Jimín Mháire Thaidhg/6

Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
LÁ AN DREÓILÍN
[ 33 ]

Caibidiol VI

LÁ AN DREÓILÍN

Ní mór an sásaṁ a fuaireas féin ná Daid ’nár ndinnéar tar éis teaċt ón Aifreann La Nodlag toisc a ḋéine ḃí Mam ag plé linn i dtaoḃ scéil an ġanndail agus na scéalta eile a ḃí scéiḋte orainn tar éis na maidne. Ṫug Daid iarraċt nó ḋó ar a ráḋ nárḃ é féin a ḋein aon ní leis an nganndal. Duḃairt sise go searḃ gur ḋóċa nárḃ é a ḋ’ól an dá ġloine fuiscí, aċ oiread. Ḃí sé ar ḃarra mo ṫeangan agam-sa a ráḋ nárḃ é a ḋein, aċ ṫuigeas i n-am dá dtéiġeaḋ an focal ṫar mo ḃéal go gcaiṫfinn cúntas a ṫaḃairt sa ḃfuiscí úd. Dá ḃrí sin d’ḟágas an scéal mar a ḃí cé go raiḃ trua agam dom’ aṫair. Níor ḃe’ liom a raiḃ im’ ċoinniḃ féin ċeana.

Ḃí an ganndal i n-aice an teine agus é ag teaċt ċuige féin. Nuair ḟéaċainn air ní ḟéadainn gan gáire ḋéanaṁ nuair a ċuiṁniġinn ar an rud a ḋ’imiġ air. Ċonnaic Mam me uair agus ṫóg sí os cionn talṁan me le claḃta baise. Deirim leat gur ċuireas an doras amaċ díom tapaiḋ go maiṫ gan aon ġáire eile ḋéanaṁ. Ṫuigeas nuair a ḃí sé ró ḋéannaċ gur ḋearṁad dom gáire ḋéanaṁ faid a ḃeaḋ fearg ar Ṁam. Ṫuig Daid ó ṫúis é agus ḃí a rian air—ní ṫug Mam aon ċlaḃta baise ḋo; is aṁlaiḋ a ċuaiḋ sé féin amaċ ’on stábla agus do ṡuiḋ ar an mainnséar ann ag caiṫeaṁ tobac, agus ní raiḃ focal as. Deineann sé mar sin go minic nuair a ḃíonn Mam ag deargaḋ bear air, is ní ṫuigim ca’ ’na ṫaoḃ. Dá mbuaileaḋ sí é mar ḋeineann sí liom-sa déarfainn go mbeaḋ cúis aige aċ ní ḃuaileann ċoiḋċe. Scaoileann sí le Daid i gcoṁnaiḋe. Dá ḃfanaḋ sí ar ċainnt liom-sa is me ná beaḋ duairc.

[ 34 ]Nuair ná raiḃ an dream sa ḃaile i ḃfonn ċun coidriṁ ċuas ar lorg Ṁicilín Eoin. Ṫugamair tamall ag caiṫeaṁ caiḋtí agus tamall eile ag caiṫeaṁ tobac as ṗíp a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a aṫar.

Nuair a ḃí an tobac caiṫte againn ḃíomair ag iarraiḋ cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaimís.

“An dian!” arsa mise, “beirimís ar asal Ṫaiḋg Ṁóir agus ar asal Ṁáire Aindí agus ceanglaimís a ḋá n-eirball!”

“Tá asal Ṁáire istiġ ó ṁaidin aici,” arsa Micilín.

“Ná féadfaimís éalú amaċ as an stábla leis?” arsa mise.

“N’ḟéadfaimís,” arsa Micilín. “Ná feiceann tú Nell agus Taḋg Óg sa ḃóiṫrín.”

“Go dtagaiḋ fuaċt ins na cosa aca, ná téiġeann isteaċ aḃaile!” arsa mise. “’Ḃfuil aon ní eile ḋéanfaimís? Ná fuil do ċat-sa fós gan báṫaḋ ’gainn?”

“Tá,” arsa Micilín, “aċ tá piscíní ó iné aici.”

“Ó, hanaman diucs! báṫaimís na piscíní, a Ṁicilín.”

“Ní ḃáṫfam, a ḃuaċaill; teastuiġeann ceann óm’ aintín agus ceann ó Nell Ṁáire Aindí.”

“Oċ a ḋe!” arsa mise.

Ḃíomair i ḃfad ag cuiṁneaṁ ar rudaí aċ an riaċ ceann a ḃí ċun ár sásaiṁ. Sa deire d’éistíomair ar fad. Sin é an uair a riṫ an rud im’ aigne féin.

“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, “’ḃfuil ḟios agat cad é?”

“Cad é?” arsa Micilín.

“Bíoḋ Dreóilín amáireaċ againn!” arsa mise.

“Hanaman diucs, bíoḋ!” arsa Micilín, agus an dá ṡúil ag dul amaċ as a ċeann. “Agus bead-sa im’ amadán.” [Sin é an fear go mbíonn an loṁnán gaoiṫe aige sa Dreóilín, tá’s agat, agus é ag bualaḋ gaċ aonne leis.]

“Bead-sa im’ ċaptaen,” arsa mise.

“Agus cé ḃeiḋ ’na óinsiġ?” arsan fear eile.

B’in ceist ċruaiḋ le réiḋteaċ. Ċuiṁníomair ar Ċáit [ 35 ]seo ’gainne agus ċuamair ċun an scéal a ċur fé n-a bráid; aċ, a ḋuine, do spriúċ sí.

“Is mór an náire ḋíḃ é!” ar sise, “an dreóilín boċt a ṁarḃú agus ḃeiṫ ag siuḃal pludaiġ na dúṫaiġe ag lorg airgid ’á ċionn.”

“Naċ é scéiḋ ar ár Slánaṫóir,” arsa mise; “agus naċ maiṫ atá sé tuillte aige é ṁarḃú.”

“Má seaḋ ní hé an dreóilín a ḃeiḋ agaiḃ-se a scéiḋ Air,” arsa Cáit.

“Mararḃ’ é, ṁuise!” arsa mise, “b’é a ḋaid críona ḋein é, agus aonne ’ṁáin iad.”

Aċ níorḃ aon ṁaiṫeas ḃeiṫ ag gaḃáil do Ċáit. Duḃairt sí linn imeaċt le n-ár seana-Ḋreóilín gan ṁaiṫ. Ná déanfaḋ gearrċailí i n-ao’ ċor na rudaí gránna a ḋeineann buaċaillí. Ní raġaḋ sí i n-aon Dreóilín.

Ní ḃíonn aon ṁaiṫ ins na seanaċailíní sin.

Ḃíos féin is Micilín i gcruaċás. Ní ḃeaḋ aon ṁaiṫ i n-ár nDreóilín ċeal óinsiġe. Ṫriallamair cailíní an ḃaile ar fad aċ ní ṫiocfaḋ aonne ’ca linn.

“Caiṫfimíd éirġe ar fad as,” arsa Micilín.

“Ní éireoċaimíd,” arsa mise, “cuirfimíd éadaċ óinsiġe ar ḃuaċaill éigin.”

Leis sin ġlaomair ċuġainn ar na leaideanna eile agus d’innseamair dóiḃ an rud a ḃí beartaiṫe againn i gcoṁair an lae amáiriġ. Ḃí sceitimíní áṫais orṫa go léir.

“Caiṫfiḋ cuid agaiḃ éadaċ ban a ḃeiṫ oraiḃ,” arsa mise.

Níor ḃraiṫeas aon ḃreis áṫais orṫa ’na ṫaoḃ san.

“Ní raġad-sa i n-aon éadaċ mná,” arsa Taḋg Learaí Ḃig.

“Aonne ná fuil sásta déanaṁ mar adeirim-se leis imiġeaḋ sé as an nDreóilín ar a’ hap,” arsa mise.

D’éist Taḋg Learaí Ḃig.

“Cá ḃfaġam éadaiġe ban?” arsa Smulc, “agus cé hiad go mbeid siad orṫa?”

“Taḋg Learaí Ḃig agus tusa, a Smuilc, ġeoḃaiḋ siḃ [ 36 ]iad agus cuiriḋ oraiḃ iad agus bíḋ ’nḃúr ḋa n-óinsiġ.”

Níl aon ḃean ’nár dtiġ-ne,” arsa Taḋg, “aċ mo ṁáṫair agus is mó is mór a cuid éadaiġ sin doṁ-sa.”

Ċuir san i dteannta me. Ḃí’os agam gur ċeap sé go raiḃ buaiḋte aige orm. Ṫáinig coċal orm ċuige.

“Ná bac san, a Ṫaiḋg,” arsa mise. “Ní fál go haer é. Ġeoḃam culaiṫ óinsiġe ḋuit-se ná bíoḋ eagal ort. Bíḋ go léir annso ar a hoċt ar maidin gan teip. Agus anois téiġimís ar lorg dreóilín.”

Fuaireamair go léir maidí agus cloċa agus níor ḟágamair tor ná claiḋe ná bóiṫrín gan ċuardaċ féaċ an ḃfaġaimís dreóilín le marḃú; aċ an riaċ dreóilín a ḃí i n-aon áit aca. Duḃairt Smulc gur dóċa gurḃ aṁlaiḋ a ḃíodar go léir imiṫe aḃaile i gcoṁair na Nodlag; aċ is dóiġ liom-sa gurḃ aṁlaiḋ a ḃíos ḟios aca go raiḃ lá an dreóilín ag teaċt agus go ndeaċadar go léír i ḃfolaċ ar eagla go marḃoċaimís iad.

B’éigean dúinn sa deire dul aḃaile gan aon dreóilín. Ṫeastuiġ ó Ṁicilín arís go n-éireoċaimís as an scéal toisc gan an t-éan beag a ḃeiṫ againn; aċ duḃart-sa go leigfimís orainn go raiḃ sé istiġ i neid i lár an tuir ċuilinn againn agus ná leigfimís d’aonne féaċaint air. Ní raiḃ Micilín sásta ar fad, cé gur ġéill sé.

Ḃí hata cruaiḋ agus casóg eirbaill istiġ i gcurpad mór sa ḃaile. Lem’ Ḋaid Críona dob’ eaḋ iad sarar cailleaḋ é, fad’ ó riaṁ. Ċuireas i gan ḟios iad amaċ ar loċta an stábla. Ḃíos ar lorg bróg, leis, le cur orm, aċ ní raiḃ aon ḟeiḋre sa tiġ ná tuitfeaḋ dem’ ċosa aċ feiḋre de ḃróga deasa ’leaistic le Mam a ḃí os cionn an iarta ar ċlár aici. Ċuireas mo ṡúil orṫa san, aċ d’ḟágas mar a raḃadar go maidin iad ar eagla go mbraiṫfeaḋ Mam an droċḟuadar. Ḋeineas aġaiḋ feidil as bib le Cáit agus ṫógas a raiḃ de ribíní sa ḃoiscín aici agus ċuireas ar an hata iad. Fuaireas píce agus ċeangluiġeas tor cuilinn ar a barra agus nead istiġ ’na lár, de ċaonaċ.

Ó ba ċaptaen mise, dar ndóiġ, níor ṁór dom [ 37 ]claiḋeaṁ. Ní raiḃ aon ċlaiḋeaṁ sa tiġ riaṁ againne ná ag aonne ar an mbaile—ná gnó aca ḋe—agus d’ḟág san mise i dtaoiḃ le claiḋeaṁ aḋmaid a ḋeineas de ċláirín. Ṫáirneálas píosa beag sé n-órlaċ treasna air i n-aice mo láiṁe.

Nuair a ḃí mo ċuid féin faċta agam ċuas ar lorg culaiṫ óinsiġe do Ṫaḋg Learaí Ḃig. Ní raiḃ aon ní oiriúnaċ le faġáil aċ éadaċ le Cáit, agus ḃíos i gcás idir ḋá ċoṁairle cad a ḋéanfainn. Ċuarduiġeas seomra Mam aċ ní raiḃ aon rud ann go ḃféadfaḋ Taḋg é ċaiṫeaṁ. Ḃí an scéal ag déanaṁ tinnis dom agus sinn ag dul a ċodla. Nuair a ḃí an Ċoróin Ṁuire ’a ráḋ againn ṫug Mam greasáil eile ḋom mar ná duḃart-sa aċ seaċt gcinn den deiċniúr. Ní ḟeadar-sa an nduḃart nó ná duḃart i gceart iad mar naċ orṫa ḃíos ag cuiṁneaṁ aċ ar ċulaiṫ do Ṫaḋg Learaí Ḃig.

D’éiriġeas-sa roimis an gcuid eile den tiġ ar maidin. Ḃuaileas na bróga leaistic fém’ ascail. Annsan ċuas go dtí seomra Ċáit is ċuarduiġeas arís do ċulaiṫ i gcoṁair Ṫaiḋg. Do ṗrioc an t-Áiḃirseoir me sa deire agus ṫugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amaċ tríd an ḃfuinneóig liom go dtí an stábla. Ċuireas orm mo ċulaiṫ Dreóilín—na bróga leaistic agus an ċasóg eirbaill agus an hata caroline agus ribíní Ċáit ar sileaḋ leis. Ḃuaileas orm an aġaiḋ feidil annsan agus mo ċrios agus mo ċlaiḋeaṁ, agus deirim-se leat, a ḋriṫeáir, go raiḃ cuma captaen Dreóilín orm má ḃí sé ar aonne riaṁ. D’imiġeas annsan ar lorg na coda eile. Ḃíodar ag teaċt, duine ar ḋuine, agus an riaċ duine aca d’aiṫin me, a ṁic ó! gur ḃaineas an aġaiḋ feidil díom.

Ṫugamar tamall maiṫ ag feistiú a ċéile sara raḃamair ullaṁ. Nuair ṫáinig Taḋg Learaí Ḃig ċromas ar éadaċ Ċáit a ċur air. Aċ ḃí ceataiġe sa scéal—ní raġaḋ éadaċ Ċáit ar Ṫaḋg gan Taḋg do ḃaint a ċoda féin de—rud nár ṫaiṫn i n-ao’ ċor leis. Níor ḟan dá ċuid féin air aċ a léine; aċ nuair a ḃí an gúna air agus caiḋp ḃioraċ páipéir ar a ċeann ḃí sé ’na ġearrċaile deas go [ 38 ]leor. Do scéiḋ na bróga air, áfaċ. Feiḋre le n’aṫair ab eaḋ iad agus iad ró ṁór do. Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ sé á dtarrang ’na ḋiaiḋ agus gaċ aon ṗlup-flap aca.

Ceaṫrar de luċt ceoil do ḃí againn. Ṫugas féin orgán béil liom a fuair Cáit óm’ Aintín. Ag Tumaisín Bán a ḃí sé ’á ṡeinm i riṫ an lae. Ḃí trúmpa stáin ag Micilín a ṫug sé do Smulc. Ṫug duine eile mias ṁór stáin leis agus do ḃí ag gaḃáil de ṁaide air agus ḃí bucaed stáin ar sileaḋ le muineál duine eile agus ḃídís a gceaṫrar ag séideaḋ is ag bualaḋ is ag greadaḋ i dteannta ċéile agus ḋeinidís ceól breá.

Ṫugas an tor cuilinn le hiompar do Ṗeats Ṁicilín Dan agus ḃí loṁnán gaoiṫe ag Micilín Eoin a fuaireamair ó Ṫaḋg Óg nuair ṁarḃíodar an ṁuc roim Nodlaig agus ḃíoḋ sé ag bualaḋ gaċ aonne leis. Ḃí málaí ar ċuid aca agus léinte fear ar a ṫuille agus seanasciorta le n-a ṁáṫair ar foṫḋuine. Ḃí blús gorm le Nell Ṁáire Aindí ar Ṁicilín Eoin agus an riaċ pioc di d’aiṫin i n-ao’ ċor air é gur ċuiṁniġ sí uirṫi féin lá’r na ṁáireaċ.

Tiġ Ḃeit Móire an ċéad áit a ċuamair. Ḃí mo ċlaiḋeaṁ ar tarrang agam féin nuair ṁáirseálamair an doras isteaċ ċúiċi. Ḃuaileamair suas ceol di agus ḋeineamair rinnce ar an úrlár. Ḋeineamair fáinne tiompall ar Ḃeit agus sinn ag daṁas. Ċrom Beit ar rinnce í féin, istiġ i lár an ḟáinne agus b’in é an t-iongantas: promsáil Ḃeit a ḋ’ḟeiscint. Ḃí giorranáil uirṫi nuair a stad sí agus b’éigean di suiḋe.

“Ara ṁuise, is tréan na buaċaillí siḃ,” ar sise.

“Caiṫ ċuġainn dorn airgid,” arsa sinne, mar b’in é b’ḟearr linn ná aon ṗlámás.

“Airgead ab eaḋ?” ar sise. “Oċ, maran siḃ na rógairí agam!” Agus ḃí sí ag gáirí ag dul go dtí an dresser. Tá Beit anaḃeaṫaiṫe agus nuair a ġáireann sí bíonn sí ar fad ag criṫ agus annsan ní ḟéadfá féin gan ḃeiṫ ag gáiriḋe leis.

Ṫóg sí seanaṁuga den dresser agus fuair sí ḋá ṫuistiún rua ann agus ṫug sí ḋúinn é. Ḋeineamair greas [ 39 ]

Ar Seaċrán Fairrge

[ 41 ]eile ceoil annsan di agus baḃta rinnce agus d’imíomair. Ċuamair go tiġ Ṁicilín Eoin agus fuaireamair réal ann. As san linn go tiġ Ṫaiḋg Óig. Ḃí Taḋg Óg istiġ agus ḃí sé ag magaḋ fúinn agus ’á ráḋ ná raiḃ ceol ná rinnce againn; aċ nuair a ḃíomair ag imeaċt ṫug sé scilling dúinn agus ṫug bean a ḋriṫeár réal dúinn.

Nuair ṫánamair go Tiġ Ṁáire Aindí ḃí anaġeóin againn. Úrlár leac a ḃí ann, tá’s agat, agus ḋeineamair cnagarnaċ ḃreá air ag rinnce. Nuair a ċualaiḋ an madra mór atá aca an ceol ṡuiḋ sé ar a ċorragiob agus ċuir sé a ṡrón san aer agus d’oscail a ḃéal agus ḃí ag cur glamanna móra brónaċa ceoil as i dtreo is go gceapfá go raiḃ gaċ madra riaṁ a ḃain leis marḃ. Ḃí Nell d’iarraiḋ sinn d’aiṫint. Ċaiṫ a máṫair aṁras láiṫreaċ orm féin.

“Ṁuise, slán beo le seana-Ṫaḋg,” ar sise, “agus ní hé sin críċ ba ṁaiṫ leis ar a ċasóig ġreanta.”

“Ara! ní hí an ċasóg atá ag déanaṁ tinnis anois do,” arsa mise. “Ná fuil sé deiċ mbliana sa ċré.”

“Marḃoċaiḋ do ṁáṫair ṫu,” arsa Máire Aindí.

“Ná bí ag tarrac mo ṁáṫar ċuġam,” arsa mise, “aċ tr’om scilling don Dreóilín.”

Ġáir Máire.

“Féaċ, a Nell,” ar sise, “ġeoḃaiḋ tú réal sa sparán san ṫíos agus taḃair dosna buaċaillí í.”

Ċuaiḋ Nell go dtí an sparán aċ ní réal a ṫug sí ḋúinn aċ scilling. Annsan ṫug sí stráice aráin an duine ḋúinn agus ḃí risíní ann. Is maiṫ liom féin Nell.

Ṫugamair turus ar na tiġṫe eile sa ḃaile i ndiaiḋ a ċéile aċ d’ḟágas ár dtiġ-ne ar deire. An rud aduḃairt Máire Aindí i dtaoḃ culaiṫ mo Ḋaid Ċríona agus i dtaoḃ na feirge ḃeaḋ ar Ṁam—sin é ċongaiḃ ón dtig me. Ní baoġal ná go n-aiṫneoċaḋ Mam an ċasóg eirbaill agus an hata agus d’ḟágfaḋ san an Dreóilín gan ċaptaen. Sé ḋeineas sa deire na an ċuid eile a ċur go dtí an tiġ agus fanúint me féin sa ḃóiṫrín. Ḃí seans go ḃfaġaidís scilling ó Ṁam mara ḃficeaḋ sí mise ’na dteannta.

[ 42 ]Ḃuel! a ḋriṫeáir, is maiṫ a scaras leis is gan dul leo. Ċonnac iad go léir ag dul an doras isteaċ agus na gléiseanna ceoil ar siuḃal aca. Níorḃ’ ḟada, áfaċ, gur stad an ceol go hobann agus ċonnac ag brú a ċéile sa doras arís iad d’iarraiḋ teaċt amaċ. Stadadar taoḃ amuiċ agus ḃíodar ag féaċaint an doras isteaċ ar rud éigin a ḃí ar siuḃal istiġ aċ ní leoṁfaḋ aonne ’ca dul róġairid don doras. “Mam arís, déarfainn,” arsa mise agus ṫugas mo ḃuiḋeaċas do Ḋia gur ḟanas ó n-a crúcaí.

Ní fada ḋom go ḃfeaca mo ḋuine Taḋg Learaí Ḃig ag teaċt an doras amaċ ċun na coda eile agus ba ḋóbair go dtuitfinn nuair ċonnac an íde ḃí air. Ní raiḃ d’éadaċ ná de ċulaiṫ an Dreóilín air aċ an méid nár le Cáit seo ’gainne. Aon lá dá ċuiṁne ní ṫáinig dom agus me ag cura na coda eile go dtí an tiġ, go n-aiṫneoċaḋ Mam gún Ċáit ar Ṫaḋg.

Ḃí Taḋg ag pusíl ġuil agus a láṁ treasna a ṡúl aige leis an náire. Ḃí trua agam do aċ, ar ṁ’ḟalaing, nuair ċonnac a’ ḃreill a ḃí air agus an dá ḃróig ṁóra ’á dtarrang ’na ḋiaiḋ aige ag teaċt ċuġam sa ḃóiṫrín níor ḟéadas gan gáiriḋe. Nuair ċonnaic Taḋg me ag gáiriḋe ṫáinig an goṁ air.

“Léan ort,” ar seisean, “is tusa fé ndeara é,” agus ḃí an gol agus an ḟearg ’á ṫaċtaḋ. Rug sé ar na cloċa sa ḃóiṫrín agus ḃí sé a’ rúscaḋ liom agus gaċ aon liú guil aige. Ṗléascamair go léir ag gáiriḋe. “Hí-ú, cosa buiḋe árda!” arsa mise. Ḋein san an donas ar fad ar Ṫaḋg. “Bú hú!” ar seisean agus as go bráṫ leis aḃaile tré sna garraiṫe.

Aċ dá ṁéid an greann a ḃí againn ar Ṫaḋg ní raḃas-sa i n-ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí fearg mo ṁáṫar mar do ḃeaḋ scamall os mo ċionn.

D’imiġ an Dreóilín ar fad soir ċun na ceardṫan agus ċun na dtiġṫe i n-aice leis, aċ ní ḟuaireas aon spórt insa Dreóilín a ṫuille. Nuair a ċuamair go tiġ Ṗeats Teaimí ní ṫaḃarfaḋ sé aon ní ḋúinn. Duḃairt sé gur “paca bligeárd” sinn agus ċuir sé an madra linn; aċ [ 43 ]d’éiriġ an madra as an scéal nuair a ḃuaileas-sa isteaċ sa ċliaṫán le cloiċ é. Riṫ Peats im’ ḋiaiḋ le n-a ṁaide aċ ḃí fuar aige ḃeiṫ ag iarraiḋ breiṫ orm-sa agus na bróga leaistic orm!

Ḃíomair tuirseaċ den Dreóilín fén dtráṫ san agus duḃramair go n-éireoċaimís as. Ḃí ocras ag teaċt, leis, orainn. Dó ḋéag is seaċt bpingne ḃí againn agus roinneamair idir an deiċniúr a ḃí sa Dreóilín é—scilling is leaṫréal an duine. Ṫugamair an ṗinginn ḃreise do Ṫaḋg Learaí Ḃig toisc an sceiṁle fuair sé ó Ṁam. Micilín a ṫug aḃaile ċuige é. Annsan ṫug gaċ aonne aġaiḋ ar a ṫiġ féin agus fuadar ocrais fé.

Aċ, a’ dtuigeann tú, ní raiḃ aon ḟuadar fúmsa ċun an tiġe. Ḃí droċionntaoiḃ agam as an ḃfáilte a cuirfí roṁam. Ṫugas fuaṫ ḋon mbaile. Ṫuigeas, tá’s agat, go raiḃ Mam ag feiṫeaṁ liom ann agus go mbeaḋ sásaṁ uaiṫe i ngúna Ċáit agus i gcasóig mo Ḋaid Ċríona agus sa hata ċaroline agus duḃart liom féin gurḃ é mo leas Mam a ṡeaċaint i láṫair na huaire sin agus b’ḟéidir le himeaċt aimsire go dtiocfaḋ sí ċun bladair liom arís.

Suas go dtí tiġ Ṁáire Aindí ċuas. Ní ḟéadfainn fanúint amuiċ agus an ċulaiṫ ṁallaiṫe úd orm, agus ḃí an lá fós ann i slí ná féadfainn dul i gan ḟios go dtí an stábla ċun mo ċuid éadaiġ féin d’ḟaġáil. Ḃí an t-ocras ag gaḃáil díom go géar agus ḃí súil agam, tá’s agat, go ḃfaġainn píosa de ċíste Nodlag ó Nell. D’íosainn píosa mór de ċíste an uair ċéadna.

Ḃí Nell istiġ agus Máire Aindí agus Taḋg Óg. Nuair ċonnaic Taḋg an ċulaiṫ fós orm ṫáinig fonn magaiḋ air.

“Déanfaiḋ sé seo Dreóilín go hoiḋċe ḋo,” ar seisean.

“Naċ agat atá an cion ar ḃalcaisí do Ḋaid Ċríona?” arsa Máire Aindí agus ḃí sí ag gáiriḋe.

Rug Nell ar an hata agus do ċuir ar a ceann é. Dar fia! níor oir sé go holc i n-ao’ ċor di.

[ 44 ]“Tr’om an ċasóg leis,” ar sise agus ḃain sí ḋíom í agus ḃí ’á cur uirṫi.

“Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanaṁ Máire Ní Ógáin díot féín,” arsa Máire Aindí.

Níor ḋein Nell aċ gáire agus d’ḟéaċ sí síos uirṫi féin.

“Ná fuilim go deas?” ar sise.

“Ó! go gleóite!” arsa Taḋg.

Ní duḃairt Maire aon ní.

“Cad duḃairt do Ṁam leat nuair a ċonnaic sí ṫu?” arsa Nell.

“N’ḟeaca sí fós me,” arsa mise, “mar ná raḃas sa ḃaile ċuige.”

“Agus ab’ aṁlaiḋ atá eagla ort dul?” arsa Nell.

“Ba ṁaiṫ an ceart do,” arsa Taḋg, agus d’innis sé ḋóiḃ cad d’imiġ ar Ṫaḋg Learaí Ḃig. “Agus dá ṁéid an néal a ḃí uirṫi nuair ċonnaic sí gúna Ċáit ar Ṫaḋg beag ṫáinig an goṁ ar fad uirṫi nuair ḃraiṫ sí casóg agus hata a haṫar imiṫe!” arsa Taḋg Óg.

Ḃí ’ḟios agam féin gur mar sin a ḃeaḋ, leis, gan Taḋg Óg ’á innsint dom i n-ao’ ċor. Ḃraiṫeas mo ċroiceann greadaiṫe, scólta ċeana féin ón mbualaḋ a ḃíṫeas ċun a ṫaḃairt dom.

“Ní gáḋ ḋi i n-ao’ ċor ḃeiṫ ċoṁ cruaiḋ ar ḃuaċaill boċt,” arsa Nell.

“B’ḟéidir nár iṫis aon dínnéar iniu, leis,” ar sise.

Ṫuigeas go raiḃ Nell tuisceannaċ agus go mbeaḋ sí ag taṫant orm go gcaiṫinn rud éigin.

“Ó!” arsa mise, “Níl aon ocras orm.” Ḃí, a’ dtuigeann tú, aċ ní leigfeaḋ náire ḋom é ráḋ.

“Mara ḃfuil féin b’ḟéidir go n-íosfá píosa de ċíste Nodlag.”

Ḃíos i gcás cruaiḋ—ní ḟéadfainn a ráḋ go n-íosainn agus níor ṁaiṫ liom a ráḋ ná híosainn. Aċ ḃí Nell tuisceannaċ. Ċuaiḋ sí agus ṫug sí ċuġam cannta mór de ḃairġin breac agus muga bainne. Nuair a ḃíos ’á ḋ’iṫe duḃart liom féin gurḃ í Nell an duine ba ṫuisceannaiġe dar ḃuail riaṁ liom.

[ 45 ]Nuair ḃí an béile iṫte agam ḃraiṫeas feaḃas mór ar gaċ aon scéal agus ḃíoḋ cuiṁne Ṁam ag imeaċt uaim go ḃféaċainn i gcoṁnaiḋe ar an gcasóig eirbaill. Do réir mar ḃí sé ag dul i ndéannaiġe, áfaċ, agus gur ṁiṫid dom ḃeiṫ ag dul aḃaile ní raḃas i n-ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí a cuiṁne ag teaċt tar n-ais ċuġam go hana-ṡoiléir ar fad. Níor ṡaṁluiġeas aon ní léi an uair sin aċ sceiṁle ṁór an Luain go mbíonn Beit Ṁór ag tráċt air go minic, pé rud é. Aċ ní raiḃ aon dul uaiḋ agam, ṫuigeas, agus d’éiriġeas ċun dul aḃaile.

“Aḃaile taoi ag dul?” arsa Nell.

“Seaḋ,” arsa mise, “agus ba ḃreá ḃeiṫ ag dul ’on croiċ seaċas é.”

Do ġáireadar go léir. D’ḟéaċas anonn ar Nell.

“Ṁuise, beannaċt Dé ort! agus téanam ort im’ ṫeannta féaċaint a’ ḃféadfá faoḃar mo ṁáṫar a ċur díom.”

Is dóċa gur ṫuig sí an cás cruaiḋ a ḃí orm. Do ṗreab sí.

“Ṁuise im’ briaṫar go raġad,” ar sise.

Ṫáinig oiread bó de ċroiḋe ḋom, a ḋuine. Ḃí Máire Aindí ag gáiriḋe fén scéal.

Nuair a ḃíomair ag imeaċt, arsa Taḋg Óg: “Arḃ aon ċaḃair mise ḋul ’nḃur dteannta?” agus d’ḟéaċ sé ar Nell. Do stad gáire Ṁáire Aindí agus ṫáinig cuma míċéadtaċ uirṫi nuair ḟéaċ sí sa ċúinne ar lorg rud’ éigin. Le n-a linn sin d’ḟéaċ Nell ar Ṫaḋg agus do ḃagair a ceann ċun an dorais.

“Téanam ort,” arsa mise, agus ṫáinig.

Ba ṁór an misneaċ orm é an ḃeirt a ḃeiṫ faram agus me ag dul go dtí an tiġ. Gaiḃeamair an bóiṫrín—mise ar tosaċ agus iad-san im’ ḋiaiḋ agus láṁ Nell i láiṁ Ṫaiḋg, toisc an oiḋċe ḃeiṫ ann is dóċa. D’ḟanadar i ndoras an stábla faid a ḃíos-sa ag dul ar an loċta ar lorg mo ċuid éadaiġ féin agus ’á ċur orm.

Nuair ṫána arís ċúċa ġluaiseamair ċun an tiġe. Ní mise ḃí ar tosaċ an baḃta so am baic! Is i gcoinniḃ mo ċos a ḃíos ag dul ann, a ḋuine.

[ 46 ]Ná bíoḋ aon droċṁisneaċ ort, a ḃuaċaill,” arsa Nell liom, “Siuḃail leat.”

“Ní leigfiḋ tú ḋi me ṁarḃú ar fad, a Nell,” arsa mise.

“Ní leigfead,” arsa Nell. “Croiṫ suas tu féin.”

Ṫugas me féin suas do Ḋia agus do Ṁuire agus rugas greim ar ġúna Nell agus ċuas ṫar doras isteaċ ’na diaiḋ. Ḃí Mam ’na suiḋe ag ceann an ḃúird agus Daid le hais na teine agus Cáit imiṫe a ċodla, is dóċa. Nuair ċuas isteaċ d’ḟéaċ Mam orm. Ċloisfeá biorán dá dtuiteaḋ. Do stad mo ċroiḋe agus m’anál agus ċrom rud éigin i gcolpaí mo ċos ar ċriṫ agus ṁeasas go dtuitfinn.

“Ṫáinís,” ar sise.

Ar ṁ’ḟalaing nár laḃras! D’éiriġ Mam agus ṫóg sí anuas an tslat den ċlár os cionn na teine mar a mbíoḋ sé i gcoṁnaiḋe aici.

“Tar i leiṫ ċuġam,” ar sise.

Ó ṁuiricín! ḃíos ag cur uaim. Leis an scannra ḃíos ag bogaḋ de ġúna Nell ċun dul ċun na slaite nuair ċuir Nell taoḃ ṫiar di me.

“Ní ḃuailfiḋ tú barra méire ar an mbuaċaill,” ar sise le Mam. Mo ċeol í Nell.

“Buailfiḋ me agus bainfiḋ me an croiceann anuas do, mar is é atá tuillte aige,” arsa Mam.

Ḃí scaiṁ uirṫi ’á ráḋ, a ḋuine.

“Á faire, a Ṁam! ná dein,” arsa Nell. “Ḋein an garsún boċt dearṁad agus tá aiṫreaċas anois air.”

“Aiṫriġe ṫóirniġe,” arsa Mam. “Scaoil i leiṫ ċuġam é agus múinfead-sa ḋo . . . .”

“Aċ beiḋ sé ’na ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uair eile,” arsa Nell.

Ḃí Nell ar a díċeall.

“Beiḋ, nuair ḃead-sa críoċnaiṫe leis,” arsa Mam, agus ṫug sí foġa tiompall ar Nell ċun beirṫe orm. Léim Nell eadrainn ċun me ċosaint aċ is baoġal go dteipfeaḋ uirṫi agus go mbeaḋ deire le Jimín mara [ 47 ]mbeaḋ gur ḋein Taḋg Óg fóiriṫint orm. Ní ḋearṁadfad go bráṫ dó é. Rug sé ar láiṁ ar Ṁam agus ḃain sé an tslat di. Ó ’ḋuine! ba ṁór an ḟuascailt é. Ḃí Mam ar buile aċ do ḋeineadar cainnt ḃreá ḃog léi ’á ciúnú: gur buaċaill boċt óg me agus ná raiḃ aon ċiall agam—ná bíonn ceann críonna ar ċolain óig—ná tagann ciall roim aois—gur fearr go hanamúil aeraċ me ná ḃeiṫ im’ ruidín mílíṫeaċ cois na teine aici—go ndéanfainn fear maiṫ ciallṁar fós, le congnaṁ Dé-agus naċ minic a ċuala sí na seandaoine ’á ráḋ gur “duine óg diagaiṫe aḋḃar diaḃail seanduine"; agus a lán eile cainnte mar sin gur ċuaiḋ sí ċun suainis.

Annsan ṫarraing Taḋg scéal eile anuas—go raiḃ cúig ṗúint a cúig déag ar ḃanḃaí oċt seaċtaine ar ṡráid an Daingin Saṫarn na Nodlag agus ḃréagadar Mam mar sin ó ḃeiṫ ag coṫú fala im’ ċoinniḃ-se. Faid a ḃíodar ag cainnt d’éaluiġeas féin ċun súsa agus me go buiḋeaċ tré a ḟeaḃas a ċuas as. Ní haon néal ċodlata ṫuit orm, áfaċ, go gcuala Nell agus Taḋg ag imeaċt aḃaile agus níor stad mo ċroiḋe de ḃualaḋ go gcuala Mam ag dul d’á seomra féin. Is sia ċuiṁniġ sí ar ṁíġníoṁ lae sin an Dreóilín im’ ċoinniḃ ná aon rud eile ḃí déanta le fada agam. Gaċ aon ṁaidean Doṁnaiġ nuair a ċíoḋ sí gúna Ċáit agus an rian duḃ a ḋ’ḟan air i ndiaiḋ an lae ṁí-áiḋ sin ní ḟéadfaḋ sí gan é ċur i gcuiṁne ḋom. Dá mbuaileaḋ Dia aon tseans i dtreo Ċáit go ḃfaġaḋ sí gúna nua ba ṁór an suaineas dom é.