Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/IX

183757Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas — SCEUL AN GHÁRLAIGH SHLIOGÁNAIGHPádraig Ó CadhlaLewis Carroll

[ 104 ]CAIBIDIL A IX

SCEUL AN ĠÁRLAIĠ ṠLIOGÁNAIĠ

“Ní ḟeadar tú cadé an t-áṫas a ċuireann sé orm tú d’ḟeicsin arís, a ḋuine mo ċroiḋe!” arsaiġ an Ḃaintiġearna, ag cur a láiṁe isteaċ in oscail Eiḃlís agus dá hárdaċ léi ag siuḃal ṫimċeall na páirce.

Ḃí áṫas ar Eiḃlís í ḃeiṫ ċoṁ séiṁ, ċoṁ cuidearṫa sin seoċus an lá casaḋ uirre ’sa ċistin í, agus ḃí sí ag cuiṁneaṁ in a haigne féin gur dóċa gurḃ’ é an piobar ba ċionntaċ le mí-iomċur alltaċ an lae sin.

“Nuair ḃead-sa im’ ċéile ag tiġearna,” arsaiġ Eiḃlís léi féin (agus ní haon ṁuinġín ró láidir ḃí aici go mbeaḋ), “ní ḃeiḋ aon ġráine piobar agam im’ ċistin. Deunfaiḋ an anairṫe an gnó go maiṫ gan é. — Béidir gurb’ é an piobar is cionntaċ i gcoṁnuiḋe le teasuiḋeaċt agus mí-iomċur na ndaoine,” agus lean sí uirre mar sin ag deunaṁ a maranna ar an sceul agus í go mór innte féin go raiḃ rud éigin nua deunta amaċ aici, “agus ḃinéigire a ḋéineann mí-ṡásta leis an saoġal iad, purgóidí a ḋéineann searḃasaċ iad; agus an siúicre, dar ndóiġ, a ḋéineann na leanḃaí deaġ-iomċuraċ, deaġ- ḃeusaċ; — boċt an cás ná tuigeann na daoine níos fearr an méid sin, ní ḃeidís ċoṁ táir sin fé na milseáin a ṫaḃairt uaṫa dá dtuigfidís.”

’Sa maċtnaṁ dí níor ċuiṁniġ sí go raiḃ [ 105 ]an Ḃaintiġearna in a cuideaċtain in aon ċor gur ċuir sí sin í féin in iúl dí agus go nduḃairt sí, “Tá tú ag maċtnaṁ ar rud éigin agus baineann sin do ċaint díot. Ní ḃfuiġfinn a ráḋ anois díreaċ cadé an múineaḋ ḃaintear as sin, aċt is cuma é, cuiṁneo’ mé ar an nómant air.”

“Béidir ná fuiġtear aon ṁúineaḋ as sin,” arsaiġ Eiḃlís.

“Hut, hut, a ḋuine! ní ḟuil dada ná fuiġfí an múineaḋ as, dá n-éireoċ’ le daoine é d’ḟaġáil"; agus d’ḟáisc sí í féin isteaċ níos giorra ḋo Eiḃlís.

Níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís í ḃeiṫ dá fáscaḋ féin isteaċ léi: ’sa ċeud áit ḃí an mí-áḋ le grándaċt ar an mBaintiġearna; agus rud eile, ḃí sí díreaċ árd go leor a smeigín a leagaint ar ġualainn Eiḃlís, agus ḃí an smeigín ceudna sin ċoṁ geur le cloiċ. Mar sin féin níor ṁaiṫ le hEiḃlís ḃeiṫ mí-ḃeusaċ, agus ċuir sí suas leis ċoṁ maiṫ agus a ḟeud sí. “Tá ag éiriġe níos fearr leis an gcluiċe anois,” arsaiġ Eiḃlís, ag deunaṁ iarraċt éigin ar an gcaint a ċoimeád ar siuḃal.

“Tá sin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus an ḃfuil a ḟios agat a ṁúineaḋ sin? Seo é —‘dá ġiorraċt do ḋuine a ċóta is giorra ná sin dó a léine.’”

“Agus ná duḃairt duine éigin,” arsaiġ Eiḃlís, “gur milis an rud é an t-anam.”

“Ṁuise, is mar a ċéile é,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, ag cur iarraċt dá smeigín síos tré ġualainn Eiḃlís, “agus an ḃfuil a ḟios agat a ṁúineaḋ sin — ‘ċoṁ mar-a-ċéile an dá ṁarḃ laoġ.’”

[ 106 ]"Naċ iongantaċ an caiṫeaṁ in a ḋiaiḋ atá aici,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin, “múineaḋ ḃaint as gaċ aon rud!”

“Tá mé ag cuiṁneaṁ,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, “gur ait leat ná fuil mé ag cur mo láṁ ṫimċeall ort, aċt ċum na fírinne d’innsint duit ní ḟuil aon ṁuiniġín agam as do ċorr-iasc. Ní ḟeadar an dtriailfinn é?”

“Is baoġal liom go gcuirfeaḋ sé gob ionnat,” arsaiġ Eiḃlís, mar nár ṫaiṫniġ léi in aon ċor go ndeunfaḋ sí a leiṫéid.

“Tá an ceart agat,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “nár airiġ tú riaṁ corr-iasc nó míoltóg, míoltóg, míoltóg! agus a ṁúineaḋ sin, ’ní ṫuigeann an sáṫaċ don seang, nuair atá a ḃolg féin teann.’”

“Is eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt ní teann bolg corr-éisc.

“Tá an ceart arís agat,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “naċ cruinn a laḃrann tú i gcoṁnuiḋe?”

“Deirtear,” arsaiġ Eiḃlís, “gur binn beul mná in a tost.”

“Agus a ṁúineaḋ sin,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, “ná bíonn saoi gan loċt.”

“Ó, tá a ḟios agam,” arsaiġ Eiḃlís, agus ná feadar sí in aon ċor cad duḃairt an Ḃaintiġearna, ḃí a leiṫéid sin de leigint cainte fúiṫe, “fios fáṫ scéil gan bun.”

“Táim ar aon aigne leat ’sa méid sin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus a ṁ——.” Níor ċríoċnuiġ sí an focal agus ċrom sí ag crioṫ le fallsaor agus ṫuit a ḋá láiṁ síos léi. D’ḟeuċ Eiḃlís uirre agus b’ait léi cad ḃí ag teaċt uirre — ṡíl sí gur dá taċtaḋ ag an [ 107 ]diuc ḃí sí — aċt cad ḃeaḋ taoḃ leó aċt an Ḃainríoġain agus í ag borraḋ agus ag at mar ḃeaḋ cat i mála.

“Lá breáġ, a Ḃainríoġain!” arsaiġ an Ḃaintiġearna, go háiṁleasc.

“Táim dá ráḋ leat,” arsaiġ an Ḃainríoġain ón a scartaċa amaċ agus ag bualaḋ iarraċt dá cois ar an talaṁ, “go gcaiṫfe tusa nó do ċeann a ḃeiṫ scriosta as mo raḋarc i leaṫ an ṁéid aimsire a’s a ḃainfeaḋ sé ḋe ḋuine léim in a ṡeasaṁ dá suiḋfeaḋ sé ar ġriodal dearg! Bíoḋ do roġa agat!”

Agus ḃí a roġa aici; ḃí sí teiċte fé raiḃ an focal as a beul aici.

“Leanaimís orainn leis an gcluiċe,” arsaiġ an Ḃainríoġain le hEiḃlís, agus ḃí an iomarca eagla ar Eiḃlís aon rud a ráḋ aċt an Ḃain- ríoġain a leanaṁaint go dtí faiṫċe an ċróicé.

An dream eile ḃí ag imirt an ċluiċe ċuadar ar scáṫ na cupóige ón ngréin nuair fuaireadar an Ḃainríoġain imṫiġṫe uaṫa, aċt ar an nómant a ċonnacadar ag casaḋ í seo ċum an ċluiċe arís iad. Ní duḃairt an Ḃainríoġain aon rud aċt gur ṁaiṫ an ḃail orra nár ḟanadar fén scáṫ gur ċas sí, go mbeaḋ a n-anam aici.

An ḟaid a ḃí an cluiċe ar siuḃal níor ċuaiḋ lagaḋ ar an mBainríoġain aċt ag aċrann, ag aċrann le gaċ aoinne eile ḋe na himirṫeoirí, agus ag screuċaḋ amaċ, “Scuab an ceann de,” nó “Scuab an ceann dí"! An dream a daoraḋ ċum a ndí-ċeannaḋ ḃíodar gaḃṫa ag na saiġdiúirí, agus ó’s rud é gurb’ iad na saiġdiúirí na stuaḋanna ḃí aca ḃí deireaḋ leis na stuaḋanna i gcionn leaṫ-uair an ċluig agus ḃí na himirṫeoirí eile go léir gaḃṫa agus fé [ 108 ]ġlas aċt aṁáin an Rí agus an Ḃainríoġain agus Eiḃlís.

Stad an Ḃainríoġain go hobann agus saoṫar uirre, agus d’ḟiaḟraiġ sí ḋ’Eiḃlís a ḃfaca sí riaṁ an Gárlaċ Sliogánaċ.

Duḃairt Eiḃlís ná facaiḋ, agus rud eile ná raiḃ a ḟios aici cadé an sórt é in aon ċor an Gárlaċ Sliogánaċ seo.

“As sin,” arsaiġ an Ḃainríoġain, “a ḋéin- tear an súp.”

“Ní ḟaca mé ceann aca riaṁ,” arsaiġ Eiḃlís, “agus rud eile, níor airiġ mé tráċt orra.”

“Siubail leat, má’s eaḋ,” arsaiġ an Ḃain- ríoġain, “agus inneosa sé a sceul duit.”

Nuair ḃíodar ag imṫeaċt d’airiġ Eiḃlís an Rí á ráḋ go híseal leis an gcuideaċta, “Tá siḃ go léir saor arís!”

“Is maiṫ é sin,” arsaiġ Eiḃlís; ḃí sí an- ḃuaḋarṫa mar ġeall ar an méid d’órduiġ an Ḃainríoġain a ḋí-ċeannaḋ.

’San imṫeaċt dóiḃ casaḋ Ollṗiast orra agus é in a ṫrom-ċodlaḋ ’sa ġréin ’sa ċasán rómpa. (An t-ollṗiast so fiolar b’eaḋ an leaṫ tosaiġ de agus leoṁan b’eaḋ an leaṫ eile.) “Éiriġ, a scraiste díoṁaoin!” arsaiġ an Ḃainríoġain, “agus teasbáin don ḃean uasal so an Gárlaċ Sliogánaċ. Caiṫfe mise casaḋ ṫar n-ais ċum feuċaint i ndiaiḋ roinnt dí-ċeannaḋ tá órduiġṫe agam,” agus ċuir sí ḋí, agus d’ḟág sí Eiḃlís agus an Ollṗiast annsin i gcuideaċtain a ċéile. Ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫniġ deallraṁ na hOllṗéiste le hEiḃlís, aċt mar sin féin ċreid sí go mbeaḋ sé ċoṁ sáḃálta ḋí a ḃeiṫ in a ḟoċair le ḃeiṫ i gcuid- eaċtain na Bainríoġna allta sin. [ 109 ]
“Siuḃail leat”
[ 110 ]Ḋúisiġ an Ollṗiast agus ḃain sé stracaḋ as a ṡúile; d’ḟeuċ sé i ndiaiḋ na Bainríoġna go raiḃ sí imṫiġṫe as a raḋarc, annsin ċrom sé a’ sciṫireaċt gáire agus ag caint leis féin. “A ċiallaċ!” ar sé sin, “naċ mór an greann é.”

“Cá ḃfuil an greann?” arsaiġ Eiḃlís “Don Ḃainríoġain atá mé ag tagairt,” arsaiġ an Ollṗiast; “ní ḟuil sí aċt ag leigint uirre; ní ḃaineann siad an ceann d’aoinne annso. Siuḃal leat.”

“Tá an focal sin i mbeul gaċ aoinne annso,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “siuḃal leat, siuḃal leat, ag gaċ aoinne; níor cuireaḋ an oiread órduiġṫe riaṁ im’ ṡaoġal orm.”

Is gairid a ċuadar nuair a ċonnacadar tamall uaṫa agus é in a ṡuiḋe ar stolla ċloiċe an Gárlaċ Sliogánaċ, é ag feuċaint go duḃaċ, duḃrónaċ, uaigneaċ, agus gaċ aon osnaḋ as gur ḋóiġ leat go ndeunfaḋ ḋá leaṫ dá ċroiḋe. Ḃí an-ṫruaġ ag Eiḃlís dó. D’ḟiaḟraiġ sí den Ollṗiast cad a ḃain don duine boċt gur ṫuit sé ċoṁ mór sin i mbrón.

“Ní ḟuil aon ċúrsaí bróin aige sin, a inġean óiġ,” arsaiġ an Ollṗiast, “aċt is dóiġ leis go ḃfuil. Siuḃail leat!”

D’imṫiġeadar leo suas go dtí an áit a raiḃ An Gárlaċ. Ḃí a ḋá ṡúil atṫa ó ḃeiṫ ag gol. Níor ċuir sé aon ḟáilte rómpa.

“Teastuiġeann ón ngearrċaile seo,” arsaiġ an Ollṗiast, “fios fáṫ do scéil agus do ċúrsaí bróin d’ḟaġáil uait, teastuiġeann sin.”

“Suiḋiḋ annso im’ ḟiaḋnaise, siḃ araon,” arsaiġ an Gárlaċ, “agus léireo’ mé ḋí é, aċt ná laḃarfaiḋ aoinne agaiḃ aon ḟocal amaċ as a ḃeul go mbeiḋ deireaḋ agam-sa lem’ sceul.” [ 111 ]Ṡuiḋeadar síos agus níor laḃair aoinne aon ḟocal ar feaḋ roinnt nómantaí.

“Ní fios,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin, “caiṫin a ḃeiḋ deireaḋ leis an sceul maran rud é go dtosnuiġeann sé.” Mar sin féin ḃrúġaiḋ sí fúiṫe.

I ndeireaḋ ṫiar ṫall ċuir an Gárlaċ osnaḋ as, osnaḋ ċoṁ trom ċoṁ caṫaċ sin gur ḋóiġ leat gur aníos as órdóga a ċos a ṫarraing sé é agus ċrom sé ag seanċus dóiḃ:

“Oḃoċ! mo ċreaċ a’s mo léir, agus mo ċuma lem’ ṡaoġal,” ar sé, “ḃíosa im’ Ġárlaċ ceart nádúrṫa scaiṫeaṁ dem’ ṡaoġal, aċt ḃí leas-ṁáṫair agam, agus ḃí a leiṫéid sin de ġráin aici orm gur ġuiḋ sí ar Ċrom Cruaċ sliogán a ḋeunaṁ díom,” agus stad sé annsin ar feaḋ tamaill ṁóir eile. Níor laḃair aoinne aċt aṁáin go gcuireaḋ an Ollṗiast gogala mór garḃ as anois agus arís mar d’aireoċṫá ag páiréid agus an osnġail ṁór ṫrom ḃíoḋ ag an nGárlaċ. Is beag a ċuirfeaḋ d’ḟiaċaiḃ ar Eiḃlís éiriġe in a seasaṁ agus a buiḋeaċas a gaḃáil leis mar ġeall ar an sceul deas taiṫneaṁaċ ḃí sé tar éis a innsint dóiḃ, aċt mar sin féin ċeap sí ná fuiġfeaḋ gan a ṫuille ḃeiṫ aige le n-innsint, agus d’ḟan sí mar ḃí aici agus ní duḃairt sí dada.

I gceann i ḃfad anonn agus leis an osnġail ceudna ṫosnuiġ sé arís: “Nuair ḃíomair-ne beag,” ar sé sin, “cuireaḋ ar scoil sinn ’sa ṁuir ṁóir. Sean-Ġárlaċ b’eaḋ an t-oide-múinte ḃí againn agus ní ṫugaimís aon ainm air aċt An Sean-Ṗortán …”

“’De ċúis a dtugaḋ siḃ sean-ṗortán air nuair nár ṗortán é?” arsaiġ Eiḃlís. [ 112 ]"Ṫugamair Sean-Ṗortán air,” arsaiġ an Gárlaċ go feargaċ, “mar go mbíoḋ sé ag portġail dúinn; naċ dall atá tú!”

“Ba ċóir duit náire ḃeiṫ ort,” arsaiġ an Ollṗiast léi, “a leiṫéid de ċeist a ċur ar aon Ċríostuiḋe beo,” agus d’ḟeuċ an ḃeirt aca isteaċ idir an dá ṡúil ar Eiḃlís ḃoċt, agus dob’ ḟearr léi go dtuitfeaḋ an spéir uirre nó go sloigfeaḋ an talaṁ í, ḃí an oiread sin náire uirre. “Tomáin leat, a ḋuine ḃoiċt!” arsaiġ an Ollṗiast leis an nGárlaċ, “agus ná caiṫ an lá ar fad ag gaḃáil dó.” Lean sé air: “’Seaḋ! ċuaḋamar go dtí’n scoil ’sa ṁuir ṁóir, aċt is dóċa naċ ró ṁaiṫ a ċreidfí é …”

“Ní duḃrasa riaṁ nár ċreideas é!” arsaiġ Eiḃlís.

“Duḃairt tú!” arsaiġ an Gárlaċ. “Éist do ḃeul!” arsaiġ an Ollṗiast fé raiḃ uain ag Eiḃlís focal eile a ráḋ, agus lean an Gárlaċ air ag innsint a scéil.

“Fuaireamar an léiġeann agus an t-oideaċas is fearr ḃí le faġáil — ḃíomair ag an scoil gaċ aon lá …”

“Ċuaḋas-sa go dtí an scoil leis,” arsaiġ Eiḃlís, “agus níorḃ’ scoil na bprátaí rósta é; ’sa tsliġe naċ ceart duit-se ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ as do ċuid léiġinn agus as do ċuid scolaiḋeaċta.”

“An scolaiḋeaċt ċoitċionta, is dóċa!” arsaiġ an Gárlaċ, le roinnt searḃais, “ní ḃfuair tú aon ṗioc den scolaiḋeaċt ná den léiġeann ġalánta.”

“Fuaireas, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, “d’ḟoġ- luimiġeas Frainncís agus Ceol.” [ 113 ]"Agus Niġeaċán?” arsaiġ an Gárlaċ. “Ní heaḋ, Niġeaċán,” arsaiġ Eiḃlís, agus ṫáinig olc uirre ċuige.

“Ó, má’s eaḋ,” arsaiġ an Gárlaċ, “níor scoil ró ṁaiṫ ḃúr scoil-se,” agus ṫeasbáin sé go raiḃ áṫas air é ḃeiṫ le ráḋ aige. “I dTuarascḃáil na scoile a raḃasa ḃíoḋ an méid seo mar aguisín leis — “Ar Ḟrainncís, Ceol, agus Niġeaċán beiḋ breis díoluiġeaċta."”

“Ní mórán gáḋ ḃí agat le Niġeaċán ná le haon rud eile ṫíos fén ḃfarraige,” arsaiġ Eiḃlís.

“Níorḃ’ acfuinn dom é d’ḟoġluim, a ċuigint,” arsaiġ an Gárlaċ, go truaiġṁéileaċ, agus le n-a linn sin ċuir sé osnaḋ as. “Níor ḃac mé le haon rud,” ar sé sin, “aċt leis an réim léiġinn coitċionta.”

“Cad iad na haḋḃair léiġinn ḃí ’sa réim sin?” arsaiġ Eiḃlís.

“Ḃí,” ar sé, “Saint, Maoiḋeaṁ, agus Sníoṁ, ar an gceud dul síos; agus annsin ḃí Áirṫiġe agus gaċ craoḃ eile a ḃaineann leis an ealaḋain sin mar atá Toṁas, Leaṁas, agus Grabaireaċt. Taḃair an leaḃar leis gur ċruaiḋ é an Grabaireaċt.”

“Níor airiġ mé riaṁ tráċt air,” arsaiġ Eiḃlís. “’Dé rud é, ar son Dia?”

“Ó, Dia linn a’s caḃair ó Ḋia ċuġainn!” arsaiġ an Ollṗiast, “éist leis an óinseaċ gearrċaile adeir nár airiġ sí riaṁ tráċt ar Ġrabaireaċt — í sin a ḃfuil gob uirre ċum gobaireaċta agus soc uirre ċum socaireaċta - ar ḃfallaing, a ċailín! go múinfinn-se ḋuit é agus gan a ḃeiṫ i ḃfad ar a ṫí.”

Is beag a ḟonn ḃí ar Eiḃlís a ṫuille [ 114 ]ceisteanna ċur; ní ḟeadar sí an ar a ceann nó ar a cosa ḃí sí in a seasaṁ le neart náire: níor ḟág an Ollṗiast meas madra aici uirre féin. D’iompuiġ sí ar an nGárlaċ agus d’ḟiaḟraiġ sí ḋe cad eile ḃí sé d’ḟoġluim.

Duḃairt sé go raiḃ sé ag foġluim Feall- saṁanaċt, Breallsaṁanaċt, agus Sciṫireaċt - “Gaċ aon Aoine ar feaḋ uair a ċluig tar éis dinnéir is eaḋ ṫagaḋ Ollaṁ na Sciṫireaċta ċuġainn — Sean-Ċnádán b’eaḋ é, agus ḃí fios a ċéirde aige. Ḃímís go léir sínte agus i rioċt scoilte orainn le gáire fé mbíoḋ sé réiḋ linn. Ḃíoḋ sé eulaiġṫe leis fé dtagaimís ċuġainn féin. Ċaiṫeaḋ an-ċuid dínn ṫaḃairt don leaba leis an treiġid tar éis a leictiúir sin. An lá in a ḋiaiḋ sin is eaḋ ḃíoḋ an Liaiġ le hÍce agus Apotaigéireaċt againn; agus ċaiṫimís an tráṫnóna sin ag deunaṁ Iompóḋ Cait a Ċroicinn.”

“Conus a ḋéintí é sin?” arsaiġ Eiḃlís. “Ní ḃfuiġfinn é ṫeasbáint duit anois mé féin; táim ag teaċt ró aosda, agus tá mo ċnáṁa ró ċrapṫa. Agus is dóiġ liom nár ḟoġluim an Ollṗiast annso riaṁ é.”

“Ní raiḃ sé d’uain agam,” arsaiġ an Ollṗiast, “aċt má’s eaḋ ċaiṫ mé teurma i ḃfoċair Fear Gaile agus Gaisce: sean- ġliomaċ b’eaḋ é.”

“Níor ċaiṫeas-sa aon tamall in a ḟoċair sin,” arsaiġ an Gárlaċ, “aċt airiġinn ná raiḃ aon teora leis ċum Meunġail, Sraoṫartġail, agus Fail a ṁúineaḋ.”

“Ó, naċ agam-sa tá a ḟios é,” arsaiġ an Ollṗiast, ag oscailt a ḃéil ċoṁ mór a’s go raġaḋ colamóir siar ann, agus ag cur drana [ 115 ]air féin, agus ag cur sraoṫ as gur ḋóiġ leat go ndúiseoċ’ sé na mairḃ a ḃí is na reilgeaċa.

“Ó, Dia linn, maran snaois é!” arsaiġ Eiḃlís, “aċt, mo ḋearṁad, ’dé an ḟaid ḃíoḋ siḃ ag foġluim gaċ aon lá?”

“Deiċ n-uaire an ċluig an ċeud lá; a leaṫ sin an dara lá; agus a leaṫ sin arís an tríoṁaḋ lá; agus mar sin de go dtí nár ḃfiú ḋúinn suiḋe síos ċum aon ċeaċt, ḃíoḋ an t-am ċoṁ gairid sin.”

“Nárḃ’ ait a leagaḋ amaċ Réim na dTráṫ ḋíḃ,” arsaiġ Eiḃlís. “Is dóċa go raiḃ an sceul in a ṡosaḋ agaiḃ as son amaċ.”

“Ċaiṫeamair an ċuid eile ḋen aimsir ag fiaḋaċ piaṫán,” arsaiġ an Gárlaċ.

“Is leor sin i dtaoḃ an réim léiġinn,” arsaiġ an Ollṗiast, “is dóiġ liom féin go ḃfuil an léiġeann ag dul ós cionn meaḃraċ oraiḃ. Béidir go neosfá ḋí anois i dtaoḃ an caiṫeaṁ aimsire ḃíoḋ agaiḃ.”