Bé an tSiopa Seandaċta
Nuair a ḃí Peadar Ó Doṁnaill (go ndéanaiḋ Dia trócaire air) i mBaile Áṫa Cliaṫ anuraiḋ, ḃíoḋ seómra lom aige i Sráid na Life le uair nó ḋó a ċaiṫeaṁ ann tráṫ a mbíoḋ an tsaoire ḃeag aige. Ní ann a ċodluiġeaḋ sé, aċt ḃí sé an-áiseaṁail aige áit dá ṡórt ḃeiṫ aige le litreaċa a sgríoḃaḋ ann, nó píopa tobac féin a ċaiṫeaṁ i ḃfoċair seanċarad. Is minic a ċuireaḋ sé aċar maiṫ ḋe ag an ḃfuinneóig ag féaċaint anuas uaiḋ ar na daoine ag gaḃáil ṫart ar an tsráid, agus ċuir sé aiṫne súl ar a lán díḃ. Aċt ní raiḃ ḟios aige go ceann i ḃfad go raiḃ beirt ann ċuir aiṫne súl air féin, agus a ċuir spéis ṁór n-a imṫeaċtaiḃ. Ní hé an fáṫ céadna ḃí ag an mbeirt seo an oiread sin áird ḃeiṫ aca ar Ṗeadar— aċt ċiḋfear sin ó’n sgéal.
Díreaċ ar aġaiḋ an tiġe a raiḃ an seómra ag Peadar ann, ḃí siopa beag seandaċta. Ṡílṫeá go raiḃ seanearraiḋe agus iarsmaí na caṫraċ bailiġṫe ann. Ḃí an ḟuinneóg lán díḃ: seanġunnaí de’n uile ḋéanaṁ nár ċaiṫ urċar le céad bliaḋain; claiḋṁte meirgeaċa ó aimsir na Pairliméide; leaḃair do sgríoḃaḋ agus do bualaḋ aċt nár léiġeaḋ ariaṁ; pictiúirí agus grafaí idir olc, maiṫ agus dona; gréiṫre agus gloiní as ar ólaḋ aimsir na mboc agus na sgafairí; íoṁaiġ, idir íoṁaiġ práis agus ċruaiċ [ 130 ]agus luaiḋe; ioḋail ġogaideaċa ḃolgṁóra ó ṫíorṫaiḃ an Oirṫir; an t-é naċ ḃféadfaḋ rud éigin a ṫoġaḋ as an ḃfuinneóig sin, ná tráċtaḋ sé ċoiḋċe ar ṡean- aimsireaċt. Aċt is san dealḃ mór ḃí i lár na fuinneóige is mó ċuireaḋ Peadar Ó Doṁnaill spéis agus é ar a ṡuaiṁneas ag a ḟuinneóig féin; dealḃ do’n Ḃúdda ḃí annseo, agus ainm Ḃictória bain- ríoġain Ṡasana faoi.
Aċt ṫug Peadar faoi deara gan mórán aċair naċ san mBúdda sin is mó cuireaḋ spéis, aċt i mnaoi óig a ḃíoḋ ag obair ó ṁaidin go hoiḋċe ar ċúl an ḃrait ġlais ḃí ar an ḃfuinneóig. Ní ḃíoḋ le feiceál ó ḟuinneóig Ṗeadair aċt mullaċ a cinn de ġnáṫaċ— folt ciarḋuḃ dualaċ aiṁréiḋ. Uaireannta, ṫarr- aingneaḋ sí an brat glas ar leaṫtaoḃ agus d’ḟéaċaḋ amaċ, agus annsin d’ḟeiceaḋ an fear óg ṫall an dá ṡúil rógaire ag breaṫnuġaḋ air. Na súile agus an folt ciarḋuḃ is mó ṫug Peadar faoi deara i dtosaċ, aċt i ndiaiḋ tamaill d’ḟéadfaḋ sé innseaċt duit, dá dtogróċaḋ sé, go raiḃ éadan fada bán agus srón ḋíreaċ agus ḋá ṗus ar ḋaṫ an ċaora caorṫainn uirri. Lá breáġ gréine sa tseansráid feósaiḋe, agus ċaoċ sé súil uirri; rinne sí gáiriḋ agus ṫarraing an brat glas go tobann—cé’n fáṫ go raiḃ aiṫṁéala ar an ḃfear óg go raiḃ mannt i ndrad an úrḃláiṫ ḃeóḋa d’ḟás i siopa na seandaċta?
Ḃí ḋá ḃuaiḋ ag Peadar naċ mbronntar aċt ar ḃeagán de’n ċineaḋ daonna. Níor casaḋ deáġḟear dílis ariaṁ air nár ṫug gean croiḋe ḋó, cuma cé’n difriḋeaċt ḃéaḋ eatorra i meóin; i dteannta na dúṫraċtaċa soillseaċa seo, ḃí aéreaċt nó buaiḋ [ 131 ]óige ag baint leis ṫug ar an mbantraċ spéis ró-ṁór a ċur ann. Ċur bé an tsiopa seandaċta an-spéis ann; ní raiḃ sé i ḃfad san áit gur ṫug sí faoi deara go mbíoḋ sí ag smaoineaḋ air níos minice ná ba ċóir, agus go mbíoḋ cantal uirri an lá naċ ḃfeicfeaḋ sí ag an ḃfuinneóig é. Ṁoṫuiġ sí luisne n-a gnúis lá dá ḃfaca sí ag an ḃfuinneóig é agus gan súil aici leis; an oiḋċe sin ġeárr sí poll beag san mbrat glas le sciosúr ionnós go ḃféadfaḋ sí é ḟeiceál i nganḟios....
Aċt cé’n gnó ḃí aige ann? Cé’n sórt duine ḃí ann? Níor ḟéad sí a aoirde ná a ṫoirt a ṁeas mar ní ḟaca sí ariaṁ ar an tsráid é. D’ḟeiceaḋ sí ag an ḃfuinneóig é go minic meaḋon lae, tráṫ is gnáṫaċ le daoine ḃeiṫ ag obair; corr-uair ḃíoḋ sé ann nuair d’osgluiġeaḋ sí an siopa ar maidin; nuair a ṫuitfeaḋ an oiḋċe ṫarrnuiġeaḋ sé anuas braṫ na fuinneóige i gcoṁnaiḋe, aċt ḃíoḋ a ḟios aici ó’n solus istiġ go raiḃ sé n-a ṡeómra. Nuair ḃí na laeṫe fada saṁraiḋ ann, d’ḟeiceaḋ sí go hanṁinic ag an ḃfuinneóig tráṫnóna é; ḃíoḋ aiṫṁéala uirri nuair ṫosuiġ na laeṫe ag dul i ngiorraċt—ní ḃíoḋ sé le feiceál aici ó ṫuitim na hoiḋċe....
Ṫáinic deireaḋ fóġṁair agus tús an ġeiṁriḋ. Ḃíoḋ obair ṁór ar Ṗeadar, obair ċontaḃairteaċ imniḋeaċ, agus gan fail aige aon aċar a ċaiṫeaṁ n-a “ṗluaisín ṡoġa” mar ṫug sé ar an seómra lom i Sráid na Life. Is minic a ċaiṫ bé an tsiopa seandaċta seaċtṁain gan súil ḟágail air. Agus nuair d’ḟeiceaḋ sí é is iondúil cosaṁlaċt imniḋeaċ ḃeiṫ air. Aċt nuair d’ḟeiceaḋ sí ag an ḃfuinneóig [ 132 ]é, agus a éadan uasal smaointeaċ faoi néaltaiḃ, ṫarraingneaḋ sí an brat glas ar leaṫtaoḃ, agus d’ḟanaḋ ag féaċaint amaċ go mbíoḋ ḟios aici go raiḃ seisean ag dearcaḋ uirri. Annsin, ḃeannuiġ- eaḋ sí do’n ḟear óg imniḋeaċ le meangaḋ aoiḃinn agus le uṁluġaḋ cinn. Agus nuair a ṫiocaḋ meangaḋ ar a ḃéal siúd ġá freagairt, ḃíoḋ aoiḃ- neas uirri: naċ raiḃ sí ag cuidiuġaḋ leis i pé ar biṫ obair ḃí ġá ḋéanaṁ aige?
Ḃí. Dá mbéaḋ Peadar Ó Doṁnaill féin againn indiu, d’adṁóċaḋ sé ḋuit gur mór an congnaṁ fuair sé n-a ṡaoṫar contaḃairteaċ imniḋeaċ ó ḃé an tsiopa seandaċta....
Tar éis na Nodlag, ṫug bé an tsiopa seandaċta faoi deara go mbíoḋ an fear óg n-a ṡeómra gaċ tráṫnóna beagnaċ. Ṫosuiġ daoine ag teaċt ar cuairt aige. Fir óga a ḃfurṁór, agus d’ḟeiceaḋ sí Peadar agus iad féin ag cainnt go dílis dúṫraċtaċ. Ḃí sé soiléir ag an t-é a raiḃ súile géara aige go raiḃ uraim ṁór aca uilig ḋó. Faoi’n am seo freisin ṫug sí faoi deara naċ í féin aṁáin ḃíoḋ ag faire ar an seómra ṫall, agus ar luċt a áitiġṫe. Fir, fir óga eile agus cultaċa nuaḋa ar a ḃfurṁór, agus d’ḟéaċaidís go géar ar gaċ uile ḋuine ċuaiḋ isteaċ is amaċ ann. Leanaidís cuid díḃ nuair ḟágaidís an teaċ ṫall. Ċuir an obair seo iongnaḋ ar ḃé an tsiopa seandaċta. Céard ḃí ar siuḃal ag an ḃfear óg sin n-ar ċuir sí an iomarca rpéise?
Ḃuail óigḟear árd donn plucaċ isteaċ ċuici lá. [ 133 ]Ḃí sé gléasta go maiṫ, go ro-ṁaiṫ b’ḟéidir, agus cosaṁlaċt an tsaiḋḃris air. Ḃí gaċ uile ṡórt ḃí air ar an ḃfaisiún b’úire. Ó ḃairéad anuas, deirṫeá naċ raiḃ snáṫa air a caiṫeaḋ ariaṁ roiṁe.
Ṫosuiġ sé ag cuartuġaḋ imeasg na seaniarsmaí ṫall is i ḃfus. Ḃí carn mór leaḃar i gcúinne. Ḃeireaḋ sé ar ċeann díḃ. Léiġeaḋ cuid de. D’ḟágaḋ ar leaṫtaoḃ é. Ċuireaḋ sé goṫa air féin go raiḃ spéis ṁór aige ionnta. Aċt maraċ go mbíoḋ bé an tsiopa seandaċta ċoṁ gnóṫaċ sin ag faire ar an ḃfear óg sa seómra ṫall, ḃéaḋ ḟios aici naċ ar na leaḃraiḃ is mó ḃí a aire aċt ar an seómra ṫall freisin. Ṫuigfeaḋ sí, dá mbéaḋ an gustal ceart innti, go ḃféadfaiḋe gaċ uile ċor a ċuirfead fear ḋe sa seómra ṫall ḟeiceál ó ċarnán na leaḃar, agus naċ ḃfeicfiḋe an t-é ḃéaḋ ag déanaṁ na faire. Aċt cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ bruinneall a ṫug gean d’ḟear nár laḃair sí leis ariaṁ sunndas a ṫaḃairt do rudaiḃ de’n tsórt sin?
Ṫáinic fear an ḟeistis nuaiḋ isteaċ ċuici go mion minic. I dtosaċ, ní ṫagaḋ sé aċt nuair a ḃíoḋ daoine sa seómra ṫall, aċt leis an aimsir ṫosaiġ sé ag teaċt go dtí an siopa tráṫ naċ mbíoḋ Peadar Ó Doṁnaill ná a ċáirde le feiceál ṫall feaḋ mórán laeṫe. Gaċ uile uair ġaḃaḋ sé an tsráid ḃualaḋ sé isteaċ. Ċaiṫeaḋ sé leaṫuair b’ḟéidir ag coṁráḋ le bé na seandaċta. Laḃraḋ sé faoi na coṁarsain —is beag eólas ḃí ag an mbé orra; ṫráċt sé ar an teaċ ṫall, agus a mbíoḋ ag teaċt agus ag imṫeaċt ann, aċt ní mórán eólais fuair sé uaiṫi fúṫa, ná faoi’n rún ḃí istiġ n-a croiḋe féin....
[ 134 ]Lón anma ag mnaoi molaḋ clisde. Mol a háilne i nganḟios ḋuit féin mar ḋ’eaḋ; leig ort go ḃfuil cúṫal ort faoi gur laḃair tú ar ċor ar biṫ, cuir i dtuigsint di, gan briaṫra béil, naċ dtiocfaḋ cainnt dá sórt as do ḃéal maraċ gur ḃain an áilne ḃí ós do ċoṁair amaċ asat í gan buiḋeaċas duit. Déan sin, agus beiḋ leat.
Aċt fainic! Déan go clisde é. Déan go deas- ḃéalaċ é. Déan go héadtrom é. Ní mór ḋuit taiṫiġe ṁaiṫ ḃeiṫ agad ar an obair; aċt má ceap- tar ort go ndeárna tú a leiṫéid de ċainnt le bean ċeana beiḋ tú ar ṁullaċ do ċinn i n-omar na haimléise gan aċar.
Ní ḋeárna an stráinséar óg a ṫagaḋ ċoṁ minic sin ag féaċaint ar na seaniarsmaiḃ i siopa na seandaċta an molaḋ aċt go codramánta. Ní raiḃ goṫaḋ na fírinne ná na dílseaċta air. Níor tugaḋ áird air. Aċt ḃí bé an tsiopa seandaċta clisde; leig sí uirri gur mil beaċ aici an uile ḟocal dá dtagaḋ as a ḃéal. Ṫuig sí ar a nós banda féin naċ ar ṁaiṫe leis an ḃfear óg ṫall dá dtug sí gean ḃíoḋ stráinséir an ḟeistis nuaiḋ ag teaċt ar an tsráid; cá’r ḃfios di naċ ḃféadfaḋ sí caḃair éigin ṫaḃairt dó-san aċt an t-amadán seo a ṁeallaḋ?
Agus ċeap an stráinséar go raiḃ ag eirġe leis go toġṫa. Aċt ḃí sgáṫ air go raiḃ sí ag cur isteaċ ar a ċuid oibre go ró-ṁór. Cúpla uair leig sé a ġnó ċun failiġe le cuairt a ṫaḃairt uirṫi. Aċt naċ raiḃ sí andeas ar fad? Agus an dá ṡúil ḃí aici! Agus a béal—síorċuireaḋ ċun póige an béal sin! con- taḃairt do ḟearaiḃ óga deirge an ḃéil sin! Cá’r [ 135 ]ḃfios cé’n díoġḃáil a ġníṫeaḋ béal caorḋearg bíoḋgaṁail dá ṡórt mara a bpósfaḋ fear maiṫ éigin an ḃean ar léiṫi é gan moill! Póg a ṫaḃairt di ar an mbéal sin....
Ġeit mo ḋuine. N-a ṡeasaṁ ag an gcoirnéal annsin idir Sráid Uí Ċonaill agus Sráid an Iarla ḃí sé. Ċuaiḋ Peadar Ó Doṁnaill ṫart. Is beag naċ ndeaċa sé ṫart i nganḟios do mo ḋuine ḃí sé ag smaoineaḋ ċoṁ doiṁin sin ar ḃé an tsiopa seandaċta. Ní ḋeanfaḋ sé sin cúis agus é ar a lorg....
Aċt má ḃí sé ar a lorg féin níor laḃair sé leis. Suas Sráid Uí Ċonaill ċuaiḋ Peadar. Lean mo ḋuine é. Nuair a ṡeasaḋ Peadar le cainnt a ḋéanaṁ le duine dá luċt aiṫne, ṡeasaḋ mo ḋuine. Aċt d’ḟanaḋ sé tamall beag ar a gcúl. Ag féaċaint ar na spéirṫiḃ ḃíoḋ sé ṡílṫeá, nó ar na tiġṫe ṫall uaiḋ, nó ar ḃrógaiḃ na ndaoine ḃí ag gaḃáil ṫart—aċt ḃíoḋ diorball na súile aige ar Ṗeadar i gcoṁnaiḋe. Nuair a ġluaiseaḋ seisean, leanaḋ mo ḋuine é; nuair a ṡeasaḋ sé, ċeapṫá ar mo ḋuine naċ raiḃ aon rud ar an saoġal seo ċoṁ hiongantaċ leis na tiġṫe i Sráid Uaċtaraċ Uí Ċonaill!
Ċuaiḋ Peadar isteaċ i siopa tobac ag ceann na sráide. D’ḟan sé leaṫuair ann. Ḃí báisteaċ ṁór ann an lá céadna, aċt má ḃí féin níor imṫiġ mo ḋuine. Ċuir sé sgáṫ-fearṫainne i n-áirde, agus d’ḟan go foiġdeaċ ag bun Ċoluṁan Ṗarnell. Ḃí an sgríoḃnóireaċt atá ar an gColuṁain sin léiġte aige seaċt n-uaire, agus an ċéad ċuid ḋe de [ 136 ]ṁeaḃair aige, nuair ṫáinic Peadar amaċ as an siopa tobac.
Ḃí rian-ċárr ag gaḃáil ṫart. Isteaċ le Peadar ann. I n-áirde air ċuaiḋ mo ḋuine; aċt nuair ṫuirling Peadar ag an droiċead, ṫuirling mo ḋuine freisin. Siar bealaċ na gCéiḃ ṫug Peadar aġaiḋ. Isteaċ leis i n-oifig clódóra. D’ḟan mo ḋuine taoḃ ṫall de’n Ċéiḃ—ag féaċaint a ḃfeicfeaḋ sé bradán i n-aḃainn na Life b’ḟéidir! Ċaiṫ sé ḋá uair annsin, aċt má ċaiṫ níor ṫáinic Peadar amaċ as an oifig....
D’imṫiġ mo ḋuine gan é, ar ṫeaċt na hoiḋċe. I n-áit iargcúlṫa, ḃain sé leaḃar as a ṗóca agus ṫosaiġ ag sgríoḃaḋ ann. Níor innis sé aċt an ġlanḟírinne nuair aduḃairt sé le bé an tsiopa seandaċta go raiḃ posta aige faoi’n riaġaltas, aċt má ċeap luċt an riaġaltais ná an bleaċtaire go raiḃ ḟios aca céard a rinne Peadar an lá sin is mór an dul-amuḋa bí orra.
An tráṫnóna sin ḃí bé an tsiopa seandaċta ag an ḃfuinneóig agus cuṁa uirri. Ní ḟaca sí an fear óg ṫall ar feaḋ trí lá; céard a ḃí air nár ṫáinic sé? Ḃí baraṁail nó smaoineaḋ aici go raiḃ obair ċon- taḃairteaċ éigin ar siuḃal aige, aċt ní raiḃ ḟios aici fá’n mbiṫ céard é. Dá ḃféadfaḋ sí cuidiuġaḋ leis ar aon dóiġ!
Ḃí seansgaróid buird aici ar a glúnaiḃ agus í ar a díṫċeall ag iarraiḋ an gréas-obair ḃí air a leasuġaḋ, aċt is minic agus is ró-ṁinic a ṫuiteaḋ an t-éadaċ uaiṫi ar an úrlár ḃí a smaointe ċoṁ [ 137 ]mór sin ar fuaidreaṁ. Ċuireaḋ sí súil léiṫi leis an bpoll ḃí aici ar an mbrat glas, aċt ní ḃíoḋ le feiceál aici aċt an tseansráid ḃrónaċ ḟeósaiḋe agus an ḃáisteaċ ṁór ag teaċt anuas. Ḃí gráin aici ar an áit, ar na seantiġṫe gránda ḃí ṫall uaiṫi, ar na daoine straoilleaċa marḃánta ḃíoḋ ag dul isteaċ is amaċ ionnta, ar an seandaċt ḃí timċeall uirri, ar a saoġal iomlán. Urḃláṫ beó mar í sáiṫte isteaċ i lár doṁain ḃig ṁairḃ!
Ḃí fear céirde léiṫi ag obair istiġ i seómra ar ċúl an tsiopa. Ḃí an lá ċoṁ dorċa sin is go mb’éigin dó solus ḃeiṫ aige istiġ n-a ṗluais; ċuir an ceól béil ḃí aige múisiam uirri. Cé’n ceart ḃí aige ḃeiṫ ċoṁ meiḋreaċ sin? D’eiriġ sí n-a seasaṁ cúpla uair le cosg a ċur le n-a ċuid ceóil, aċt níor ċuir. Ḃí croiḋe éadtrom aéraċ aige—tuige a’ gcuirfeaḋ sí isteaċ air?
Sé lá de’n tseaċtṁain ó’n naoi a ċlog ar maidin go dtí an sé tráṫnóna a ċaiṫeaṁ sa ṗluais sin agus taisí na seanaimsire n-a timċeall! Ḃainfeaḋ sé an croiḋe as ógṁnaoi ar biṫ. Ṫáinic creaṫaḋ uirri. An raiḃ sé i ndán di a saoġal ar fad a ċur di ar a leiṫéid de ċaoi? Ḃí seansgaṫán ar a cúl. D’ḟéaċ sí isteaċ ann. D’ḟan sí tamall deas ag féaċaint isteaċ ann. Ḋeisiġ sí a cuid gruaige. Ṫáinic meangaḋ beag ar a béal, aċt ní ó’n gcroiḋe é, aċt go nduḃraḋ léiṫi uair go mba cosaṁail le maide gréine lá sneaċta an meangaḋ sin. Ṫaiṫniġ an rud ċonnaic sí sa sgaṫán léiṫi. Rinne sí gáiriḋ go raiḃ sí ċom péacaċ sin. Ċonnaic sí an mannt nuair d’osgail sí a béal. Ṫáinic cantal beag uirri....
[ 138 ]Rug sí ar an seansgaróid buird arís, aċt ní ḋeárna sí mórán oibre. Ḃí sí leaṁ de’n tsaoġal, gur eiriġ sí n-a seasaṁ agus gur ṫarraing an brat glas ar leaṫtaoḃ, agus go ḃfaca sí an fear óg ṫall. Ḃeannuiġ sí ḋó le n-a ceann, agus ṫug cuireaḋ ḋó ṫeaċt ċuici....
Ní raiḃ aon ċeapaḋ aici an ċuireaḋ ṫaḃairt dó. Dá buiḋeaċas rinne sí é. Ḃí náire uirri go raiḃ sí ċoṁ dána sin. Céard deirfeaḋ sí leis? Cé’n ḃaraṁail ḃéaḋ aige uirri?
Ḃí a croiḋe ar preabaḋ agus luisne n-a gnúis nuair ḃuail sé isteaċ. Céard deirfeaḋ sí leis? An leigfeaḋ sí uirri féin nár ṫug sí cuireaḋ ḋó, gur dearmad ḃí air? Dá laḃraḋ sí i dtosaċ ar ṫeaċt isteaċ ḋó ṫuigfeaḋ sé a ċorraiġṫe is ḃí sí.
Áḋṁail go leór, rinne seisean an ċuid is mó de’n ċainnt go raiḃ sí ar a suaiṁneas.
“Níl áit ar biṫ,” ar Peadar Ó Doṁnaill, “is feárr liom uair a ċaiṫeaṁ ann ná i siopa seandaċta.”
“Ní raiḃ sé i ḃfad uait,” ar sise.
“Ní raiḃ, aċt ḃí sgáṫ orm a ṫeaċt.”
“Sgáṫ? Tuige?”
“Roṁatsa.”
“Ḃfuil cosaṁlaċt ċoṁ niṁneaċ sin orm?” agus ṫáinic friġid an ṁagaiḋ n-a súiliḃ.
“Ní hé sin é aċt an poll—an poll ġeárr tú san mbrat glas,” agus ṫasbáin sé ḋi é.
Croċaḋ suas aṁrán san seómra ar ċúl an tsiopa.
“Ṫugas cuireaḋ ḋuit ṫeaċt annseo,” ar sise. “Ḃí fáṫ agam leis. Ṡíleas le fada innseaċt duit go mbíonn daoine ag faire ar do ṡeómra gaċ lá.”
[ 139 ]“Cé’n sórt daoine?” arsa Peadar agus é ar a aire ar an nóiméad.
“Fear caol árd is mó ḃíos ann,” ar sise.
“Fear plucaċ donn,” arsa Peadar, agus ṫug sé tuairisg an ḃleaċtaire ḋi.
“Bíonn sé annseo beagnaċ gaċ lá,” ar sise, “leigeann sé air go ḃfuil suim ṁór aige sna sean- leaḃraiḃ sin ṫall, aċt ní ró-ḟada go dtugas faoi deara gur ag faire ortsa ḃíos sé.”
Ṫáinic cosamlaċt imniḋeaċ ar Ṗeadar. Pé ar biṫ céard ḃí ar siuḃal aige, níor ṡíl sé go raiḃ ḟios ag na bleaċtairiḃ cá gcaiṫeaḋ sé a ṡaoire ḃeag; agus ṫug sé cuireaḋ do ċáirdiḃ leis ṫeaċt go dtí an seómra sin anoċt féin le ceist ṫáḃaċtaċ a ṡocruġaḋ. D’aiṫneóċaiḋe gaċ duine aca, agus ḃí sé ró-ḋeireannaċ an ċoṁḋáil a ċur ar cáirde....
Ḃí sé féin agus bé an tsiopa seandaċta n-a seasaṁ taoḃ le taoḃ i n-aice leis an gcarn leaḃar.
“Annseo is mó ḃíos sé,” ars an ḃé, “ag dearcaḋ anonn ar do ṡeómra-sa. Tig leis gaċ uile ṡórt ḟeiceál ó’n áit seo....”
“Ḃfuil aiṫne ṁaiṫ agat air?” D’ḟéaċ Peadar idir an dá ṡúil uirri.
“Tá aiṫne ṁaiṫ agam air,” ar sise, “tá sé ag iarraiḋ ḃeiṫ mór liom,” agus ṫáinic cúṫalaċt uirri.
D’eiriġ Peadar an-smaointeaċ.
“An ḃféadfá é ṁeallaḋ as an tsráid seo anoċt ar aon ċaoi?”
Ba léir ḋi ó’n gcaoi ar iarr sé uirri a leiṫéid a ḋéanaṁ go raiḃ toġaḋ áḋḃair aige le n-a aṫċuinge. Ní raiḃ sí fiosraċ, aċt ḃi fonn an tsaoġail uirri a [ 140 ]ḟiafruiġe ḋe céard a ḃí an fear eile seo ag iarraiḋ a ḋéanaṁ air, nó an raiḃ sé féin i n-aon ċontaḃairt uaiḋ.
“Déanfad é,” ar sise go mall, “ní ċuirfiḋ sé isteaċ ort anoċt.”
Ċraiṫ Peadar láṁ léiṫi go beannaċtaċ.
“Beiḋ ḟios agad uair eile cé’n fáṫ gur iarr mé ort é sin a ḋéanaṁ,” ar seisean, agus d’ḟéaċ sé uirri ar a nós aisteaċ féin: d’aiṫniġ an dá ċiaróg a ċéile....
Ċaiṫ an bleaċtaire agus bé an tsiopa seandaċta cuid de’n oiḋċe le ċéile i nÁrus Ceóil; ḃí gliondar air gur ġlac sí le n-a ċuireaḋ. Ḃí sé cainnteaċ go leór léiṫi; d’innis sé di go raiḃ páiḋe ṁaiṫ aige, go raiḃ posta faoi’n riaġaltas aige, go mbéaḋ pinsiún aige i ndeire a ṡaoġail.... maraċ gur ḃain an druma mór geit as d’iarrfaḋ sé uirri é ṗósaḋ! Aċt níor ċuala sí móran dá ċuid cainnte agus an méid ar ċuala sí ní raiḃ aon áird aici air; glór an ḟir eile ḃí n-a cluasaiḃ, a ḋealḃ agus a ċrot ḃí ós coṁair a ḋá súil i riṫ na hoiḋċe agus imniḋe uirri go raiḃ sé i gcontaḃairt. Dá ḃféad- faḋ sí caḃruġaḋ leis!
Ní raiḃ an bleaċtaire aċt leaṫṡásta nuair sgar sé léiṫi. Ṡílṫeá go ḃféadfaḋ sí áird níos feárr ṫaḃairt ar a ġlór; aċt leis an aimsir, d’eiriġeaḋ leis níos fearr—corr-ḃean naċ ngéillfeaḋ ḋó-san sa deireaḋ; ṫáinic cosaṁlaċt na mórċúise air....
Ag seo cuid ḃeag de’n tuairisg ċuir sé isteaċ an oiḋċe sin:—
“Ó’n 6 a ċlog go dtí 10.30 san oiḋċe i Sráid na [ 141 ]Life ḋom ag faire ṡeómra Ṗeadair Uí Ḋoṁnaill. Níor ṫáinic sé féin ná aon duine dá ċáirdiḃ ċuig an áit i gcaiṫeaṁ na haimsire sin!”
An ċéad uair eile a dtáinic Peadar isteaċ ċuici, d’ḟiafruiġ bé an tsiopa seandaċta ḋe cé’n sórt duine ḃí sa ḃfear sin leis ar ċaiṫ sí cúpla uair i nÁrus Ceóil.
D’innis Peadar di cé’n ċéird ḃí aige.
Ṫáinic fearg uirri.
“Agus d’iarr tú orm dul n-a ċuideaċtain!” ar sise.
“Ḃí gáḃaḋ leis,” arsa Peadar go réiḋ socair. d’ḟéaċadar beirt ar a ċéile.
“Agus má iarrtar ort é ḋéanaṁ arís,” ar seisean, “ní ṡílim go gclisfiḋ tú.”
“Ní ċlisfiḋ,” ar sise; ḃí iongnaḋ uirri an ṁuinġin ḃí ag an ḃfear óg seo aisdi, aċt ní raiḃ ḟios aici gur ċuir Peadar a tuairisg agus go raiḃ ḟios aige ó ṫús cé dár díoḃ í.
Nárḃ í inġean a haṫar í?
Mí n-a ḋiaiḋ seo ḃí Eirġe-Amaċ ann. Gaḃaḋ Peadar Ó Doṁnaill. Daoraḋ é. Cuireaḋ piléir ann....
B’é an lá ar caiṫeaḋ Peadar Ó Doṁnaill é....
Ḃí an bleaċtaire leis féin n-a ṡeómra. Ar a ġlúnaiḃ ḃí sé agus paidrín n-a ġlaic aige. Ċuir sé [ 142 ]paidir i ndiaiḋ paidir’ ḋe go dúṫraċtaċ. Ṫagaḋ creaṫaḋ air ó am go ham. Ḃí a ċeann faoi aige, agus a éadan sáiṫte sa leabaiḋ, aċt ṫigeaḋ pictiúr i ndiaiḋ pictiúir ós coṁair a ḋá ṡúl dá ḃuiḋeaċas.
Cúinne de ṡeómra i gCaisleán Áṫa Cliaṫ is mó d’ḟeiceaḋ sé. Tolg ann; fear gonta n-a luiġe air; a ċolann gan bríġ; a anam ar lasaḋ le díograis agus le dílse....
D’eiriġ an bleaċtaire dá ġlúnaiḃ. Ċroċ sé suas an paidrín ós cionn a leapṫan féin. Ċraiṫ sé uisce coisreagan ar a ḃaiṫis. Ṡuiḋ sé cois na fuinneóige, agus d’ḟéaċ amaċ ar an tsráid. Aċt ní hí an tsráid a ċonnaic sé. Ní heaḋ. Idir na daoine ḃí ag gaḃáil ṫart ṫiocaḋ an pictiúr céadna seo arís agus arís eile.... D’ḟeiceaḋ sé an cúinne céadna de’n tseómra sin san gCaisleán; tolg ann; fear gonta n-a luiġe air; a ċolann gan bríġ; a anam ar lasaḋ le díograis agus le dílse....
Ċuaid stócaċ óg ṫart ar an tsráid ṡíos faoi agus ag gaḃáil ḟuinn. Ḃí an ḟuinneóg ar osgailt, agus ċuala sé an ċéad ċuid de’n aṁrán; aċt de réir a ċéile ṡílṫeá gur aṫruiġeaḋ an port, gur focla eile ḃí ġá gcanaḋ ag an stócaċ.
An ċainnt seo ḃí ġá canaḋ ag an stócaċ dá mb’ḟíor do ċluasaiḃ an ḃleaċtaire:—
“An fada ó ċuir tú aiṫne ar an bpríosúnaċ i dtosaċ?”
Oifigeaċ airm a ċuir an ċeist air. Ḃí dream beag eile aca ṫart ar an tolg aċt ní raiḃ áird ag an ḃfear gonta ḃí faoi ṫriáll orra.
“Trí bliaḋna go leiṫ.”
[ 143 ]“Innis dúinn anois ce’n ċaoi ar ċaiṫ sé an aimsir sin.”
Ṫosuiġ sé féin ag cainnt. Ċuala sé a ġlór féin, anois féin, agus é n-a ṡuiḋe ag an ḃfuinneóig. B’éigin dó cosg a ċur leis féin ó am go ham; ḃí súile an ḟir ġonta ġá ṡáiṫeaḋ. An tarcuisne ḃí le feiceál ionnta! An tarcuisne ḃí aige ḋóiḃ go léir! Cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ fear naċ raiḃ i ndán dó aċt breiṫ an ḃáis ḃeiṫ ċoṁ neaṁaireaċ sin?
“.... n-a ḋiaiḋ sin ḃíoḋ seómra beag aige i Sráid na Life.... Ḃíoḋ beirt de’n triúr a daoraḋ cúpla lá ó ṡoin ag teaċt ar cuairt aige ann.... Tá siopa seandaċta ar a aġaiḋ amaċ. Ḃínn féin sa siopa sin ġá ḃfaire....”
D’eiriġ an bleaċtaire. Ṡíl sé dearmad a ḋéanaṁ ar an sgéal ar fad. Ḃí sé ag baint codlaḋ na hoiḋċe ḋe. Ḃí sé ag baint suaiṁneas an lae ḋe. Eisean a ċuir Peadar Ó Doṁnaill ċun báis. Deireaḋ aon duine leis é. An raiḃ aon ċáll leis? Naċ ḃféadfaḋ sé a ṁalairt de ṫuairisg ṫaḃairt air? Naċ ḃféadfaḋ sé a raḋ....
Ḃí páipéar ar an mbórd i n-aice leis. Ó ċeann- aire na mbleaċtairí ṫáinic an páipéar sin. Ċuir an sgéal ḃí ann croiḋe beag ann. Árduġaḋ páiḋe agus gradam nuaḋ....
Aċt an díṫṁeas ḃéaḋ ag cáċ air! Cé’n bríġ tarcuisne an ṗríosúnaiġ? Naċ raiḃ sé faoi aol agus gainiṁ anois? Aċt cé’n ceart ḃí ag an oifigeaċ óg de luċt na cúirte é ṁaslaḋ? Naċ ag cuidiuġaḋ leó ḃí sé féin? Má ċuir sé craiceann ar an sgéal dóiḃ ar laḃair sé aċt an ḟírinne? Cé’n ċaoi [ 144 ]a ḃféadfaiḋe fear a ḋaoraḋ gan fiaḋnuise? Agus cé’n fiaḋnuise d’ḟéadfaiḋe ḟáġail gan bleaċtairí?
Ḃí a ċoṁḃleaċtairí boḋar aige le tamall. Ḃí sé fadálaċ ó ḋúṫċas, agus ní ṡásóċaḋ aon rud é aċt an sgéal ó ṫús deireaḋ innseaċt do gaċ duine aca agus a ḃreiṫeaṁnas ḟáġail. Ceapaḋ ag an árus i Sráid Ḃrunsuic go raiḃ sé ag eirġe beagán beag éadtrom n-a ċeann. Saoire ḃeag a ḃí uaiḋ.... aċt ní raiḃ ḟios aca go raiḃ ḋá ṡúil Ṗeadair Uí Ḋoṁnaill ġá leanaṁaint de ló agus d’oiḋċe agus tarcuisne ṫar aon tarcuisne dár facṫas i súiliḃ fir ariaṁ ionnta....
Ṫuit an oiḋċe....
B’ḟacṫas dó go raiḃ a ṡeómra lán de ṡúiliḃ. Ṫosuiġeadar ag eirġe suas sa dorċadas gaċ uile áit dá ḃféacfaḋ sé. Tarcuisne is mó ḃí le taḃairt faoi deara sna súiliḃ seo. Ba le daoine éagsaṁla iad uile go léir; súile na bé i siopa na seandaċta; súile a ṁáṫar féin; súile dearḃráṫar leis a cailleaḋ fadó; súile seanṁná ḃíoḋ sa teaċ aca; súile a ṡeanoide sgoile; súile Ṗeadair, súile na n-oifigeaċ a ḋaor é; súile na saiġdiúirí a ċaiṫ é ar maidin; tarcuisne sna súiliḃ uile; gráin ionnta uile; fuaṫ ionnta uile....
Ṫarraing sé siar a ċaṫaoir go raiḃ a ḋruim le balla. Aċt níor eiriġ leis éaluġaḋ ó na súiliḃ niṁneaċa sin. Ḃíodar gaċ uile áit ṫart air. Uaireannta, ní ḟeiceaḋ sé aċt aon dá ṡúil aṁáin, agus na soillsí ag teaċt agus ag imṫeaċt ionnta mar ḃéaḋ i súiliḃ daonna. Ṫiocaḋ buile air annsin, agus d’eiriġeaḋ le n-a bualaḋ le n-a ċaṫaoir, aċt [ 145 ]nuair d’eiriġeaḋ ḃeidís glanta. Aċt ní túisge ṡuiḋeaḋ sé arís ná d’eiriġeaḋ péire eile ós a ċoṁair....
Táinic bean a’ tiġe isteaċ agus lampa aici. Ḋeasuiġ sí an bórd agus d’ḟág an tae air. B’aoiḃinn leis í ḟeiceál. Ní ḃainfeaḋ draoiḋeaċt ná diaḃ- laiḋeaċt leis an áit an ḟad is ḃéaḋ sise ann.
D’iarr sé uirri sgaṫaṁ a ċaiṫeaṁ leis.
Ċaiṫ. Aċt ní raiḃ sí i ḃfad ann gur eiriġ sé smaointeaċ. Níor ḟan aon ċainnt aige. Lean sise ġá cniotál, aċt níor airiġ sí go ḃfaca sí a lóisdeóir ar a haġaiḋ amaċ, a ċaṫaoir i n-áirde aige agus gaċ sgréaċ uaiḋ—
“Sgrios! Sgrios! Sgrios!” deireaḋ sé i n-árd a ġoṫa agus friġid na buile n-a ṡúil....
Aċt ní ar ḃean a’ tiġe ḃí sé ag bagairt na caṫaoireaċ aċt ar na súile ḃí ġá ċéasaḋ!
D’eiriġ léiṫi é ṁeallaḋ, agus iallaċ a ċur air an leabaiḋ a ṫaḃairt air féin. Aċt ní codlaḋ ciúin a fuair sé. Ċuala bean a’ tiġe é ag ráṁalaḋ agus ag cur síos ar ṡúile de’n uile ċineál agus de’n uile ḋaṫ go raiḃ sé i ḃfad san oiḋċe....
Ḃí an ṁaidin go haoiḃinn. Grian na Bealtaine ag órḋaḋ na caṫraċ brónaiġe. Balaḋ trom na fairrge isteaċ ar an ngaoiṫ. Faoileáin go glion- daraċ agus go sgréaċaċ ós cionn na haiḃne. Dia ag iarraiḋ croiḋṫe cráiḋte a ṁuinntire a ṫógḃáil....
Ṡiuḃal an bleaċtaire cuid ṁór de’n ċaṫair roiṁ an deiċ a ċlog. Ḃí a ṡeanċrot féin ag teaċt ar [ 146 ]ais do’n ḃaile mór. Ċloiseaḋ an bleaċtaire ainm Ṗeadair Uí Ḋoṁnaill ġá luaḋaḋ go minic. Ṡeasaḋ fear ag coirnéal sráide agus páipéar nuaiḋeaċta fosgailte aige. D’ḟeiceaḋ sé fógra ann ó luċt an airm ḃí i seilḃ na caṫraċ ag innseaċt cé na daoine de luċt na Pobalaċt’ láiṁsiuġaḋ an ṁaidin roiṁe. Ṫiocaḋ giosgán fiacal air agus fiuċaḋ fola. Ġluaiseaḋ leis ar a ṡliġe, agus an diaḃal n-a ċroiḋe istiġ....
Ba léir do’n ḃleaċtaire cé’n gean ḃí ar Ṗeadar. Peadar boċt, deireaḋ bean agus deór faoi n-a súil. Peadar boċt, deireaḋ fear agus rún díoġal- tais n-a ċroiḋe. Peadar boċt, deireaḋ na faoileáin ḃí ag eiteall ós cionn na haiḃne. Peadar boċt, deireaḋ an ġaoiṫ anoir isteaċ ó’n muir ṁóir....
Agus d’ḟeiceaḋ an bleaċtaire súile tarcuisneaċa an ṗríosúnaiġ ġonta ḃí n-a luiġe ar an tolg i gcúinne de ṡeómra i gCaisleán Áṫa Cliaṫ gaċ uile uair a ċloiseaḋ sé an focal.
Ḃí sé cinnte naċ raiḃ na loganna ar ḟeaḃas aige. Níor ṁór ḋó cuairt a ṫaḃairt ar ḋoċtúir. Aċt ḃí baraṁail aige naċ druganna an leiġeas ab’ ḟeárr ḋó, aċt focal beag molta, focal beag a ċuirfeaḋ bríġ agus borraḋ ann arís....
Ṫug sé aġaiḋ ar Sráid na Life. I siopa na seandaċta d’ḟeiceaḋ sé súile daonna, ċloisfeaḋ sé glór daonna arís. Ní ḃéaḋ a ḟios ag bé an tsiopa cé’n ḃaint ḃí aige le luċt marḃṫa Ṗeadair. Ní móide go mbéaḋ a ḟios aici gurab é Peadar ḃíoḋ sa seómra taoḃ ṫall uaiṫi.
Rinne sé deifir.
[ 147 ]Ní raiḃ aon ċainnt aige léiṫi ó roiṁ an Eirġe- Amaċ: cé’n ḃaraṁail ḃéaḋ aici ar an obair? Ḃí sé cleaċtaċ ar ḃréagaiḃ innseaċt—ḃí socruiġṫe aige molaḋ ṫaḃairt do pé ar biṫ dream díḃ is feárr a ṫaiṫniġ léiṫi. D’ḟéadfaḋ sé a ráḋ léiṫi go raiḃ sé féin ag troid agus gur eiriġ leis éaluġaḋ as, dá mba rud é go mbogfaiḋe a croiḋe ar an dóiġ sin.
Aċt is beag an fios ḃí aige. Ní raiḃ aon ċéapaḋ aige go raiḃ sí mór le Peadar, go dtug sí gean a croiḋe ḋó, go raiḃ an croiḋe sin n-a ċloiċ n-a lár anois....
Ċuaiḋ sé ṫar an ḃfuinneóig. Ní raiḃ sé de ṁisneaċ aige ḋul isteaċ. Ḋearc sé ar an ḃfuinneóig ṫall, áit a mbíoḋ Peadar Ó Doṁnaill n-a ṡuiḋe agus é féin ġá ḟaire. Ḃí dallóga ar na fuinneógaiḃ indiu.
Ġlac sé misneaċ. Ġaḃfaḋ sé isteaċ. Iarraḋ sé uirri é ṗósaḋ. Ġlanaḋ sé leis ó’n gcaṫair. Feilm ḃeag fá’n dtuaiṫ ḃéaḋ aca. Ní ḃéaḋ a ḟios ag aon duine cé’n ċéird ḃí aige. Ní ḃéaḋ ḟios ag bé an tsiopa seandaċta go deó é....
Ḃí sí istiġ roiṁe. Brón ṫar aon ḃrón dá ḃfaca sé ariaṁ n-a héadan.
Ġeit sí nuair ċonnaic sí cé ḃí aici ann. N-a suiḋe i n-aice an dorais ḃí sí.
“Tusa ṫeaċt annseo!” ar sí.
“Tuige naċ dtiocfainn agus an aimsir ċráiḋte atá ann? An aimsir ṫubuisteaċ atá ann—,” ṡíl sé láṁ a leagaint ar láiṁ léiṫi ḃí caiṫte ṫar cúl na caṫaoireaċ aċt sgiob sí uaiḋ í.
“Ḃíoḋṫá mór liom uair,” ar seisean go cas- aoideaċ.
[ 148 ]“A amadáin,” ar sise, “naċ raiḃ ḟios agad naċ raiḃ mé ariaṁ aċt ag iarraiḋ ṫú ṁeallaḋ ionnós go ḃféadfaḋ Peadar boċt a ċuid gnóṫa a ḋéanaṁ ar a ṡuaiṁneas.”
D’eiriġ an ḃean n-a seasaṁ go maorḋa.
“Imṫiġ as an teaċ seo,” ar sise go huġdarásaċ, “agus ná feictear annseo arís ṫú, a ḃeiṫeaṁnaiġ.”
D’imṫiġ sé.
Peadar boċt an focal ḃí aici. Peadar boċt deireaḋ an fear ar an tsráid agus rún díoġaltais n-a ċroiḋe. Peadar boċt deireaḋ bean agus deór faoi n-a súil. Peadar boċt deireaḋ na faoileáin ós cionn aḃna na Life. Peadar boċt deireaḋ an ġaoiṫ anoir ó’n muir....
Ċaiṫ an bleaċtaire an ċuid eile de’n lá n-a ṡeómra féin. Ṫáinic an oiḋċe, agus nuair a ṫáinic, ṫáinic na súile freisin: súile tarcuisneaċa de’n uile ḋaṫ agus de’n uile ċineál. Ḃídís ṫall is i ḃfus. Iad ag dearcaḋ anonn ’s anall, aníos agus anuas air. Iad magaṁail sgigeaṁail. Iad tarcuisneaċ bagarṫaċ. Súile Ṗeadair annseo. Súile bé an tsiopa seandaċta annsiúd....
Las sé coinneal. Níor ċuir sin ruaig orra. Rug sé ar a hata agus ṡíl iad a ḃualaḋ mar ḃuailṫeá míoltóga nó cuileóga tiġe lá saṁraiḋ. É ag béic- iuġaḋ agus ag sgréaċaḋ agus ag bagairt orra....
Ċonnaic sé péire díḃ ós cionn na teine. Ṫáinic buile air. Ṡíl sé a ndíbirt. Rinne sé iarraċt ar a mbladar le briaṫra boga béil. Ġeall sé seo agus [ 149 ]siúd ḋóiḃ aċt imṫeaċt uaiḋ ar feaḋ uair a ċluig. Ní ḋéanfaḋ sé aon ḃleaċtaireaċt arís ċoiḋċe. Sgarfaḋ sé leis an saoġal. Ġaḃfaḋ sé isteaċ i mainistir....
Ṫuit an coinneal.
Ċuaiḋ na súile magaṁla seo i n-áirde uaiḋ nuair ṡil sé breiṫ orra.
Ḋruid sé leó arís. Níor imṫiġ siad uaiḋ. D’ḟan siad go socair ag féaċaint isteaċ n-a ṡúiliḃ féin. Súile buile ḃí ionnta anois. A ṡúile buile féin agus iad ag féaċaint air as sgaṫán ḃí croċta ar an mballa....
Leig sé sgread uaṫḃáis. Ḃain piostal as a ṗóca. Ċaiṫ sé ḋá urċar le luas lasraċ....
Nuair a ṫáinic muinntir an tiġe isteaċ, ḃí an rgaṫán n-a mílte míle píosa, agus an G-man féin caiṫte ar an úrlár agus piléar ṫrí n-a ċroiḋe....