Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Caradas ag fás a’ Fuath
[ 182 ]

CAIBIDIOL XII.

CARADAS AG FÁS A' FUAṪ.

Nuair a ḃí a ċuaird agus a ġnó críoċnuiġṫe i gConaċtaiḃ ag Brian ṫug sé aġaiḋ óṫuaiḋ ar Ċúig' Ulaḋ. Ṫug muintir na cúige sin go léir an onóir dó ba ċeart a ṫaḃairt do'n Árdríġ, agus ṫug Brian dóiḃ na taḃarṫaistí ba ċeart do'n Árdríġ a ṫaḃairt do ríġṫiḃ ċúigí. D'ḟeuċ sé ar na h-eagailsíḃ agus ar na mainistreaċaiḃ agus ar na sgoileanaiḃ, fé mar a ḋeineaḋ sé ins gaċ aon ḃall. Ġlaoiḋ sé ċun na gconḃintí leis, agus ba ṁór ag na mnáiḃ riaġalta an t-Árdríġ do ṫeaċt 'ġá ḃfeuċaint agus ag feuċaint na sgoileana a ḃí acu. Ḃíoḋ mná óga acu 'n-a sgoileanaiḃ agus iad ag múineaḋ gaċ aon tsaġas eóluis dos na mnáiḃ óga san ar na neiṫiḃ a ḃí riaċtanaċ an uair sin do ṁnaoi ḃeiṫ ar eólus aici.

Ba ṁór ag na mnáiḃ riaġalta an t-Árdríġ a ḋ'ḟeisgint, agus Murċaḋ, agus Dúlainn Óg, agus gaċ fear eile de ṁuintir Ḃriain n-a raiḃ a n-ainimneaċa i mbéalaiḃ daoine ar fuid na h-Éirean an uair sin. Aċ ní raiḃ aoinne beó ab ḟearr leó a ḋ'ḟeisgint 'ná Niaṁ. Ċuaiḋ a tuairisg roímpe eatarṫa. Do h-innseaḋ dóiḃ ná raiḃ rígan óg eile ar ṫalaṁ na h-Éirean an uair sin ċóṁ breaġ ná ċóṁ daṫaṁail léi. Agus do h-innseaḋ dóiḃ go raiḃ socair 'n-a h-aigne aici gan pósaḋ ċoíḋċe. Go ḃfanfaḋ sí ag taḃairt aire d'á h-aṫair an ḟaid ab é toil Dé iad ḟágáilt ar an saoġal so i ḃfoċair a ċéile, agus ansan, dá mb' é a h-aṫair ba ṫúisge a ġeóḃaḋ bás, go ḃfanfaḋ sí singil 'n-a ḋiaiġ ar an saoġal so go dtí go mbéarfaḋ Dia ċuige féin í agus go mbéaḋ sí i ḃfoċair a h-aṫar airís ar an saoġal eile.

Sar a' dtagaḋ sí ċúċa ḃídís ag maċtnaṁ ar a h-áilneaċt [ 183 ]agus ag cuiṁneaṁ ar na mnáiḃ óga dob' áluinne agus ba ḃreaġṫa agus ba ḋaṫaṁla d'á ḃfeacadar riaṁ, agus 'ġá ṡaṁluġaḋ 'n-a n-aigne cad é an saġas í má ḃí sí níba ḃreaġṫa le feisgint 'ná aoinne acu súd. Ansan, nuair a ṫagaḋ sí agus do ċídís í, do leaṫaḋ a súile orṫa agus d' adṁuiġdís nár ḟéad aon tsaṁluġaḋ d'ár ḋeineadar teaċt i n-aon ġioraċt do'n raḋarc a ċonacadar nuair ḟeuċadar uirṫi. Ansan, ní ḃíoḋ aon iongnaḋ orṫa nuair airiġdís i dtaoḃ an tsoluis 'n-a tímpal agus i dtaoḃ an ġaṫ gréine. Do saṁluiġtí ḋóiḃ féin, nuair a ṫagaḋ sí isteaċ sa ċonḃint ċúċa, go dtugaidís fé ndeara an solus 'n-a gnaoi agus 'n-a tímpal, agus gur ċuma í nó gaṫ gréine ag teaċt isteaċ.

Isé céad rud a ḋeineaḋ na mná riaġalta, ins gaċ aon ċonḃint, ċóṁ luaṫ agus ḃíoḋ tamal de lá caiṫte ann aici, 'ná cromaḋ ar ṫaṫant uirṫi fanṁaint acu ar fad. Ġlacaḋ sise an taṫant go breaġ réiḋ agus go breaġ séiṁ, aċ ní baoġal go dtugaḋ sí aon ċóṁarṫaí uaiṫi ar ġéilleaḋ do'n taṫant. Ḃíoḋ áṫas mór orṫa an ḟaid a ḃíoḋ sí acu, agus ḃíoḋ uaigneas mór orṫa nuair a ḃíoḋ cuaird na h-áite taḃarṫa, agus nuair a ḃíoḋ Brian agus a ċualaċt ag imṫeaċt go h-áit eile.

Nuair a ḃí Cúig' Ulaḋ siúḃalta do gaḃaḋ tímpal tré Ċúige Laiġean. Do fanaḋ raint laeṫanta i gCúige na Míḋe, i dteiġlaċ Ṁ'lṡeaċlainn Ṁóir. Níor ċuaird i n- aistear cuaird ċun an teiġlaiġ sin. Do cuireaḋ cóir go fial agus go flaṫaṁail ar an Árdríġ agus ar a ċualaċt ann. Dá mbéaḋ i gcualaċt Ḃriain an uair sin duine iasaċta, duine ná béaḋ aon ḟios aige ar cad a ḃí tuitiṫe amaċ i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní ḃéaḋ aon ċuiṁneaṁ i n-aon ċor aige go raiḃ Brian tar éis Ṁ'lṡeaċ- lainn do ċur as an Árdríġeaċt. Ṡaṁlóċ' sé gur ḃ' é Brian an t-Árdríġ i gcóṁnuiġe agus go raiḃ M'lṡeaċlainn [ 184 ]fé n-a smaċt i gcóṁnuiġe. B'é an cleas céadna é ag an dá ṫeiġlaċ. Níor leig teiġlaċ Ṁ'lṡeaċlainn orṫa gur ḃ' iad féin teiġlaċ an Árdríġ riaṁ, agus níor ṫaisbeáin teiġlaċ Ḃriain aon ṁór-is-fiú ná aon eiríġe anáirde os cionn an teiġlaiġ eile. Ḃí an dá ṁuintir go séiṁ agus go soilḃir le n-a ċéile, agus go h-ollaṁ ċun gaċ urama agus gaċ onóra ṫaḃairt d'á ċéile.

Ċuaiḋ an t-Árdríġ agus a ṫeiġlaċ ag triall ar Ṡitric, ar ríġ Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Do cuireaḋ an ċuaird sin ċun cinn díreaċ mar a cuireaḋ i gcás Ṁ'lṡeaċlainn nó i gcás aon ríġ cúige eile i n-Éirinn. Do ġlaoiḋ Brian ċun tiġṫe na gceannaiġṫe agus d' ḟeuċ sé go cruinn ar an gcuma 'n-a ndéinidís a ngnó. D'ḟeuċ sé ar na loingeas a ḃí sa ċuan. Do ṫuig sé i n' aigne gur ṁór go léir an tairḃṫe do ṁuintir na h-Éirean dá mbéaḋ mórán des na loingeas san sa ċuan san, agus ins gaċ cuan eile de ċuantaiḃ na h-Éirean, agus mórán de'n obair ċeannaiġ- eaċta san acu d'á ċoimeád ar siúḃal idir oileán na h-Éirean agus dúṫaíḃ iasaċta. An ḟaid a ḃí sé ag maċtnaṁ ar an gcuma san ar an dtairḃṫe a ḃí ag cuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ 'á ḋéanaṁ, do ċuiṁniġ sé ar an gcoṫrom uaṫḃásaċ uisge atá ó ċaṫair Luimníġe síos go h-Inis Caṫaiġ agus amaċ ar fad go Léim Ċúċulainn, agus ċuiṁniġ sé ar an dtairḃṫe a ḋéanfaḋ an coṫrom uisge sin dá mbéaḋ sé clúdaiṫe le loingeas ḃreaġṫa ṁóra do ḃéarfaḋ earaí ceannaiġeaċta amaċ ó Éirinn go cuantaiḃ an doṁain, agus do ṫaḃarfaḋ earaí iasaċta isteaċ go h-Éirinn sa ḃflúirse ċéadna, ó ċuantaiḃ an doṁain.

Nuair ḟág sé Baile Áṫa Cliaṫ agus cuaiḋ sé óḋeas go teiġlaċ rí Laiġean, teiġlaċ Ṁaoilṁórḋa, teiġlaċ driṫár a ċéile, ḃí an maċtnaṁ céadna i n' aigne i dtaoḃ uisge Béil Sionainne. D'inis sé do ríġ Laiġean cad a ḃí i n'aigne, agus dúḃairt sé leis gur ḃ' é a ṫuairim féin ná raiḃ le [ 185 ]fáġail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile, aḋmad a ḋéanfaḋ crainn seóil do loingeas ṁóra ċóṁ maiṫ agus do ḋéanfaḋ an t-aḋmad a ḃí ag fás i gCúige Laiġean.

“Dá gcurfá ċúġam siar go Ceann Cora, a ríġ,” ar seisean le Maolmórḋa, “trí cinn de's na crannaiḃ is fearr agat ċun na hoibre, do ċuirfinn trí loingeas d'á ndéanaṁ gan a ṫuille ríġnis.”

“Cuirfead agus fáilte, a Árdríġ,” arsa ríġ Laiġean.

D'ḟan an sgéal mar sin an uair sin.

Do ġluais Brian agus a ċualaċt óḋeas isteaċ i n-Urmúṁain. Ṫug sé a ċuaird ċun teiġlaiġ ríġ na nDéiseaċ. Moṫla mac Faeláin ab ainim do'n ríġ sin. Ḃí sé dílis do Ḃrian, bíoḋ ná raiḃ aḃfad roimis sin ó ḃris Brian caṫana fuilteaċa ar a ċine. Ḃí sé i n'aigne, fé mar a ḃí i n-aigne gaċ aoinne, go raiḃ tórmaċ cogaiḋ ar siúḃal, go raiḃ an spéir trom leis an dtórmaċ cogaiḋ sin, agus ná raiḃ aon ḟear beó aċ Brian a ḋ'ḟéadfaḋ Éire ṫaḃairt saor as an gcogaḋ san nuair a ṫiocfaḋ sé. D'á ḃríġ sin ḃí sé dílis do Ḃrian.

Ṫáinig Brian agus a ċualaċt go teiġlaċ aṫar Ċaoilte. Fuair gaċ aoinne amaċ ansan cé r' ḃ' é Caoilte, gur mac ríġ é agus gur Donn ab ainim dó, Donn mac Beaṫaċ. Nuair a fuair Conn, mac Ṁaoilruanaiḋ na Paidre, gur ṁac ríġ Caoilte ṫáinig sé ċuige agus do rug sé ar ḋá láiṁ air.

“Ó, a Ḋuinn,” ar seisean, “cad 'n-a ṫaoḃ nár innsis dom cé r' ḃ' é ṫú! Ḃí sé am' aigne go mb’ḟéidir go raiḃ braon éigin d'ḟuil ríoga ionat, agus an ḃfuil ḟios agat caṫin a ċuiṁniġeas air? Ċuiṁniġeas air nuair a ṫugas an tarcaisne ḋuit agus nuair a ċonac an ċuma 'n-ar ċoim- eádais srian le t' ḟeirg. ‘Mura mac ríġ é,’ arsa mise am' aigne féin, ‘tá an ḟoluiġeaċt ann pé ball 'n-a ḃfuair sé í ḃeiṫ ann.’ Dúḃart go deiṁin. Náċ mór an cleasaiḋe [ 186 ]Niaṁ! Ċuir sí ṫusa ar ṫeaċtaireaċt an lá úd. Do ċuir má's fíor bréag! Ní h-eaḋ aċ ċeap sí sinn a ċur ó ċéile. Do rug sí mise i láṫair Ḃriain, agus geallaim ḋuit gur cuireaḋ smaċt orm. ‘Bíoḋ ciall agat, a ṁic ó,’ arsa Brian. Idir Ḃrian agus an sagart agus Niaṁ, agus í imṫiġṫe amaċ, níor fágaḋ léas meaḃraċ am' ċeann. Nuair a ḃíos tagaiṫe amaċ agus raint maċtnaiṁ déanta agam iseaḋ ṫuigeas i gceart cad a ḃí imṫiġṫe orm. ‘Tá a h-aigne socair ag Niaṁ ar gan pósaḋ ċoíḋċe,” arsa Maolṡuaṫain, agus, ‘Bíoḋ ciall agat, a ṁic ó,’ arsa Brian. Ḋeineadar amadán díom eatarṫa.”

“Agus náċ maiṫ nár ḋeinis aon dearṁad de'n ḟocal aṁáin úd, a ríġ,” arsa Caoilte.

“Cad é an focal?” arsa Conn.

“An focal úd adúḃairt Maolṡuaṫain, ‘Tá a h-aigne socair ag Niaṁ ar gan pósaḋ ċoíḋċe.’“

“Ó, ambasa is fíor ḋuit é,” arsa Conn. “D' ḟan an focal san 'n-a ṡeasaṁ am' aigne ó ṡin. Tá sé 'n-a ṡeasaṁ am' aigne anois ċóṁ gléineaċ agus ḃí sé nuair airiġeas ag teaċt a' ḃéal Ṁaoilṡuaṫain amaċ é! ‘Tá socair ag Niaṁ 'n-a h-aigne,’ ar seisean, ‘gan pósaḋ ċoíḋċe.’ Dá mairinn míle blian ní imṫeóċ' an méid sin cainte as m'aigne.”

“'Sé an sgéal céadna agam-sa é.” arsa Caoilte.

“Dúḃairt sí an ċaint sin díreaċ amaċ as a béal féin liom nuair a ḃí sí a'm ċur ar a' dteaċtaireaċt mar 'ḋ eaḋ, agus tá an focal 'n-a ṡeasaṁ am' aigne anois, agus beiḋ go deó.”

“Feuċ, a Ḋuinn,” arsa Conn, “is maiṫ a ḋein sí é agus a h-aigne do ṡocaruġaḋ ar an gcuma san. Dá bpósaḋ sí ṫusa is dóiċ liom go mbainfinn an t-anam asat; agus dá bpósaḋ sí mise is dóċa go mbainfeá-sa an t-anam asam-sa; agus dá bpósaḋ sí duine eile is dóċa go mbainfimís araon an t-anam as san. Aċ nuair ná pósfaiḋ sí aoinne ċoíḋċe [ 187 ]ní ḃeiḋ aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon ċun an anama ḃaint as! Is dian ṁaiṫ atá an sgéal socair aici!”

“Is fíor ḋuit sin, a Ċuinn,” arsa Caoilte. “Ṡocaruiġ sí é i dtreó go ḃféadfaimíd ḃeiṫ ag baint spóirt as, an rud atá agat-sa 'á ḋéanaṁ anois, agus i dtreó go ḃfuil ar ár gcumas ḃeiṫ muintearṫa caradaċ le n-a ċéile. Tá gáḋ againn anois le muintearṫas agus le caradas. Is dóiċ liom naċ ró ḟada go mbeiḋ naṁaid agus eascáirde ar ndóṫin againn.”

“Is fíor ḋuit sin, a Ḋuinn,” arsa Conn. “Ná béaḋ sé ċóṁ maiṫ againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas daingean a ḃeiṫ eadrainn, fé mar atá idir Ṁurċaḋ agus Dúlainn, i dtreó nuair a ḃéimís i lár caṫa go ḃféadfaimís a ċéile ċosaint. Tá ana ċion agam ort ó'n lá úd a ḃuaiḋis orm sa ruiṫ.”

“Ní mó an cion atá agat orm, a Ċuinn,” arsa Caoilte, “'ná mar atá agam-sa ort-sa. Agus a' ḃfuil ḟios agat cad é an ċúis go ḃfuil an cion san agam ort, a Ċuinn?’

“Andaiġ ní ḟeadar, a Ḋuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól dom gur ḋeineas aon níḋ riaṁ duit a ṫuillfeaḋ cion dom uait.”

“'Neósfaḋ-sa ḋuit cad a ċuir an cion am' ċroíḋe ort. An gráḋ a ṫaisbeánais a ḃeiṫ agat do Niaṁ. Siné a ḋein é.”

“Aililiú!” arsa Conn. “Ba ḋóiċ liom gur éad, agus fuaṫ ḋom, agus gráin orm, a ṁúisgileóċaḋ sé sin a d' ċroíḋe.”

“Iseaḋ, leis,” arsa Caoilte, “go dtí go ndúḃairt sí liom go raiḃ a h-aigne socair aici ar gan pósaḋ ċoíḋċe. Nuair airiġeas an focal san uaiṫi ḃí ḟios agam gur ḃ' ḟíor an focal. Ansan nuair a ċonac, agus nuair a ṫuigeas am aigne, an gráḋ a ḃí agat-sa ḋi ṫáinig truaġ agam duit. Ansan ṫáinig an cion agam ort. Sin mar a ṫáinig sé. Tá [ 188 ]sé am' ċroíḋe fós, ċóṁ láidir díreaċ agus ḃí sé an uair sin.”

“Is iongantaċ an sgéal é sin, a Ḋuinn,” arsa Conn.

“Isé an sgéal céadna ó m' ṫaoḃ-sa é aċ nár ṫugas fé ndeara é ċóṁ géar agus ṫugais-se fé ndeara é. Ḃí ḟios agam cad é an ċúis n-a mbíoḋ Caoilte ag teaċt fé ḋéin teiġlaiġ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla. Nuair a ṫánag amaċ ó Ḃrian agus ó Ṁaolṡuaṫain, agus Maolṡuaṫain tar éis an ċinn a ḃaint de'n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar éis cóṁairle ṫaḃairt dom ciall a ḃeiṫ agam, ċóṁ luaṫ agus d' ḟéadas mo ṁeaḃair do ċruinniuġaḋ, agus níor ḃ' fuiriste é, ‘Agus Caoilte boċt,’ arsa mise am' aigne féin, ‘cad a ḋéanfaiḋ sé! Tá an sgéal ċóṁ h-olc aige agus 'tá sé agam-sa, nó b'ḟéidir níosa ṁeasa.’ Tá ana ḃáiġ agam leat ó ṡin. Agus feuċ, níor ṫugas fé ndeara an ċúis go dtí anois nuair a ḋ'innsis-se do ṫaoḃ féin de'n sgéal dom.”

Do ṡnaḋmuiġ an ḃeirt a gcaradas go daingean ansan, agus ḃí móráil agus aiteas agus áṫas croíḋe orṫa as san amaċ.

D' adṁuiġdar i gcóṁnuiġe, as san amaċ, gur ṁór an taḃarṫas ó Ḋia ḋóiḃ an caradas san a ḃeiṫ eatarṫa, agus gur ar Niaṁ a ḃí a ḃuiḋċas acu Dia do ṫaḃairt an taḃarṫais sin dóiḃ.