62707Séadna — Caibidiol 18Peadar Ua Laoghaire
[ 149 ]
CAIBIDIOL A H-OCHTDEUG.

Bhí an oídhche ag imtheacht agus ní raibh Cormac ag filleadh ná aon tuairisg chruinn uaidh. Na daoine do chaill a gcuid, bhí ceist agus ceann-fé agus náire ag teacht ortha. An focal úd adúbhairt Sadhbh le fear an bhramaigh, d’airigheadar é agus do thuigeadar ’na n-aigne go raibh an ceart aici. Ní raibh aoinne acu féin nár oir an chaint dó, chómh cruinn agus d’oir sí d’fhear an bhramaigh. Bhí a fhios acu ná raibh puínn truagha ag daoinibh dóibh, agus ní raibh puínn truagha acu féin d’á chéile. D’inis a dtuisgint féin dóibh, nuair a tugadh an t-airgead mór dóibh ar na capaillibh, go raibh breis mhór agus a gceart acu d’á fhághail,— agus ghlacadar é. Ar ball nuair a tháinig an fhírinne amach do thuigeadar ’na n-aigne nár imthigh ortha ach an rud a bhí tuillte acu, mar gur thugadar toil do’n droch bheart. Bhíodar ag bailiughadh leó agus ag imtheacht abhaile, go dúr agus go dochraideach, go do-shásta agus go díombádhach, go leamh díobh féin agus de chuaird an lae acu.

Síle.— Feuch gurab iomdha cuma i n-a ndéintear airgead bréagach d’éaghmuis é dhéanamh de licíníbh slinne, le diablaidheacht.

Cáit.— Feuch féin sin. Agus feuch, leis, gurb anamh le fághail duine bhéadh chómh macánta san go dtiocfadh sé i gcionn seachtmhaine chun an airgid chirt do chur i n-inead an airgid bhréagaigh, mar tháinig Micheál Réamoinn.

Gobnait.— Agus dáltha an sgéil, feuch gur beag d’á bhuidhchas a bhí air. Bhí “a chuid a’s a chlú aige” ag imtheacht dó.

[ 150 ]

Cáit.— Ciacu clú, a Ghobnait, clú na macántachta nó clú na diablaidheachta?

Gobnait.— Maith an áit go rabhais, a Cháit. Creidim go raibh an dá chlú aige ag imtheacht dó.

Nóra.— Ní fheadar, a Pheig, an raibh aon tsúil go dtiocfadh an duine uasal thar n-ais chun airgid chirt do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh.

Peig.— Is eagal liom, a Nóra, dá dtigeadh, go ndéarfadh na daoine céadna san go raibh sé chómh mór ar buile agus a cheapadar Sadhbh féin do bheith.

Gobnait.— Mhaise, a Pheig, nach breágh bog réidh a dhéinean Nóra iaracht bheag magaidh fúinn! “Ní fheadar an raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais,” ar sise, chómh maith agus dá mbéadh aon bhlúire d’á mhearbhall uirthi ná raibh aon tsúil i n-aon chor le n-a leithéid.

Nóra.— Ó! am briathar ’s ambasa, a Ghobnait, agus gan droch nídh ar mh’anam, gur de chroídhe dháiríribh atáim, feuch! Sidé atá orm. Do dhéin Mícheál Réamoinn airgead le diablaidheacht de licíníbh slinne agus thug sé do mhnaoi an tabhairne iad chun a hata dh’fhághail uaithi. Ní raibh sé sásta, ámh, i n-a aigne gan teacht airís i gcionn seachtmhaine agus airgead dleaghthach do thabhairt chuici, agus ní raibh aon iongnadh ’na thaobh air féin ná ar aoinne eile. Ach dá bhfillfeadh an duine uasal úd agus airgead fírinneach do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh, déarfaidís go raibh sé chómh mór as a chéill agus a cheapadar Sadhbh do bheith. Siné atá orm.

Peig.— Sdó’ feuch, a Nóra, tá so de dheifrígheacht idir [ 151 ]an dá sgéal. Fear macánta dob’ eadh Mícheál Réamoinn pé diablaidheacht a bhí aige, ’ná ná raibh. Bitheamhnach dob’ eadh an duine uasal úd, pé uaisleacht a bhí aige, ’ná ná raibh.

Cáit.— Am briathar mhóide gurab é mo thuairim féin gurab iad na h-uaisle móra na bitheamhnaigh is mó. Sin é an duine uasal san do chuir amach na ’c Eóghnaigh. Tá sé ráidhte go bhfuil deich míle púnt sa mbliaghain aige thall i Sasana. Ní shásóchadh san é gan teacht anso anall chun na g’c Eóghnach mbocht agus iad do chaitheamh amach fé’n gclagar oídhche Nodlag. Bhí an tsean lánmha ann agus an lánmha óg agus naonbhar clainne. Cómhnaoís do Pheig an t-é ba shine acu, agus ní raibh an leanbh dob’ óige ach trí seachtmhaine. Nuair bhíodar go léir amuich agus an fhearthainn ag tuitim ’na taoisgeanaibh ortha, do dhein Seághan óg Mhic Eoghain sgailp i gcoinnibh an chlaidhe mar fhoithin dóibh. Tháinig an duine uasal agus do leag sé an sgailp.

Nóra.— Ó! Dia linn! a Cháit, ní dócha gur dhéin!

Cáit.— Am briathar gur dhéin. Dúbhairt an báille leis go raibh púnc éigin dlíghe ann, agus go mbéadh an obair chéadna aige ’ghá gcur amach ó’n sgailp a bhí aige ’ghá gcur amach as an dtigh. Do leag sé an sgailp orthu pé i n-Éirinn é. Agus ansan do bhí an seanduine bocht ag gol, agus nuair a chonaic an duine uasal ag gol é, “see,” ar seisean, “how the old cock cries.”

Síle.— Cad é an rud é sin, a Cháit?

Cáit.— “Feuch,” ar seisean, “mar ghoilean an sean chocaíghe.”

Síle.– Ó! feuch air sin! Agus é féin ’ghá chur ag gol!

[ 152 ]

Gobnait.— Is beag ná go ndéarfainn leis an nduine uasal san an rud úd adúbhairt Máire Pharthaláin leis an bhfear a rug ím na bliaghna uaithi agus gan greim dlíghe aici air. “Am briathar,” ar sise, “gur maith an plan ifrean do bheith ann!”

Peig.— Ó! faire! a Ghobnait. Cá bh’fios di ná go raghadh sí féin ann!

Gobnait.— Is dócha nach ó chroídhe adúbhairt sí é, ach an fhearg do bheith uirthi, agus an chúis aici.

Síle.— Ba dhóich liom nár ghádh d’ aoinne é do rádh leis an nduine uasal do chuir amach na ’c Eóghnaigh agus do leag an sgailp ortha.

Gobnait.— Cad ’na thaobh, a Shíle?

Síle.— Mar déanfaidh Dia uaidh féin é, moladh go deó leis!

Peig.— Cad a dhéanfaidh Sé uaidh féin, a chuid?

Síle.— An duine uasal úd do chur go h-ifrean.

Peig.— Cá bh’ fhios, a Shíle, ná go ndéanfadh an duine uasal aithrighe.

Síle.— Ní dhéanfaidh aithrighe an gnó dhó gan an tigh do chur suas airís agus na ’c Eóghnaigh do chur isteach ann, slán foláin, mar bhíodar cheana, agus airgead do thabhairt dóibh tar cheann ar dhéin sé de dhíobháil dóibh.

Cáit.— Mhaise dearna leat! a Shíle. Siní an chaint go bhfuil an crot uirthi. Is truagh cráidhte gan tú ag déanamh na ndlíghthe dhúinn. Ba ghearr go gcurfá na h-uaisle ’na gcómhnuidhe, agus ba ghádh san. Agus cogar, a Pheig, dar ndóich ní dhéinid na daoine uaisle aithrighe i n-aon chor.

Peig.— Airiú, cad a chuir an rud san ad’ cheann, a Cháit?

Cáit.— ’Sdó, táim ag éisteacht riamh le n-a ndroch [ 153 ]bheartaibh, agus le n-a n-éagcóir, agus leis an sgrios a bhíon acu d’á dhéanamh ar dhaoinibh bochta, ’ghá mbrúghadh agus ’ghá meilt agus ’ghá ndíbirt le fuacht agus le fán, agus níor airigheas riamh gur dhéin aoinne acu aithrighe ’ná leóirghníomh. Isiad na daoine bochta a bhíon ag déanamh na h-aithrighe. Is greannmhar an sgéal é!

Peig.— Ó! go deimhin, a Cháit, déinid daoine uaisle aithrighe leis. Inghean rígh dob’ eadh Gobnait Bhaile Mhúirne. Agus mac rígh dob’ eadh Colm Cille.

Síle.— Ar airighis an méid sin, a Ghobnait?

Gobnait.— Ach! d’airigheas fadó é, a Shíle. Inghean rígh dob’ eadh í. Agus nuair fhág sí tigh a h-athar dúbhairt an t-aingeal léi gan stad chun cómhnuighthe ach sa n-áit ’na bhfaghadh sí naoi gcinn d’fhiadhnaibh bána ’na gcodla roímpi. Tháinig sí go dtí áit éigin agus fuair sí trí cinn acu ann, agus d’fhan sí tamall beag sa n-áit sin. Ansan do tháinig sí go Cill Ghobnatan thíos agus fuair sí sé cinn ann. D’fhan sí tamall mór ansan, agus siné uair a tugadh Cill Ghobnatan ar an áit. Ansan do tháinig sí go Baile Mhúirne agus fuair sí na naoi gcinn ann. D’fhan sí ansan an chuid eile d’á saoghal agus is ann atá sí curtha.

Cáit.— Cuirfead-sa geall gur fada bhéidh na ’c Eóghnaigh amuich sul a ndéanfaidh an duine uasal a chuir amach iad aithrighe agus iad do chur isteach airís.

Nóra.— Is dócha nach mar a chéile na h-uaisle atá ann anois agus na h-uaisle a bhí ann fadó.

Peig.— Gan amhras, is dócha gur fada go bhfeicfear naomh ortha.

[ 154 ]

Gobnait.— Conus d’imthigh le Cormac an Chaincín, a Pheig?

Peig.— Ní raibh tásg ná tuairisg air go ceann seachtmhaine ó lá an aonaigh. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Ní feacthas Sadhbh ná a h-athair ar an dtaobh amuich de dhoras i gcaitheamh na seachtmhaine. An mhuíntir is mó bhí caillte le h-obair na mbitheamhnach isiad ba lúgha trácht air. An mhuíntir ná raibh aon rud acu le cailleamhaint níor stad a mbeul, ach gach aoinne acu ’ghá shíor-mhaoidheamh dá mbéadh capall aige féin le díol ná sgarfadh sé chómh mothaolach san leis.

I gcionn seachtmhaine d’fhill Cormac. Tigh Shéadna an chéad tigh n-ar thug sé aghaidh air. Tháinig Séadna amach ’na choinnibh fé mar tháinig sé amach i gcoinnibh Sheághain Cheataigh an lá úd.

“Seadh!” arsa Séadna.

“Do crochadh triúr acu,” arsa Cormac. “D’imthigh Síogaidhe, nó pé ainim atá air. D’á fheabhas dithneas do dhéineamair do theip orainn teacht suas leó gur shroiseamair an chathair. Chuadhas-sa láithreach ag triall ar mhuíntir an rígh mar a raibh aithne mhaith orm, agus d’innseas mo sgéal. Ní fheacaís a leithéid d’iongnadh ar aon daoinibh riamh agus a bhí ortha. ‘Airiú,’ ar siad-san, ‘do tháinig fear anso chúgainn ó chianaibh agus d’inis se an sgéal céadna san dúinn, agus thaisbeáin sé dhúinn triúr de na bitheamhnachaibh agus ghabhamair láithreach iad, agus is dócha go gcrochfar amáireach iad. Dúbhairt sé nár bh’iad ba mhó ba chiontach ach an t-é a bhí ’na cheann ortha agus ar thuille dh’á sórd sa Mhúmhain. Fear gur b’ainim dó Séadna. Fear a bhí ag déanamh airgid bhréagaigh le fada. Agus d’á chómhartha san féin, gur bh’aithin do’n dúthaigh é bheith beó bocht laistigh de chúig nó sé bhliaghnaibh, agus anois go bhfuil sé ar an [ 155 ]bhfear is saidhbhre sa Mhúmhain nó b’fhéidir i n-Éirinn. ‘Agus,’ ar siad, ‘tá órdúghadh ó’n rígh, congnamh fear do ghléasadh láithreach agus imtheacht agus breith ar Shéadna úd, pé h-é féin, agus é a thabhairt chun lámha anso gabhtha.’ ‘Cá bhfuil an fear d’inis an sgéal san?’ arsa mise. ‘Tá sé anso istigh,’ ar siad. Chuadhmair isteach. Ní raibh a thuairisg ann. Do ritheadar anonn ’s anall ’ghá chuardach. Ní raibh sé le fághail ach mar shloigfeadh an talamh é. ‘Cá bhfuil an triúr eile?’ arsa mise. ‘Istigh sa charcair,’ ar siad. ‘Feiceam iad agus ceistigheam iad,’ arsa mise. Chuadhmair isteach agus cheistigheamair iad, gach fear díobh fé leith. Bhíodar ar aon fhocal amháin sa méid seo. Go raibh an t-airgead bréagach d’á dhéanamh i n-áit éigin sa chathair. Ná raibh fios na h-áite ag aoinne acu féin. Go raibh coróinn fé’n bpúnt acu d’á fhághail as an airgead do chur amach ar aontaídhibh agus ar mhargaídhibh. Gur le mangaireacht do mhaireadar go dtí gur theangbhaigh an obair seo leó. Gurab amhlaidh do cuirtí an t-airgead bréagach chúca go h-áit a gcómhnuighthe. Ná feacadar riamh an áit ’na mbítí ’ghá dhéanamh ’ná an t-é bhí ina cheann ar an ngnó.

“Ní fheacaís riamh ach an iongnadh chroídhe a bhí ar mhuíntir an rígh nuair dh’airigheadar an méid sin. Ansan d’innseas-sa dhóibh conus chuiris-se i ndiaigh na mbitheamhnach mé, agus chuireas ar a súilibh dóibh conus, mura mbéadh tusa, nár bh’fhéidir teacht suas leó i n-aon chor.

“Amáireach a bhí chúgainn b’éigean dom dul i láthair an bhreithimh agus an sgéal d’innsint tríd síos dó. Ansan do daoradh iad chun a gcrochta mar gheall ar an ngníomh bhí déanta acu agus é a dhéanamh fé ainim an rígh. Agus do ceapadh lucht brath agus cuireadh amach iad ins na chúig árdaibh feuchaint an bhféadfaidís teacht [ 156 ]suas leis an Síogaídhe macánta, pé h-é féin nó pé ball ’na bhfuil sé, agus é thabhairt chun lámha. Do ceapadh, mar an gcéadna, lucht cuardaigh, chun na h-áite do dhéanamh amach ’na bhfuil an t-airgead bréagach so d’á dhéanamh, agus óir nach foláir nó tá níos mó ’ná an ceathrar sa ghnó, an chuid eile acu d’fhiadhach agus greim dh’fhághail ortha sul a mbéidh uain acu ar a thuille díobhála do dhéanamh. Is ’mó cú ghéar ar shálaibh an chladhaire um an dtaca so, geallaim dhuit é, agus má bheirean sé na cosa uatha is mór an iongnadh liom-sa é. Nuair a thuigeadar a fheabhas do dhéinis-se an bheart lá an aonaigh agus a ghéire mar chuaidh an sgéal ar an gceathrar, isé adúbhradar go léir ’ná gur mhór an truagh gan tú thíos acu féin mar a mbéadh cothrom agat ar an inntleacht atá agat do chur chun tairbhe.

“Is eagal liom, a Chormaic,” arsa Séadna, “nuair a bhí teistiméireacht agat d’á thabhairt dóibh ar m’ inntleacht, murar chuiris leis an bhfírinne nach baoghal gur bhainis uaithi. Ach is dócha mura mbéadh a ghéire do leanais-se ar shálaibh an fhir mhóir úd agus a luathacht a bhís isteach sa chathair ’na dhiaigh, go mbéinn thíos acu um an dtaca so agus nach ar mhaithe le m’ inntleacht é. Gan amhras do cheap sé droich iaracht do thabhairt fúm. Is mór an truagh cead a chos agá leithéid. Is olc ó fhearaibh na cathrach mura dtigid siad suas leis anois agus a ainim i n-áirde ar fuid na h-Éirean ó’n mbeart so. Dáltha an sgéil is mór go léir an iongnadh liom a rádh go raibh sé de dhíth céille air trácht ar ainim an rígh sa ghnó. Ba cheart dó a fhios do bheith aige ná féadfadh dul leis abhfad fé ainim an rígh.”

“Isé a cheapaim-se,” arsa Cormac, “’ná go raibh a fhios go maith aige cad a bhí ar siúbhal aige, agus gur d’ aon ghnó ar fad do dhéin sé obair lae an aonaigh.” [ 157 ]“Conus san?” arsa Séadna.

“Do réir mar thuigim an sgéal,” arsa Cormac, “is chúgat-sa is mó bhí sé, agus seo mar cheap sé teacht ort, dá ruitheadh leis. Nuair bhéadh gnó an aonaigh críochnuighthe aige d’ imtheóchadh sé féin agus Sadhbh síos go dtí an baile mór. D’fhágfadh sé an triúr eile i mbun na gcapall ’ghá mbreith leó go mbuailfeadh cuid d’á n-aicme féin úmpa ar an slígh agus go nglacfaidís uatha iad le cur ar aontaídhibh eile d’á ndíol. Nuair shroisfeadh sé an chathair thiocfadh sé i láthair an bhreithimh agus dhearbhóchadh sé ort-sa an bheart a bhí déanta aige féin, gur agat a bhí an t-airgead bréagach agus gur tú a bhí ag ceannach na gcapall do’n rígh, mar ’dh eadh, agus ná raibh de ghnó aige féin sa n-áit ach chun an chleamhnais do dhéanamh agus chun a mhná do thabhairt leis. Ansan, nuair a bhéadh a thoil imeartha aige ort-sa agus an chnáib ar do mhuineál aige do phósfadh sé Sadhbh, agus féuch ansan cé déarfadh gur bhitheamhnach é! Níor ró dheacair dó an sgéal do chur ’na luíghe ar mhuíntir na cathrach nuair do ’neósfadh sé dhóibh a luíghead airgead a bhí agat-sa tá beagán aimsire ó shin ann agus méid do shaidhbhris anois.”

“Ní dúbhairt aoinne riamh go bhfuair sé airgead bréagach uaim,” arsa Séadna.

“Ní lúgha ’ná ’fuair,” arsa Cormac. “Nuair a h-innseadh dómh-sa gur tú thug an cíos do’n bhaintreach an lá úd fadó, do thrialas an uile phíosa dhé agus bhí sé go léir chómh dílis agus dá mba amach ó cheárdchain an rígh féin do thiocfadh sé an mhaidion chéadna.”

“Is dócha,” arsa Séadna, “dá mbéadh sé bréagach go rachadh an sgéal dian orm;” agus chuir sé smuta gáire as.

“Níor bhaoghal duit aon sgéal do dhul dian ort [ 158 ]uaim-se,” arsa Cormac, “an fhaid ná raibh aon éagcóir agat d’á dhéanamh.” Tharla le n-a linn sin gur fheuch sé idir an dá shúil ar Shéadna, agus má fheuch do stad.

Síle.— Cad ’na thaobh dó stad, a Pheig? Ba dhóich liom, pé duine go gcuirfeadh an fheuchaint úd Shéadna sgeón ann, ná ná cuirfeadh, gur dheacair di aon gheit do bhaint a’ Cormac an Chaincín. Gabhaim-se orm dá mb’ é Seághan an Aonaigh a bhéadh ann nach baoghal go mbainfí aon gheit as. Ní bainfí ach oiread agus a bainfí a’ cráin mhuice dá mbéadh sí ann.

Peig.— Sdó, is amhlaidh mar bhí an sgéal ag Cormac, bhí rún gránda ag Séadna air. Tamall beag tar éis an lae úd a tháinig sé ag éileamh sealbha ar an mbaintrigh do fuair Séadna amach cúrsaí na breibe agus bhí a fhios ag Cormac go bhfuair. Do theip air a aigne do chur chun suaimhnis ná an oídhche do chodladh go dtí gur tháinig sé chun cainte le Séadna agus gur iar sé air gan gearán do chur isteach air. Dúbhairt Séadna ná déanfadh dá ngeallfadh Cormac dó gan breab do ghlacadh airís. Rud a gheall go fonnmhar.

Síle.— Andaigh ba dhána an t-éadan a bhí air. “Níor bhaoghal duit mise an fhaid ná raibh aon éagcóir agat d’á dhéanamh.” Níor bh’iongnadh gur baineadh geit as. Dá mbéadh fios an méid sin ag Sadhbh do thuigfeadh sí cad é an greim a bhí ag Séadna air.

Peig.— Bhí an greim sin aige air go daingean, agus bhí a rian air, ní raibh aige ach bagairt air chun é a thiomáint ar siúbhal, pé bog cruaidh an gnó, pé moch déanach an tráth, pé fliuch fuar an uain.

“An dóich leat an bhfuil aon tseans go mbéarfar air?” arsa Séadna.

“Táthar ’na dhiaigh go teith ar aon chuma,” arsa Cormac. [ 159 ]“Tá fir ’na dhiaigh gur deacair dul uatha, geallaim dhuit é. Isé a rádh féin ná deachaidh aon bhitheamhnach riamh fós uatha. Má théidhean sé seo uatha béidh an chraobh aige.”

“An rabhais ag caint le Diarmuid Liath ó fhillis?” arsa Séadna.

“Ní rabhas,” ar seisean, “ach d’airigheas gur fhág Sadhbh an baile agus ná fuil aon tuairisg uirthi. Bhíos chun dul ann síos anois feuchaint ar tháinig sí, nó an fíor é i n-aon chor.”

“Raghad-sa leat,” arsa Séadna. “Níor airigheas focal dé. Is mór an truagh an duine bocht.”

Bhuaileadar ortha soir.

Caibidiol 18
62707Caibidiol 18