Alasdair Mac Colla/Caithréim Alasdair Mhic Dhomhnaill, II

183336Alasdair Mac Colla — Caithréim Alasdair Mhic Dhomhnaill, IIEoin Mac Néill
[ 5 ]

II.

Cúig lá ḋóiḃ ag taisdeal na fairrge gur ġaḃadar calaḋ i sunda na hÍle, agus roinnt laeṫe ’na ḋiaiḋ sin ċuadar i dtír i nÁrd na Murċon. Ṡaoileadar ag teaċt i dtír ḋóiḃ go n-éireoċaḋ an Ġaeḋealtaċt go léir amaċ i n-aġaiḋ an Ċoiḃinint aċt Clann Duiḃne nó Muintir Ċaimbéil aṁáin. Ní mar sin ṫárla, áṁ. Ḃí Mac Coinniġ Iarla Síoṫṗuirt tar éis na síoṫa do ṫréigean agus gaḃáil le muintir an Ċoiḃinint. Rinne Marcus Montrós agus Marcus Huntlí iarraċt ar ċogaḋ do ṫógáil, aċt do ṁeaṫ orra araon agus ní raiḃ cor asta an tráṫ ṫáinig Alasdar agus an ḃuiḋean Éireannaċ i nAlbain, gurab í coṁairle ar ar ċinneadar dul ar ais ċum na long agus teaċt a-ḃaile go hÉirinn,

Is aṁlaiḋ fuaradar na longa agus iad go léir dóiġte ag Mac Ailín Mór (Marcus Airir-Ġaeḋeal) ag féaċaint an ḃfuiġeaḋ sé na hÉireannaiġ do ġaḃáil i sás agus do sgrios amaċ go huiliḋe. Níor ḃ’ḟeirrde ḋó, áṁ, an ḃeart soin. Nuair ċonncas d’Alasdar naċ raiḃ dul as aige is é rud do rinne sé ionnsaiġe do ṫaḃairt ar ḋá ċaisleán ḃí ag Mac Ailín Mór gur ġaḃ sé láiṫreaċ iad de ġin ċlaiḋiṁ. Annsoin do ġluais sé roiṁe soir fá’n tír go rángadar Báideanaċ i gcríoċaiḃ Cloinne Catáin gur éiriġ cáċ amaċ leó. As sin do ċuadar go hÁṫ-Fódla, an áit i dtáinig ċuca Montrós do ḃí ina árd-taoiseaċ ar arm Ríoġ Séarlus i nAlbain. Do ḋíriġ Montrós ar Ṗeirt, agus ag teaċt i ngar do’n ċaṫair sin dó, fuair sé arm na nGaeḋeal roiṁe, oċt míle coisiḋe agus oċt gcéad marcaċ líon a sluaiġ. Ní’l cunntas agam ar an méad do ḃí i n-arm na nGaeḋeal, aċt ní baoġal a ráḋ naċ raiḃ a leaṫ-oiread soin ann. Do ċuir Montrós na hÉireannaiġ i gceart-lár an ċaṫa agus iad roinnte i dtrí buiḋniḃ, agus Alasdar mac Colla ina ċeannṗort [ 6 ]orra. Ní raiḃ ag na saiġdiúiríḃ Éireannaċ’ aċt urċor aṁáin ag an duine. Níor láṁuiġ siad nó go dtángadar i ḃfogus do ṡluaġ an Ċoiḃinint, agus annsoin sgaoileadar na piléir i n-aon ṗléasgaḋ aṁáin, ċaiṫeadar uaṫa na gunnaiḋe, agus do ġaḃadar de sgeanaiḃ ins an tsluaġ Ġallda. Ní mó ná go ndeárna na Gaill fuireaċ leó, aċt cúl do ṫaḃairt leó i n-éinḟeaċt. DO ṪUIT AR AN MAĊAIRE SIN ḊÁ ṀÍLE GALL, AGUS NÍOR CAILLEAḊ OIREAD AGUS DUINE DE’N ARM ĠAEḊEALAĊ. D’ḟág na Gaill ina ndiaiḋ a gcuid gunnaiḋe móra, airm faoḃair agus teineaḋ, púdar agus piléir, brataċa, dromaiḋe, puible agus trosgán, agus do b’é luas an teiċiḋ do rinneadar go ḃfuair cuid aca bás de ḃárr an reaṫa soin gan fuiliuġaḋ gan foirḋeargaḋ forra. Caṫ Ṫiobair Ṁóir is ainm do’n ċaṫ soin, agus an ċéad lá de ṁí ṁeaḋóin ḟoġṁair sa ḃliaḋain 1644 is eaḋ briseaḋ an caṫ soin.

Do ġluais an t-arm Gaeḋealaċ as sin díreaċ go hObair Ḋeaḋain, mar a raiḃ sluaġ bailiġṫe ag an gCoiḃinint ó ṫuaisceart na hAlban, trí ṁíle coisiḋe agus cúig céad marcaċ. Do sgriosaḋ an t-arm so go huiliḋe aċt beagán díoḃ do ċuaiḋ i ḃfolaċ. Níor cailleaḋ aċt ceaṫrar de’n tsluaġ Ġaeḋealaċ. An tríoṁaḋ lá déag de ṁeaḋón ḟoġṁair sa ḃliaḋain 1644 tugaḋ an caṫ soin.

Do ċuadar isna Garḃ-Ċríoċaiḃ d’éis an ċaṫa soin, agus d’ḟanadar ionnta ar feaḋ míosa. Le n-a linn sin do ḃí Mac Ailín Mór ag cruinniuġaḋ airm eile. Do ġluais Montrós ina aġaiḋ, agus ṫeangṁuiġ an dá arm le ċéile ar aon láṫair i n-áit darab ainm an Ḟíoḋḃaḋ. Míle saiġdiúir de Ċloinn Duiḃne, míle go leiṫ de Ġallaiḃ, agus seaċt ndíorma marcaċ ba líon sluaiġ do Ṁac Ailín Mór. Do ċuir Montrós an coirnéal Máġnus Ó Caṫáin agus Fir na Craoiḃe i n-úrṫosaċ an ċaṫa agus ba ġearr a ṁoill orra muintir Ṁic Ailín [ 7 ]Ṁóir do ġlanaḋ as an láṫair. An t-oċtṁaḋ lá fiċead de ḋeireaḋ ḟoġṁair is eaḋ tugaḋ an caṫ soin na Fíoḋḃaiḋe, sa ḃliaḋain 1644. Annsoin do ġaḃ Montrós anall go dúṫaiġ Ṁic Ailín Ṁóir féin. Do creaċaḋ agus do loisgeaḋ an tír sin leó gan truaiġe gan trócaire. Do ġaḃ Mac Ailín Mór ’gá leanaṁaint go dtáinig go hIuḃear Loċaiḋ i gcríoċaiḃ Loċa-Ábair. D’iompuiġ Montrós air san áit sin agus do ġaḃ an dá arm fosaḋ ann, leiṫ ar leiṫ, os coṁair a ċéile, Lá Ḟeile Briġde sa ḃliaḋain 1645. Ní raiḃ i nAlbain le n-a linn taoiseaċ ba ċuṁaċtaiġe ná ba ṫreise sluaġ ná Mac Ailín Mór, aċt dar linn is aṁlaiḋ ṫáinig meataċt air tré iomad coṁluadair le Gallaiḃ. Ċuaiḋ amaċ ar an loċ i mbád an oiḋċe sin agus d’ḟág an caṫ fá Ḋonnċaḋ Caimbéal, tiġearna Aċaiḋ na mBreac. Ḃí an Donnċaḋ so tar éis teaċt a hÉirinn. Do ċreaċ sé Reaċra ó ṫaoiḃ go taoiḃ, agus níor ḟág duine ná daonnaiḋe, fear, bean ná leanḃ beó ’na ḋiaiḋ ar an oileán soin.

Do cuireaḋ an caṫ lá ar n-a ḃáraċ .i. Lá Ḟeile Muire na gCoinneal, Dia Doṁnaiġ an dar lá de’n Ḟeaḃra, sa ḃliaḋain 1645. B’é críoċ an sgéil gur ċuir Montrós agus Alasdar an ruaig ar ṁuintir an Ċoiḃinint d’aon ruaṫar aṁáin. Seaċt gcéad déag díoḃ do ṫuit san ár. Maruiġeaḋ dá ḟiċid tiġearna de Ṁuintir Ċaimbéil, agus gaḃaḋ dias tiġearna agus fiċe. Ṫárla Alasdar mac Colla agus tiġearna Aċaiḋ na mBreac i n-aġaiḋ a ċéile sa ngleó. Do ċuiṁniġ Alasdar ar gaċ olc dár imir Donnċaḋ riaṁ ar a ṁuintir. “A roġa agat,” ar seisean leis an gCaimbéalaċ, “do ċroċaḋ d’éis an ċaṫa nó do ṁarḃaḋ ḋoṁ-sa mar a ḃfuil tú.” “Monuar!” ars’ an Caimbéalaċ, “is iad an dá ḋíoġa gan aon roġa iad,” go ḃfuil an ráḋ soin ’na ṡeanḟocal go dtí indiu. Ní duḃairt Alasdar a ṫuilleaḋ aċt a ċloiḋeaṁ do ṫógáil agus an plaosg do lomaḋ ḋe os cionn a ḋá ċluais [ 8 ]d’aon ḃuille aṁáin do rinne ḋá leiṫ de’n ċlogad iarainn do ḃí air. Ḃí bárd de Ċloinn Doṁnaill dar ḃ’ ainm Iain Lom Mac Doṁnaill ag féaċaint ar an gcaṫ soin gur ċan sé an laoiḋ ag maoiḋeaṁ an ċaṫa. Níor cailleaḋ aċt beirt nó triúr de ṡluaġ Ṁontrós, siúd is nár ṁó a raiḃ beó ḋíoḃ roiṁ an gcaṫ ná a raiḃ marḃ de ṁuintir Ṁic Ailín Ṁóir ’na ḋiaiḋ. Do rinne Montrós máidseoir-ġeinearál d’Alasdar an lá soin.

Annsoin ċuaiḋ Montrós agus Alasdar soir go Dún Dé agus ṫugadar amus ar an gcaṫair sin. Ṫáinig sluaġ mór de Ġallaiḃ ’na n-aġaiḋ agus b’éigean do Ṁontrós géilleaḋ rómpa agus dul ar ais isna Garḃ- Ċríoċaiḃ. D’imṫiġ Alasdar san áird ṫiar ag creaċaḋ dúiṫċe Cloinne Caimbéal go dtáinig ċuige Sir Laċlann Mac Gilleáin, aon ċéad déag líon a ṡluaiġ. D’ḟilleadar soir i ḃfoċair Ṁontrós. Casaḋ an t-arm Gallda leó ar Alt Éirinn i n-aice Inḃir nArann. Ṫug Montrós an ḃrataċ ríoġḋa le n-a ċoiṁéad d’Alasdar mac Colla Ċiotaiġ, agus ṫug ceiṫre ċéad coisiḋe ḋó agus d’orduiġ ḋó gan gluasaċt as an láṫair i raiḃ sé. Aċt níor leig a ċroiḋe ḋó fuireaċ ó’n troid agus do ċuaiḋ amaċ i n-aġaiḋ na nGall. Aċt ċeana do luiġ trom-ṡluaġ na nGall go dlúṫ air agus do ṫiomáin ar a ċúlaiḃ é. B’é dlús an ċoṁraic sin go raiḃ píciḋe na nGall i ḃfastóḋ i sgiaṫ Alasdair nó gur ġearr sé na cinn díoḃ de ḃéim ċlaiḋiṁ. Do ḃris sé an claiḋeaṁ agus tugaḋ claiḋeaṁ eile ḋó. Ṫug sé ionnsaiġe ar na Gallaiḃ an aṫ-uair. Fá ḋeireaḋ do ḃris an caṫ ar Ġallaiḃ agus do ṫuit trí míle fear aca san ár. An naoṁaḋ lá de’n Ḃealtaine, sa ḃliaḋain 1645, do cuireaḋ an caṫ soin Ailt Éirinn.

An dar lá de ṁí Iúil (nó deireaḋ saṁraiḋ) do ḃris Montrós caṫ eile ar ṁuintir an Ċoiḃinint i nAlṗort. Ní raiḃ Alasdar Mac Doṁnaill sa ċaṫ soin, aċt ḃí an ċuid eile de’n ḃuiḋin Éireannaiġ ann, agus cailleaḋ [ 9 ]caiptín díoḃ dar ṡloinneaḋ Mac Riocaird. D’á ċéad déag is eaḋ ṫuit de Ġallaiḃ sa ċaṫ soin agus fíor-ḃeagán de’n tsluaġ Ġaeḋealaċ.

Do ċruinniġ Mac Ailín Mór agus taoisiġ an Ċoiḃinint sluaġ eile fá ċeann míosa. Seaċt míle coisiḋe agus míle marcaċ líon an tsluaiġ sin. Ṫeangṁuiġ an t-arm Gaeḋealaċ leó i gCill Saiḋḃe i ngar do Struiḃle. Ṡaoil na Gaill go cinnte naċ raiḃ dul uaṫa ag Montrós an uair sin. Ní ḋeaċaiḋ sé uaṫa. Ḃíodar ag teaċt go dian air agus gan aṁras ba ċontaḃairt cás na nGaeḋeal ar feaḋ tamaill. Níor ġéill na hÉireannaiġ agus Alasdar troiġ do na Gallaiḃ. ’San deireaḋ ṫiar, do ḃris ar an sluaġ Gallda, agus níor stad na Gaeḋil de’n ruaig sin nó gur leanadar fad ceiṫre míle déag iad, agus go dtugadar bás do ṡé ṁíle dá sluaġ. Rug a ċapall Mac Ailín Mór slán ó’n ruaig agus ní ḋearna sé stad ná fad-ċoṁnuiḋe go raiḃ sé i mBaile an Ċaisleáin Nua i Sasanaiḃ. Lá Ḟeile Muire Mór sa ḃfoġṁar, sa bliaḋain 1645, cuireaḋ an caṫ soin.

Seaċt gcaṫa agus seaċt ruaga ṫug an t-arm Gaeḋealaċ soin idir Ġaeḋil Éireann agus Ġaeḋil Alban.[1] Ní raiḃ riaṁ agus ní ḃeiḋ go deó arm ba ċalma ná iad, agus ní mó do ṁair riaṁ taoiseaċ ba ċalma ná Alasdar ma Colla Ċiotaiġ. Rinne Montrós ridire ḋe le huġdarṫás Ríoġ Séarlus an tríoṁaḋ lá de ṁeaḋón ḟoġṁair, sa ḃliaḋain 1645. Deiċ lá dá éis sin, ḃí seaċt gcéad [ 10 ]Éireannaċ ag Montrós i n-áit darab ainm Filipfáċ i n-aice Selkirk. Ṫárla ceó ann. Ṫáinig arm an Ċoiḃinint ’na dtimċeall, agus Leslie ’na ṫaoiseaċ orra. Ḃí an ḃuiḋean Éireannaċ ag troid go calma agus gan súil ag fear aca le teaċt beó as. Geallaḋ cáirde ḋóiḃ agus a n-anam do ṫaḃairt leó, aċt a gcuid arm do leagaḋ uaṫa. Rinneadar aṁlaiḋ. Cuireaḋ ċum báis láiṫreaċ iad, cúig céad a líon, agus muintir an ċampa. Trí ċéad bean, agus drong ṁór de ṗáisdíḃ agus de ṡeirḃíseaċaiḃ ḃ’í ḋá leanaṁaint. Rug Éireannaċ aṁáin ar ḃrataċ an ríoġ, ċuir ’na ṫimċeall féin í, gearr sliġe roiṁe, agus ṫug an ríġ-ṁeirge slán leis go dtí Montrós. Croċaḋ Máġnus Ó Caṫáin i nDún Éadain gan fiú an dliġiḋ do ċur air. Ṫug Párlamaid na hAlban orduġaḋ ar an uile Éireannaċ dá raiḃ gaḃṫa i bpríosúnaiḃ na hAlban d’éis an lae sin do ċroċaḋ suas gan cúirt gan dliġeaḋ.

Ó’n uair do sgar Alasdar mac Colla le harm an ríoġ agus le Montrós d’éis caṫa Cille Saiḋḃe, ní raiḃ aċt mí-áġ agus mí-raṫ orra go léir. Do ġaḃ Muintir Ċaimbéil Colla Ciotaċ, aṫair Alasdair, agus ċroċadar ar ċrann a luinge féin é.

Ṫáinig Alasdar féin go hÉirinn i riṫ na bliaḋna soin .i. 1647. Ḃí Murċaḋ na dtóiteán Ó Briain, tiġearna Inse Uí Ċuinn, fá’n am soin ag cosnaṁ na Muṁan do Ṗárlamaid na Sasan. An Tiġearna Táḟ ba ċeannṗort ar an arm Éireannaċ ina aġaiḋ sin. Ḃí buiḋean ċoisiḋe ag Alasdar mac Colla san arm Éireannaċ. Ṫárla caṫ idir an dá arm ar Ċnoc na nOs i gConndae Ċorcaiġe, idir Máġ Alla agus Ceann Tuirc. Ṫug Alasdar ruaig ar an leiṫ ċlí d’arm Uí Ḃriain, agus ċuir ċum teiċiḋ iad. Le n-a linn sin, do ġaḃ an leaṫ eile d’arm Uí Ḃriain i dtimċeall ar Alasdar, agus gaḃaḋ é. D’iarr sé a anam ar an oifigeaċ do ġaḃ é, fear de Ṁuintir Ġrádaiġ [ 11 ]dob’ eaḋ é, agus fuair sin uaiḋ. Leis sin ṫáinig oifigeaċ Sasanaċ, Major Purdon a ainm, agus d’ḟiafruiġ de’n Ġrádaċ cia’rḃ’ é seo fuair a anam uaiḋ. D’innis sé dó cia’rḃ’ é. D’iompuiġ an Sasanaċ, ṫóg piostol agus sgaoil an t-urċor tré inċinn Alasdair ṁic Colla.

D’ḟág Alasdar slioċt ’na ḋiaiḋ agus tá an slioċt soin isna Glinniḃ i gConndae Aontroma go dtí an lá atá indiu ann.

Séamus mac Ṁiċil Ruaiḋ ṁic Alasdair ṁic Colla an Ṁuilinn ṁic Alasdair ṁic Colla Ċiotaiġ, is é an Doċtúir Mac Doṁnaill úd do ċuir ar bun feis na gcláirseaċ i mBéal Feirsde tá breis agus céad bliaḋain ó ṡoin ann.

Tá cuiṁne ar Alasdar mac Colla ag Gaeḋealaiḃ na hAlban go fóill, agus is iomḋa sgéal atá ar innsint aca ar a ġníoṁarṫaiḃ gaisgiḋ agus ar a ċalmaċt. Is beag dá ċuiṁne atá ar marṫain i nÉirinn, aċt tá port ann darab ainm Mairseáil Alasdruim, agus is é tuairim na ndaoine gurab é an port soin do seinneaḋ ḋó an tráṫ ḃí sé ag gluasaċt ċum caṫa ar Ċnoc na nOs.

  1. Is i gcaṫ de na caṫaiḃ sin ṫárla do Ṁáġnus Ó Caṫáin agus d’Ḟearaiḃ na Craoiḃe ruaṫar do ṫaḃairt fá na Gallaiḃ, go rángadar go ceart-lár a gcampa, an áit i raiḃ mór-ċuid arm teineaḋ fá réir aca. Rug Fir na Craoiḃe ar na harmaiḃ seo, aċt b’éigean dóiḃ cúluġaḋ roiṁ trom-ṡluaġ de Ġallaiḃ. Nuair ṫáinig siad ina n-áit féin, duḃairt fear aca, “Beag a ṁaiṫ ḋúinn airm ṫeineaḋ gan púdar is piléir.” “Is fíor duit,” arsa Máġnus; “ní mór dúinn filleaḋ agus púdar is piléir ḟaġáil.” D’ḟilleadar arís i lár an airm Ġallda agus ṫugadar lón púdair is piléar amaċ ón gcampa leó.