An t-Oileánach/1

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Mé im’ naoidhneán
[ 7 ]
AN t‑OILEÁNACH



I
MÉ IM’ NAOIDHNEÁN

Mo mhuinntir, an tseana-bhean bhéal-dorais, cliabh na móna, an íle bhuidhe, an bríste, na muca mara, long na cruithneachtan, me féin agus an eascú.


Lá San Tomás, sa mbliain 1856, ’seadh rugadh me.

Is cuimhin liom bheith ar bhrollach mo mháthar. Cheithre bliana bhíos sarar baineadh de dheol me. Is me dríodar an chrúiscín, deire an áil. Sin é an fáth gur fágadh comh fada ar na cíní me.

Do bhíos im’ peata ’na theannta san. Ceathrar driféar agam agus gach nduine aca ag cur a goblaigh féin im’ béal. Bhíos mar bheadh gearrcach éin aca: Máire Dhomhnaill, Cáit Dhomhnaill, Eibhlín Dhomhnaill agus Nóra Dhomhnaill, Pádraig Dhomhnaill agus me féin Tomás Dhomhnaill. Tá Máire fós beo san oileán so,[1] tá beirt eile aca beo i Meirice, tá Pádraig beo.[1] Cailleadh Cáit agus an pinsion ráithe aici. Sin iad an t‑ál do bhí againn ann. Do bhíodar san ar fad [ 8 ]mór le linn mise bheith im’ bháb insa tslí nárbh’ iongantas dom a bheith im’ peata eatartha. Ní raibh mór-shúil chuige liom san am gur bhuaileas chúcha.

Fear ná raibh árd dob’ eadh m’athair. É teann téagartha. Bhí mo mháthair i n‑aoirde póilín go rábach. Í scufánta, lúthmhar, láidir, fionna-ghléigeal ach le linn mise do bheith ar a brollach aici ní raibh an scamhárd ar an mbainne cích’; agus rud eile, me féin im’ ghamhain seana-bhó agus deacair a thógaint.

Tar éis an tsaoghail do bhí siotalacha breaghtha ag an rógaire báis ’á bhreith leis agus é ag tabhairt deire domh-sa, Is dócha gurbh’ amhlaidh nárbh’ fhiú leis me dh’aistriú. Bhíos ag dul i gcruadhacht agus me ag imeacht liom féin faid ba mhaith liom dul ach bhíodh faire amuich orm sara raghainn ar bhruach na mara. Cóta de ghlas na caorach orm agus caipín cniotálta; cineál agam ’á fhagháil: ubh circe, blúire ime, blúire éisc, báirneach agus miongán—blúire de gach ní ó fhairrge agus talamh.

Tigh beag caol gur mhaireamair ann. Luachair ó’n gcnoc air. Is minic a bhí nead circe anáirde ’n‑a dhrom agus dosaon ubh innti. Do bhí leabaidh socair insa chúinne ann agus dhá leabaidh i dtóin an tighe. Bhíodh dhá bhó ann, dhá mhuic, na cearca agus a gcuid ubh istigh, agus asal agus an méid seo againn féin. Do bhí cúl an tighe le muinntir, sé sin bhí a dhoras ó thuaidh agus doras na coda eile ó dheas.

Do bhí tigh eile os ár gcoinne amach agus a dhoras linn. Bhíodh lucht an dá thighe ag cainnt le n‑a chéile gach lá. Bhíodh bean an tighe sin gach uile nóimeat isteach agus amach chughainn-ne. Bhíodh rud éigin ’e bharra na dturus aici. Aithiseóir beag gliobach, buidhe, mí-dheas, gan toirt dob’ eadh í. Í scéalach, bothánach. Is minic adeireadh sí lem’ mháthair ná tógfadh Éire gamhain seana-bhó; agus is dócha ná raibh gamhain riamh age bó, chríona ná óg, ba thruaillithe ná í féin. Mar sin féin bhí croidhe maith aici.

Is gairid go rabhas ag eascar go maith agus go raibh an [ 9 ]cóta glas ag fagháil gearra dhom. Me i mblianta na tuiscionna an uair seo. Is gairid go rabhas ag dul i n‑aitheantas ar an seana-chailligh agus go rabhas ag tabhairt gach ’ra seadh dhi. Bhíodh dream an dá thighe gach Domhnach ’ár dtigh-ne agus an Choróin Pháirteach age m’ athair ar siubhal. Deireadh bean an tighe amuich, annsan, lem’ mháthair: “Fágfair a’ cóta glas air nó go mbeir ag lorg mná dhó! Nách maith atá sé ag fás, bail ó Dhia air!” adeireadh sí agus cleithire de dheargán úr thiar ’n‑a bolg aici.

Ó Dhúnchaoin treabhchas m’athar. Phós sé insan oileán so. Ó Pharóiste Fionntrágha treabhchas mo mháthar. Do bhíodar araon toilteanach le chéile. Ní raibh an galar ortha a bhíonn ar a thuille aca go gcaithtar maide thabhairt do chuid mhaith aca.

Do chuireadar chúcha i mbothán bocht ag dul i leith sealgaireacht’ na fairrge agus do bhí píosa talmhan aca agus iad araon go dian-mhaith chun earraidheacht a bhaint as mhuir agus thalamh. Ní raibh aon asal insan oileán so san am san ach cléibheanna ar dhrom gach fir—agus mná, sé sin aon bhean nár pheata í nó rógaire gurbh’ fhearr léi gorta ná obair.

Sealgaire iongantach dob’ eadh m’athair agus an-fhear oibre. Saor cloiche agus captaen báid dob’ eadh é agus fear cliste chun gach gnótha. Is mó gnó a dheineadh sé do dhaoinibh eile mar ná raibh ’n‑a bhfurmhór san am úd ach mar bheadh scata asal ar pháirc.

Ana-bhliain éisc dob’ eadh an bhliain sin go raibh an cóta glas orm-sa agus gan me ró shaor ar bhreach-shúil a thabhairt ar bhrollach mo mháthar—dar liom gur cheart dom bheith ag siolpaireacht na gcíní fós. Is dócha nach mó ná dhá bhliain a bhíos fágtha iad an uair sin.

Do bhí m’athair ag dul ag iascach maidean. Bhí cruach bhreagh mhóna aca, isteach insa bhliain, insa chnoc agus bhí tuairisc aca go raibh sí ar fad goidithe ó indé roimis sin. Dubhairt sé lem’ mháthair saothar éigin a dhéanamh ar chuid de’n mhóin a thabhairt abhaile, go raibh an lá breagh. Do bhuail [ 10 ]sí a cliabh ar a drom agus do bhí sé cléibheanna insa bhaile aici sarar mhúscail an peata as a shuan. Dob’ éigean dom’ mháthair staonadh de’n mhóin agus cluas a thabhairt do’n pheata do bhí tar éis múscailt as a chodladh. Cuireadh an cóta glas orm, tugadh gráinseáil le n‑ithe dhom agus an uair ba cheart dom a bheith sásta ní rabhas. Do chuir mo mháthair an cliabh i bhfearas chun tabhairt fé’n gcnoc arís ach do bhíos ag faire ’n‑a diaidh agus dob’ éigean di me scaoileadh i n‑éineacht léi. Leis an sórt lamhncáin siubhail a bhí agam ní ró fhada do bhíos an t‑am gur bhuaileas cortha agus dob’ éigean di me bhualadh isteach ’on chliabh agus me thabhairt léi i gcoinnibh an chnuic. Chuir sí cúpla mallacht im’ dhiaidh—rud nár locht uirthi.

Nuair a líon sí an cliabh de’n mhóin do bhagair sí orm bheith ag bogadh liom síos le fánaidh ach ba dhúire ’teacht me ná ag dul. Is cuimhin liom go maith gur chuir sí barra na coise fúm agus gur thóg ó thalamh me agus chuir achar breagh ó bhaile me agus dubhairt: “Beagán rí ná rath’ ort, maran breagh atá’n lá laithithe agat orm!” Dob’ éigean di me thabhairt léi ar a brollach abhaile agus an cliabh comh lán de mhóin agus bhí sé riamh.

Do chaith sí isteach ar an úrlár me agus dubhairt le Máire me chur isteach fé bhéal cléibh agus leigean dom maireachtaint nó bás d’fhagháil! D’á mhéid na crosa do dheineas thug sí fiche cliabh móna léi an lá san. Bhí an chruach mhór mhóna age baile fé Dhomhnach aici. Do bhí chúig mhíle éisc age m’athair an tseachtain sin. Bhíodh mo mháthair ag innsint na neithe sin do’n seana-chailligh bhéal-dorais.

 

Tháinig bliain ghádhtair timcheall na h‑aimsire go rabhas-sa ana-bheag. Do bhuail long an bliain chéadna insa taobh thuaidh de’n oileán so. Deineadh min-ramh de’n luing agus d’imigh a raibh innti—saghas íle buidhe—’n‑a ailpeanna ar snámh ar fuaid na fairrge. Íle dhaor dob’ eadh í agus is suarach a bheadh ag duine bocht di an uair a bheadh fiacha [ 11 ]leath-phaca de mhin bháin aige (ní raibh min bhuidhe ann an uair úd).

Do bhí gárdaí cósta i nDúnchaoin an uair sin agus gnó ann díobh mar do bhíodh luingeasa ’á chur i dtír go tiugh toisc gan cur amach a bheith ar aon ghléiseanna eile chun a dtiomáint ach seolta. Ar chlos do sna fir ghorma (sin é an ainm do bhíodh ortha sa cheanntar) go raibh an long bháidhte san oileán agus fios cad a bhí innti, ní raibh codladh lae ná oidhche ortha ach ag rith isteach gach am, mar do bhí bád greanta aca féin, gan amhras, go deigh-fhearais, agus iad féin go deigh-eolach. Do chlipeadar san an croidhe age sna h‑oileánaigh d’iarraidh na h‑ailpeanna a chur i bpuill i n‑áiteannaibh ná raibh sé i gcumas cait ná madra dul go dtí iad.

Tár éis an tsaoghail do mhair na daoine go maith an bhliain sin insan oileán d’á fheabhas do dhein na fir ghorma a ndícheall. Thugadar cuid mhór de’n íle bhuidhe treasna Bhágh an Daingin agus dhíoladar thall í gach oidhche cé gur thug na fir ghorma cion a gcíosa leo, leis, di.

Tháinig an bád isteach lá aca agus ní raibh innti ach ceathrar. Bhí bád an Oileáin tagaithe díreach rómpa agus sé ailp mhóra innti. Thóg na fir-ghárda isteach ’na mbád féin gan mhoill iad agus is iad a bhí go sásta. Bhí óigbhean ar an gcalath agus stocán mór cloiche aici. Do chuaidh isteach go bád a h‑athar agus níor bhraith na fir ghorma faic nó go raibh an stocán curtha síos tríd an mbád san aici agus an fhairrge mhór tríthe aníos. B’eo amach na fir ghorma. B’eo amach na h‑ailpeanna de’n íle bhuidhe ar snámh arís. Do shábháil na mná arís iad. Do chaith fir an rí a mbád a tharrac aníos agus paiste stáin a chur uirthi agus an uair a fuaireadar deisithe í do chuireadar a dhá láimh ar an dtigh abhaile! Is dóigh liom nach mór an turusóireacht a thugadar as san amach faid a bhí an íle bhuidhe ar siubhal.

Tamall ’n‑a dhiaidh sin do bhí fearaibh sa chnoc agus do chonnacadar caora tuitithe síos i gcladach. Do chuadar síos ag triall uirthi chun í thabhairt leo ach súil-fhéachaint d’ár [ 12 ]thug duine aca chonnaic sé bollta práis fé chab lice. Do bhog é agus do bhain. Bhí cheithre troighthe ar faid ann. Bhí an cladach lán de’n sórt san idir phrás agus umha. N’fheadair aenne cad a shábhail an bheirt an lá sin de’n sórt san mianaigh mar is insa chladach do briseadh an long agus bhí cleathacha móra istigh insan áit fós di. Do dhein na h‑oileánaigh mórán airgid an bhliain sin as na bolltaí.

Droich-bhlianta dob’ eadh iad agus mara mbeadh an long so do bhualadh ní bheadh duine beo san Oileán, adeireadh na sean-daoine. Chloisinn-se go maith an chailleach bhéal-dorais go minic ’á rádh gurbh é Dia do chuir ameasc na mbochtán í. Do mhaireadar go maith cúpla bliain d’á deascaibh an uair a bhí an ceanntar lasmuich ag siollagar agus ganntar a ndóthain ag breith ortha.

An uair a thugadh m’athair abhaile leis i bpaca ualach de sna bolltaí níorbh’ fhéidir liom-sa ceann aca a chur ’na sheasamh.

Is olc an ghaoth ná séideann maith do dhuine éigin agus is minic a chuir ár muinntir-ne droch-bhliain díobh de bharra na gaoithe agus na stoirme, bíodh gur aindis d’fhágadh san an scéal ag daoine bochta eile go mbeireadh an scríb ortha.

 

An lá cuireadh an bríste orm do chailleas mo mheabhair nach mór. Ní raibh aon stad agam le déanamh ach mar bheadh coileán cú. Cheapas nár ghádh dhom faic d’ithe agus níor dheineas, ach ag rith amach agus isteach, anonn agus anall. Bhíodh duine éigin ag faire im’ dhiaidh.

Seadh, turus dár thugas go dtí an teine d’fhéach mo mháthair orm agus chonnaic sí rian fliche ar an mbríste glas agam. “T’anam gléigeal,” ar sise, “bíodh geall gur mar sin atá déanta agat!” Dubhart léi gurbh eadh agus go ndubhart le Nóra na cnaipí do scaoileadh dhom agus nár dhein. Is dócha gurbh í sin an chéad bhréag adubhart riamh mar ná dubhart le Nóra bhocht é, cé gur thug mo mháthair ana-bhúrdáil di nár dhein sí é. Is mór an truagh an té a bhíonn ’á dhaoradh [ 13 ]insan éagcóir, ach féach gur luath do ceapadh an rógaireacht dom-sa.

Do ghaibh m’athair chun an bhríste arís, mar is é a dhein ar dtúis é, agus do shocruigh go cliste é go raibh sé oiriúnach chun gach gnótha as san amach, gan aon duadh.

Ocht mbliana, adubhairt mo mháthair, a bhíos an lá san. Lár-na-mháireach b’eo liom ar fuaid an bhaile agus Eibhlín i n‑éineacht liom ó thigh go tigh. Nós é sin do bhí an uair sin ann, an uair a bheadh ball nua nó culaith nua ar gharsún, dul is gach tigh. Bheadh pinginn is dhá phinginn le cur id’ phóca ins gach tigh. Ar theacht dúinn bhí trí scillinge insa phóca ghlas. Dom athair a thugas iad, is cuimhin liom, ’r a shon gur mheasa dhom mo mháthair ná é, mar is í is mó a fuair dem’ dhuadh; ach toisc m’athar a bheith ag ól an tobac agus gurbh’ é ghein an chulaith is do thugas iad.

Ní ró fhada go raibh tón an bhriste ghlais briste agam agus mo léine thríd siar. Dubhairt mo mháthair go gcaithfeadh sí paiste chur air sara raghadh sí a chodladh. Do dhein, leis, agus d’fhógair orm aire thabhairt do agus gan é bhriseadh arís go luath nó go mbeadh stráiméadh de’n tslait le fagháil agam. Fuaireas uaithe slán ar maidin é.

Do bhí an lá ana-bhreagh san am go raibh ubh circe thiar agam, cupa bainne agus pé rud a bhí agam leo—prátaí, is dócha. Níor chaitheas an méid sin i gan fhios do’n chailligh bhéal-dorais. Do bhí a cainnt sin ag atharú nuair a chonnaic sí go rabhas ag dul i gcruadhacht agus i n‑anamúlacht.

“A ghrádh ghil,” adeireadh sí lem’ mháthair, “teannuigh leis. Déanfaidh san fear maith fós.”

Ní raibh sí fíor san méid sin, leis, mar ní dubhairt aenne ó shin go raibh aon ghaol agam le hOscar. Is ar mhaithe léi féin a bhíodh sí ag crónán, ar nós an chait, mar thugadh m’athair gach sórt seilge chun an tighe leis ach ní raibh a fear féin oilte chun na neithe sin i n‑ao’ chor. Lútálaidhe cnuic is guirt dob’ eadh é. Leis sin, do bhuaileadh greim suaineasach do shíor léi ’ár dtigh-ne.

[ 14 ]Do bhíos-sa ag léimeadh as mo chorp ar an úrlár an uair sin. Mórtas orm. Mo bhríste glas fáiscithe suas orm, mo bholg lán go smig agus pé duine go raibh cíos, cás ná cathú air an t‑am san de ló is orm-sa ná raibh pioc de.

 

I mbéal eadartha scaoileadh chun na Trágha Báine me agus Máire i n‑éineacht liom. Ar dhul ar an dtráigh dom bhíos ag rith as mo chorp. Súil-fhéachaint dár thug Máire chonnaic sí, an Gob andeas, an ráth de sna muca mara agus níor stadadar go dtí gur thánadar os ár gcoinne amach ar bholg na trágha, seolta móra anáirde aca agus iad comh dlúth ar a chéile agus a bheadh aon iasc eile. Chonnaic Máire go minic roimis sin ’n‑a gceann is ’n‑a gceann iad ach ní fheacaidh sí riamh an ráth mór so. Do cheap sí go dtiocfaidís isteach ar an dtráigh agus tháinig eagla uirthi. Do chuir sí mise ar a drom agus do bhaineamair an tigh amach.

Le linn sinn do bheith age baile d’fhógair mo mháthair go raibh na báid ag teacht agus go raibh cuid aca ag teacht timcheall ar na muca mara d’iarraidh iad a chur isteach ar an dtráigh. Trí báid mhóra saighne do bhí insan Oileán an uair úd agus seacht cinn i nDúnchaoin. Bhí gach ceann de’n méid sin bád láithreach ag gabháil do sna muca mara an turus san. Bhí báid an Oileán d’iarraidh iad a chur i dtír ar an dtráigh agus muinntir Dhúnchaoin ag magadh fútha gan cor asta. Fé dheire chuaidh ceann suas ar an dtráigh tirm glan. Do thairrig fear maith éigin a chuid fola agus an uair a fuair an chuid eile bolaith na fola as go bráth leo fé n‑a dhéin suas tirm glan ar an dtráigh.

An uair a chonnaic báid Dhúnchaoin an saidhbhreas tirm istigh agus lucht na trágha ag tarrac a gcuid fola b’eo isteach iad chun lán na mbád a thabhairt leo abhaile aca; ach ní leigfeadh an dream istigh ceann leo aca. Níor ró fhada go raibh fuil ar dhaoine ann comh maith is bhí ar na muca, gur chuir na h‑oileánaigh thríd an dtráigh amach iad gearrtha, gortaithe. Bhí aon bhád amháin ó Dhúnchaoin nár chorruigh cos [ 15 ]na lámh leo. Thug muinntir an Oileáin an mhuc dob fhearr a bhí ar an dtráigh dóibh sin agus do chuaidh na sé báid eile abhaile gan a mblaiseadh; agus cuid aca gur olc a bhíodar ábalta ar dhul.

Obair an domhain do bhí ar iad a thabhairt abhaile agus iad a chur ar salann. Ach is beag an leisce do bhí ar dhaoine, mar san am úd is fada go bhfaghfá ceann aca ar mhuic tighe. Bhí aghaidh m’athar dearg le n‑a chuid fola féin agus fuil na muc; ach níor chuaidh sé as m’aithne, mar bhíos cabanta an uair úd.

Do bhíos ag magadh fé’n tseana-chailligh an uair a thagadh sí agus cliabh mór de sna muca thiar ar a geidirne agus gur dhóigh leat gur amach as ceann de sna muca tháinig sí féin ’s an cliabh, bhí sí comh lán san d’fhuil. Ach do bhí céim chreidiúna tairricthe aici mar is beag nár mhairbh sí captaen báid ó Dhúnchaoin le buille ’shluasaid.

Ní raibh easba muicfheola lá agus bliain ortha tar éis an lae úd agus ní bheadh ná dhá bhliain mara mbeadh ar bhain leo de ghaolta is gach áit lasmuich go rabhadar. Ní raibh aon dul age cuimhne an lae úd scarúint liom dá mairfinn dhá chéad bliain: gach nduine do bhí le feiscint dearg le fuil, i n‑ionad do bheith bán nó buidhe. Rud eile, a ghiorracht do chuas féin do bheith marbh roim mhuic ná banbh ar an dtráigh, agus Máire im’ theannta, ba bhaoghlach, dá mbéarfadh an cogadh beag agus na muca orainn ann. Is againn-ne do chaith an chailleach a cuid bídh tar éis an lae.

 

Le linn me bheith ana-bheag do chloisinn trácht thar “Luing na Cruithneachtan.” Sompla eile iseadh í ar an rud a thagadh le h‑anaithe na fairrge agus a dheineadh maitheas dúinn-ne tar éis olc daoine eile bheith déanta thar fóir.

An bhliain do bhuail an t‑árthach so ar an dTráigh Bháin, ní cuimhin liom-sa san, mar ná rabhas ann ná súil go mbeinn. Ach tá eólas agam ar a h‑imeacht agus ar an méid do shábháil sí ó’n mbás sa droch-shaoghal, agus cúntas beacht agam [ 16 ]ar conus mar imigh sí agus mar chaill sí féin a criú agus í buailte ar an dtráigh agus nár féadadh aon duine amháin do shaoradh acu. Sí an bhean bhéal-dorais agus mo mháthair gur thógas-sa mo cheacht uatha, mar bhíodh a gcómhrádh i dteannta chéile go minic.

Ní raibh luid seólta ar an luing seo ach aon ghiobal amháin do bhí ar an gcrann tosaigh. B’éigean do í scaoileadh fé’n dTráigh Bháin. Do bhuail sí i bhfad amach, toisc í bheith ládálta. Do chuir na fearaibh do bhí ar bórd ailp adhmaid ar cheann téide ach níorbh’ fhéidir leó teacht i dtír. Dubhairt na daoine ná feacadar riamh aon lá stoirmeach ba mhó ná é. Bhí an ghaoth thríd an dtráigh amach. Tar éis an tsaoghail, do tháinig bloc ó’n luing isteach i n‑áit éigin de’n dtráigh. Do tharraig an dream istigh agus na fearaibh amuich ar an dtéid ach, mo léir, do bhris an téad, agus b’eo leis na fearaibh thríd an anaithe ó dheas.... Níorbh ’fhearrde de na h‑oileánaigh ó shin an radharc san. Do scoilt an long tamall ’n‑a dhiaidh sin.

Má chaill sí fearaibh féin, do mhair na mílte d’á deascaibh an bhliain ba mheasa de’n Droch-shaoghal. Do shábháil na h‑oileánaigh na mílte mála de’n chruithneacht, do dhein a ndóithin agus dóithin ar bhain leó ar feadh i bhfad. Ní bheadh aoinne beó ins an oileán so mara mbeadh í, agus níor chuaidh sé gan rádh ón gcailligh ná gurbh’ é Dia do chuir chun na mbocht í.

Ní raibh Eibhlín ach seachtain ar an saoghal so nuair a bhuail an long; maireann sí insa Talamh Úr fós. Trí bliana atá an pinsion aige n‑a cómh-aois insa tír seo. Fágann san trí bliana déag agus trí fichid í. Bhí mo mháthair ar an dtráigh, cé gur sé lá do bhí ó leabaidh an luighe-sheóil aici. Bhí Pádraig, mo dhritheáir, comh cruaidh is go raibh sé féin, leis, ann, ach is mó an díobháil do dhein sé ann ná mhaitheas, mar ná raibh ciall a dhóithin aige, gan súil do bheith ’na dhiaidh. Bhí mórán rudaí ag teacht isteach; agus mórán eile ná tagadh, toisc na gaoithe do bheith amach. Bhí an chruithneacht [ 17 ]ag bogadh, leis, aisti, comh luath agus do scoilt sí. Sé mo thuairim ná raibh aon mhála ’n‑a timcheall, gur caithte síos innti do bhí sí, mar bheadh gual nó salann; mar is ar an mbarrataoide is mó do dheinidís lámh ar í bhailiú. Is fada Éireann do sheasaimh roinnt ag teacht aisti dhi—chun caoth do thabhairt dóibh chun í shábháilt, adeireadh na daoine le n‑a chéile. Bhí ortha í nighe i n‑uisce chun an sáile do bhaint aisti, agus í chur le gréin ansan, agus as san i gcómhgar do’n teine. Cuirtí ag beirbhiú í nó go mbíodh sí leachta, ansan bhíodh sí ’n‑a praisigh reamhar. Baighreán a thugadh na daoine air. Pé rud eile do bhuaileadh leó, ba mhaith an chabhair chun maireachtaint é. Chloisinn an tseana-chailleach ag rádh go minic lem’ mháthair gurbh’ é an chuid is fearr dá saoghal do chaith sí féin riamh é—an fhaid do sheasaimh sí dhi. Bhí cír dhúbalta aici, agus an dá chorrán a’ meilt i n‑éineacht aici. Bhí sé ráidhte go mbíodh sí ag ath-chogaint ar nós na bó.

 

Le linn an bhríste ghlais a bheith orm agus me ag imeacht dom féin, do bhínn ag dul fé bhrághaid na mbád gach tráthnóna. Is é sórt éisc do bhíodh ann an uair sin ná séirdíní, agus do bhídís lán de chnámha. Tá ana-chosúlacht aca so le scadáin. Ní bhíodh aon mholadh age sna h‑iascairí ortha. Iasc mion, agus do théigheadh cuid mhór díobh chun púint; agus rud eile, lobhaidís na líonta. Do ghlaoidh m’athair isteach ’on bhád orm, tráthnóna, faid do bhí an t‑iasc ’á chaitheamh amach, agus do chuir sé ar an dtaobh thiar de me i ndeire an bháid. Bhíos a’ gliúmáil ansan, agus níorbh’ fhada go bhfeaca dorú agus smut de shéirdín ar a dhubhán. Cad deire liom ná gur chaith amach an baighte. Do chonnaic m’athair me ’á dhéanamh, agus níor chuir sé suim ann, mar cheap sé ná beadh aon iasc comh fada isteach do bhéarfadh ar an mbaighte.

Níorbh’ fhada go rug breac air, agus do bhí an dorú casta ar mo chosa. D’árduigh an breac amach ’on pholl me. Do scread a raibh ar an gcalath ar m’athair; ach, nuair do chas [ 18 ]sé siar, chonnaic sé an peata ar snámh do féin. Do chuir sé an gatha ceangailte insa bhríste ghlas thiar i n‑árd mo thóna, do thug isteach me go deire an bháid, do tharraig sé an dorú agus do bhí a dhóithin cúraim air an breac do thabhairt isteach—eascú mhór ghroidhe go raibh sé troighthe innti. Isé eagla is mó bhí orm-sa go marbhóchadh mo mháthair me i dtaobh mo bhríste do bheith fliuch. Bhí na mná óga a scartghail gháirí fúm ach ná raibh aon choinnlíocht ionnam chun aon mhustar a bheith ag baint liom. Fairceallacha d’óg-mhná, an uair sin, amach go dtí n‑a mbuilg, a’ folamhú na mbád, agus iad comh teann, comh téagartha le h‑aon chailíní do bhí riamh i nÉirinn.

Ar theacht abhaile dham agus me ar láimh aige Nóra, nó go rabhamair i n‑aice an tighe, do chuireas stailc suas ansan! agus dubhart le Nóra ná raghainn a thuille, mar go marbhóchadh mo mháthair me. Bhí an bhean eile a’ bladaireacht liom ’á rúdh ná déanfadh. B’é toil an tsaoghail gur tháinig m’athair orainn, agus cliabh éisc air: “Cad tá ansan uait, a Nóra; ná tabharfá é sin abhaile leat agus é fuar fliuch?”

“Ní raghadh sé liom,” ar sise, “tá eagla air roime mham.”

“Ó, téanam leat, a Thomáis, a bhuachaill. Mise fé ndeara thu bheith fliuch, mar is me ghlaoidh ort,” arsa m’athair.

Rug sé ar láimh orm, agus do bhogas leis chun siubhail. Nuair do chuas isteach, ní raibh oiread mire ná cleas a’ baint liom agus ba ghnáth liom. D’aithin mo mham go raibh rud éigin sa treis agam. Chuir sí am shuidhe i n‑aice na teine me, mar do cheap sí gur rud éigin eile do bhí orm; ach is gairid go raibh leac na teine fliuch báithte agam. Tháinig m’athair isteach.

“Ar bhainis a chuid éadaigh do san fós agus é fliuch báidhte air?” ar seisean.

Bhí an eascú aige ’á tharrac ’n‑a dhiaidh. Do thug isteach í, agus do bhí faid an tínteáin innti.

“Dhera, an b’amhlaidh do chuaidh sé i bhfarraige?” ar sise.

[ 19 ]“Ná ficeann tú an breac breagh mór san marbh aige, agus ó’s é an chéad bhreac aige é, tá sé go maith aige,” arsa m’athair. D’innis sé an scéal ar fad ansan di, agus do fuair sé saor me. Caitheadh díom anuas a raibh anáirde orm agus do cuireadh éadach tirm orm. Níor thaithin an bríste liom a fuaireas, mar ceann do bhí caithte uaim do b’eadh é, agus paistí air. Ní té, leis, do chuir sí chugham, ach muga leitean agus bainne, tar éis mo chuid snámha dhom.

  1. 1.0 1.1 Cailleadh ó shin iad.