NIALL O CEARBHUIḊ.
Ní raiḃ stuamaċt air biṫ ann. Duḃairt sé le na ḃean (ṁnaoi) go raċaḋ sé ċum an ċearda go b’ḟáġaḋ sé gleus doċtúireaċta. Ċuaiḋ sé ċum an ċearda, lá air na ṁáraċ. “Cá ’uil tu dul andiú?” ar san gaḃa. “Tá mé dul go ndeunfaiḋ tusa gleus doċtúireaċta ḋam.” “Cad é an gleus ḋeunfas mé ḋuit?” “Deun crom-sgian agus geal-sgian.” Rinn an gaḃa sin dó. Ṫáinig sé a ḃaile. Nuair ṫáinig an lá, lá air na ṁáraċ, d’éiriġ Niall o Cearḃuiḋ. Rinn sé réiḋ le ḃeiṫ ’g imṫeaċt ’nna ḋoċtúir. D’imṫiġ sé. Ḃí sé siúḃal leis. Casaḋ buaċaill ruaḋ air, taoḃ an ḃealaiġ ṁóir. Ḃeannuiġ sé do Niall o Cearḃuiḋ; ḃeannuiġ Niall dó. “Cá ’uil tu dul?” ar san fear ruaḋ. “Tá mé ’g imṫeaċt go raiḃ mé mo ḋoċtúir!” “’S maiṫ an ċéird é,” ar san fear ruaḋ, “’s fearr duit mise ḟastóġaḋ.”
“Cad é an tuarasdal ḃéiḋeas tu ’g iarraiḋ,” ar Niall o Cearbuiḋ. “Leaṫ a ṡaoṫróċamaoid go mbéiḋmíd annsan talaṁ so [ 136 ]air ais.” “Ḃeurfaiḋ mé sin duit,” ar san Niall. Ṡiúḃail an beirt leó. “Tá niġean (inġean) ríġ,” ar san fear ruaḋ, “leis an mbás, raċamaoid (coṁ) ḟad léiṫe go ḃfeicfimíd an léiġeasfamaoid í. Cuaiḋ siad air siúḃal go teaċ an ríġ. Ċuaiḋ siad (coṁ) ḟad leis an ngeata. Ṫáinig an geatóir ag ionsuiḋe orra. D’ḟiosruiġ sé cá raiḃ siad ag dul. Duḃairt siad gur teaċt ag aṁarc inġine an ríġ a ḃí siad, le feiceál (feicsint) an ndeunfaḋ siad maiṫ ḋí. D’iarr an ríġ a leigeant asteaċ. Ċuaiḋ siad asteaċ. Ċuaid siad ’san áit a raiḃ an cailín ’nna luiḋe. Ċuaiḋ an fear ruaḋ agus rug sé greim cuisle uirri; duḃairt sé, “dá b’ḟáġaḋ a ṁáiġistir luaċ a ṡaoṫair go leiġisfeaḋ sé í.” Duḃairt an ríġ go dtiuḃraḋ sé a ḃreiṫeaṁnas féin dó. Duḃairt sé, “dá mbeiḋeaḋ an rúma faoi féin agus faoi na ṁáiġistir, go mb’ḟearr é.” Duḃairt an ríġ go mbeiḋeaḋ.
D’iarr sé sgiléad uisge ṫabairt aníos. Ċuir sé an sgiléad air an teine. D’ḟiosraiġ sé de Niall o Cearḃuiḋ, “cá ḃfuil an gleus doċtúireaċta.” “Seó iad,” ar san Niall, “crom sgian agus geal-sgian.” Ċuir sé an ċrom-sgian air ṁuineul an ċailín. Ḃain [ 137 ]sé an ceann dí. Ṫarraing sé luiḃ ġlas as a ṗóca. Ċuimil sé do’n ṁuineul í. Ní ṫáinig aon deór fola. Ċaiṫ sé an ceann annsan sgíléad. Bain sé feiṫeaṁ (fiuċaḋ) as. Rug sé greim air an dá ċluais. Ṫug sé leis as an sgiléad é. Ḃuail sé anuas air an muineul é. Ġreamuiġ an ceann ċoṁ maiṫ a’s ḃí sé ariaṁ. “Cad é mar aiṫniġeas tu ṫu féin anois?” “Tá mé coṁ maiṫ agus ḃí mé ariaṁ,” ar san inġean-an-ríġ. Sgairt (ġlaoḋ?) an fear mór. Ṫáinig an riġ aníos. Ḃi luṫġáire ṁór air. Ní leigfeaḋ sé air siúḃal iad air feaḋ trí lá. Nuair ḃí siad ag iṁṫeaċt ṫug sé aníos mála airgid. Ḋóirt sé air an tábal (bord) é. D’ḟiosruiġ sé de Niall o Cearḃuiḋ an raiḃ a ṡaiṫ aige ann sin. Duḃairt Niall “go raiḃ agus bárruiġeaċt, naċ nglacfaḋ siad aċt a leaṫ.” D’iarr an ríġ orra gan an t-airgiod do spáráil. “Tá inġean ríġ eile ag fuireaċt linn le sinn do ḋul ag aṁarc uirri.” D’ḟág siad slán ag an ríġ, agus d’imṫiġ siad ann sin. Ċuaiḋ siad ag aṁarc uirri. Ċuaiḋ siad san áit a raiḃ sí ’nna luiḋe, ag aṁarc uirri ann a leabuiḋ; agus an ċaoi ċeudna do léiġeasaḋ í seó. Ḃí an riġ buiḋeaċ agus dubairt sé gur [ 138 ]coma leis cad é a ḃainfeaḋ sé ḋé. Ṫug se trí ceud punta airgid dó. D’imṫiġ siad ann sin ag tarraing air an mbaile. “Tá mac ríġ,” ar san fear ruaḋ, “’nna leiṫeid seó d’áit, aċt ní raċamaoid ’nna ċóṁair, tiucfamaoid a ḃaile le a ḃḟuil againn.” Ḃí siad ag tarraing air an mbaile. Ṗronn (Ḃronn) an ríġ leaṫ-sgór bioraċ orra le taḃairt leó a ḃaile. Ḃí siad ag siúḃal leó. Nuair a ḃí siad annsan áit ar ḟastuiġ Niall o Cearḃuiḋ an fear ruaḋ, “Saoilim,” ar san fear ruaḋ, “gur so an áit ar casaḋ mise ḋuit-se an ċeud-uair.” “Sa- oilim gur b’é,” ar san Niall o Cearḃuiḋ. “Maiseaḋ cad é mar roinnfimid an t-airgiod?” “Dá leiṫ,” ar san fear ruaḋ, “sin an margaḋ ḃí ann.” “’S mór liom-sa leaṫ a ṫaḃairt duit,” ar san Niáll o Cearḃuiḋ, “tá a ṫrian mór go leór agad.” “Tá cromsgian agus geal-sgian agam-sa” (ar san Niall) “agus ni’l dadaṁ agad-sa.” “Ni ġlacfaiḋ mise dadaṁ ar san fear ruaḋ, muna ḃḟáġ’ mé a leaṫ.” Ṫuit siad amaċ faoi an airgiod. D’imṫiġ an fear ruaḋ agus ḋ’ḟág sé é. Ḃí Niall o Cearḃuiḋ tarraing aḃaile mar- cuiġeaċt air a ḃeaṫaċ. Ḃí sé tiomáint a cod’ eallaiġ. Táinig lá teiṫ. Ċuaiḋ an [ 139 ]t-eallaċ ag sgiobaḋ anonn ’s anall. Ḃí Niall o Cearḃuiḋ dá g-ceapaḋ. Nuair ḃiḋaḋ ceann no beirt ceapṫa aige, ḃíḋeaḋ an ċuid eile air siuḃal nuair ṫigeaḋ sé. Ċeangail sé a ġearrán do ġiota crainn. Ḃí sé ag ceapaḋ an eallaiġ. Annsan dei- reaḋ ḃí siad a lig (uile) air siúḃal. Ní raiḃ ḟios aige cá ndeacaiḋ siad. D’ḟill sé air ais an áit a raib an gearrán agus a ċuid airgid. Ní raiḃ an gearrán ná an t-airgiod le fáġail. Ní raiḃ ḟios aige ann sin cad é ḋeunfaḋ sé. Smuain sé go raċaḋ sé go teaċ an ríġ a raiḃ a ṁac tinn. D’im- ṫiġ sé leis ag tarraing air ṫeaċ an ríġ. Ċuaiḋ sé ag aṁarc air an mbuaċaill an áit a raiḃ sé ’nna luiḋe. Rug sé greim cuisle air. Duḃairt sé gur ṡaoil sé go léiġisfeaḋ sé é. “Má léiġisiġ tu é,” ar san ríġ, “beurfaiḋ mé trí ċeud púnta ḋuit.” “Dá ḃḟáġainn an rúm dam féin” (ar seisean). Duḃairt an ríġ go ḃḟuiġeaḋ sé sin. Sgairt sé ’níos air sgiléid uisge. Ċuir sé an sgiléid air an teine. Ṫarraing sé amaċ a ċrom-sgian. Ċuaiḋ se an ceann do ḃaint dé, mar ċonnairc sé an fear ruaḋ ag deu- naṁ. Ḃí sé ag sádaraċt (saḃaḋ?) air a ċeann agus ní ṫainig leis an muineul a [ 140 ]ġearraḋ. Ḃí an ḟuil ag teaċt. Ḃain sé an ceann dé annsan deireaḋ. Ċaiṫ sé an ceann annsan sgiléad. Ḃain sé feiṫeaṁ as. Nuair ṁeas sé an ceann a ḃeiṫ foċta (fiuċṫa?) go leór ṫug sé iarraiḋ air an sgiléad. Fuair sé greim air an dá ċluais. Ṫuit an ceann ’nna “ġileagar;” ṫáinig an dá ċluais leis. Ḃí an ḟuil teaċt go mór. Ḃí sé dul síos air ḋoras an rúm. Nuair ċonnairc an ríġ é ag dul síos ḃí ḟios aige go raiḃ a ṁac marḃ. D’iarr sé an doras ḟosglaḋ. Ní ḟosgólaḋ Niall o Cearḃuiḋ an doras. Ḃris siad an doras. Ḃí an fear marḃ. Ḃí an t-urlár lán fola. Rug siad air Niall o Cearḃuiḋ. Ḃí sé le croċaḋ, lá air na ṁáraċ. Ċruinniġ gárda go n-iomċaraḋ siad é ’n áit a raiḃ sé le croċaḋ. D’imṫiġ siad an lá air na ṁáraċ, leis. Ḃí siad ag siúḃal leó ag tarraing air an g-crann go g-croċfaiḋe é. Ḃac siad a sgairteaċ. Ċíḋ siad fear stripeálta ag deunaṁ reaṫa. Nuair ċonnairc siad é ḃí ceó uisge ’nna ṫimċioll le méad a ḃí sé ’riṫ. Nuair ṫáinig se (coṁ) fad leó, “cad é tá siḃ deunaṁ le mo ṁáiġistir?” “Má ’s é seó do ṁáiġistir, seun é, no geoḃaiḋ tu an láiṁsiuġaḋ ceudna.” “Is mise is cóir sufrál (fulang), mise rinne [ 141 ]an failliġe. Ċuir sé mise i g-coinne medsin (droganna) agus ní ṫáinig mé i n-am. Sgaoiliḋe mo máġistir, b’éidir go léiġisfimís mac an ríġ go fóil (fós).” Sgaoil siad é. Ṫáinig siad go teaċ an ríġ. Ċuaiḋ an fear ruaḋ annsan áit a raiḃ an fear marḃ. Ṫosaiġ se ag cruinniuġaḋ na g-cnáṁ a ḃí annsan sgiléad. Ċruinniġ se suas a lig (uile) iad, go dtí an dá ċluais. “Cad é rinn tu leis na cluasaiḃ?” “Ni’l ḟios agam,” dubairt Niall o Cearḃuiḋ, “cad é rinn me leó, ḃí mé sgannruigṫe coṁ mór sin.” Fuair an fear ruaḋ na cluasa. Ċuir sé i g-cuideaċt a ċéile iad uile. Ṫarraing se luiḃ ġlas as a ṗóca. Ċuimil sé ṫart do’n ċeann í. D’ḟás croicionn air agus gruag ċoṁ maiṫ agus ḃí sé ariaṁ. Ċuir sé an ceann annsan sgiléad ann sin. Ḃain sé feiṫeaṁ as. Ċuir sé an ceann air an muineul coṁ maiṫ agus ḃí sé ariaṁ. D’éiriġ mac an ríġ annsan leabuiḋ. “Go dé mar tá tu ’nois?” ar san fear ruaḋ. “Tá me go maiṫ, ar san mac-an-ríġ, “aċt go ḃfuil me go lag.” Sgairt an fear ruaḋ arís air an ríġ. Ḃí luṫġáire ṁór air an ríġ ann sin nuair ċonnairc sé a ṁac beó. Ċaiṫ siad an oiḋċe sin go pléisiúrḋa. Lá [ 142 ]air na ṁáraċ nuair ḃí siad ag imṫeaċt ċonntais an ríġ trí ceud punta. Ṫug sé do Niall o Cearḃuiḋ é. Duḃairt sé le Niall muna raiḃ a ṡáiṫ aige go dtiúḃraḋ sé tuilleaḋ ḋó. Duḃairt Niall o Cearḃuiḋ go raiḃ, ’s naċ nglacfaḋ sé aon ṗíġin níos ṁó. D’ḟág sé slán agus beannaċt aige, agus ḃuail sé ag tarraing air an mbaile. Nuair a ḃfacaiḋ siad go dtáinig siad ċum na h-áite ann ar ṫuit siad amaċ le ċéile “saoilim,” ar san fear ruaḋ, “gur so an ait ḋifreálamar roiṁe.” “S’é go díreaċ,” ar san Niall o Cearḃuiḋ. Ṡuiḋ siad síos agus roinn siad an t-airgiod. Ṫug se a leaṫ do’n ḟear ruaḋ, ’s ċongḃaiġ sé féin leaṫ eile. D’ḟág an fear ruaḋ slán aige, agus d’imṫiġ sé. Ḃí sé tamall air siúḃal. D’ḟill sé air ais. “Tá mise ann so air ais,” ar san fear ruaḋ. Rinn me smuainte eile, do ċuid airgid uile d’ḟágḃáil agad féin; ḃí tu féin fosgaltaċ. An cuiṁne leat an lá ḃí tu dul ṫart leis an roilig? Ḃí ceaṫrar astíġ annsan roilig agus corp aca i g-cóṁra. Ḃí beirt aca ag iarraiḋ an corp a ċur. Ḃí fiaċa air an g-corp. An ḃeirt ḟear a raiḃ na fiaċa aca air, ni raiḃ siad sásta an corp a ċur. Ḃí siad ag arigeal (árgúint). Ḃí tusa [ 143 ]ag éisteaċt leó. Ċuaiḋ tusa asteaċ. D’ḟiosraiġ tu cia ṁéad ḃí aca air an g-corp. Duḃairt an ḃeirt ḟear go raiḃ púnta aca air an g-corp, agus naċ raiḃ siad sásta an corp a ċur, go ngeallfaḋ na daoine a bí ’g á iomċar cuid de na fiaċaiḃ do ḋíol. Duḃairt tusa, “tá deiċ sgillin agam, agus ḃeurfaiḋ mé ḋaoiḃ é, agus leig do’n ċorp a ċur. Ṫug tu na deiċ sgillin dóiḃ agus cuireaḋ an corp. Mise a ḃí ’sa’ ’g-cóṁra an lá sin. Nuair ċonnairc mise ṫusa dul a’ doċtuireaċt ḃí ḟios agam naċ ndeunfá an graṫaiġ (gnó). Nuair a ċonnairc mise ṫusa i ngéiḃionn ṫáinig mise ag ionsuiḋe ort le do ṡáḃáil. Bronnaim an t-airgiod uile go leír ort. Ní ḟeicfiḋ tu mise go dtí an lá deirionaċ. Gaḃ aḃaile anois. Ná deun, aon lá doċtúireaċta an ḟad ’s ḃéiḋeas tu beó. ’S goirid a ṡiúḃalfas tu go ḃfáġaiḋ tu do ċuid eallaiġ, agus do ġearrán.
D’imṫiġ Niall ag tarraing a ḃaile. Níor ḃfada ṡiúḃail sé gur casaḋ a ċuid eallaiġ agus a ġearran dó. Ċuaiḋ sé a ḃaile agus an t-iomlán leis. Ní’l aon lá ó ṡoin naċ ḃfuil sé féin ’s a ḃean ag teaċt i dtír air. Fuair mise an t-áṫ, iadsan an cloċán. Báiṫeaḋ iad-san agus ṫáinig mise.