Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Cómhacht Luibhneacha
[ 204 ]

CAIBIDIOL XVI.

CÓṀAĊT LUIḂNEAĊA.

Seaċtṁain díreaċ tar éis na h-oíḋċe 'n-a raiḃ Sitric agus Aṁlaoiḃ agus Lonán i ḃfoċair a ċéile istiġ i dteiġlaċ Ṡitric i mBaile Áṫa Cliaṫ, ḃí Gormḟlaiṫ agus beirt d'á [ 205 ]mnáiḃ coíṁḋeaċta ag siúḃal ar bruaċ glaise bige a ḃí ag gaḃáil ṫar ríġṫeiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora. Ċonacadar ag gaḃáil ċúċa aníos ó ṫreó Luimníġe capal agus cárbat agus beirt sa ċárbat. Nuair a ṫáinig an cárbat i gcóṁngar na h-áite 'n-a raiḃ na mná uaisle do stad an cárbat.

“Siné ríġṫeiġlaċ an Árdríġ agat anois,” arsa duine de'n ḃeirt leis an nduine eile, “agus siní an Árdrígan féin, Gormḟlaiṫ, an ḃeanuasal is aoirde de'n triúr, an ḃean n-a ḃfuil an t-éadaċ corcra uirṫi.”

Ṫáinig an fear eile amaċ as an gcárbat.

“Ní dóċa,” ar seisean, leis an ḃfear a ḋ'ḟan istiġ, “go mbeiḋ a ṫuille gnóṫa agam díot-sa indiu. Tá sé ċóṁ maiṫ agat casaḋ ṫar n-ais.

Ḋíol sé é agus ċuir sé uaiḋ é, agus ṫug sé féin aġaiḋ ar an áit 'n-a raiḃ na mná uaisle ag siúḃal. Níor stadadar d'á gcaint, ná níor ṡaṁluiġ sé gur ċuireadar blúire suime ann go dtí go raiḃ sé ar a n-aġaiḋ amaċ. An uair sin féin ġeóḃaidís ṫairis gan feuċaint air ná aon tsuim a ċur ann mura mbéaḋ gur ċaiṫ sé é féin ar a ḋá ġlúin ar aġaiḋ Ġormḟlaiṫ amaċ agus gur ṡín sé leitir ċúici.

“Gaḃaim párdún agat, a Árdrígan,” ar seisean, “ar ḃ'é toil do Ṡoillse an leitir sin do léiġeaḋ. Ó ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ iseaḋ í.”

“Déirc atá uaiḋ seo is dóċa,” ar sise leis na mnáiḃ coíṁdeaċta, agus do rug sí ar an leitir. D'aiṫin sí an sgríḃinn a ḃí ar an gcúṁdaċ. B' ḟíor do'n duine é gur ó Ṡitric a fuair sé an leitir le taḃairt ag triall uirṫi. D'osgail sí an leitir agus ċrom sí ar í léiġeaḋ. Ar ball d' ḟeuċ sí ar an ḃfear. D' ḟeuċ sí go géar air. Firín beag ab eaḋ é agus ceann mór air; an fear céadna a ḃí istiġ i dteiġlaċ ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ an oíḋċe úd, seaċtṁain roimis sin, ag caint le Sitric agus le h-Aṁlaoiḃ. [ 206 ]D'ḟeuċ Gormḟlaiṫ ar na mnáiḃ coíṁdeaċta.

“Teiḋiġ-se isteaċ, a ċlann ó,” ar sise. “Oirean dom laḃairt leis an nduine seo i n' aonar.”

D'imṫiġ an ḃeirt ḃan.

“Ċím,” arsa Gormḟlaiṫ leis an ḃfear, “gur Lonán is ainim duit-se.”

“Iseaḋ, ċun do ṫoile, a Árdrígan,” ar seisean.

“Cad ċuige gur cuireaḋ anso ṫú?” ar sise.

“Do réiḋtiġ an ríġ liom, a Ṡoillse,” arsa Lonán, “ċun go ndéanfainn, mar is gnáṫ a ḋéanaṁ do ríġ, aireaċas a ṫaḃairt do'n ḃia agus do'n díġ a curfaí os a ċóṁair le caiṫeaṁ, le h-eagla go ndéanfaí éagcóir air, le h-eagla go dtaḃarfaí niṁ dó.”

“Agus cad 'n-a ṫaoḃ nár ċoimeád sé ṫú?” arsa Gormḟlaiṫ.

“Dúḃairt sé liom, a Ṡoillse,” arsa Lonán, “go mb’ ḟéidir gur ṁó an gnó ḃéaḋ anso ḋíom féin agus dem' ċuid eóluis agus dem' ċuid foġluma 'ná mar a ḃí aige féin díom. Is dóċa gur inis sé sa leitir cad é an gnó ba ḋóiċ leis a ḃéaḋ anso ḋíom?”

“Do réir mar a ṫuigim-se an ċaint atá sa leitir is 'mó gnó ḟéadfaḋ ḃeiṫ anso ḋíot,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Ní mó an gnóṫaí a ḋ'ḟéadfaḋ ḃeiṫ ḋíom anso, a Ṡoillse,” arsa Lonán, “'ná na gnóṫaí a d’ḟéadfainn-se a ḋéanaṁ anso.”

“Aċ go ndíolfaí ṫu asta, is dóċa,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Agus is dóċa,” ar sise, “d'á ṁéid iad na gnóṫaí gur ḃ' eaḋ ba ṁó a ḃéaḋ le díol asta?”

“Do réir ḋeaḃraiṁ, a Ṡoillse,” arsa Lónán.

Do stad Gormḟlaiṫ ar feaḋ tamail ṁaiṫ. Ḃog sí a béal ċun laḃarṫa cúpla uair agus níor laḃair sí. Is aṁlaiḋ a ḋún sí a béal airís agus do lean sí d'á maċtnaṁ. An ḟaid a ḃí sí ag maċtnaṁ ḃí Lonán ag feuċaint uaiḋ ar an [ 207 ]sruṫán agus gan aon ċor aige 'á ċur dé. Do ḃog sí a béal ċun laḃarṫa fé deire agus do laḃair sí.

“Tá sé ċóṁ maiṫ agam an ceann a ḃaint de'n sgéal duit,” ar sise. “Tá oiread anso agus ċroċfaḋ ṫú seaċt n-uaire dá ḃfaiġfí amaċ ort é.”

“Is fíor san, a Árdrígan,” arsa Lonán.

“Náċ breaġ bog a ġlacan tú é!” ar sise.

“Tá iontaoiḃ agam asat, a Ṡoillse,” ar seisean. “Dúḃart leis an ríġ i n-Áṫ Cliaṫ go raiḃ iontaoiḃ agam asat.”

Do ċruaiḋ a súil agus a gnúis agus ṫug sí droċ ḟeuċaint air.

“Ní ḟeicim,” ar sise, “cad é an ċúis go mbéaḋ an iontaoiḃ sin agat asam-sa, a ġiolla. Ní'l crot na fírinne ar an gcaint sin.”

Ṫóg sí anáirde a láṁ fé mar a ḃéaḋ cóṁarṫa éigin aici 'á ḋéanaṁ. Do riṫ ċúici anuas ó'n ríġṫeiġlaċ ceaṫrar d'ḟearaiḃ luaṫa láidire agus a ċlaiḋeaṁ noċt i láiṁ gaċ fir acu.

“Curtar sa ċarcair an fear san,” ar sise, go breaġ réiḋ. Ba ḋóiċ le duine gur ċun a ḋinnéir a ḋ' órduiġ sí é ḃreiṫ, do laḃair sí ċóṁ cneasta san.

Do rugaḋ ar Lonán agus do cuireaḋ isteaċ sa ċarcair é. Do léiġ Gormḟlaiṫ an leitir airís, agus ḋein sí a maċtnaṁ airís ar an gcaint a ḃí sa leitir. Sidí an ċaint a ḃí sa leitir:—

“A ṁáṫair,

“Déanfaiḋ sé seo an gnó. Tá a ċúis féin aige ċun na h-oibre ḋéanaṁ. Ní miste, áṁṫaċ, é ḋíol go maiṫ; ansan beiḋ ḋá ċúis aige ċun na h-oibre ḋéanaṁ. Ní h-obair ṫútaċ a ḋéanfaiḋ sé. Tá an t-eólus tar bár aige.

“Tá ár neart go léir ollaṁ ar ṗreabaḋ isteaċ [ 208 ]ċúġainn ċóṁ luaṫ agus d' aireóċaid siad an tásg.

“Dá ḃféadfaí an gnó ḋéanaṁ ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ an ċuaird críoċnuiġṫe b' ṡin mar ab ḟearr é. Ḃéaḋ fios na h-aimsire againn agus d' ḟéadfaimís an aimsir d' ḟriṫálaṁ. Déanfaiḋ an fear so an gnó. Ná caill.

“Is eól duit cé h-é “Mise.”

Nuair a ḃí beagán aimsire caiṫte agus uain fáġalta ag Lonán ar sgannra ṫeaċt i gceart air, do ġlaoiḋ sí airís ar an gceaṫrar.

“Tugtar ċúġam anso an fear úd,” ar sise.

Do tugaḋ.

Nuair a ḃí an ḃeirt 'n-a n-aonar airís do laḃair sise. Ḃí Lonán ag criṫ.

“Cad é an ċúis a ḃí agat-sa le n-a ráḋ,” ar sise, “go raiḃ iontaoiḃ agat asam-sa?”

“Ní féidir do ḋuine i gcóṁnuiġe, a Ṡoillse,” ar seisean, “a ḋ'innsint cad é an ċúis dó iontaoiḃ a ḃeiṫ aige as duine eile. Aċ is léir, a Árdrígan, mura mbéaḋ iontaoiḃ a ḃeiṫ agam-sa as do Ṡoillse-se ná tiocfainn anso i n-aon ċor. Ṫánag ċúġat anso, a Árdrígan, agus an téad ar mó ṁuineál. Ní ḋéanfainn san mura mbéaḋ an iontaoiḃ a ḃeiṫ agam as do Ṡoillse.”

“Ní ḋéanfá,” ar sise, “do réir ḋeaḃraiṁ. Ní ḋéanfaḋ aoinne é aċ duine buile. Tá crot na fírinne air sin. Aċ ní innsean san cad é an ċúis a ḃí agat leis an iontaoiḃ. Inis an ċúis dom.”

“Tá go maiṫ, a Ṡoillse,” ar seisean, “aċ taḃair do ḃriaṫar ríoga ḋom ná tógfair orm é má innsim an ḟírinne do d' Ṡoillse.”

“A ḋuine!” ar sise, agus ḃuail sí speaċ d'á cois sa talaṁ, “náċ í an ḟírinne atá uaim!”

“Tá sgannra orm róṁat, a Árdrígan!” ar seisean. [ 209 ]“Mo ḃriaṫar ríoga ḋuit,” ar sise, “náċ baoġal duit mé. Inis dom an rud atá ar t' aigne.”

“Tá sé am' aigne, a Ṡoillse,” ar seisean, “an gnó a ṫug mise anso agus an gnó ba ṫoil leat-sa a ḋéanfainn anso gurab aon ġnó aṁáin iad. D'á ḃríġ sin, nuair a ḃíos ag teaċt anso ċun an ġnóṫa san a ḋéanaṁ ṫáinig iontaoiḃ agam asat-sa, a Árdrígan, agus mar ġeall ar an iontaoiḃ sin ṫánag anso, mar a ċíon tú, agus an téad ar mo ṁuineál. Ní raiḃ le déanaṁ aċ mé ċur suas ar an gcroiċ!”

“Tá go maiṫ,” ar sise. “Táim sásta. An ndéanfair an gnó?”

“Déanfad, a Árdrígan,” ar seisean.

“Ġeóḃair do ṫuarasdal go maiṫ as an ngnó,” ar sise.

“Ṫuigeas go ḃfaiġinn, a Ṡoillse,” ar seisean.

Ḃí an sgéal socair eatarṫa ansan. Níor ḃ'ḟada go ḃfeictí iad coitċianta ag imṫeaċt tríd an ínse ar ḃruaċ na glaise bige ag staṫaḋ na luiḃneaċa agus 'ġá mbreiṫ- niuġaḋ. Do ċítí sa ġáirdín iad agus an gnó céadna ar siúḃal acu. Agus d'adṁuiġeaḋ Lonán gur ḃ' ḟearr an t- eólus a ḃí ag Gormḟlaiṫ ar na luiḃneaċa agus ar na cóṁaċtaiḃ a ḃí ionta ċun uilc nó ċun maiṫeasa 'ná mar a ḃí aige féin.

Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ post gnóṫa sa teiġlaċ do Lonán. Do cuireaḋ 'n-a stíoḃard os cionn an ḃíḋ é, ċun feuċaint i ndiaiġ an ḃíḋ agus aireaċas a ṫaḃairt do gaċ aon tsaġas bíḋ a ḃéaḋ le h-úsáid sa teiġlaċ, i dtreó nár ḃaoġal go dtaḃarfaí ċun búird ann aon ḃia a ḃéaḋ mí-ḟoláin. Níor ṁór stíoḃard de'n tsórd san a ḃeiṫ i dteiġlaċ a ḃí ċóṁ mór agus n-a mbíoḋ oiread san bíḋ d'á ollaṁuġaḋ gaċ aon lá an tseaċtṁain do ḋaoiniḃ ann.

Aċ isé gnó fé leiṫ a ḃí ceapaiṫe do Lonán ann 'ná feuċaint ċun an ḃíḋ a h-ollṁófaí do'n Árdrígan, le h-eagla go gcurfaí aon droċ níḋ ann. [ 210 ]Ḃí Lonán ag déanaṁ na h-oibre sin agus ag déanaṁ na h-oibre go maiṫ, agus ḃí an aimsir ag gluaiseaċt agus gaċ aoinne ag cóiṁreaṁ na laeṫanta agus ag breiṫniuġaḋ na h-aimsire 'n-ar ḋóiċ leó a ḃéaḋ an t-Árdríġ agus a ċualaċt ag teaċt aḃaile. Ḃí uaigneas mór sa teiġlaċ i ndiaiġ na ndaoine a ḃí amuiċ, agus b'é b'ḟada le gaċ aoinne go raḃdar ag teaċt aḃaile. Ḃítí ag tráċt go minic ar Niaṁ agus ar a h-aṫair agus ar Ċaoilte agus ar Ċonn. Agus do cuiṁniġtí ar an rás agus ar an ḃfeirg a ḃí ar Ċonn. Agus ar conus mar adúḃairt Brian leis ciall a ḃeiṫ aige. Do cuiṁniġtí ar Ṁurcaḋ agus ar Ḋúlainn, agus ar an ngarsún óg, mac Ṁurċaḋ, a ḋeineaḋ, a deirtí, gníoṁarṫa nár ḃ'é gaċ fear a ḋ' ḟéadfaḋ iad a ḋéanaṁ, agus go mbíoḋ daoine 'ġá ráḋ, nuair a ḃéaḋ sé deiċ mbliana fiċid go mbéaḋ sé ċóṁ láidir le beirt de ṡaġas Ṁurċaḋ an lá b'ḟearr a ḃí Murċaḋ riaṁ. Do cuiṁniġtí orṫa go léir ar an gcuma san, agus b'é b'ḟada le gaċ aoinne go mbéidís ag teaċt aḃaile, mar, nuair a ṫiocfaidís, ní ḃéaḋ aon rud sa teiġlaċ, ar feaḋ aḃfad, aċ spórt agus gleó agus pléisiúr agus caiṫeaṁ aimsire, rince agus ceól agus ól agus imirt, agus an uile ṡaġas aoiḃnis.

Ar an gcuma gcéadna iseaḋ ḃíoḋ an sgéal ag an muintir a ḃí amuiċ. Ḃídís ag feuċaint rómpa amaċ ċun an lae 'n-a mbéaḋ an ċuaird críoċnuiġṫe agus iad go léir ag teaċt aḃaile go Ceann Cora in-aonḟeaċt leis an Árdríġ, agus a gcáirde sa ḃaile ag cur na mílte fáilte rómpa, agus ag cur an uile ṡaġas ceisteana ċúċa i dtaoḃ an ċuma 'n-ar ċaiṫeadar an aimsir an ḟaid a ḃíodar amuiċ agus i dtaoḃ na ndaoine a ḃuail úmpa ins na críoċaiḃ iasaċta, an raḃdar fial fáilteaċ, nó an raḃdar go doṫíġeasaċ. I gcaiṫeaṁ na cuairde ḃídís a d'iaraiḋ cúntas cruinn a ċoimeád ar gaċ níḋ agus ar gaċ aicme daoine, agus go mór mór ar gaċ aon sgéal sultṁar a ḃuaileaḋ úmpa, i [ 211 ]dtreó, nuair a ṫiocfaidís aḃaile, go mbéaḋ a lán le h-innsint acu, a lán a ḃainfeaḋ gáirí agus sult amaċ, agus a lán a ċuirfeaḋ daoine ag déanaṁ iongnaḋ des na rudaí a neósfaí ḋóiḃ.

Ṫagaḋ teaċtairí aḃaile coitċianta ó'n áit 'n-a mbíoḋ an t-Árdríġ agus a ċualaċt, agus d'innseaḋ na teaċtairí conus a ḃíoḋ gaċ aoinne agus gaċ aon rud. Ansan do ḃeireaḋ na teaċtairí leó ṫar n-ais, ag triall ar an Árdríġ agus ar a ċualaċt, cúntas cruinn ar conus a ḃíoḋ gaċ aoinne agus gaċ aon rud sa ḃaile.

Ní raiḃ Lonán aḃfad socair 'n-a ṗost i gCeann Cora nuair a ḃí a ḟios go cruinn ag Murċaḋ agus ag Brian agus ag an gcualaċt go léir go raiḃ sé ann. Nuair a h-innseaḋ an sgéal i láṫair Ṁurċaḋ níor laḃair sé focal. Ní dúḃairt sé olc ná maiṫ leis an sgéal. Nuair a h-innseaḋ i láṫair Ḃriain é níor ḋóiċ le duine gur airiġ sé i n-aon ċor é, mar níor ċuir sé suim ar biṫ ann. Ní h-air, ná ar neiṫiḃ d'á ṡórd, a ḃí sé ag cuiṁneaṁ. Ḃí sé ag cuiṁneaṁ ar na tuairisgíḃ a ḃí ag teaċt ċuige i n-aġaiḋ an lae, agus uaireanta go minic sa ló, tuairisgí ó ċríċ Loċlan anoir, agus ó ċríċ na h-Ioruaiḋe, agus ó Ínsíḃ Orc, agus ó áiteanaiḃ ná raiḃ ċóṁ fada ó ḃaile, agus gan ins na tuairisgíḃ go léir aċ fuadar agus ollṁúċán, fuadar agus ollṁúċán, ċun cogaiḋ, agus gan fios ró ċruinn ag aoinne ar cá raiḃ an cogaḋ le ḃeiṫ. Ḃí a ḟios ag Brian agus ag Murċaḋ, agus ag an gcuid eile de luċt cóṁairle Ḃriain, cad é bríġ a ḃí leis an ollṁúċán agus leis an ḃfuadar. Ḃí ḟios acu go raiḃ geinte Loċlan go léir, agus a luċt caḃarṫa agus conganta agus cóṁluadair, 'ġá ngleusaḋ féin agus 'ġá gcóruġaḋ féin agus ag cruinniuġaḋ a neart ċun aon iaraċt aṁáin eile, ḃáis agus ḃeaṫa, do ḋéanaṁ ar oileán na h-Éirean do ṡealḃuġaḋ ḋóiḃ féin agus d'á slioċt. D'á ḋaingine a ċuaiḋ an méid sin 'n-a luíġe ar [ 212 ]aigne Ḃriain agus ar aigne luċt cóṁairle Ḃriain iseaḋ ba ḋéine a ḋeineadar an uile ṡaġas díċil, i gcaiṫeaṁ na cuairde sin, ar neart na h-Éirean do ġleusaḋ agus do ċur i dtreó, ins gaċ aon ḃall, ins na daingeanaiḃ a ḃí curṫa suas ag Brian, agus i dteiġlaċaiḃ na ríġṫe agus na n-uasal a ḃí dílis do Ḃrian, ionus, nuair a tiocfaḋ na geinte iasaċta, go ḃfaiġdís an tseilḃ, — aċ gur fé'n ḃfód a ġeóḃdís an tseilḃ.