An t-Oileánach/3

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Na tighthe bhí againn
[ 34 ]

III
NA TIGHTHE BHÍ AGAINN

A méid, a ndéanamh, an troscán, ár n‑ainmhithe agus ár n‑éanlaithe, ár gcóir bidh agus dighe.

Níor mhiste, b’fhéidir, a chur síos annso beagán cúntais ar an bhfeiste bhí orainn san oileán so le linn m’óige-se; go mór mhór ó tá an saoghal a bhí ann an uair sin imithe agus gan a chuimhne ag aenne atá suas anois ach age beagán sean-daoine.

Maidir leis na tighthe bhíodh againn le linn m’óige agus go ceann tamaill mhaith ’n‑a dhiaidh sin níor mhar a chéile bhídís, dáltha gach aon áit eile. Do bhíodh cuid aca maisiúil seachas a chéile agus a thuille aca ana-shuarach. Bhí roinnt ortha agus gan ionnta ach deich dtroighthe ar faid agus ocht dtroighthe ar leithead agus ó shin amach go mbíodh go dtí a cúig déag nó fiche troigh ionnta. D’fhonn roinnt a dhéanamh sa tigh bhíodh dresser treasna lár an tighe ó’n bhfalla ar thaobh agus síonáil ag freagairt do ó’n dtaobh eile. Do bhíodh dhá leabaidh laistíos díobh san. Daoine ionnta. Bhíodh dhá mhuic ag dul fé leabaidh aca agus bhíodh prátaí fé’n gceann eile. Comhra mhór idir an dá leabaidh i gcoinnibh na binne. Insa taobh eile de’n síonáil—taobh na cisteanach—bhíodh na daoine i rith an lae nó cuid de’n ló, deichniúr aca b’fhéidir. Do bhíodh cúib leis an síonáil; cearca innti; cearc ar gor i n‑aice léi i seana-chorcán. Istoidhche bhíodh bó agus dhá bhó, gamhain nó dhá ghamhain, asal, dhá mhadra ceang[ 35 ]ailte de thaobh an fhalla nó ar fuaid an tighe. Tigh go mbeadh muirear mór ann do bheadh leabaidh chnaiste insa chúinne annsan nó b’fhéidir leabaidh ar an úrlár. Bheadh an dream aosta innti sin i n‑aice na teine; dubhdóg de phíp chré i bhfearas aca, nó dhá cheann má bheadh beirt aca beo, agus iad ’á ól. Sop siúirlín déanta de thuighe aca; teine mhaith stuaicín ré-dhearg aca go maidean; ar gach múscailt an sop a chur ’on teine agus plubóg ’á bhaint as an bpíp; má bheadh an tseana-bhean aige an sop a shíneadh thairis isteach; annsan gal an dá dhubhdóige ag baint an tsimné amach gur chosúil le luing gaile leabaidh na beirte nuair a bhídís ar lán-séideadh. Bhíodh an cúpla madra nó trí luighte isteach age cosa na leabthan; an bhó nó na ba síos uatha san agus a gceann le falla; an ghamhain nó dhó agus rith na cistean aca agus a bpus leis an dteine. Bhíodh an t‑asal ceangailte ar an dtaobh eile de’n dtigh os choinne na mba agus cat go mbeadh cúpla piscín aici, b’fhéidir, i bpoll an iarta.[1] Gach a mbíodh eile de ghliogairnéis insa tigh is fé thóin an leabaidh chnaiste bhíodh sé istoidhche. Bhíodh an leabaidh so breis agus cúpla troigh ar aoirde ó’n dtalamh agus í déanta d’adhmad, nó d’iarann.

Bhíodh cuid de sna tighthe gan aon roinnt ortha chun seomra dhéanamh ach leabaidh chnaiste i gcúinne de’n dtigh agus leabaidh urláir sa chúinne eile; dresser leis an bhfalla nó leis an mbinn; na muca, nuair a bhídís aca, fé’n leabaidh áird; cúpla soitheach éisc nó trí is gach sórt tighe aca; agus i dteannta na n‑ainmhithe go léir eile b’fhéidir go bhfaghfá peata uain nó dhó ar fuaid an tighe.

De chlocha agus de mhairtéal chré a bhíodh na tighthe sin déanta agus gan mór-shlacht ar a lán aca mar do bhíodh deabhadh leo agus lámh gach aenne ionnta. Luachair nó geitirí an díon agus scraithín righin reamhar fé sin. Ní bheadh an díon go h‑olc dá leigfeadh na cearca dho; ach ní mar sin a bhíodh ach comh luath agus bheadh an luachair ag tréigean agus [ 36 ]piastaí ag teacht ann ní choimeádfadh fear gunna na cearca as ach iad ’á scríobadh agus ag déanamh nead ann. Bhíodh an braon istigh annsan agus b’é sin an braon ná beadh ró ghlan mar do bhíodh an iomarca de mhianach an tsúigh ann. Bhíodh poill comh fada isteach déanta aca go mbíodh na cearca ar iarraidh ó mhná na dtighthe mar ní thugadh an chearc cluas do ghlaodh an bhídh an uair a bhuaileadh an gor í. Thagadh taoscán hata nó caipín d’ uibhe age sna giarsacha anuas de sna tighthe go mion minic. Do loitheadh na h‑óga an díon, leis, mar bhídís ag síor-lorg na nead. Níorbh’ fhearr leat a bheith ar Aonach an Phuic lá ná bheith ag éisteacht le beirt bhan-tighe, go mbíodh a dhá dtigh ceangailte d’á chéile, ag troid na n‑ubh le ’chéile.

Na tighthe maithe bhí againn bhíodh ó n‑a dó dhéag de throighthe ar leithead ionnta agus ó n‑a fiche go cúig fichead ar faid. Bhíodh curpad agus dresser treasna d’fhonn seomra a dhéanamh taobh thíos díobh de chuid de’n tigh agus dhá leabaidh chnaiste laistíos díobh sain—dhá leabaidh árda chnaiste. B’fhéidir go mbeadh na muca insa chistin ins na tighthe seo ach ní raibh cró riamh amuich dhóibh. Bhíodh an díon céadna ortha san agus ar na tighthe beaga cé gur mó an lámh a dheineadh na cearca ar na tighthe beaga ná ortha toisc na tighthe beaga bheith íseal. Is cuimhin liom, áfach, scéal grinn a thuit amach ar cheann de sna tighthe móra so nár thuit a leithéid amach ar aon tigh beag aca i dtaobh na gcearc céadna. Do bhí muinntir an tighe seo lá cruinn baileach ag caitheamh bídh an tráthnóna; an bórd lán de phrátaí aca, iasc agus bainne; faobhar ar chairb gach nduine ’á meilt agus ’á scaoileadh siar; ciota de mhuga adhmaid lán de bhainne age fear an tighe ar cheann an bhúird. An fhaid a bhí a lámh sa phláta ag tabhairt ailp éisc leis do bhraith sé rud éigin ag tuitim[2] ’on chiota.

An uair d’fhéach sé síos ann do bhí an ailp múchta thíos sa bhainne. B’éigean an tlú d’fhagháil. Tógadh aníos é ach do chuaidh sé ó aithint ó n‑a raibh ag an mbórd.

[ 37 ]“Gearrcach sicín iseadh é,” arsa bean an tighe, “pé riach ruda thug ann é,” ar sise.

“Is cuma dhuit-se, insa fial, cad é an sórt é,” arsa fear an tighe, “taoi féin as do réasún go luath aige,” ar seisean, “nó cad as go gceapann tú go dtucfadh[3] a leithéid sin ort?” arsa fear an chiota.

Is ag dul ar buile do bhí a raibh ag an mbórd agus níorbh’ fhios conus mar bheadh an tráthnóna aca mara mbeadh gur thuit sicín eile anuas ar na prátaí ’n‑a bheathaidh.

“I gcúntais Dé cad as go bhfuil siad ag teacht?” arsa bean an tighe.

“Ná ficeann tú nach as Ofrann[4] atáid siad ag teacht!” arsa fear an tighe, “nach mór an ní gur anuas atáid siad ag gluaiseacht.”

Súil dár thug teallaire do bhí ar íochtar an bhúird anáirde ar fhrathacha an tighe do chonnaic sé an ghaoth agus an ghrian thríd isteach.

“Hanaman fial, tá poll sa tigh!” ar seisean. Leis an athair, “tair annso agus chífir é.”

Nuair a chonnaic fear an tighe an poll—“Ó mhuise, go mbeire an Fear Mór gach a bhfuil do chearca agus d’uibhe agus do ghearrcaigh leis amach ar an bhfarraige!” ar seisean.

“Nár éisti’ Dia leat,” arsan bhean.

Ar dhul go dtí an poll dóibh chun é dhúnadh do bhí deich cinn eile de shicíní ann, agus an mháthair.

Is i gceann de sna tighthe meánacha bhí mo chliabhán-sa. Tigh beag cumhang go maith dob’ eadh é ach é bheith slachtmhar, an méid a bhí ann de, mar do bhí m’athair ana-chliste is níor bhuail aon leisce riamh mo mháthair. Turn olla aici, turn lín, cárdaí; do bhíodh uirthi snáithín do shníomh do’n dtáilliúir anuas de’n chuigíl le n‑a turn féin. Ba mhinic a shnímh sí do bhudóga ban eile, leis, é ná bíodh aon chló ortha féin chun a dhéanta agus dá mbeadh féin ná leigfeadh an leisce dhóibh é.

Timcheall deich mbliana tar éis phósta dhom do thógas tigh [ 38 ]nua. Níor shín fear cloch chugham, ná mairtéal, faid a bhíos ’á dhéanamh agus do chuireas féin ceann air. Ní tigh mór é; mar sin féin dá mbeadh Rí Seoirse ar a laetheannta saoire ar feadh mí ann níorbh é gráinneacht an tighe ba ghalar báis do. Ceann feilte air, an saghas céadna atá ar gach tigh agus seomra ar an mbaile ó shin go dtí gur chuir an Bórd sé cinn de thighthe slinne suas. Le linn do’n tigh nua a bheith críochnaithe do léim cearc anáirde air. Do bhí m’úncail Diarmaid ag gabháil thar brághaid. Do stad sé ag féachaint ar an gcirc agus an t‑annrodh a bhí ag breith uirthi d’iarraidh fanúint anáirde air ach do chuir an feilt sleamhain anuas í.

“Tuille mór do’n tubaiste chughat an lá san do theacht ort gur chuir sé le faill tu,” arsa Diarmaid.

Le linn mise bheith beag dob’ iad Pádraig Ó Catháin agus, roime sin go maith, Pádraig Ó Guithín, an dá thaoiseach ba mhó a bhí insan Oileán. Pádraig Ó Catháin seo—athair críona an Rí atá anois againn—do chonnac féin ceathair nó cúig de bha bainne aige sin. Ní fheaca-sa an fear eile, an Guithíneach; clann a chlainne a bhí lem’ linn-se ann. Is minic a chuala go raibh ó hocht go deich de bha bainne aige siúd, láir chapaill agus céachta adhmaid. Láir dhearg dob’ eadh í. Do bhí an láir chéadna ag tarrac grin go dtí an seana-thúr atá annso, pé am a deineadh é sin,[5] agus b’é féin an giolla i n‑aois sé bliana déag. Do bhí Seán Ó Duinnshléibhe, file, ’n‑a bhunóic sa chliabhán an uair sin. D’fhág san sé bliana déag d’aois age athair críona an Rí ar an bhfile. Bhí leath dosaon tigh age n‑a leithéidí sin ann ná raibh ró dhona.

Saghas losaide an clár a bhíodh mar bhórd isna tighthe beaga—comhla go mbíodh gárda mór dtimcheall uirthi ná leigfeadh amach na prátaí ná aon rud do bheadh uirthi, agus fráma go mbíodh trí cosa fé, neart é dhúnadh isteach ’na chéile agus é féin agus an losad do chrochadh leis an bhfalla nó go mbeadh gnó arís dóibh.

Lá tháinig m’úncail Liam abhaile ó’n dtráigh, ocras agus faobhar chun bidh air. Do bhí fráma na dtrí gcos curtha ’n‑a [ 39 ]sheasamh agus an losad anuas air; í lán de phrátaí agus pé annlan eile do bhí leo. Do thuit cnap den losaid. B’eo leis an madra ’n‑a dhiaidh. D’árduigh leis an fráma agus an losad agus d’imigh a raibh uirthi an fuaid an tighe. B’eo an bhean ag bailiú na bprátaí. “Dar Muire, a bhean bheag, tá sé ’n‑a lá aonaigh agat!” arsa Liam.

Do bhíodh boulaí againn agus plátaí is gach tigh, mugaí adhmaid, cúpla cathaoir agus cúpla stól. Bhíodh na cathaoireacha fighte le súgán féir nó tuighe.

Croch iarainn a bhíodh an uair sin agus atá fós is gach tigh os cionn na teine chun rudaí a chrochadh ortha agus bhíodh tlú de shaghas éigin ar an dteinteán.

Tá cupaí agus sásair is gach tigh aca anois agus na dresseir lán suas go gléasta. Ní bhíonn ach na daoine amháin ins na tighthe comhnaithe anois; tá cróite amuich do gach ní eile.

Sligí agus úsc, faileóga nó geitirí ar an slige agus do réir mar bheadh sé ag caitheamh bheith ag cur air—b’in é an gléas soluis ba thúisce chonnac-sa. Ar ghabhair éisc a thagadh an t‑úsc agus as phullóga. Tumadh an ainm a thugaimís ar an mblonaig a bhíodh ins na gabhair; aedheanna an smeara a bhíodh ins na pullóga; iad san a leaghadh. Bhíodh íle róin, leis, mar sholas aca ach ba bheag a cuirtí ar an slige dhi mar d’alpaidís féin suas í, a gcuid aráin bhuidhe a thumadh innti, agus go mbíodh gádh leis sin. Dar liom go rabhas suas isna déagaibh go maith agus an gléas soluis seo ar siubhal.

Árthach beag miotail dob’ eadh an slige, déanamh báid nó naomhóige air agus gob nó dhá ghob air, trí nó ceathair de chosa fé agus lámh bheag nó cluas as a chliathán, ocht nó deich órlacha d’fhaid ann. Bhíodh an t‑úsc nó an íle róin istigh ann. Do deintí an gheitire nó an buaiceas a thumadh san úsc agus síntí amach thar ghob an tslige é agus lastaí annsan é. Do réir mar bhíodh sé ’á chaitheamh bhítí ’á shádh amach. An rud bán a bhíonn istigh i ngeitire iseadh bhíodh mar bhuaiceas [ 40 ]agus is minic a deintí de chórda bhog cadáis nó lín é. Is minic a bheadh sliogán mór i n‑ionad slige mar ghléas soluis. Níl dát agam leis an bpairifín a theacht. Cadhrán móna nó scolb giúise, a chloisinn eatartha, do bhíodh fadó riamh ann.

Do chaitheas féin tamall as m’óige ar dhá bhiadh insa ló. Bhíodh obair mhór déanta gach maidean, i dtráigh nó i gcnoc nó i ngort, agus na ba ag teacht ’á gcrúdh, san am go mbíodh biadh na maidine le fagháil agam. Bhíodh an ghrian ag tuitim siar síos go maith an uair a bhíodh biadh an tráthnóna agam. Ní bricfeast ná suipéar a bhíodh mar ainm againn ar na béilí sin ach mar sin.

Prátaí agus iasc, agus má bheadh braon bainne ann, an biadh insan am san. Ar dhul as na prátaí bhíodh min bhuidhe ann ná bíodh ach sciligthe—ná beadh aon dul age sna daoine atá anois ann cóir ná comhthrom do bhaint de’n arán a dheineadh sí, ’e cheal cairbe. ’Sé is truagh liom nach é an biadh céadna indiu agam é agus cairb chun a mheilte agam, agus sláinte.

Insan am san agus me óg, dhá chloich phlúir a thagadh chun na Nodlag. Bhíos im’ fhear sara dtáinig aon té agus an uair a thárlochadh púnt té ann chun na Nodlag bheadh sí spártha agus cuirfí i dtaisce í go dtí Nodlaig arís.

Ach tá atharach puirt anois le fada againn i gcúrsaí bídh; arán plúir againn, té, siúicre. Bíonn cuid aca ag blaistínteacht cheithre h‑uaire sa ló le biadh. Bhíodh oiread bídh caithte gach béile an uair úd agam leis na cheithre bhéile seo. Do mhaireadh daoine an uair úd dhá lá ar an mbéile sin má ba ghádh é. Ní raghadh fear faid píce anois an uair do bheadh sé tuitithe ar a thóin mar ná bíonn an béile caithte aige ach an suarachas ar fad.

  1. “Adharta” adeirtar.
  2. ‘Titiom’ adeirtar.
  3. .i. dtiocfadh.
  4. .i. Ifreann.
  5. Ceann de na túir Martello a tógadh le linn Napóleon.