċúġainn óḋeas fadó ag marḃuġaḋ agus ag losgaḋ agus ag creaċaḋ. Níor ṁaiṫ leó aġaiḋ a ṫaḃairt óḋeas go dtí go mbéaḋ greim i gceart acu ar Éirinn, agus a gcóṁaċt suiḋte daingean acu sa n-oileán. Dá mbéaḋ Sasana agus Alba agus Éire acu fé n-a lán-smaċt do ḃéaḋ caoin acu go h-áluinn ar a gcóṁaċt do leaṫaḋ óḋeas ar an Euróip, i ndiaiġ ar ndiaiġ, agus ḃéaḋ na h-oileáin seo acu mar ċúl dín agus mar ḃunáit ċun ollṁúċáin. Mura mbéaḋ tusa, a ríġ, do ḃéaḋ an greim a ḃí uaṫa acu ar oileán na h-Éirean um an dtaca so, fé mar atá acu ar Ṡasana. Ní h-eaḋ aċ aḃfad roimis an dtaca so. Ansan iseaḋ ḃéaḋ an sgéal go h-olc ag an gCreideaṁ agus ag gaċ níḋ i ḃfuirm léiġinn agus eóluis agus nósṁaireaċta ar fuid na Críostaiḋeaċta. Tá an saoġal go léir buiḋeaċ díot, a ríġ, agus tá gaċ aoinne ag guiḋe go cruaiḋ ċun Dé ar do ṡon, 'ġá iaraiḋ ar Ḋia neart cuirp agus neart aigne do ḃronnaḋ ort agus faid saoġail a ṫaḃairt duit, ċun na h-oibre ata agat 'á ḋéanaṁ do ċríoċnú' go beaċt.”

“Cuirean sé áṫas mór orm, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Brian, “a ḟios a ḃeiṫ agam go dtuigean an Pápa ċóṁ maiṫ san an obair seo atá againn 'á ḋéanaṁ anso i n-Éirinn. Is truaġ ċráiḋte ná tuigid ár ndaoine féin, leaṫ ċóṁ maiṫ, bríġ agus bunús an sgéil. Dá gcuirimís go léir le ċéile d' ḟéadfaimís a ḃfuil de Ḋanaraiḃ i n-Éirinn do ṁarḃuġaḋ nó do ḋíbirt i n-aon ċeiṫre h-uaire fiċid aṁáin. Ní'l aon níḋ is deacra ċur isteaċ i n-aigne na nGaeḋal, cuid acu pé 'r doṁan é, 'ná aon ḃaoġal a ḃeiṫ go ḃféadfaiḋ Loċlanaiġ ċoíḋċe greim daingean a ḋ'ḟáġail ar an oileán so na h-Éirean. Ní'l ríġ cúige againn ná measan go ḃféadfaḋ sé féin a ḃfuil de Ḋanaraiḃ i n-Éirinn do ṁarḃú' nó do ḋíbirt amáireaċ dá mba ṁaiṫ leis é, gan [ 34 ]caḃair ná congnaṁ ó aon ríġ cúige eile. Siné atá ag briseaḋ mo ċroíḋe ionam, a Ṫiġearna Easboig. Ní ḟéadaim ċoíḋċe a ċur ḟiaċaiḃ ar aon ríġ cúige caḃruġaḋ liom i gcoinniḃ na Loċlanaċ gan gaḃáil go maiṫ ar an ríġ cúige sin féin ar dtúis. B'éigean dom gaḃáil ar Ṁaolmuaiḋ, ar ríġ Ua Neaṫaċ. Ansan b'éigean dom gaḃáil ar Ḋóṁnall, ríġ na nDéise. Ansan b'éigean dom éirleaċ uaṫḃásaċ a ḋéanaṁ ar Loċlanaċaiḃ Áṫa Cliaṫ agus ar Ġaeḋlaiḃ Laiġean, agus ar ċuid de Ġaeḋlaiḃ Muṁan leó, i nGleann Ṁáma. Tá Leaṫ Ṁoġa fé m' láiṁ anois agam, idir Ġaeḋlaiḃ agus Loċlanaiġ. Tá an méid sin de ṫír na h-Éirean sáṁ, síṫċánta, socair. An Eaglais ar a suaiṁneas. Na sgoileana ar siúḃal. An talaṁ d'á ṡaoṫruġaḋ. Luċt ceárd agus ealaḋan ag obair gan eagla. Luċt foġla iompuiġṫe ar ṁacántaċt mar go dtuigid siad 'n-a n-aigne gur b'í an ṁacántaċt is fearr agus is torṫaṁla agus is raṫṁaire. Aċ feuċ, a Ṫiġearna Easboig. Ní'l ann go léir aċ mar a ḃéaḋ lá breaġ saṁraiḋ ansan a ḃéaḋ go h-áluinn agus go grianṁar agus go broṫalaċ agus ná feadair aoinne cad é an neómat a ḋ'iompóċ' sé ċun splancraċa agus ċun tóirṫniġe agus ċun éirliġ. Ní ṫuigid na daoine an sgéal. Tuigim-se é. Is cuma leó, na daoine boċta, aċ an tsíṫċáin agus an suaiṁneas do ṡealḃuġaḋ go sáṁ an ḟaid a fágfar acu an tsíṫċáin agus an suaiṁneas.”

“Naċ mór an truaġ, a ríġ,” arsa'n t-Easbog, “gan rud éigin a ḋéanaṁ do ṫaḃarfaḋ síṫċáin ṡeasaṁaċ dos na daoine? Dá dtuigeaḋ daoine i gceart tairḃṫe na síṫċána ba ċóir go ndéarfaidís leó féin go gcuirfidís i n-áiriġṫe ḋóiḃ féin í ar ais nó ar éigin. Tá síṫċáin curṫa i ḃfeiḋm agat-sa anois, a ríġ, sa taoḃ so ṫeas d'oileán na h-Éirean. Nár ċóir go ndéanfaḋ an t-Árdríġ an tsíṫċáin ċéadna do ċur i ḃfeiḋm sa taoḃ ṫuaiḋ de'n oileán?”

“Ba ċóir, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Brian. “Fear [ 35 ]maiṫ iseaḋ M'lṡeaċlainn. Fear tréan cuṫaiġ iseaḋ é. Aċ ní dóiċ liom go ḃfuil aon ġráḋ ró ṁór aige ḋóṁ-sa. Is maiṫ leis congnaṁ a ḋ'ḟáġail ó Ḋál gCais nuair a ḃíd na Loċlanaiġ ag brúṫ ró ḋian air, aċ tá ḟios agam go maiṫ gur ḃ' ḟearr leis go mór iad do ċur fé ċois le neart a láiṁe féin, dá ḃféadaḋ sé é, ná aon ċongnaṁ ḟáġail uaim-se.”

“Ba ḋóiċ liom, dá dtuigeaḋ sé a ḋualgas Árdríġ i gceart gur b'aṁlaiḋ a ḋ' iarfaḋ sé an congnaṁ ort agus go dtaḃarfaḋ sé le tuisgint duit gur ḃ'é a ċeart an congnaṁ a ḋ'ḟáġail. Ba ḋóiċ liom gur b'é ceart an Árdríġ a ḃeiṫ ar a ċumas glaoḋaċ ċuige ar a ḃfuil de neart sa n-oileán go léir, agus an neart go léir do ġleusaḋ agus do stiúruġaḋ i n-aġaiḋ naṁad iasaċta,” arsa'n t-Easbog.

“Siné a déarfaḋ fir Éirean, a Ṫiġearna Easboig. Siné a déarfaḋ aoinne a ḋéanfaḋ maċtnaṁ ar an sgéal. Is eagal liom ná tuigean an t-Árdríġ an níḋ sin i gceart. Siné fé ndeara ḋom an tsíṫċáin seo atá anois againn i Leaṫ Ṁoġa do ċur i gcomparáid le lá breaġ gréine ná feadair aoinne caṫin a ḋ'iompóċ' sé ċun tóirṫniġe agus ċun éirliġ. Dá dtagaḋ aon neart mór des na Loċlanaiġ seo isteaċ ċúġainn agus go mbéaḋ M'lṡeaċlainn a d'iaraiḋ iad do ċlaoiḋ le neart a ṫeiġlaiġ féin i n-inead neart na h-Éirean go léir do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ 'n-a gcoinniḃ, do ḃuaḋfaidís ar Ṁ'lṡeaċlainn. Ansan do ḃuaḋfaidís ar Éirinn go léir i ndiaiġ ċeile, mar ní ḃéaḋ aoinne ċun nirt na h-Éirean do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ agus do stiúruġaḋ 'n-a gcoinniḃ”.

“Ba ḋóiċ liom, a ríġ,” arsa'n t-Easbog, “gur b' ṡin rud agus gur ċeart d'ḟearaiḃ Éirean feuċaint ċuige i n-am. Ba ċeart a ċur ar a ṡúiliḃ do'n Árdríġ gur b'é a leas, agus leas na tíre go léir, gan ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le naṁaid [ 36 ]iasaċta do ṫeaċt ċuige ṫar faraige sar a ndéanfaḋ sé é féin d' ollaṁuġaḋ ḋóiḃ. An t-Árdríġ ná h-ollṁóċaiḋ é féin roim ré, aċ a ḃeiḋ ag feiṫeaṁ go dtagaiḋ an naṁaid, tiocfaiḋ an naṁaid air agus ní ḃeiḋ sé ollaṁ.”

“Is fíor san, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Brian. “Ba ċeart d' Árdríġ Éirean neart na h-Éirean a ḃeiṫ gleusta i gcóṁnuiġe aige, i n-aġaiḋ naṁad na h-Éirean. Fé mar a ḃí an Ḟian ag Fionn, nó fé mar a ḃí curaí na Craoiḃruaiḋe ag Conċuḃar. Dá mbéaḋ san aṁlaiḋ d' ḟanfaḋ Loċlanaiġ amaċ anois fé mar a ḋ'ḟan slóiġte na Róṁa amaċ an uair sin.”