Cnuasacht trágha/Seán gan Eagla

182954Cnuasacht trágha — Seán gan EaglaMichael Sheehan
[ 30 ]

SEÁN GAN EAGLA.

Seumus.—An ḃfuil siḃ in ḃur gcodlaḋ?

Caitlín.—Nílmíd. Cia atá innsin? Nó an tu Seumus?

S.—Is mé. Leig isteaċ mé.

C.—Rás i do ṡálaiḃ,1 maran déiḋeanaċ atá tu amuiġ. Naċ beag eagla atá ort?

S.—Cionnas atá Taḋg boċt anoċt? Do ċuir mo ṁáṫair aníos mé leis an mbraonín bainne seo. Folaṁaiġ an galún go mbeiḋ mé ag imṫeaċt arís.

C.—Cadé an deiṫneas atá ort? Tair aníos go ḃfeicfe tu é. Aréir do ḃí sé ḋá ráḋ naċ iongantaċ ná tagann tú ḋá ḟeuċaint. Is gairid go mbeiḋ sé ábalta ar ġaḃáil amaċ arís. D’éiriġ sé tamaillín indiu.

S.—Go mbaḋ slán éiriġṫe2 don ḃfear boċt.

C.—An ḃfuil tú i do ḋúiseaċt, a Ṫaiḋg?

Tadg.—Atáim, a Ċaitlín. An é sin Seumus airiġim ag caint?

C.—Is é. Ní baoġal gur ḋearṁad Peig ṫú. Do ċuir sí aníos le galún bainne ċugat é.3

[ 31 ] T. —Ṁaiseaḋ, ní ḋiongnainn daḃt di, an t-aing- ciseoir.

Nár ḟeice Dia ċoiḋċe gan bainne í ná a máṫaireaċa. Is é do ḃeaṫa-sa, a Ṡeamuis.

S. —Go maire tú, a Ṫaiḋg. Cionnas atá tú?

T. —Ó, atá mé ag dul i ḃfeaḃas, buiḋeaċas le Dia. Braiṫim mé féin an-ṁaiṫ anoċt. Atá na pianta im- ṫiġṫe as mo ċnáṁaiḃ. Innis dod ṁáṫair go ḃfuilim an-ḃuiḋeaċ dí.

S. —Inneósad. Buail síos ċuġainn nuair ḃeiḋ tú ábalta ar ġaḃáil amaċ. Caiṫfead-sa ḃeiṫ ag rioṫ arís. Atá sé déiḋeanaċ.

T. —Agus cadé an t-am é?

S. —Atá sé tar éis a deiċ.

C. —An mbeaḋ eagla ort insan oiḋċe, a Ṡeumuis?

S. —Do ḃeaḋ, ṁaiseaḋ, roinn scáṫ orm. Níor ṁaiṫ liom ḃeiṫ amuiġ ró-ḋeireannaċ.

C. —Níl aon deallraṁ agat-sa le "Seáan gan Éagla."

S. —Cia arḃ é "Seáan gan Eagla?"

C. —Fear do ḃí ann fad ó agus d’airiġeaḋ sé gaċ aoinneaċ ag tráċt ar eagla aċt ní raiḃ a ḟios aige cadé an rud é. Aduḃairt sé go gcaiṫfeaḋ sé é do ḋeunaṁ amaċ. D’imṫiġ sé leis agus do ḃí sé ag imṫeaċt gur ṫuit an oiḋċe air. Doċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ beag do ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair agus d’iarr sé ḃeiṫ istiġ ar ḃean an tiġe. Aduḃairt sí sin go ḃfuigḃeaḋ agus fáilte, aċt nárḃ áit oireaṁnaċ dá leiṫéid do ḃeiṫ mar ná raiḃ aoinneaċ insan tiġ aċt í féin agus a hinġean. Aduḃairt sé gur cuma leis aċt go mbeaḋ sé istiġ ó ḋrúċt na hoiḋċe.

I gcaiṫeaṁ na hoiḋċe ḋóiḃ d’innis bean an tiġe ḋó cad do ḃí ag deunaṁ trioblóide ḋí féin. Ní raiḃ aici aċt an t-aon ḃóín aṁáin agus is é an méid do ḃí aici ċum seasaṁ na bó aċt inse inis ḃeag do ḃí innsin amuiġ agus go mbíoḋ sí pasálta gaċ aon ṁaidin. Ní raiḃ a ḟios aici cad do ḃí ḋá ḋeunaṁ. [ 32 ] Aduḃairt sé sin go mbeaḋ a ḟios aige féin. Doċuaiḋ sé amaċ agus do ċuir sé a ḋrom insan ċlaiḋe. Níorḃ ḟada do ḃí sé ann nuair ṫáinig fear agus ualaċ camán aige. Do ċaiṫ sé ar an bpáirc iad. Ṫáinig maiṫ-ṡluaġ in a ḋiaiḋ agus rug gaċ aoinneaċ aca ar ċamán. D’éiriġ Seáan amaċ ón gclaiḋe agus do láṁaiġ sé camán ċoṁ maiṫ le duine. D’imriġeadar an báire go treun. Nuair do ḃí sé imirṫe do ċaiṫ gaċ aoinneaċ aca a gcamán uaṫa agus ba é an fear ceudna do ċonnlaiġ arís iad agus aduḃairt sé le Seáan a ċaman do ṫaḃairt dó. Aduḃairt sé sin ná tiuḃraḋ go n-inneósaḋ sé ḋó cadé a ċúis a raḃadar ag deunaṁ díoġḃála don mbaintreaḃaiġ ḃoiċt ḋeilḃ. Aduḃairt sé sin leis ná raiḃ aon rud le deunaṁ aige féin aċt é do ṫeaċt istoiḋċe i mbáraċ agus é do ċur i láṫair an ċoṁṫlóin [coiṁṫionóil]. Doriġne Seáan mar aduḃraḋ leis. Nuair do ḃíodar go léir bailiġṫe istoiḋċe dar lá ar n-a ḃáraċ, do ċuir Seáan fá ċeist iad agus aduḃairt sé leó gurab é an náire an obair do ḃíodar a do ḋeunaṁ, gur ċóir go mbeaḋ an dúṫaiġ fairsing aca agus gan ḃeiṫ ag deunaṁ díoġḃála don mbean ḃoiċt agus gan aici aċt an ṗáircín sin. Aduḃradar ná tiocfaidís ann níos mó feasta; go raġaidís in áit éigin eile; agus do ḃí Seáan sásta innsin. Doċuaiḋ sé isteaċ agus d’innis sé a sceul do ḃean an tiġe agus do ḃí sí an- ḃuiḋeaċ de.

D’imṫiġ sé leis ar maidin arís agus ṫug sé an lá ag siuḃal go raiḃ sé "ċoṁ-ṡolus fear le tor" um ṫráṫnóna. Doċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ feirmeóra agus d’iarr sé iostas na hoiḋċe orra. Aduḃraḋ leis go ḃfuiġḃeaḋ aċt gurab in tiġ leaṫ is amuiġ do ċaiṫ- feaḋ sé codlaḋ. Aduḃairt sé leó gur ċuma leis cá gcuirfiḋe é aċt go mbeaḋ sé fá ċleaṫaċaiḃ an tiġe. Doċuaiḋ fear an tiġe leis agus do ṫaisbeáin sé an teaċ ḋó. Do ḃí teine ḃreaġḋa ann agus seomra i dtaoḃ ṫiar den ċisdin agus leaba ann a [ 33 ] ḃfuiḃġeaḋ sé dul a do ċodlaḋ innte. Nuair do ḃí sé tar éis a ċoda do ċaiṫeaṁ, do las sé a ṗíopa agus do ḃí gal aige. Níor ḃfada gur ḃuail triúr fear isteaċ ċuige agus cóṁra ar a nguailniḃ aca agus do leagadar trasna an teinteáin í agus d’imṫiġeadar leó. Aduḃairt Seáan leis féin gurḃ ait an rud coifín do ḃeiṫ ar an dteinteán aige agus gan fios aige cad do ḃí innte. Do ṫóg sé an clár di agus cad do ḃeaḋ ann aċt fear marḃ.

"Atá tú innsin duit féin," arsa Seán, "agus is dóċa go ḃfuil fuaċt ort; is fearr ḋam tú do ṫógḃáil agus tú do ċur leis an teine agus tú do ṫeiḋeaṁ [ṫéiḋeaḋ]."

Doriġne agus i mbasa ní raiḃ aon teas ag teaċt ann. Aduḃairt sé innsin go mbaḋ ḟearr ḋó é do ċur insan leabaiḋ leaṫ istiġ de féin. Doriġne agus do luiġ sé féin leaṫ is amuiġ ḋe. Ba ġairid do ḃíodar ann nuair ḋo baineaḋ greim as a ġualainn.

"Fan socair innsin," arsa Seáan "nó an fonn atá ort mé d’iṫe, dá ḟeaḃas ḃí mé ḋuit?"

Ba ġairid gur ḃaineaḋ an tarna [tara] greim as.

"Bí amuiġ as an leabaiḋ anois," arsa Seán, "nuair ná fanfá socair agus tú féin d’iomċur."

"Ní baoġal duit mé, a Ṡeáain," arsa an fear, "is tú fear is fearr ṫáinig innso le fiċe bliaḋain. Mise aṫair ḟir an tiġe seo agus do marḃaḋ mé gan ḟios dó agus cuireaḋ fá ḃun an ċrainn ṁóir atá insa ngáirdín mé. Abair leis mo ċnáṁa do ṫógḃáil agus iad do ċur insan reilig agus cúpla aifreann do ċur liom. Doġeóḃa sé feircín óir fá ċois a leabṫan ḟéin agus ceann eile ag a ceann; bíoḋ feircín agat-sa agus ceann eile aige féin, agus ní ċuirfead-sa aon spiaċ ar aoinneaċ go deóiḋ arís. Slán agat, a Ṡeáain," ar sé sin ag imṫeaċt leis.

Níor ṫrom-suan do ḟear an tiġe an oiḋċe sin, agus ċoṁ luaṫ is d’éiriġ sé ar maidin doċuaiḋ sé agus d’ḟiarfaiġ sé de Ṡeáan an raiḃ sé beó. "Atáim," [ 34 ] arsa Seáan, "cad do ṁarḃóċaḋ [muirḃfeaḋ] mé?" D’innis sé dó innsin gaċ aon rud do ṫuit amaċ i rioṫ na hoiḋċe. Doriġne fear an tiġe gaċ aon rud aduḃairt sé leis agus d’iarr sé ar Ṡeáan fuireaċ [fanaċt] i n-a ḟoċair féin anois mar ċliaṁain. Aduḃ- airt Seáan ná fanfaḋ go gcaiṫfeaḋ sé ḃeiṫ ag imṫeaċt go ḃfuiġḃeaḋ sé fios cadé an rud é an t-eagla.

"Fan go dtí i mbáraċ [umbáraċ]?—De H., cibé ar sa doṁan dé," arsa fear an tiġe.

"Atá go maiṫ. Fanfad," arsa Seáan. Doċuaiḋ fear an tiġe go dtí an aḃa agus ṫug sé leis bricín beó. Doċuaiḋ sé go dtí an seirḃíseaċ-cailín agus aduḃairt sé léi go raġaḋ sé féin agus an fear so ag siuḃal na talṁan um ṫráṫnóna, agus "beimíd isteaċ," ar sé sin, "le linn na mba do ċrúḋaḋ bleaġaḋ. Bíoḋ crúiscín agat-sa agus crúḋaiġ bleaġ an ḃó go tiuġ te ann, insan tsliġiḋ go mbeiḋ coip cuḃair air agus cuir síos an bricín seo ann. Sín an crúiscín go dtí an fear ċoṁ luaṫ is ṫiocfa sé isteaċ agus abair leis deoċ do ól agus go ḃfuil caṫuġaḋ ort ná fuil deoċ níos fearr agat le taḃairt dó."

Doriġne sí mar aduḃairt sé léi agus ċoṁ luaṫ is do ċuir Seáan an crúiscín ar a ċeann doċuaiḋ an breac siar in a ḃeul agus doċuaiḋ sé i laige ar an áit sin. Nuair ṫáinig sé ċuige féin, "Is díreaċ é," ar sé sin, "gur fuiris [furas] eagla do ċur ar ḋuine agus ní raiḃ a ḟios agam-sa cadé an rud é go dtí so. Ní raġad níos sia ar a lorg."

D’ḟan sé aca agus do pósaḋ é féin agus cailín óg an tiġe agus sin é "Seán gan Eagla" agat.

S. —Dia in mo ċroiḋe, a Ċaitlín, maran raiḃ eagla orm ó ċianaiḃ go mbeaḋ eagla orm anois. Is fearr ḋuit bualaḋ síos an bóṫar liom, a Ṗaidí. [ 35 ] Eaċtra na Con Duiḃe.

Mar atá sé agamsa anoċt ná raiḃ sé agaiḃse istoiḋċe i mbáraċ má ḋeunann siḃse fúmsa scige, magaḋ ná gáire.

Lá dár éiriġ Fionn, Rí na ḃFiann[a] ḃflaiṫ cad doċiḋfeaḋ sé ċuige sul ar las grian ċuġainn tar muir naċ aċt fear coċail deirg agus con duḃ duiḃe. Ba ḋeirge a ġruaḋa ioná an rós, an gruagaċ, agus níor ḋealḃ é a ċruṫ mar do ḃí a ḟolt agus é duḃ, do ḃí coróin onóireaċ ar a ċeann, réilṫeann ríoġḋa ar a ṫaoiḃ deas ḋeis, slat airgid i n-a ḋóid, slaḃra óir fá ḃráġaid a ċon, spur líoṁṫa ar ċosaiḃ a ċoileáin agus é ag triall ar ċogaḋ na Finn ḃFiann. Ḃí Conán agus Fionn ar ḃarr na faille, nuair doċonnaiciġeadar ċuċa an gruagaċ.

"Graḋ [ċráḋ] geur go ḃáiḋ [ḃfaġaiḋ] mise," arsa Conán le Fionn, "saṁailt Ḃran ná faca fós atá sí ċuġainn, an ċu ḋuḃ."

"A Ċonáin Ṁaoil Ḃáin," arsa Fionn le Conán. "Cad fá ’n-a gcuirfeá-sa an madra feáin fiaḋain i gcomórtas le hár n-ár gcoileán-na, aċt nuair ṫiocfaiḋ an gruagaċ ċugainne ṫar tráiġ, bainfeadsa ḋe malairt con."

Ḋein an gruagaċ ar an tráiġ go donn, dána i measc na ḃfear. Roiṁ aon ḟear, nior ġlac eagla, agus roiṁ aon ḟear, nior ġlac scáṫ, aċt d’ḟógair sé go hárd ar Ḟianntaiḃ Páil Fáil coṁrac garḃ con. Do ġlaoḋadar síos ar ċonairt Finn mar is leó ba rigniḋe ḃeiṫ ar bun. Níor ṡeasaiġ aon ċú aca an dara cluiċe léi, ḃí sí féin ċoṁ garg son. Do ċuir sí an spur isteaċ in a gcliaṫán agus ṫug an scannán amaċ ar a gcorp. Do ṁarḃ sí conairt Finn. Ní raiḃ aon ċú ag Fionn mac Cuṁaill innsin naċ aċt sgeula do ċuir sé go dtí Cormac ṁac Airt, coileán con do ċur ċum na sean-ṁnaoi, sí sin Máṫair Ḟinn.

Innsin do ġleus Cormac mac Airt trí fiċid deug [ 36 ] coileán con ċum na sean-ṁnaoi gur luaiṫe iad na ioná an siḋe gaoiṫe ar an gaḃáil siḋe agus do scaoileaḋ iad fá an ngleann mar a mbiḋeaḋ fuaim béim agus seilge agus do scaoileaḋ an ċu ḋuḃ in a ndiaiḋ. Fá n-a dul fá don ġréin do ċuir sí a spur isteaċ i n-a gcliaṫán agus ṫug sí an scannán amaċ ar a gcorp, gur ṁarḃ sí na trí fiċid deug coileán con. Ní raiḃ aon ċú innsin aca aċt aṁáin ḋá ċú do ḃí ag Conán a dtugaḋ sé eascuaiġ árċoin—De H. orra agus maoiḋeaṁ go cruaiḋ ar Ḃran. Do laḃair Fionn Mac Cuṁaill le Conán.

"A Ċonáin Ṁaoil Ḃáin," aduḃairt Fionn le Conán, "scaoil-se síos ceann ded eascuaiġ árċonaiḃ indiu mar ṡúil is go mbaḋ léi ḋ’éireóċaḋ an lá."

"Ní scaoilfead-sa síos ceann dem eascuaiġ," arsa Conán, "mar dá raġaḋ siḃse don seilg indiu ná i mbáraċ, cuid ná páirt ní ḃfuiġḃeaḋ Conán."

"Muna scaoilfe tú síos í, a Ċonáin," aduḃairt Fionn, "ċeiṫre cosa ċuirfe mise fút agus i ḃfuirm coileán con ċaiṫfe tú dul léi."

"Ar a ḃfuil d’ór ag an riġ," arsa Conán "ná d’air- gead bán a dtaḃairt ċéin ní raġainn ar a gcuinse sin leis an gcoileán granda geur, aċt mar sin féin," arsa Conán, "scaoilfe mé ceann dem eascuaiġ síos agus geallaim daoiḃ má ġeiḃeann sí cré creuċt ná lot, agus geallaim duitse a ġruagaiġ ḃig ṫáinig i gcéin, go mbainfe mé diongḃáil amaċ díot fad ṡeasó- ċaid na garḃáin .i. na cloċa do ċuirfeaḋ sé do ḃaile air le mo ḋá láiṁ i measc an ḟéir." Do scaoil Conán síos ceann dá eascuaiġ árċonaiḃ agus ba ġeárr arís go ḃḟuair sí lot. Do ċuir sí an spur isteaċ in a cliaṫán agus ṫug an scannán amaċ ar a corp, gur ṁarḃ sí í. Nior airiġeaḋ stoirm ag éirġe riaṁ ar ṡliaḃ ná cioṫ ag éirġe as loċ níos tiġe do ḃioḋ ag teaċt ioná Conán agus é ag cur na gcloċ do ḃaile ar an ngruagaċ. Innsin do ċuir an gruagaċ comraiġe coimirce a anama ar Ḟionn [ 37 ] "Cuirim mo ċoimirc ort, a Rí na ḃFiann, agus an ḟuil ḋílis atá in do neart léig mé fá do sciaṫ agus coisg orm an fear maol agus a ċuid cloċ."

"Ó," arsa Fionn, "ní coimirc duit dul fá mo sciaṫ-sa, mar níl aon rud do ċoisg mé riaṁ ar an ḃfear maol naċ é sin is mó doġeunaḋ sé é, aċt breiṫeaṁain ċuirim insan ċás, agus adeirim aríst gur cóir é a ḃreiṫ, an dá ḋías laoċ dul ċum spáil spairne agus cibé agaiḃ ḃeiḋ ar lár an ceann do ḃaint de."

Cadé an greim d’órduiġ Conan do ḃreiṫ ar an ogláċ aċt greim seangáin agus cnáṁa géill agus d’airiġ na Fiannta Páil an tuairt .i. tuitim do ḃain Conán amaċ as a ċorp.

"Do ġreim fime feiḋme ṫáir ar lár, ġruagaiġ ḃig ṫáinig i gcéin, tair liom dtí ’m lic [ċum mo lice] léiṫe feuċaint an ḃfuil mo lom ġeoir igceart i ḃfaoḃar." aduḃairt Conán.

Nuair d’airiġ an Gruagaċ Conán ag tráċt ar an gclaiḋeaṁ agus é ar lár, do ṡín sé amaċ a ḋá láiṁ, d’iarr sé foras d’á ḋrom agus le neart eagla roiṁ an mbás nior d’ḟan beó aċt ḋá ġigeán cuisle do ḃí in a ċeann do ḃí ag bualaḋ i gcúl a ċinn.

"Maiṫ," arsa Conán, "dá mbaḋ ċanncas ort tú d’ḟágaint [fágḃáil] beó, ní ṁarḃóċa mé ṫu."

D’imṫiġ innsin Conán agus Fionn Mac Cuṁaill agus seaċt gcaṫa na gnáṫ Ḟinn Féinne ag ól go dtí tiġ ósda do ḃí ag Caṫair na Sluaġ i rioṫ aon lá deug. Ṫáinig an Gruagaċ ċuige ḟéineaċ agus d’euluiġ do ḃaile don nGréig. I gcionn aon lá deug d’Fiannaiḃ Éireann, do ḃuaileadar amaċ as tiġ an ósda. Doċuaiḋ Conán agus Fionn ar ḃarr na faille ag feucaint an raiḃ aon tóir ag teaċt fá n-a ndéin. Do ċonnaiciġeadar ċuċa an Gruagaċ an dara huair go donn dána i measc na ḃfear, roiṁ aon ḟear níor ġlac eagla agus roiṁ aon ḟear níor ġlac sgát aċt d’ḟógair sé go hárd ar Ḟianntaiḃ Páil [ 38 ] coṁrac garg con. Do scaoil Fionn féin an slaḃra óir do ḃí fá ṁuineul ḃán Ḃran agus ní raiḃ aon deór dá raiḃ ag sileaḋ as a ḋá ṡúil in a diaiḋ ná téiḋeaḋ go bun tríd an gcloċ. Seal naoi n-oiḋċe agus seal naoi lá ṫug an dá ċoilean gan spás ag troid nuair do ḃí Bran dá lot agus dá cré creuċtaḋ. Nuair do ḃí sí dá cré agus dá lót, agus i rioċt síneaḋ ar an ḃfeur, ní raiḃ aċt foirbiuġaḋ ġá ġearraḋ ar ċúl na cú ḋuḃ con duiḃe. Do ċuiṁniġ Conán innsin go raib fios ag Fionn.

"A Ḟinn ṁic Cuṁaill," aduḃairt Conán, "cad fá ann ná breaṫnuiġeann tú ar do ċoileán féin indiu agus a liaċt fios [feasa] fuair tú amaċ riaṁ as do ṁeór agus dá mbeaḋ do órdóg agam-sa fá mo ġéill, do ḃainfinn-se mo ḋaoṫaint fios feasa aiste lem ré."

"Ó, a Ċonáin," arsa Fionn, "dá mbeaḋ mo órdóg agat-sa fa do ġéill, níor ḋóiġ dam go mbaḋ liom ḟéin í go bráṫ arís." Aċt mar sin féin do ċuir Fionn a órdóg in a ḃeul féin agus do ḃain sé aiste go luaṫ fios ná raiḃ aon ḟaġḃáil claoiḋte ag an gcú ḋuḃ go bráṫ go gcuirfiḋe a hainm in a haġáiḋ Cor.

Nuair fuair Fionn fios a hainm amaċ aduḃairt sé le Conán.

"A Ċonáin ṁaoil ḃáin, déin se dán dom ċoileán féin indiu agus níl aon ḟaġḃáil claoiḋte ag an gcú ḋuḃ go bráṫ go gcuirfe tú a hainm in a haġaiḋ Cor."

Innsin do laḃair Conán le Bran, "Ara, a Ḃran uasal," arsa Conán le Bran, "is leat-sa do ṫuit gaċ caṫ dá ṁéid. Is leat do ṫuit torc niṁe Scáil an ġleanna. Is leat do ṫuit an fiaḋ bán beagánaċ bíoḋgánaċ borb. Is leat do ṫuit caṫ inse ui Ċromuill in ar ċeangalaḋ ár dtón den ċré agus ná breaṫnaiġ fút ná ṫart aċt caiṫ as cor an coileán gránda geur."

Nuair fuair Bran fios a hainme amaċ, do ṗreab sí suas, an coileán uasal do ḃí gan loċt, ṫug sí an [ 39 ]cluiċe cliste32 mar ba ċóir agus d’ḟág sí an ċú ḋuḃ sínte ar an ḃfód a [ar ar] ṁarḃ sí í.

"Mara dtiuḃra tú fios do ainme daṁ-sa anois," arsa Conán, "agus cad as duit, is í íde [oiḋeaḋ]33 do ċon ṫiuḃra mé ort ḟéin."

"Is í Múin Cinnáinte mo ainm-se," arsa an Gruagaċ, "agus ó an nGréig seaḋ ṫánga mé innso, agus nior ḃfoláir díḃse fios Ḟinn indiu as a ṁeór,34 nó do ḃeaḋ siḃ gan coileán [con] mar atáim-se féin agus Cor liom-sa ’n don nGréig tar n-ais."

"Innsin," arsa Conán,35 "do ṫionnlacuiġeas-sa an Gruagaċ ’n-a do n-a ṫír féin i ḃfuirm céill [géill] gan aon ċú" agus ní raiḃ aon ḃliaḋain i rioṫ aon ḃliaḋain deug ná cuirfeaḋ sé corraċán lán de ór le haġaiḋ óil ċum an ḟir ṁaoil.

"Siud oraiḃ se,36 a Ḟiannta Páil," arsa Conán, "agus ólaigiḋ [ólaiḋ] go folláin deoċ, nó an ḃfacaḃair riaṁ aon ċion don ḃfear maol níos fearr ioná an Gruagaċ gearr úd a mbuailinn air cloċ."

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.