An t-Oileánach/17

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An obair agus an seachrán
[ 165 ]
XVII
AN OBAIR AGUS AN SEACHRÁN

Saighneóireacht, “corraí na Scealg,” báid agus naomhóga agus árthaighe umair, turus ag díol éisc go Cathair Saidhbhín, “Come along, Blashket man!” turus eile go Dairbhre d’iarraidh báid.

Insan am so do bhí seacht mbáid saighne i nDúnchaoin agus dhá bhád bhreaghtha mhóra insa Bhlascaod agus cé go raibh an treibh amuich agus an dream istigh lán-ghairid d’á chéile i ngaol agus i gcleamhnas do bhídís i n-earraid le n-a chéile de shíor timcheall an éisc.

Do bhí na báid go léir, istigh agus amuich, i n-Inis Tuaisceart, lá. Do bhí iasc ag ráithíocht go flúirseach ann. Sé an dlí bhí idir lucht na mbád: cor ar chor do bheith age gach dhá bád i gcomhnaidhe ar a gceart. Do chaitheadh dhá bhád i gcomhnaidhe a bheith ceangailte as an saighne gach uair a cuirfí amach é, bád ’á chur agus bád eile ’á choimeád as an ndainnséar. Má bhíodh iasc sa líon bhíodh sé mall ’á chur ’on bhád agus thugadh an t-iasc agus an taoide an saighne ar an gcloich.

Do chuireamair an cor ar an iasc agus cé go raibh an taoide ag dul le buile do dhein an dá bhád againn beartaidheacht comh tapaidh sin go raibh an líon ó bhaoghal sara raibh aon teacht aige ar an gcloich agus oiread éisc ann agus a líon ceann de sna báid. Níor fhág san smiug age dream Dhúnchaoin agus do bhagair an captaen a bhí ar ár mbád-ne ortha a gcor a chur nó go gcuirfeadh sé féin gan mhoill é an [ 166 ]uair do bheadh an saighne réidh. Níos túisce ná bheadh an tarna cor age bád an Oileáin do chuir bád ó Dhúnchaoin a saighne féin amach agus ní ró fhada do bhí sé amuich an t-am go raibh sruth na taoide ’á gcur ar an gcloich; géaráin agus stocáin fé n-a mbrághaid agus taoide láidir rabharta ann.

Ní ró fhada gur scaoil an bád a bhí ceangailte aiste uaithe í agus as go bráth léi féin agus an saighne tríd an mbealach ó thuaidh. Níor lean aon bhád eile de bháid Dhúnchaoin í mar ní leigfeadh eagla dhóibh é, mar nárbh aon dóichín an bealach céadna insan am san.

“Mo chorp agus m’anam!” arsa captaen ár mbáid-ne, “go bhfuil bád a’ Choma caillte, agus cuiridh na maidí i bhfearas,” ar seisean, le bád an Oileáin, “go ragham ag fóirithint uirthi.”

Do dheineadar san go tapaidh agus b’eo leis an dá bhád againn tríd an mbealach ó thuaidh agus é ag réabadh insa spéir le tarrac. Ní raibh an dá bhád againn dhá nóimit ag gabháil tríd agus ar dhul i radharc an bháid eile dhúinn ní raibh sí báithte—ach sin a raibh ann. Do bhí sí lán de’n bhfairrge agus iad d’iarraidh í shaoradh ó shúncáil ’á taoscadh.

Do bhí an saighne insa bhfairrge fós mar ná h-iomchrochadh an bád é. Dubhairt ár gcaptaen-ne linn-ne an saighne a thabhairt isteach ’nár mbád féin nó go mbeadh an bád eile taoscaithe agus í chur innti annsan. Sin mar bhí. Cuireadh innti é an uair a bhí sí tirm.

Do bhí lán báid d’iasc insa dá bhád againn-ne. Dob’ éigeant dúinn-ne téad a chur as bád Dhúnchaoin agus an dá bhád againn ’á tarrac thríd an mbealach ó dheas mar ar ghaibh sí ó thuaidh. Do thiomain agus do thiomáin ár gcaptaen-ne muinntir Dhúnchaoin i dtaobh an bháid a leigeant uatha agus thug sé an tiomáint chéadna do’n bhád a shaor sé do chuir saighne amach.

[ 167 ]Pé lá riamh do rith aon tsaothar mór oibre liom do dhéanamh níor mhór gur rith sé riamh liom ag baint mhóna, go mór mhór an fhaid do mhair an file agus é ábalta ar dhul chun cnuic. Do bhí sé suarach críona go leor agus é ag aodhaireacht na bó duibhe ann.

Agus me i dtosach mo ghreise, lá, ar an dtaobh theas de’n Oileán, grian agus teas agus aoibhneas ann, tamall bainte agam—agus níor mhór é—an t-am gur chuala an guth ar an dtaobh thuas díom. Is maith d’aithnigheas í agus go maithidh Dia dhom é! ní raibh mór-lorg agam ar an té do bhí ann; agus níor le gráin air é ach mar chuireadh sé díomhaoin gach lá me.

“Dhera, stad tamall, tá an lá fada,” arsan file agus é an uair so ó’n dtaobh adtuaidh de’n gcnoc an uair do bhraith sé mise.

“A’ bhficeann tú na clocha úd theas?” ar seisean. “Sin iad na ‘Sceallaga.’ Thug m’athair-se lá catha ionnta san.”

“Conus a thuit san amach?” arsa mise; ach má bhíos aineolasach le linn na ceiste do chur dom ní rabhas mar sin ’n-a dhiaidh sin, mar nár mhór an t-imníomh a bhí ar an bhfile gan san d’innsint dom agus a bholg anáirde le gréin aige.

“Corraí is ainm dos na gearrcaigh a bhíonn age sna gainnéid agus an uair a bhíd siad aibidh is saill iad go léir agus is ar an gcloich is lugha aca san a bheireann na gainnéid ar fad agus níl aon radharc ach a mbíonn de sna h-éin óga ann. Bhíodh bád agus dáréag fear innte ag faire na cloiche, í amuich ó’n maighistir talmhan agus iad díolta go maith.

“Insan am san do sheol bád mór ó Dhúnchaoin insan oidhche agus hochtar fear a bhí innti agus m’ athair-se ortha, agus níor stadadar nó gur bhaineadar amach an chloch ar ghealadh an lae. Do phreabadar anáirde agus do chromadar ar bheith ag bailiú go dtí an bád go tiugh; agus níor dheacair dóibh a n-ualach a bhailiú mar do bhí gach éan óg aca san comh trom le gé reamhar.

[ 168 ]“Annsan do chuir an captaen stop leo agus dubhairt go raibh an bád lán a dóthain agus teacht isteach ’on bhád go mbeidís ag ciorrú na slí abhaile. Do dheineadar san gan mhoill agus dob’ eo leo ag fágáilt na cloiche agus a mbád mór lán de shaill aca agus scóp ortha chun bóthair abhaile.

“Agus iad ag casadh de dhruim poinnte de’n chloich chun scaoileadh amach fé’n mbágh, cad a bheadh ’n-a gcoinne ná an faireachán báid agus n’fheacadar féin a chéile go dtí san.

“Ropann an faireachán isteach ’n-a gcliathán láithreach agus deirid leo iad-san do chaitheamh isteach ’n-a mbád féin gan mhoill agus ná saorfadh san iad mar go gcaithfidís féin agus a mbád dul leo, tógtha; agus mara raghadh an siollán fé n-a muineál nár cheart dóibh gearán.

“Ach ní raibh fearaibh Dhúnchaoin ag caitheamh na n-éan isteach chúcha agus ó’n uair ná rabhadar do phreab fear ó’n bhfaireachán isteach ar bórd innti agus do cheangail sé téad ’na tosach agus do chromadar ar bheith ’á tarrac go tiugh agus go láidir idir bhád, fearaibh agus éanlaithe chun iad a thabhairt i dtír.

“Timcheall ceathramha mhíle bhí an gníomh san ar bun san am gur phreab fear i mbád na n-éan ’n-a sheasamh agus thug an tuagh do’n dtéid do bhí ar shniminne a bháid féin chun tosaigh agus do chuir san an faireachán chun buile feirge. Do chasadar thar n-ais ar bhád na n-éan agus dob’ eo innti isteach cuid aca agus b’eo ag tuargaint a chéile iad le maidí agus tuaighte agus gach gléiseanna eile do bhí le fagháil sa bhád nó gur bhaineadar fuil mhairt as a chéile.

“Do bhris bád na n-éan an cath ortha, cé gur dáréag i n-aghaidh hochtair a bhí ann. Do chuir an t-ochtar ó Dhúnchaoin an criú eile gan a bheith ábalta ar ghéag ná ar chos leo a chorruighe. Do phreabadar innti isteach agus do líonadar na poill isna h-ádhbhair agus do thairrigeadar tamall amach insa bhágh iad chun iad a scaoileadh leis an muir, idir chorp agus bhád, chun go mbeadh deire leo.

“Do bhí mac baintrighe insa bhád faire nár thóg cos ná [ 169 ]lámh leis chun a dtroid. ‘Sé an náire dhíbh mise do scaoileadh chun báis nár chuir aon chur ’steach oraibh,’ ar seisean.

“Dubhairt captaen an bháid eile leis: ‘Dá gcuirfaí an seol fé’n mbád duit an dóigh leat a’ mbainfá do thalamh féin amach fé’n seol?’ Dubhairt sé go mbainfeadh. Do chuaidh beirt isteach innti agus do chuireadar an seol i bhfearas do agus do thug aghaidh ar a thalamh féin léi. Do bhain bád Dhúnchaoin a calath féin amach goirtithe, gearrtha, laitithe agus an bád lán do chorraí saille aca, agus gan iad istigh leo féin.

“Agus,” arsa mise leis an bhfile, “a’ bhfuil aon chúntas agat ar bhád Uibh Ráthaigh?”

“Tá, an fear gur cuireadh an seol anáirde dho do bhain sé an talamh amach. Bhí beirt marbh agus cuireadh an chuid eile ’on óispidéal. Do chuaidh an tseilg chun fuaire ó shin agus ní raibh faire ar an gcloich ó shin ná níl aon duine ’á n-ithe súd, chuige, insa lá atá indiu ann,” arsan file.

Is breagh bog do chuir sé an méid sin cainnte dhe gan duadh, gan deabhadh. Annsan adubhairt, “B’fhéidir go mb’fhearra dhúinn portach beag eile do bhaint; is gearr go mbeidh sé i n-aimsir dinnéir,” agus phreab ’n-a sheasamh agus bhuail uaim suas.

Ar phreabadh im’ sheasamh dom féin ’n-a dhiaidh, nuair a chonnac mar a raibh an ghrian do bhíos mí-chéadfhach go maith—an chuid dob’ fhearr de’n lá meilte agus fós gan trí ualach an asail de mhóin bainte agam. Ca’il an saothar mór do bhí agam le déanamh agus me ag gluaiseacht ó’n dtigh ar maidin? Machtnamh eile do rith im’ aigne: an amhlaidh a bhíos féin ceapaithe ag an bhfile chun mo chuid aimsire a chur amú orm seachas aon duine eile do bhí san oileán; mar ná feicinn ag déanamh mór-ghnáth ar aenne eile é ach orm féin amháin. D’athruigh na smaointe ana-mhór me insa tslí gur cheapas dom féin, an chéad uair eile a thiocfadh sé treasna orm ná labharfainn focal leis agus annsan go [ 170 ]gcaithfeadh sé imeacht uaim. Ach machtnamh dob’ eadh é nár dheineas a chóimhlíonadh agus is maith liom san.


San am san de’n tsaoghal ní raibh aon naomhóg annso, ná aon fhearas a bhí ag oiriúint di, ach báid mhóra go mbíodh hochtar fear ’á leanúint do shíor. Saighne mór trom ins gach bád aca, clocha ceangailte d’á bhonn do dhéanfadh é shúncáil agus cuirc ar an dtéid uachtair chun an t-uachtar a choimeád ar barra. Bhíodh báid bheaga leis ann a bhíodh age daoine críona agus age slatairí óga ag iascach doraithe, agus bhídís lán de’n tsaghas sin éisc go minic.

Dubhairt duine lá éigin go raibh beirt ó’n oileán a chuaidh ar an aonach ’on Daingean agus ar bheith ar meisce dhóibh gur cheannuigheadar naomhóg ó dhuine éigin. Ní fada go bhfeacathas ag teacht í agus do deineadh iongantas an domhain di. Do chrom na mná, gurbh’ iad a bhfearaibh a bhí innti, ar ologón go fada, bog, binn an uair a chonnacadar an chleiteóg bháid go rabhadar innti. Ach do ghaibh beirt de bhuachaillí óga chúcha agus ar siad leo—“Dhera, ná caillidh bhur gciall; ná déanfaidh beirt againn-ne an gnó comh maith dhíbh má báithtar féin iad!”

Níor mhallachtaí go dtí mar fuair an bheirt bhuachaillí ó’n mbeirt bhan ochlánach, mar do cheapadar gur le neamh-thruagh dóibh do bhíodar. Níorbh’ fhada ó’n mbeirt bhan do bhíos féin san am gcéadna agus is maith an gáire do dheineas fé chomhrádh na mbuachaillí. Nach ullamh a bhíodar láithreach chun gabháil leis an mbeirt bhan dubrónach comh luath agus a bheadh an bheirt a bhí aca scartha leo!

Cúpla lá n-a dhiaidh sin thugas turus chun cnuic ag triall ar ualach móna agus cad a chífinn ná an naomhóg fém’ bun síos agus í lán de rudaí éigin istigh innti agus é ’á chaitheamh i bhfairrge, dar liom. Ach do chomáineas liom agus thugas an t-ualach móna liom. Níorbh’ í naomhóg na beirte bhí ann mar bhí sí sin ar chalath an oileáin.

D’fhan an scéal mar sin go tráthnóna nó gur bhuail an [ 171 ]naomhóg an Gob andeas, ceathrar fear innti, agus do bhuaileadar suas ar chalath an Oileáin í agus chromadar ar bheith ag lorg lóistín. Do bhí beagán bidh agus annlain aca i mála bán. Fuaireadar tigh lóistín. Ó Dhaingean Uí Chúise dob eadh iad agus aithne mhaith ortha, dar ndóigh.

Is i dtigh Phaid Shéamais do stadadar agus do bhí a gcuid bídh féin aca agus gan le tabhairt aca ach seachtain gach turus mar do bhíodh ortha dul abhaile leis an seilg. Potaí chun beirthe ar ghleamaigh na neithe úd a chonnac-sa ’á chaitheamh ’on fhairrge. Do bhí muinntir an Bhlascaeid san am san comh dall ar an saghas san fearais iascaigh le cléirigh bainnc. Níor ró fhada de’n mbliain go raibh cheithre naomhóga ó’n nDaingean ag iascach ghliomach sa Bhlascaod ar an sórt so slí.

Thug muinntir an Daingin luach na gcéadta púnt de ghleamaigh ó chósta an Oileáin tiar sara raibh aon chur amach againn féin ar aon scilling a bhaint asta. Do bhíodh púnt an dosaon ortha agus, rud eile dob’ fhearr ná san, níor dheacair an dosaon d’fhagháil.

Sa am gur chuaidh na daoine amach ortha do chuir an bheirt seo go raibh an naomhóg ceannaithe aca potaí innti. Thógadar isteach slataire eile. Thugadar san bliain ag iascach gan aon cheann eile ó’n áit seo ach í, agus dheineadar púint. Sa mbliain a bhí chughainn dob’ eo le gach criú le chéile ag soláthar naomhóg agus níorbh fhuirist iad d’fhagháil mar ná raibh ’á ndéanamh ach beagán. Do bhí ó n-a hocht go deich de phúntaibh ar gach ceann nua aca.

Dob’ eo liom féin ag soláthar comh maith le duine eile agus Paid Shéamais i n-éineacht liom. Thugamair fear maith eile linn. Do bhuail an naomhóg liom-sa go sonaoideach, déanta nua, age fear muinnteardha dhom agus thugamair linn í ar hocht púint. B’éigean dúinn imeacht arís ag soláthar slat chun na bpotaí a dhéanamh agus do lean fuirse maith sinn an t-am go rabhadar ag iascach againn. Do bhreacamair an saosúr leo agus an aimsir bhreagh, agus do bhí deich bpúint [ 172 ]ag an bhfear againn tar éis díol as an naomhóig. Daoine insa Daingean a bhíodh ’á gceannach an uair sin agus a thuille againn a chuireadh amach ’ár dtómas féin iad. Seilg deas dob’ eadh iad mar do bhí an meath dulta ar an iascach saighne san am san.

San am go raibh dosaon de naomhóga ag iascach ghliomach san oileán so ba chlos do dhream i Sasanna é agus do chuir cualacht aca bád umair ag friotháilt ar an áit—sin bád nó árthach go mbíonn slí ag an bhfairrge bheith isteach agus amach i gcuid d’á cabhail chun na gleamaigh a choimeád ’n-a mbeathaidh ann.

Do bhíos féin agus Paid Shéamais tugtha go maith dhóibh moch, déanach. Do bhíodh deich scillinge an dosaon ’á thabhairt ortha tamall maith de’n bhliain agus nuair a théighidís chun tirceacht do bhíodh scilling an ceann aca ’á thabhairt ortha. Do lean mar sin cúpla bliain nó trí agus do sheol cualacht eile i Sasanna bád eile go dtí an Blascaod agus scilling bhreise insa dosaon le fagháil uatha. Dob’ é an fear nua an fear, dar ndóigh, mór mhór nuair a thug sé an bhreis leis. Do chuaidh leath na naomhóg go dtí gach treibh aca d’fhonn iad a choimeád ag gluaiseacht.

Do bhí gleamaigh le fagháil go flúirseach san am úd. Níor mhór na blianta bhí caithte san am gur ghlaoidh báid ó’n bhFrainnc agus scilling ar gach breac i rith na bliana le tabhairt uatha aca. Sin mar bhíodar ag gluaiseacht nó go raibh an cúigiú cualacht ag séideadh na h-adhairce ar chósta an Bhlascaeid ag soláthar ghliomach.

Chaitheamair beagán blianta mar sin agus gan aon cheal scillinge ar na h-iascairí agus an bád ag teacht go bun an tighe chughainn agus an t-ór buidhe ar bórd chun díol as an seilg, d’á throime mar bheadh sé.

Le linn na gcúmplacht san do bheith ag cur na mbád úd chughainn iseadh bhí tosnú ar an gcainnt ar fuaid na hÉireann ar Rialtas Dúthchais d’fhagháil, nó Hóm Rúil mar tugtar air i dteangain éigin eile. Is minic adubhart féin leis na [ 173 ]h-iascairí go raibh Hóm Rúil tagaithe i gan fhios do mhuinntir na hÉireann agus gur sa Bhlascaod a bhí tosnaithe aici comh fada agus bhí ór buidhe Shasanna agus na Frainnce ag teacht ag ceannach ár gcuid éisc go bun an tighe chughainn agus sinn beag beann ar aenne.

Níl aon fhios cad d’fhág na longa úd d’ór agus d’airgead ar chósta Chiarraighe insan am úd agus ceannathóirí eile insa chuid eile de’n bhliain ag ceannach mairciréal agus longa gail aca ’á thiomáint úr ins gach áit. Do bhuail cúig nó sé de chéadtaibh mairciréal Bhealtaine liom féin oidhche insa Mhárta agus thugamair go dtí cé an Daingin iad. Fuaireamair cheithre púint an céad ortha.

An fhaid a bhí na longa san ag teacht ar an gcósta ní raibh ceal púint ar aon duine bocht ann. Do bhí na gleamaigh gach saosúr le fagháil. Do bhíodh iasc méirneála le fagháil insan oidhche tamall de gach bliain agus do dheinimís ana-lámh ortha mar do bhí na báid mhóra agus na fearaistí i bhfad againn tar éis na saighní do theip.

Do bhí bliain aca san gur dheineamair ana-lámh ar iascach na h-oidhche agus an uair do bhí sé leasaithe againn—cnocáin mhaithe dhe—ní raibh aon ghlaodhach i nDaingean Uí Chúise air. Do ghaibh tuairisc thríd an dtír go raibh ana-cheannaidheacht ar iasc i gCathair Uibh Ráthaigh mar go raibh iasc tearc ann. Annsan bhí criú an bháid againn-ne ag sporaidheacht ar a chéile gurbh’ olc an dream sinn ná líonfadh isteach ár mbád de, na seolta thabhairt di agus í scaoileadh treasna ó dheas trí Bhágh an Daingin agus gurb ann ba ghiorra do bheimís ag díol ár gcuid éisc.


Ar maidin Dé Luain do bhí chughainn do líonamair isteach an “Collach Dubh” de mhairciréil bhuidhe, iasc ná raibh mór ná garbh. Do bhí cóir ó dheas againn, lán na seolta de ghaoith adtuaidh, nó gur shroicheamair tigh an tsoluis atá i mbéal chuain Dhairbhre agus as san nó gur shroicheamair suas Cathair Saidhbhín.

[ 174 ]Ar shroichstint cé na Cathrach dúinn do bhí a lán ag teacht fé ár ndéin. Do theastuigh uainn tuairisc do chur an raibh aon cheannathóirí éisc insan áit agus do bhí freagra le fagháil go raibh; agus do bhí cuid aca ar an bhfód. Do chrom fear aca ar bheith ag ceannach an éisc ach ba bheag é a thairiscint de bhreis ar mar cheapamair. Do ghaibh fear eile an tslip anuas agus do chuir míle fáilte romhainn, gotha agus imeacht an duine uasail air. Thug sé amach as an mbád sinn agus thug deoch dúinn agus do cheannuigh a raibh d’iasc sa bhád ar choróin an céad, agus thug leis chun lóistín go tigh a athar sinn i gceart-lár na Cathrach. Do chaitheamair biadh ann agus annsan do chuireamair ar láimh an t-iasc go dtí an bhfear a cheannuigh é agus an uair a bhíomair réidh le chéile agus sinn díolta aige, thug sé deoch agus deoch eile dhúinn agus ní thógfadh sé faic uainn.

Do bhaineamair tigh an ósta amach aríst agus do chuireamair i gcead fhir an tighe an mbeadh aga againn geádh a thabhairt fé’n sráid. Dubhairt sé go raibh breis agus uair a’ chluig agus gurbh’ ’in é ár ndóthain. B’eo le triúr againn i n-éineacht, mar do bhí an chuid eile ’gainn do bhí sa bád scoth-aosta agus níor theastuigh turusóireacht uatha. Do chuamair isteach i siopa breagh ólacháin agus d’fhéachamair timcheall ann. I gceann tamaill do bhuaileamair amach agus do bhíomair ag siubhal na sráide síos, suas dúinn féin. An uair ba mhithid do gach nduine bheith ag dul mar ar cheart dóibh é do chasamair ar thigh an lóistín agus timcheall leath-slí go dtí é ar chúinne sráide do bhuail triúr ban linn, an triúr ban dob’ acmhainnighe, ba threise agus ba bhreaghtha deilbh agus déanamh d’á bhfeacaidh triúr againn riamh.

Do bhí duine againn go raibh a cheann liath, agus níor le h-aois é, agus do labhair na mná leis. Béarla cruaidh do chuireadar air ar dtúis agus do bhí beagán de Bhéarla briste ag an bhfear liath ach ní thuigfeadh ar fónamh aon chuid de. An fear eile bhí orainn ní thuigfeadh san Béarla, briste ná slán. Do bhí an bhean fhionna-ruadh, do bhí ag cainnt [ 175 ]glan sé troighthe, scoth gruaige uirthi agus í go rábach. Bean éisc dob’ eadh í agus thug sí tuairim aithne gur de’n chéird chéadna sinn-ne agus bhí sí ag brúghadh muinnteardhais orainn. Ní ró fhada gur chuala:

“Come along, Blashket man, won’t ’ou have a dhrink?” ag an mnaoi ’á rádh leis an bhfear liath.

“I bhóint nait, Meám,” arsan fear liath bocht, mar nár thuig an scéal sa lán-chruinn, agus de gheit do chas sé chun teichte agus le linn casadh dho chuir sí crúca i ndrom a bhest agus thug léi ó mhullach talamh an píosa san. Do lean an bhean ruadh go béal dorais tighe an lóistín sinn chun drom a bheiste thabhairt do’n bhfear liath, agus bhí luas anáile ar bheirt againn-ne d’iarraidh coimeád suas leis an sciúird siubhail a bhí fé ár nduine ag imeacht uaithe.

Do chodluigheamair go maith an oidhche sin agus an uair a bhí solus an lae againn, agus ár gcuid bidh caithte, do bhuaileamair amach. Do bhí an fear liath gan aon bhest agus do cheannuigh sé bhest nua agus do cheannuigh drom nua do’n gceann stracaithe. Do bhí gach nduine ag ceannach rudaí suaithinseacha ar fuaid na Cathrach insa tslí nár thug aon duine de chriú an bháid leath-phingne go dtí an Blascaod d’fhiacha na mairciréal mbeag. An uair a bhí ár ngiúirléidí go léir bailithe le chéile b’eo linn ag baint an bhaile amach.

Nuair a bhuaileamair an baile b’éigean dúinn cur síos ar gach aon scéal dóibh; agus, mar is gnáth riamh, do bhí fear toirmisc ’nár measc agus níor mhór do scéal na bheiste tharrac anuas. Do chuir sé croiceann ar an scéal dóibh agus ní mór ná gur thairrig sé fuath idir an bhfear liath agus a bhean, agus ní slán a chuaidh an chuid eile againn ach oiread. Pé rud a bheadh ar earraí i nUibh Ráthach as súd amach ní raibh mór-fhonn ar mhná an oileáin go ceann i bhfad na fearaibh a leigeant ag díol aon ní ann. Is mór an toirmeasc a dheineann cainnt dhíomaoin uaireannta.

[ 176 ]Tamall fada ’n-a dhiaidh sin iseadh thugamair an chéad turus eile go h-Uibh Ráthach. Oidhche stoirme tháinig agus maidean lár-na-mháireach do bhí ceann de sna báid mhóra fuadaithe chun siubhail. B’í bád a bhí imithe ná ár mbád-ne. B’eo liútar-éatar ar fuaid an bhaile. Ba mhór an díobháil dúinn é mar ba bhád breagh nua fós í; agus am de gach bliain go mbíodh seilg mhaith againn ’á dhéanamh léi. Bhí sí imithe gan tuairisc uainn.

Lá de sna laethe do bhí mo thurus féin ar Dhaingean Uí Chúise. Lá Sathairn dob’ eadh é. An uair sin bhíodh báid stróinséartha thar lear ag lorg mairciréal Bhealtaine ar fuaid an chósta so agus bhídís ar fad stadaithe insna cuanta ó Shatharn go Luan. Do bhíodar i gcuan an Daingin an lá san.

Ar dhul isteach i dtigh dom seadh chuala buachaill as ceann aca ’á rádh le fear an tighe go bhfuair bád aca, ar maidin an lae sin, bád breagh raice timcheall na Scealg agus gan maisle ná máchaill uirthi agus gur cuireadh isteach ar ché na Coise í i nDairbhre, fé chúram an tsagairt a bhí san oileán, chun í chur i dtreo an dreama gur leo í.

“B’fhéidir,” arsa fear an tsiopa liom-sa, “gurb’ í sin bhúr mbád-ne.”

“B’fhéidir é,” arsa mise leis. Thugamair comharthaí do’n bhfear óg agus thug sé sin comharthaí dhúinn ar an mbád, agus dheineamar amach gurbh í an “Collach Dubh” a bhí ann.

Dubhart le fear an tighe an deoch dob’ fhearr a bhí istigh a chur amach go dtí an stróinséir fir a thug an scéal maith chugham. Is amhlaidh a chuir an stróinséir scearta gáire as. “Ní foláir nach é an fear go bhfuil a bháidín imithe leis an muir a thabharfadh deoch dúinn-ne go bhfuil ár mbád againn, agus rud tuillte againn tar éis na seachtaine. Téigheadh an deoch so orm-sa,” ar seisean; agus ní bheadh sé sásta le n-a mhalairt.

Nuair a bhuaileas amach do bhuail fear ó Dhúnchaoin liom agus a chapall gabhtha aige chun dul abhaile agus fuaireas [ 177 ]marcaidheacht go Dúnchaoin uaidh, me féin agus na giúirléidí do bhí bailithe agam sa bhaile mór. Ba mhaith uaidh sin agus ba mhór é mo bhuidheachas air. D’fhanas an oidhche sin ’n-a theannta i nDúnchaoin agus ar maidin an Domhnaigh bhí báid an oileáin amuich chun Aifrinn. Mo dhoigh! nuair a chualadar go raibh an bád eile sábhálta ar an ngóilín thall i nDairbhre do bhí áthas agus iongantas ortha.

Ar maidin Dé Luain do ghluaiseamair leis an mbád eile ó dheas hochtar againn innti chun go mbeadh ceathrar ins gach bád ag teacht. Ar shroichstint na h-áite theas dúinn do bhaineamair amach cé na Coise atá i nOileán Dairbhre agus do bhí an bád ann go slán romhainn. Tháinig fear leis an Rí chughainn, duine de lucht faire an chuain, agus do chuir ceist orainn ar linn-ne í. Dubhramair leis gur linn agus d’fhiafruigheamair de an raibh sí réidh againn chun breith linn; má bhí go mbuailfimís chughainn í ó bhí an tráthnóna breagh againn chun gabháil ó thuaidh; go raibh an chabhair lag againn chun an dá bhád mhóra a bhreith linn dá mbeadh aon ghairbhthean ar an bhfairrge ’ár gcoinne. Dubhairt sé linn nach aige féin a bhí aon teideal ar an mbád ach go raibh ’á haodhaireacht; gurb é sagart paróiste an oileáin gur caitheadh suas air í, agus go gcaithfimís é sin ’fheiscint.

Ní raibh an Sagart Paróiste sa bhaile chuige agus toisc gur mar sin do bhí an scéal b’éigean dúinn lóistín a thógaint i gCathair Saidhbhín an oidhche sin. An tigh céadna go rabhamair roimis sin ann do bhaineamair amach. Do chuir beirt aosta an tighe fáilte rómhainn. Barra na cluaise bhaint díom, ó lasadh soillse, nár mhór an tsráideóireacht a dheineamair insa Chathair an oidhche sin.

An uair fháisceamair suas sinn féin ar maidin is é an deoch an chéad rud a chuaidh ar ár gcroidhe; an biadh ’n-a dhiaidh agus sinn ag tógaint gach ní comh breagh, comh bog agus gur ag calath an Bhlascaeid a bheimís.

“Bhur n-anam agus bhur gcorp!” arsan captaen. [ 178 ]“A’ bhfuil aon imníomh oraibh ach mar sin? Cathain a bheidh dhá stúmpa báid ar chalath an Oileáin agaibh?”

Fear an toirmisc do fhreagair é gan amhras agus dubhairt: “Lá d’ár saoghal iseadh é agus ár lá deireannach insa Chathair seo b’fhéidir,” ar seisean.

Do bhí an fhírinne aige mar nár chuaidh aenne d’á raibh ann an lá san ’on Chathair riamh ó shin.

Nuair a thánamair go Dairbhre is amhlaidh a bhí an sagart ag feitheamh linn-ne i n-ionad sinn-ne bheith ag feitheamh leis an sagart. Do bheannuigheamair d’á chéile agus cheistigh sé i dtaobh an bháid sinn agus annsan thug dúinn í le breith abhaile.

Ní bheimís sásta gluaiseacht annsan gan tigh na dighe bhaint amach go n-ólfaimís deoch an dorais, ach b’shiúd é an deoch fada leadránach. Fear na gcros fé ndeara ar dtúis é ach thairrig fear eile deoch ’n-a dhiaidh, agus fear eile agus fear eile, agus sé a fhaid ar a ghiorracht é gur fhanamair ann go h-oidhche.

Do bhí Bágh an Daingin orainn a chur dínn agus sinn ró lag do’n dá bhád mhóra fé bhun córach do bheith againn agus ní raibh sí sin ann. Fear a bhí ábalta ar a ghnó a dhéanamh agus beirt ná raibh. Fé dheire do thoiligheamair fuireach go maidean agus tosach an lae a bheith againn, pé scéal é. Thug fear an tighe slí dhúinn agus ba mhaith linn sinn. Do bhí Saoire le bheith lár-na-mháireach ann. Timcheall a deich a chlog do bheadh an t-Aifreann ann agus do bheadh lá fada againn as san amach.

Ar maidin an uair do chaitheamair biadh do bhuaileamair siar fé’n oileán mar is i lár Oileáin Dairbhre atá an séipéal. Do bhíomair ann roim am agus sinn ag breithniú ar gach ní mar thárlaidh dúinn. Talamh mór age cuid de sna daoine ann—sa chuid is fearr de’n Oileán, dar ndóigh. Stróinséirí dob’ eadh iad san; cuid eile aca ar bheagán, agus é sin sa droch-áit.

Do shroicheamair an séipéal ar an gcuma so agus sinn ag ceistiú buachaill ó’n gCé do bhí i n-éineacht linn. Seana-shéipéal [ 179 ] do bhí ann, cheithre binn air agus gan é árd ná mór. Dhá thigh tábhairne os a choinne amach.

An uair a bhí an pobal cruinnithe bhíodar go néata ann agus cé gur oileán é ba dhóigh gur i gceart-lár na tíre a tógadh iad. Maidir le h-éadach, go glan slachtmhar, do bhí sé ortha. Ar dhul isteach ’on tséipéal dúinn do bhí a lár folamh go dtí sna frathacha agus lochta ar an gcuid eile dhe i gcoinne gach binne ó’n dtaobh istigh. Pé beag, mór de phaidreacha adubhart níor choimeád sé me gan mo shúil do bheith agam ar an bpobal agus ní raibh croiceann buidhe ná ceann dubh agam le feiscint insa phobal istigh ná amuich.

Níor bhacamair le tighthe an tábhairne an uair a bhí an tAifreann ráidhte ach cur dínn aniar treasna an oileáin; mar do bhí súil againn le teacht abhaile cé go raibh an lá stracaithe láidir go maith insan am san. Chuamair isteach i dtigh feirmeóra agus fuaireamair bainne le n-ól ann. Dubhramair le n-a chéile annsan go mb’fhearra dhúinn dul go radharc na fairrge ó thuaidh agus súil-fhéachaint a thabhairt uirthi féachaint cad é an cló bhí uirthi nó an raibh sí ró mhaith dúinn chun rith treasna.

Nuair a chuamair go barra maol-chnuic a bhí ann thángamair go dtí an coiréal mór slinne atá ar thaobh an chnuic ann. Radharc mór dúinn-ne dob’ eadh é sin. Ghluaiseamair linn anuas ó’n gcoiréal agus bhí radharc greanta le feiscint annsan againn ar áit an duine uasail, an Ridire Ciarraigheach. Ridire Ghleanna Laoim a bhíodh go minic mar ainm air mar is insa Ghleann Laoim seo do bhí a chúirt agus a dheagh-bhaile. Ní raibh taithighe againn-ne ar áiteanna d’á saghas a dh’fheiscint agus cárbh’ iongnadh dhúinn iongantas a dhéanamh de.

Do bhí i gcuan Dhairbhre insan am san de ló an radharc ar chrannaibh is mó do chonnacamair riamh. Is ar bhádaibh móra agus ar longaibh beaga do bhí na crainn seo go léir mar dob’ fhada agus ba ghearra a bhí báid iascaigh tagaithe annsúd an bhliain sin ag marbhú mairciréal. Do bhí airgead [ 180 ]go leór ’á dhéanamh ann agus ní raibh an duine bocht féin gan púnt.

Sé críoch agus deire an scéil é go raibh an lá nach mór meilte againn ag féachaint ar so súd san am gur bhaineamair amach cé na Coise. Ní h-aon dochar a dhein san dúinn, áfach, mar do bhí an lá ag teacht anuas. Cé go raibh sé lán-sceabhach ar maidin ní raibh puth as an spéir san am so ann.

Do phreabamair go dtí sna báid de’n iarracht san agus do chuireamair ar snámh iad agus do bhailigheamair na giúirléidí a bhain leo isteach ionnta. Sin é an uair a labhair fear na gcros, a bhíodh ’n-ár dtreo do shíor, agus dubhairt nár mhór do dhaoine bochta gan aon tart a bheith ortha ag tabhairt fé’n mbágh ó thuaidh.

Do fhreagair fear eile agus adubhairt go mb’fhéidir ná raibh puinn isna pócaí age sna fearaibh.

“Ní foláir nó is olc an póca ná beadh faic ann,” arsa fear so an toirmisc. “Tabharfad féin deoch díbh,” ar seisean.

Ní raibh aon ní eile le déanamh ach dul leis. Chuathas. Ghlaoidh sé ar ghalún de’n lionn dubh. Ar amharc timcheall d’fhear na dighe do tharrac do bhí fear de’n hochtar ná raibh istigh agus do chuir fear amach féachaint cá raibh sé. I gceann de sna báid le h-ais an ché bhí sé. Toisc ná raibh aon scilling aige féin bhí scáinteacht air teacht sa chuideachtain agus chuaidh sé dian a dhóthain ar an dteachtaire é thabhairt leis. Sa deire ní raibh aon tart ar aenne agus do ghluaiseamair chun an bháid. D’fhágamair slán agus beannacht age cé na Coise an tráthnóna aoibhinn caithiseach Saoire sin. Thugamair deire na mbád do thír agus a dtosach do mhuir, fé mar dheineadh na laocha groidhe fad’ ó, agus bhuaileamair an góilín amach. Do bhí an solus lasta i dtigh an tsoluis agus sinn ag fágaint an chuain. B’eo leis an dá bhád againn le chéile nó gur bhaineamair calath an Oileáin Tiar amach. Toisc go raibh an oidhche gearra agus í breagh agus gan deabhadh ná deithneas orainn do bhí an lá ann san am go raibh na tighthe sroichte againn.