An t-Oileánach/2

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
I n-aois scoile dhom
[ 20 ]

II
I n‑AOIS SCOILE DHOM

An chéad mhúinteóir, an scoil, an t‑ubhall, an caipín ó’n nDaingean an bád raice, Máire pósta, na mná sa tráigh.


Tháinig lá ana-bhreagh. Lá Domhnaigh do b’eadh é. Do thug rud éigin bád mór ó Dhúnchaoin isteach (ní raibh aon chur amach ar naomhóga an uair sin, agus is fada ’n‑a dhiaidh go raibh). Nuair do shroich an bád an calath, dubhairt na daoine go raibh bean uasal innti, ach b’í bean í ná máighistreás scoile. Ar chlos an scéil sin domh-sa, níor chuir sé puinn suilt orm, mar is sid é an t‑am díreach do bhíos ag tosnú ar bheith ag imeacht ag slat-fhiadhach dam féin ó thráigh go cnoc agus gan aenne ag faire im’ dhiaidh an uair seo, mar bhíos im’ chleithire fir dar leó, slat bheag agam agus dubhán ceangailte ’n‑a barra. Bhíodh fiche donán bainte amach as phuill age gach garsún againn; seilg neamh-maitheach ach bhíodh peataí faoileann againn agus bhíodh na donáin an-áisiúil dóibh.

Seadh! Dia Luain, tar éis bídh na maidine do bheith caithte, ní raibh fear an bhríste ghlais le fagháil. Bhí na gearrchailí ullamh chun scoile, ach ní raibh an fiadhaire le fagháil. Cuireadh Máire amac ar mo thuairisc ach thug sí cúntas chun mo mháthar go rabhas a’ lorg dhonán, agus beirt i n‑éineacht liom, Seán Mháiréadh agus Micil Pheig.

“Bíodh an lá indiu leis, agus go raibh m’anam-sa age Dia amáireach,” arsa mo mháthair, “má shleamhnuigheann sé i gan ’fhios domh-sa.”

[ 21 ]Thána go dtí an gullaí (faoileann óg) agus thugas mo chuid donán di. Nuair a chuas isteach ní rabhas comh mórtaiseach agus bhínn laetheannta eile. Do bhraitheas an líon déanta agem’ mháthair dom; agus rud eile, bhí an caillichín bhéal-dorais istigh rómham chun go mbeadh sí ag féachaint ar an mbúrdáil a gheobhainn mar do bhínn-se ag magadh go láidir fúithe an t‑am so. Ach bhí mo mháthair ró ghlic di.

An uair a tháinig na cailíní abhaile ó scoil bhí mo mháthair ag cur ceisteanna ortha cad é an sórt mná í—macánta nó mallaithe. Dubhairt gach nduine aca gur bhean bhreagh mhacánta í—nár thug sí buille ná stráiméad dóibh.

Sin é an uair a chuir mo mháthair an scéal im’ láthair-se. “Féach an teallaire seo ag imeacht i rith a’ lae ó mhaidean agus é i gcúntúirt dul ar bhior a chinn síos i bpoll éigin a’ soláthar éisc d’á ghullaí; ach bíodh ’fhios ag an mbuachaill a bheith ullamh ar maidin agus bheith i n‑éineacht libh suas, le cúnamh Dé,” ar sise.

“B’fhéidir,” arsa Cáit, “go mbeadh an cleas céadna déanta amáireach aige leat ó’n uair nár chuiris aon eagla air.”

B’í ceann ba chabanta de sna driféaracha í, agus ba lugha go raibh cion agam-sa uirthi.

“Ó! beidh sé seo ’n‑a bhuachaill mhaith amáireach, a Cháit. Bíonn gach tosnú lag,” arsa mo mháthair.

Bhíomair go síodhach, grádhach le n‑a chéile nó go raibh aimsir chodlata ann—iad san ag trácht thar an scoil agus ag innsint dom mháthair an ainm a bhí ar an máighistreás. Ach chuaidh dóibh an ainm a thabhairt leo ar feadh i bhfad de’n oidhche nó gur chuadar chun cocaidheachta le n‑a chéile, insa tslí an méid seóidh a bhí aca san orm-sa i dtosach na h‑oidhche go raibh sé agam ortha an t‑am so. Fé dheire thug Máire an ainm léi—Neans Ní Dhonnchadha. Ainm chrosta ar a leithéidí dob’ eadh í, leis, mar nár chualadar a leithéid d’ainm riamh san oileán so. B’eo gach duine ag propáil chun dul a chodla.

Ar maidin bhí gach nduine chun a bheith ’n‑a phost féin agus [ 22 ]do bhí an biadh ullamh cuibheasach moch mar “ní fhanann tráigh le headartha.” Do bhí Pádraig an uair seo i gcoinnlíocht go maith, dob é an dara duine, de’n ál, ba shine é ach bhí Máire roimis. Do bhí m’athair ag soláthar téadán agus corráin ar fuaid an tighe do féin agus do Phádraig. Do bhí Máire, leis, le bheith i n‑éineacht leo agus mo mháthair. Lá rabharta dob’ eadh é agus lá feamnaighe duibhe do bhaint chun leasaithe. Do bhí Cáit le bheith mar bheantighe; Eibhlín, Nóra agus me féin chun scoile—sin mar bhíomair socair, nó riartha, insa lá san.

Corcán prátaí do bhí beirbhithe, agus iasc agus braon bainne leo. Do phromsálamair siar lán ár mbuilg aca, críona agus óg. I dtaobh trácht thar té ní raibh aenne san oileán san am san a chonnaic riamh citeal ná i bhfad ’n‑a dhiaidh.

An adharc séidthe—b’eo amach lucht na trágha, b’eo amach lucht na scoile. Cáit istigh agus í go seana-chríonna ann.

“Bí macánta ar scoil, a Thomáis, a bhuachaill,” arsa mo mháthair, agus mheasas ná fágfadh sí rian de’n chroicean ná de’n tsróin orm leis an nglanadh thug sí ortha le linn imeacht chun na trágha dhi. Deich mbliana bhíos an lá san ag dul ar scoil dom, adubhairt mo mháthair, timcheall ’sa mbliain 1866.

Ar dhul isteach dom go tigh na scoile do bhíos go h‑anamúil agus go cruaidh agus me ar láimh age Nóra. Do cheap Nóra bhocht go ndéanfainn seodh dhi ach níor dheineas. Do bhí an Mhaighistreás age béal an dorais agus do shín sí ubhall breagh chugham agus bhí iongna orm nuair a chuas isteach ná feaca aon ubhall ag aenne eile. Ach ní raibh sí chun ubhall a thabhairt gach lá dhúinn, cé gur cheapas-sa an uair seo go raibh. Ubhall sealbhaithe dob eadh é seo le tabhairt do gach scoláire an chéad lá. B’é seo an chéad lá agam-sa agus b’shin é an réasún go bhfuaireas é.

Níor mhór an faraireacht a dheineas istigh nó go raibh m’ubhall meilte agam. Do bhí an muileann meilte go maith [ 23 ]agam an uair úd, rud ná fuil indiu agam le rádh leis. Ní fada gur scaoileas an radharc a bhí im’ shúilibh mór dtimcheall an tighe. Do chonnac leabhair agus páipéir thall agus i bhfus ’n‑a mbuilc bheaga. Do bhí clár dubh ar crochadh leis an bhfalla ann agus marcanna bána thall agus i bhfus breacaithe air mar bheidís déanta le cailc. Iongantas na gile do bhí am’ bualadh cad é an bonn a bhí leo-san, nó go bhfeaca an Mháighistreás ag glaodhach ar na cailíní ba mhó chun an chláir duibh, cipín ’na láimh aici agus í ag teasbáint na marcanna úd dóibh agus do tuigeadh dom go raibh sórt éigin ráiméis cainnte aici ’á labhairt leo.

Do phriocas Peats Mhicí do bhí le h‑ais liom ar an stól. ’Sé seo an Peats Mhicí céadna atá ’n‑a Rí orainn indiu agus le fada. Thugas cogar do cad é an sórt brilléise cainnte a bhí ar siubhal ag an Máighistreás leis na cailíní timcheall an chláir dhuibh.

“M’anam ’on fial ná feadar!” ar seisean, “ach gur dóigh liom gur cainnt í ná tuigfar annso go deo.”

Do cheapas gurab é an t‑ocras a chuirfeadh chun báis ar scoil me ach, ambasa, nach amhlaidh a bhí mar nár ró fhada ar fad gur labhair an Mháighistreás.

“Play time,” ar sise.

Do bhain an focal úd leathadh as mo shúile mar n’ fheadar cad é an sórt brí a bhí leis. Do chonnac láithreach an méid gramaisc a bhí istigh ag preabadh ’n‑a seasamh agus ag bualadh amach an doras. B’éigean do Nóra breith ar láimh orm-sa sarar bhogas de’n stól. Do bhain gach nduine againn a thigh féin amach.

Do bhí dorn prátaí fuarbheirbhithe rómhainn-ne. Buaileadh cois na teine iad, iasc againn leo—gabhair bhuidhe, agus is iasc ana-mhilis iseadh iad. Do bhí mo mháthair agus gríscín báirneach ó’n dtráigh aici—mar do bhíodar tagaithe ó’n dtráigh faid a bhíomair-ne ar scoil. Do bhí na báirnigh ’á sórtadh aici ar an dteine agus ceann aici ’a chaitheamh chughainn-ne mar bheadh cearc na sicíní.

[ 24 ]Ní mór an chainnt a bhí age triúr againn-ne ’á dhéanamh ach ag meilt gach sóirt aca siar nó go rabhamair i mbuille do bheith sásta. Sin é an uair do chuir mo mháthair cainnt orm-sa i dtaobh na scoile mar bhí eagla uirthi go dtachtfadh an ghreamatáil me nuair a bheinn ’á freagairt.

“Seadh, a Thomáis, a bhuachaill! nach breagh bheith ar scoil?” ar sise. “Conus a thaithin an bhean uasal leat?”

“’Mhuire, an t‑ubhall mór groidhe a thug sí dho!” arsa Nóra.

Ní rabhas buidheach de Nóra nuair nár leig dom féin í fhreagairt.

“A’ bhfuairis, a Thomáis?”

“Fuaireas, a mham, ach bhain sí seo smut as agus Eibhlín smut eile.”

“Ach bhí an t‑ubhall ana-mhór—bhí do dhóthain ann ’ár ndiaidh,” arsa Eibhlín.

“Seo libh aríst, a chroidhe,” arsa mo mham liom.

Thugamair tamall eile ar scoil agus bhíodh an Rí le h‑ais liom féin ar an stól agus ba bhreagh sochma an balcaire garsúna é agus do lean sé dhe. Comh-aois dob’ eadh sinn. Do bhíodh sé ag síneadh a mhéire go minic chun garsúin eile a bhíodh crosta, duine aca ag scréachaigh, beirt, uair eile, dólámhach ag gabháil d’á chéile, srón gan séide age balcaire thall ’s i bhfus. Níor mhaith leis an Rí na radhairc sin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ’á dteasbáint domh-sa. Féach an mianach a bhíonn geinte as óige i nduine gur gnáthach leis gan scarúint leis. B’in ionbhadh[1] ag an Rí é, níor mhaith leis na radhairc tuathalacha salacha úd d’ fheiscint i dtúis a óige, agus a laigheadh suime a chuireadh an chuid eile go léir ionnta! Níorbh iongna mar sin nuair do ghaibh na h‑údair timcheall agus gur mhaith leo ainm Rí a bheith ar an mBlascaod gur dheineadar amach an té do bhí ábalta chun na h‑ainme do ghlacadh agus d’iompar.

[ 25 ]Níorbh fhada liom an lá fós ar scoil agus ba luath liom nuair adubhairt an Mháighistreás “Home now”—abhaile anois. Do chuaidh cuid aca i ngreim sa doras le feac chun bóthair. Cannta de chíste do bhí romhainn-ne agus braon bainne leis. Do bhíodh iasc le h‑anaman na marbh i gcomhnaidhe beirbhithe ach bhíodh col againn leis go minic. Do bhí Pádraig agus oiread seilge aige lem’ athair an uair seo agus raghairse agus flúirse insa bhothán againn, teine iongantach, annlan ár ndóthain chun gach sórt bídh do thagadh treasna orainn do shlugadh siar go faobharúil.

Ar an dTráigh Bháin annsan linn an chuid eile de’n lá.


Amáireach b’í an scoil ár gcúram ar fad, mar bhí rabharta na feamnaighe imithe. Do chonnac a cuid éadaigh nua ar mo mháthair agus b’ait liom san. Do rith sí anall chugham agus rug sí ar láimh orm, do chroch mo chuid éadaigh agus thug póg dom.

“Bí id’ bhuachaill mhaith anois,” ar sise, “nó go dtucfad-sa abhaile. Tabharfad-sa milseáin ó’n nDaingean chughat. Dein rud ar Mháire agus ar Cháit agus téir’ a chodla dhóibh.”

Chromas ar ghol ach níor leanas ró fhada air.

Do bhuaileas amach chun scoile i n‑éineacht le Nóra is Eibhlín. D’fhan Máire agus Cáit i bhfeighil an tighe toisc mo mháthair a bheith ag dul as baile. Ar dhul isteach dúinn bhí an ghramaisc ar fad istigh cé ná raibh mo pháirtidhe féin tagaithe fós—an té dob’ annsa liom. Do bhí leabhair bheaga ’á thabhairt amach an lá so, an clár dubh agus rudaí stróinséartha ’á chur air agus na seana-rudaí ’á lot. Rudaí móra eile thall is i bhfus ar crochadh leis an bhfalla. Do bhí mo shúil ar gach ceann aca.

Do bhí breithniú déanta ar gach ní aca san agam nuair do bhuail an Rí isteach agus ba gheal liom é. Do bhí a ionad féin roimis agus do bhain amach í le h‑ais liom agus ar an slí go bhfeaca ag póiceáil é d’iarraidh a bheith le h‑ais liom do [ 26 ]thuigeas go raibh oiread de ghean aige orm agus do bhí agam air.

“Táim déanach,” ar seisean liom i gcogar.

“Anois a tháinig a bhfurmhór isteach,” arsa mise leis.

Do sméid an Mháighistreás orainn go dtí an clár dubh. Do theasbáin sí dhúinn na litreacha bhí air sé h‑uaire.

Tháinig an Aoine agus nuair a bhí an lá istigh agus sinn chun dul abhaile dubhairt sí linn gan teacht go Luan. B’ana-mhaith le cuid mhaith aca an rabhadh san d’fhagháil ach níor chuir sé sceitimíní móra orm-sa mar b’ fhearr liom teacht. Is dócha nách le dúil sa léighean é ach gur bhreagh liom bheith i dtreo mo pháirtidhe—an Rí.

Ní raibh mo mháthair le teacht ó’n nDaingean go Domhnach agus do cheap Máire agus Cáit ná raghainn a chodla dóibh bán ná dearg, agus do bhíodar ag briadaireacht liom agus ag dul chun tláithínteacht liom. Sara raibh am chodlata chuige ann do thuiteas im’ mheig ar ghlúin m’athar agus dubhairt san leo me thabhairt a chodla. Do bhí san déanta gan mhoill.

’Sé an coileach a dhúisigh ar maidin me agus an t‑eadartha ann. Toisc nár chuireas codla na h‑oidhche amú ortha bhí gach nduine aca im’ chúram. Ní rabhas gan fritheáladh ó gach nduine aca. Ní rabhas im’ ghliogaire comh mór agus a cheapadar dom, dar ndóigh. Do bhí na fiacla tagaithe dhom agus me ábalta ar gach ní do mheilt leo agus me insa tslí nár cheap aenne dhom a bheith insan aois a bhí agam. Comhartha leis sin gur stop an chailleach bhéal-dorais ó bheith ag rádh faic liom. Do chaith sí uaithe “an peata” agus “gamhain seana-bhó” agus rudaí mar seo adeireadh sí lem’ mháthair im’ thaobh-sa, ’r a shon go dtabharfadh duine an leabhar an bhó gur léi í féin go raibh sí caoga bliain.

Lá Domhnaigh a tháinig mo mháthair abhaile ó’n mbaile mór. Do bhí mála bán agus mála garbh aici agus a lán rudaí ionnta. Ach ní raibh blaiseadh de thé ná de shiúicre ’n‑a measc, ná aon chur amach ortha insan am úd. Me féin a thug an mála bán abhaile liom agus níor bhe’ liom d’ualach é cé gur [ 27 ]balcaisí chun na gcailíní ba mhó bhí ann. Do bhí an chailleach liath romham istigh chun go mbeadh scéalta nua ó bhean a’ Daingin aici.

Caipín go raibh dhá adhairc air a thóg sí amach ar dtúis agus do bhuail ar mo cheann é.

“Dar Muire!” arsa m’athair, “tá sé ’n‑a phóilín déanta agat!” agus do chrom a raibh istigh ar scartghail gháirí.

“B’fhéidir go mbeadh post éigin fós aige,” ar sise; “tá sé óg agus rud le foghluim le n‑a linn agus coimeádadh sé an scoil nó go bpriocfaidh sé a mbeidh innti.”

Is maith is cuimhin liom fós an chainnt sin mar d’athruigh aindise an tsaoghail an port san.

Do bhí ubhla, milseáin, cácaí, builíní, tobac chun m’athar, feidhre bróg chun Pádraig, éadaí bána chun na n‑inghean agus a thuille rudaí, leis, aici. Fuair an bhean liath blaiseadh de gach sórt mar duine beag go raibh miagnas ag baint léi dob’ eadh í.

Ar scoil gach lá, annsan, sinn ach Pádraig, a bhí mór groidhe agus é ag sealgaireacht i n‑éineacht lem’ athair. Níor mhór an t‑achar do chaith Máire, leis, ar scoil mar bhí sí ’n‑a mnaoi san am so. Do bhí ceathrar againn ag déanamh go maith—sinn féin ag múineadh a chéile.


Lá tar éis sinn a leigeant amach ó scoil i lár an lae chonnacamair a raibh de dhaoine ar an mbaile ar bharra an chalaith agus do bhí iongantas ar an Máighistreás agus orainn ar fad cad a bhí ar siubhal. Thug garsún súil idir é agus Ceann Sléibhe agus d’fhéach go géar.

“A Mhuire! féach na báid i gcorp na scríbe agus na farraige,” ar seisean.

Tugadh suas na báid—ná feicfí aenne d’á raibh ionnta go deo arís.

Is amhlaidh a bhí báid an oileáin ceangailte as bhád raice agus í ’á tarrac agus an fhairrge ag gabháil lastuas [ 28 ]díobh. Do shroicheadar an calath fé dheire mar bhí an taoide leo agus cabhair mhór aici ’á thabhairt dóibh.

Bád mór groidhe bád na raice. Do bhí an captaen innte agus beirt eile fhear agus ógánach timcheall sé déag de bhlianaibh agus gan ann ach an dé. Tógadh amach as an mbád ar an dtalamh é agus d’éag gan mhoill. Tá sé curtha i Rinn a’ Chaisleáin—sé sin mar a raibh caisleán Phiarais Firtéar an uair a bhí sé i gceannas.

Níorbh’ fhéidir le comhacht na h‑áite ar fad an bád raice do shábháil agus thug an mhuir mhór léithe aríst í. Do bhí m’athair innte, agus mar chaptaen féin uirthi. Alix ainm an chaptaen, fear mór groidhe. Tá an ainm beo fós insa Bhloscaod agus beidh a thuille achair mar is chomh-aois do’n bhád mórán do rugadh san Oileán an bhliain sin. Fuaireadar fagháltas as iad a shábháil agus an chuid aca a thug óstaidheacht dóibh díoladh go maith iad. Traisc[2] a thug m’athair aisti ní fadó do scar sé linn.


Bhí mo dhrifiúr Máire ’n‑a scafaire de mhnaoi acmhuinneach an uair seo agus toisc triúr eile do bheith ann do bheartuigheadar ar í chur uatha amach i dtigh éigin eile. ’Sé an taoiseach is fearr do bhí insan oileán an uair sin ná Paidí Mháirtín. Do bhí deich cinn de bha bainne aige ar feadh i bhfad ach n’ fheaca-sa riamh an méid sin ba aige mar bhí beirt mhac leis pósta i dtighthe amuich agus cuid de’n talamh tugtha aige dhóibh agus ba gan amhras. Chúig cinn do bhí an uair sin aige agus an mac dob’ óige ’n‑a theannta istigh gan pósadh fós—Máirtín óg.

Socruigheadh cleamhnas idir Mháire agus Mháirtín, mar bean deigh-eolais chun gnótha agus ábalta ar é dhéanamh do bhí uatha agus dob’ í sin Máire gan bhréag agus ní ’r a shon í bheith mar dhrifír agam-sa é. Níor loirgeadh aon airgead ar m’athair mar bhí ’fhios aca ná raibh sé ann. Saothar maith [ 29 ]a dheineadar sinn a choimeád suas i saoghal ná raibh ró mhaith.

Do bhí Máirtín, a athair ’s a mháthair sa tigh an uair sin—ceathrar Máire nuair a phósadar. Bliain do mhair Máirtín tar éis phósta agus b’éigean dom dhrifiúr Máire casadh abhaile ar a muinntir féin arís mar chuaidh dritheáir do Mháirtín isteach go dtí an mbeirt aosta arís, gan fonn ortha faic a thabhairt do bhean Mháirtín, cé go raibh leanbh mic ’n‑a dhiaidh. D’fhág Máire an leanbh againn-ne agus do bhain sí amach Americe. Trí bliana thug sí thall an uair a chas sí. Do chuir sí chun na dlí iad agus bhain sí amach cuid an athar do’n mhac.


Níorbh’ fhada ’n‑a dhiaidh sin gur glaodhadh abhaile ar Mháighistreás na scoile am na h‑Inide chun pósta. D’fhág san an scoil dúnta ar feadh tamaill nó gur tháinig sreangaire de Mháighistir, Roibeárd Gabha. Ní raibh sé ró chneasta leis an ngramaisc scoláirí do bhí roimis. Níor thaithin sé leis an bpáirtidhe bhí agam-sa, sé sin an Rí. Do bhí cuma fhiain air. Deireadh an Rí liom-sa gurb’ ó’n Rúis a tháinig sé. Do bhí pus mór air, bolg-shúile, é sleamhain, buidhe, stranfhiaclach agus tor anuas as a shróin mar do bheadh meigeal gabhair. Ní h‑é an tor san ball ba mheasa dhe mar bhí finneacht ann agus é ag clúdach na coda dhe do bhí an-chúmtha.

Do phós an Mháighistreás i sráid-bhaile i bParóiste an Fhirtéaraigh. Gabha dubh dob’ eadh a fear agus do bhí an sagart paróiste buidheach de is dócha. Fuair sí scoil ar an mbaile sin agus do chaith sí a shaoghal ann nó go raibh pinsion ar an scoil aici. Táid san uaigh anois tar éis a gceithre fichid bliain, gach nduine aca. Sin an chrích a chuaidh ar an gcéad mhúinteóir scoile a tháinig go dtí an Bloscaod.

Níorbh’ fhada go raibh fead ’á dhéanamh fé Roibeárd age garsúin agus gáire age giarraigh; agus, a mhic ó! pantalóga móra groidhe ag dul go dtí an scoil insan am úd. D’aithin Roibeárd go maith ná féadfadh sé an bheart a dhéanamh [ 30 ]’na measc agus níor thug sé againn ach trí mhí agus d’fhág annsan sinn.


Ar chaitheamh mo ghráinseáil bheag bhidh dom maidean lae, bhí súil i bhfus agus thall agam. Do ghaibh mo mháthair an doras isteach agus bior iarainn ’n‑a láimh aici, smut de ghraidhp bháid. Níor shuidh sí ach do chrom ar bheith ag lorg rud éigin eile. Sa lorgaireacht di is mála a thug sí léi. Do bhíos féin ag faire mar do bheadh cat ar luich mar do thuigeas gur fuadar trágha a bhí fúithe.

“Seadh,” ar sise, “an bhfuil aenne ’gaibh gur mhaith leis dul ’on tráigh ó tá ’n lá breagh?”

Is nós atá riamh ann dul ’on tráigh agus annlan ó’n dtráigh do bheith Aoine an Chéasta age gach nduine a bheadh ’n‑a chumas.

“A Mhuire, ’mham! Bead-sa i n‑éineacht leat,” arsa mise ag preabadh ó’n mbórd, cé nach é mo dhóthain a bhí ithte agam.

“Níl a bhac ort, ach mo chroidhe thú! ith do dhóthain. Fanfad-sa leat,” ar sise.

“Raghad-sa, leis, an’,” arsa Nóra.

“Bead-sa, leis, le nbhur gcois,” arsa Eibhlín.

“Níl a bhac oraibh,” arsa mo mháthair, “mar dhein an saoghal go maith oraibh é an scoil a bheith dúnta.”

Bhí m’athair agus Paidí ag rómhar sa ghort, Cáit i mbun an tighe agus an naoidhneán ar a cumraidhe mar bhí Máire thall ’sa Stáit. D’fhógair mo mháthair ar Cháit gan é thabhairt ar chamán ná ar liathróid nó go sroichfeadh sí féin abhaile.

Do bhuaileamair amach an doras. Thugamair ár n‑aghaidh chun na trágha agus má bhí aenne againn Márta a trí[3] is mise é, bhí oiread san scóip orm chun a bheith ag lapadáil insa tsáile lem’ bríste glas.

Ar shroistint na trágha dhúinn ní raibh aon stocán ná go raibh bean, leanbh agus páiste ag baint bháirneach, cnósach [ 31 ]agus miongán agus gach sórt do bhuaileadh leo. Do bhí tráigh mhór rabharta ann agus do bhí oileán laistiar go dtugaid siad an tOileán Bán air agus níorbh’ fhéidir dul air ach le h‑ana-thráigh agus do bhíodh báirnigh agus cnósach ana-shaidhbhir ann, toisc gan an priocadh bheith air.

Do bhí góilín doimhin ’á dheighilt ó’n áit laistigh ach níor mhór an t‑uisce do bhí ann an uair seo. Níorbh’ fhada go bhfeaca mo mháthair ag cruinneáilt a cuid éadaigh le n‑a chéile agus ’á tharrac aniar idir a dhá cois. Ní raibh náire orm-sa cosa agus colpaí mo mháthar a bheith le feiscint ag an saoghal mar nár chearnóg ná alpachán í ach fainge fionn gléigeal ó bhathas go sáil. Is oth liom nár chuaidh an chuid ba mhó dhíom léi. Ach is dócha gur dhein sé dochar dom me bheith im’ ghamhain seana-bhó mar do bhí an chuid eile de’n ál go h‑álainn.

Do bhí súil ’n‑a diaidh agam féachaint cad é an fuadar do bhí fúithe. Do ghlaoidh sí láithreach ar na mná do bhí i n‑aice léi chun dul ar an oileán. Do fhreagair ceathrar í go tapaidh—an chailleach bhéal-dorais, drifiúr m’athar, Siobhán Bhán agus “Ventry.” Do chuaidh an t‑uisce thar glúine ortha, ach tháinig scout ar an gcailligh agus ar m’aintín a thug a dtriopall anáirde.

Ba mhaith an mhaise é ó Ventry, do chuir sí crúca im’ aintín agus thugadar anáirde iad. Thabharfadh aon duine an leabhar gurbh’ aon athair agus aon mháthair do bhí ag an gcailligh agus age m’aintín; comh-ghné, comh-aoirde agus comh-imeacht a bhí fútha. Do bhíos féin ag pusaoil ghuil i dtaobh fhaid do bhí mo mháthair as amharc. Is amhlaidh a bhíodh Nóra am ghríosadh chun a dhéanta, ach bhíodh Eibhlín ag cur staonadh orm.

Do bhíodh Nóra i gcomhnaidhe insa mhullaigh orm agus sinn araon ana-míchéadfhach chun a chéile; ach do thuigeas cad é an fáth a bhí leis sin nuair a thána chun coinnlíochta agus do bhíodh an chailleach, leis, go minic ’á chur i dtuiscint dom mar [ 32 ]nárbh’ fhearr léi ár bpaidear go minic againn ná an toirmeasc.

Do bhí Nóra chúig bliana ’na peata romham-sa. Ní raibh aon tsúil liom-sa aca an t‑am gur bhuaileas chúcha ach nuair a chonnacadar mise do cuireadh Nóra as peataidheacht; agus dob’ shin é an fáth ná raibh an gradam age Nóra dhom seachas an chuid eile.

Ní fada gur scread bean thall agus i bhfus go raibh an góilín líonta ar na mná do bhí ar an oileán. Ní raibh duine aca le feiscint. B’eo leis gach duine ag teacht i radharc an ghóilín. Do bhí an taoide ag teacht agus bhí suas le h‑aoirde fir d’uisce sa ghóilín cheana féin agus sin é an uair díreach a bhíodar ag teacht ’nár radharc agus na málaí lán age gach bean aca. B’éigean dóibh fanúint mar a raibh aca. Dubhairt a raibh timcheall gurbh’ é a stáitse go maidean é, agus bhíos-sa gan mheabhair ar chloisint sin dom.

B’eo le cuid de sna cailíní do bhí insa tráigh ag tabhairt tuairisc don mhuinntir a bhí insa guirt go raibh lán ar na mná a bhí ar an Oileán Bán. Thug na fearaibh a n‑aghaidh ar an dtráigh ach is ar an dtigh a thug m’athair aghaidh ag triall ar dhréimire.

Ní raibh sé ró fhada an t‑am go bhfeaca chugham é agus dréimire ar a ghualainn aige go raibh fiche troigh ann. Do chuireadar i dtreo é chun dul treasna an ghóilín ach bhí sé ró throm chun é chur san áit cheart. B’éigean dom athair bocht dul ’on tsnámh agus breith ar cheann an dréimire agus é chur i muirtís sa chloich. Is í mo mháthair an chéad bhean a chuaidh treasna ar an ndréimire agus Ventry ’n‑a diaidh, agus thánadar go rábhach. Annsan chuaidh an triúr eile air. Do bhí beirt ar thaobh agus duine ar thaobh eile agus toisc gan é bheith comhthrom d’iompuigh an dréimire agus buaileadh síos ’on pholl iad.

Do bhíos féin go h‑aerach nuair a bhí mo mháthair agam agus me ag seinm “Domhnall na Gréine.” Ach níorbh’ fhada bhí an port san agam mar b’éigean dom’ athair preabadh sa tsnámh [ 33 ]arís, a dheirfiúr a chur i dtír ar an dtaobh so agus crúca eile a chur i Siobhán Bán agus do bhí an chailleach bhéal-dorais ag dul síos an t‑am go rug sé ar stuaic uirthi. Ní raibh ionnam-sa ach an dé san am gur tháinig m’athair i dtír. Ba dhóbair go mbáidhfeadh an chailleach é d’iarraidh í thabhairt chun cinn mar do bhí lán a h‑aprúin de bháirnigh aici.

  1. “Ionú” adeirtear.
  2. Tuireasc.
  3. ’n‑a gheilt.