An t-Oileánach/13

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Bean ’á luadh liom
[ 116 ]

XIII
Bean ’á luadh liom

Muinntir na h‑Inise, lá na muc sa Daingean, “Is lá d’ár saoghal é!” amhráin agus ragairne, an fear mór, an teacht abhaile, go h‑Inis Mhicileáin ag fiadhach ar choiníní.

Bliain mhaith phrátaí agus éisc agus theine an bhliain (tuairim) 1878 agus dob’ fhuirist do dhaoine bochta tamall de’n tsaoghal a chur díobh an uair a ráineochadh an sórt san saoghail aca. Is gnáthach bliain d’á sórt riamh go ndeintí mórán cleamhnaistí a chur tré ’chéile. Timcheall na Nodlag sa mbliain sin do bhí caora reamhar ar crochadh is gach tigh insan Oileán so agus do bhíodh coiníní go flúirseach ann agus feoil ó’n mbaile mór.

Ní dóigh liom go mbíodh oiread feola i n‑aon bhaile eile tuatha ar an gceanntar agus do bhíodh insan Oileán san am úd. Bhíodh buidéil uisce beathadh leis ann, cuid aca fachta i dtabharthas agus cuid eile ceannaithe. Is cuimhin liom gan a bheith san Oileán ach aon oighean amháin agus do bhíodh an ceann san ar feadh seacht lá na seachtaine gan an teine d’fhágaint.

I n‑Inis Mhicileáin an uair úd do bhí aodhaire de mhuinntir Dhálaigh agus do bhí saoghal maith aige innti, sé sin nuair d’fhás a chlann féin suas. Tháinig ana-ghlaodhach ar an sórt éisc go dtugtar gleamaigh ortha agus do bhí clann an aodhaire suas le n‑a linn agus bád aca féin.

San am san do bhínn féin go mion, minic oidhche innti thiar [ 117 ]mar bhímís ag lorg éisc siar i gcomhnaidhe agus mara mbuaileadh an t‑iasc linn chun teacht abhaile leis do bhuailimís isteach an bád; mar dob’ ’in é an fógra a bhí fachta againn ó bheirt aosta an tighe.

Deireadh na daoine gurbh’ iad so an bheirt ab’ fhearr do sheasaimh riamh insa chloich.[1] Do bhí cúigear mac aca agus cúigear inghean, an chlann ba bhreaghtha le n‑a chéile do bhí ag aon bheirt amháin le sinnsearacht.

Ní raibh aon fhear óg ag leanúint an bháid ach mise agus toisc san a bheith i gceist do bhíodh cainntíní agam-sa agus ag an dream óg le chéile agus níorbh’ fhada go raibh ceann de sna h‑ingheanacha agus me féin ag súgradh le chéile. Cailín deas breagh. An t‑amhránaidhe ba bhreaghtha do bhí ar siubhal le n‑a linn. Do bhí a lán turus tabhartha againn an saosúr san innti agus saoghal maith leis againn. Do bhí an bhliain go breagh againn go Nodlaig.

Do bhí dhá mhuic bhreaghtha age fear na cloiche agus toisc iad a bheith comh maith dhúinn i gcomhnaidhe do gheallamair dóibh go raghaimís ag triall ar na muca insa tseachtain a bhí chughainn.

Lá breagh insa tseachtain ’n‑a dhiaidh sin do bhuail mo shean-úncail isteach chugham ar maidin—an t‑úncail úd gur chuas ’on chúntúirt mhór ’á shaoradh i bpoll na róinte an uair a bhris an téad.

“Cad é an fuadar so indiu chút (fút)?” arsa mise leis.

“Tá, a bhuachaill! Beidh lá maith indiu againn agus ragham ag triall ar na muca, agus is dócha nach aon leisce bheidh ort-sa ag dul ann, pé duine eile go mbeidh sé air,” arsan t‑úncail.

“Dhera, canathaobh é seo?” arsa mo mháthair.

“Dhe, léan áir uait! má’s mar sin atá an scéal agat,” ar seisean, “ná fuil a bhfuil d’óg-mhná sa chloich ag cailliúint a meabhrach ’n‑a dhia’ so agus táid innti go h‑álainn. Nár chóir go bhfuil duine aca ag teastabháil go maith uait-se. Bí amuich do dhá léim,” ar seisean liom-sa.

[ 118 ]Do chuamair ’on chloich. Le linn sinn a bheith ag bogadh ó’n dtigh go dtí an caladh leis na muca thug bean an tighe buidéal biotáile ’n‑a dhorn d’fhear an tighe le riaradh orainn. B’í seo bean ba mhó go raibh cáil ar feabhas uirthi do bhí suas le n‑a linn, cé ná tabharfainn-se aon bhlúire molta dhi thairis an bhfear ar feadh mo choidrimh féin ortha.

Níor stadadh leis na muca gur buaileadh isteach sa bhád iad dhá mhuic bhreaghtha bliain d’aois, bean an tighe agus inghean léi, an inghean go mbíodh m’úncail Diarmaid ’á luadhachtaint liom-sa i gcomhnaidhe. Amach fé’n mór-mhuir linn. Anáirde na seolta. Cóir shlachtmhar linn nó gur shroicheamair calath sa Bhlascaod Mór. Cuireadh i dtír ann iad sa lá san nó go mbeadh muca an oileáin mhóir amach i n‑éineacht leo amáireach.

Amáireach tar éis bidh do bhí gach nduine go raibh muc nó dhá mhuic aige ag mogalú chun tabhairt fé’n dtír. Do bhí muc bhreagh agam féin agus ceann eile i dtánaiste dhi age m’ úncail Diarmaid. Buaileadh isteach ’on bhád iad araon agus muc eile le fear de’n bhaile, dhá mhuic na h‑Inise, bean na h‑Inise agus a h‑inghean. Bád mór dob’ eadh í agus bhí sí bog-lán ag an méid atá áirithe agam. Cuireadh i dtír i nDúnchaoin iad agus tháinig an bád abhaile aríst. Do bhí cúpla bád eile, leis, amuich le muca agus chuadar san, leis, abhaile. B’eo linn féin agus na muca fé’n mbóthar ag siubhal. Tuairim leath-slí thug muc Dhiarmaid suas. Do bhí an bóthar ag goilliúint uirthi—muc ró throm agus droch-chosa aici.

Ach bhí Diarmaid i dtreo a charad féin an uair seo. “Fan i mbun na muc,” ar seisean liom-sa, “agus m’anam-sa ó’n ndiabhal nach fada go mbeidh fearas agam-sa a thógfaidh ó thalamh na hÉireann í!”

B’éigean domh-sa rud a dhéanamh air cé go raghadh mo mhuc féin go Tráighlí de shiubhal. D’fhanas féin agus mná na h‑Inise agus na muca i dteannta chéile gur fhill Diarmaid, capall groidhe i n‑éineacht leis agus ráil ar an gcairt [ 119 ]Úncail do Dhiarmaid dob’ eadh fear an chapaill agus úncail dom mháthair comh maith.

Buaileadh isteach muc Dhiarmaid agus dob’ é sin an greim oibre is mó do bhraitheas ar a raibh caithte dem’ shaoghal roimis sin—fear an chapaill agus m’úncail agus a lámha snadhmtha d’á chéile aca fé thosach na muice agus do bhí orm-sa a deire thógaint agus bhí mo dhá dhóthain d’ualach orm ach gur thug bean na h‑Inise lámhuidheacht liom. Do bhreithnigheamair annsan cad iad na muca ba thuirsighe agus chuireamair mo mhuc-sa agus ceann de mhuca na h‑Inise sa chairt. Ní raibh slí do’n gceathrú ceann agus do bhailigheamair linn annsan. Nuair ba mhall linn a bheith ag fanúint leis an muic a bhí ag siubhal d’imigh fear an chapaill agus m’úncail leo chun filleadh arís agus an cheathrú mhuc a bhreith leo ach ar mh’fhallaing go rabhamair-ne Bun Calaith soir ag an nDaingean sarar bhuail mo bheirt chughainn. Níorbh’ fhiú í chur ’on chairt annsan agus bhíomair ag brostú na muice linn soir de chois. Age ceann an ché thug Diarmaid stiall de shlait a bhí ’n‑a láimh di. Do ghoin sé í. Do chas sí agus as go bráth léi síos fé’n gcé. Tháinig fear an chapaill roimpi agus bhuail sí siar idir a dhá chois, d’árduigh léi é nó gur bhuail ar shlait a dhroma amuich i bhfairrge an chuain é agus í féin ’n-a theannta.

Do chuir Diarmaid crúca i bhfear an chapaill a bhí i n‑imeall an uisce agus do thairrig aníos é agus gan puinn tóirtéise air sin. Thug an mhuc a h‑aghaidh chun na fairrge.

“A Mhuire! tá an mhuc báithte ar an mnaoi,” arsa Diarmaid liom-sa, “agus nach bocht a’ scéal é bean comh maith léi.”

Do bhí ’fhios agam gur ag baint spúncáin chugham féin a bhí sé i dtaobh na muice agus nár mhaith leis a rádh dáiríribh liom dul ’on tsnámh ’n‑a diaidh. Ní raibh bád ná maide rámha insa chuan ná go raibh chun treabhtha aca féin agus dob’ oth liom an mhuc ar lár.

Do sciobas an tslat as láimh m’úncail agus do bhuaileas [ 120 ]an cé amach. Do bhaineas díom anuas mo chuid éadaigh agus thugas fé shnámh lasmuich de cheann an ché. Labhair Diarmaid os mo chionn anáirde.

“Ná bíodh sé do’n diabhal ort dul ceangailte sa mhuic nó fágfaidh sí amuich thu,” ar seisean. B’in rud nár ghádh dho a rádh liom-sa ach do bhí an t‑árd-eagla air im’ thaobh.

Níor ró fhada go dtána suas léi agus do chasas isteach í. Níor mhór dom an tslat a bhí im’ béal a thógaint im’ láimh agus a úsáid sarar fhéadas í chur i dtír. Nuair a tháinig sí ar an slip rug fear an chapaill ar chluais uirthi. Níor dheacair do í choimeád san am so m‑ionann san[2] ’s an t‑am a thug sí a thriopall anáirde agus í ag imeacht. Do chasas-sa do shnámh ar mo chuid éadaigh thar n‑ais.

Do cuireadh isteach na muca i dtigh. Fuair fear an chapaill deoch agus dhá dheoch agus do thiomáin leis abhaile.

“Téanam, a úncail,” arsa mise, “go mbeidh greim éigin bidh againn.”

Chuamair go dtí tigh an bhidh agus do chaith beirt againn ár leabhair-dhóthain. Chuamair annsan ag triall ar ár gcaraid go mbaineadh gach aenne ó’n oileán amach a thigh sa Daingean. Chrom sé sin ar bheith ag ceannach na muc uainn. Do bhíodar feicithe aige cheana féin. Ráinig leis féin agus le Diarmaid margadh a dhéanamh go tapaidh agus annsan dob’ eo chugham-sa iad. Chúig púint deich a thug sé ar mhuic Dhiarmada. Níor ró fhada go raibh mo mhuc-sa leis aige ar sé púint. Ní raibh ach san déanta nuair a bhuail beirt bhan na h‑Inise an doras isteach chughainn.

Do chasas féin ar fhear an tsiopa agus dubhart leis pé deoch dob’ annsa leo a thabhairt dóibh ach dubhairt an bhean aosta go tapaidh gur cirte dhóibh féin é thabhairt dom mar go mbeidís gan muc mara mbeadh me.

“Dar Muire!” arsa Diarmaid, “scaoil leis. Tá baoghal mór air deoch a thabhairt dúinn agus sé púint glan fachta ar a mhuic aige.”

“Cé cheannuigh iad?”

[ 121 ]“Fear a’ tighe seo, agus mo cheann-sa, leis,” arsa Diarmaid.

Sé rud a dheineas ná leath-phiúnt a thabhairt do Dhiarmaid. “Seo, tóg é sin leat isteach ’on tseomra san. Bead-sa chughaibh láithreach.”

“Ach ca’ileann tú dul?” arsa Diarmaid.

“Cúram beag. Ní bheidh dhá nóimeat moille orm,” arsa mise.

“Och, dar Muire! ní bheidh aon mhaith mar sin ionnainn.”

Do bhí cúis mhaith agam-sa imeacht. Guailleáin a bhí uaim mar go raibh mo bhríste ag ionntaoibh le córda do bhí tharm aniar. Na seana-ghuailleáin do bhí agam bhíodar ’n‑a ngránlach tar éis fhuirse na muc ó’n gcéad lá chuamair an Inis go dtí an lá so.

D’fhágas annsan iad agus d’imigheas liom agus chuas isteach i siopa éadaigh.

“Dhera, Dé do bheatha-sa ’niar,” arsa bean an tsiopa.

“Go mairir-se céad, a bhean mhaith,” mo fhreagra-sa air sin. Ní le n‑a feabhas a thugas “bean mhaith” uirthi—mar do bhí ’fhios agam go minic roime sin ná raibh sí le moladh—ach gur bhain sé le béasa. Bhí sí ag cur ceisteanna orm conus a bhí so agus súd agus breac-shúil i gcomhnaidhe aici cathain a loirgeo’inn an rud a thug me. Do bhínn ag cur lámh im’ póca agus na súile ag dlioscarnaigh ’na ceann; breac-shúil aici ar an siopa agus orm-sa.

“Sín amach feidhre guailleán chugham,” arsa mise sa deire léi. D’fhágfainn tamall eile i bpionós í gan mo chuid airgid a thabhairt di mara mbeadh greann Diarmaid an leath-phínt do bheith ag imeacht uaim, rud do bhí ’fhios agam do bheadh i gceist mar is chuige sin d’fhágas ar a láimh é le linn dom scarúint leis.

Chuir bean an tsiopa beart guailleán amach gan mhoill.

“Scillin’ a feidhre iad so,” ar sise. “Guailleáin stróinséartha iad.”

[ 122 ]Rugas im’ láimh ar fheidhre aca agus bhraitheas nárbh’ fhónta iad.

“Cuir chugham an chuid is fearr má táid siad agat,” arsa mise. “Má’s rudaí stróinséartha iad so coimeád iad nó go dtiocfaidh stróinséirí ’á lorg ort.”

Do leig bean eile bhí istigh scearta gáire nuair a chonnaic sí a dheiliúsaighe bhíos le bean an tsiopa agus ise istigh lasta suas. Do chuir sí amach an seana-shórt. Do bhaineas feidhre asta, shíneas scilling chúichi agus bhuaileas amach.

Ar shroichstint Diarmaid na Gréine dhom—agus dob’ é sin féin é insan am so—do bhí a raibh i Sráid na nGabhar bailithe timcheall air. Iad ar stúil, cuid aca ’n‑a seasamh, an tigh lán, an chuid eile ó’n oileán go raibh muca aca tagaithe insan am so agus deoch go tiugh ar siubhal. Do bhí bean aosta na h‑Inise agus amhrán ar siubhal aici—“Ar Éirinn ní ’nneosainn cia h‑í,” agus ní raghfá go dtí aon bhiadh ag éisteacht léi. Agus an óig-bhean d’inghin di ba bhreaghtha ná san í. “Tá an ceol sidhe ar siubhal,” arsa fear do labhair liom.

D’fhanamair siar isteach san oidhche mar sin. Na mná ag amhrán agus na fir ag ól agus a gcainnt ag leathadh ortha agus an chiall imithe ar seachrán uatha.


Do thóg gach nduine a lóistín an oidhche sin sa bhaile mór. Maidin lár-na-mháireach do bhí muca go flúirseach, agus daoine. Lá óil agus cuileachtan dob’ eadh an uair sin é insa Daingean. Bhíodh gach dream ag piocadh a gcuileachtan, tighthe muinnteartha age gach treibh agus gur mhaith leo an scilling d’fhágaint ag an duine sin. An té do cheannuigh na muca is ann do chuamair agus do shuidheamair. Do bhí beirt na h‑Inise ’ár dteannta. Do bhí a thuille ó’n dtuaith ag cruinneáilt orainn, daoine gaolmhar agus daoine gan aon ghaol.

Do bhraith a lán Diarmaid na hÁiféise agus do bhí ’fhios aca go mbeadh greann aca air agus do bhí, leis. B’eo an [ 123 ]deoch ar siubhal. Bean aosta na h‑Inise a thug an chéad leath-phiúnt léi agus leath-ghalún leanna-duibhe mar bhí muinntir an bháid a thug na muca aniar láithreach. Ba mhaith léi a ndóthain a thabhairt dóibh mar bean mór-chroidheach dob’ eadh í.

Do bhain Diarmaid an tseoidh crothadh as a láimh agus druideann liom-sa agus baineann crothadh eile as láimh liom-sa.

“Séid suas amhrán a thógfaidh mo chroidhe tar éis na seachtaine,” ar seisean.

Ní raibh aon ghnó agam an t‑eiteach a thabhairt do mar do dhéanfadh sé seódh dhíom. Sé “Réidh-chnoc Mná Duibhe” an t‑amhrán adubhart agus ní mór do labhair go raibh sé ráidhte agam. Má bhí beirt dob fhearr ná me do bhí triúr ba mheasa ná me. An bhean aosta adubhairt an tarna ceann agus ba bhreagh go léir chuige í. Sé an “Clár Bog Déil” adubhairt an óigbhean d’inghin di agus dubhairt é gan cháim. Do bhí an deoch ’á ól go tiugh agus ’á tharrac go raibh a choisce caithte age gach nduine. Do bhí an tigh lán agus lasmuich de’n tigh.

Níor ró fhada go bhfeaca fear groidhe ag brúghadh aníos tré sna daoine agus do labhair.

“Gaibhim párdún agaibh, ’fheara,” ar seisean, agus níor stad gur bhain amach me agus do bhain seacht gcrothadh as mo láimh. “An diabhal, gur gairid do chuas do bheith bogaithe liom abhaile agus gan aon amhrán cloiste agam uait!” ar seisean ag bualadh an bhúird agus “leath-phiúnt biotáile annso!” ar seisean.

“Dhera mhuise! scaoil orainn a’ guth, má ’s é do thoil é,” ar seisean.

Do bhí aithne mhaith aige orm agus agam air, mar ba mhinic roimis sin dob’ éigean dom amhrán do rádh dho. Fear mór óil dob eadh é, leis, agus dob’ é sin an t‑ól macánta.

Tháinig an leath-phiúnt gan mhoill agus b’éigean dom gloine a scaoileadh siar gan aon diúltamh. Annsan dob’ eo [ 124 ]an ceol ar siubhal. Is maith is cuimhin liom amhráin an lae sin. “Ar Éirinn ní ’nneosainn cia h‑í” an ceann adubhart do mar bhí ’fhios agam go maith gurbh’ é b’annsa leis an bhfear groidhe, mar ba mhinic roimis sin do shéideas suas do é. Tar éis do bheith críochnaithe do scaoil an fear mór an deoch sa timcheall.

“N’fheadar,” ar seisean liom-sa, “a’ bhfuil aon duine eile annsan adéarfadh aon amhrán?”

“Tá, a mhic ó!” arsa mise leis agus do bheartuigheas ar bheirt ban na h‑Inise dho.

Níor thug mná na h‑Inise an t‑eiteach do agus cad a dheineadar ná an bheirt aca do dhul i n‑éineacht ag rádh an amhráin toisc gur mháthair is inghean iad. Ní raibh an t‑iongantas mór go léir toisc duine aca a theacht as bruinneacha an duine eile. Ní dóigh liom ná gur bhuail an galar a bhuail me féin furmhór a raibh sa chuileachtain, sé sin go mba bhearna réidh liom dhá lá agus dhá oidhche do thabhairt gan biadh ná deoch ag éisteacht le guth na beirte úd.

An uair do bhí an t‑amhrán críochnaithe do bhain an fear mór crothadh as láimh na beirte aca, ó chroidhe, agus deineann an rud céadna liom féin toisc gur me a stiúruigh ar an gceol sidhe é; agus do bhuail an bórd arís agus d’órduigh leath-phiúnt eile do theacht. Scilling an leath-phiúnt dob’ eadh an uair sin é. Tá naoi scillinge indiu air agus me ’á bhreacadh so. Isteach im’ dhorn do chuir sé an t‑árus chun é riaradh. Duine do bhlais é agus beirt nár thóg deoir uaim. Do chonnac Diarmaid na gréine ag píopaireacht go tiugh agus a choisce go maith caithte aige agus dubhart im’ aigne féin go mbeadh oidhche eile insa bhaile mór againn.

Ní ró fada gur chas an fear mór orm agus crothann mo lámh. “Ba mhaith liom amhrán eile uait sara mbeimíst ag baint an tighe amach,” ar seisean. “B’fhéidir go mbeadh tamall eile ann sara mbuailfimíst le chéile.”

Ní raibh eiteach agam do, dar ndóigh. Dubhart amhrán agus dhá amhrán, agus mná na h‑Inise trí cinn, cheithre cinn agus [ 125 ]an uair a cheapas-sa ná raibh sé i bhfad ó aimsir a bheith ag dul abhaile ní hé sin a cheap an chuileachta.

Insa deire nuair a bhí an lá mall agus é i margadh na h‑olla—sin é an margadh is déanaighe a bhíonn ar siubhal—agus é i n‑am a bheith ag ciorrú chun a’ tighe, bhí Diarmaid an uair sin ag dul sa ghréin agus gan aon mhachtnamh ar an mbothán aige ná ní bheadh go Nodlaig an fhaid is bheadh beoir ar siubhal.

Do labhras go feargach leis agus dubhart gur chóir go raibh sé i n‑am dúinn a bheith ag tarrac ar an mbothán tar éis dúinn a bheith dhá lá agus dhá oidhche as. Is amhlaidh a rith sé chugham ag baint plasbadh póige dhíom. Do labhras le bean na h‑Inise agus do chuireas an rud céadna i n‑iúl di.

“Dhera mhuise!” ar sise liom, “lá d’ár saoghal iseadh é agus ní i gcomhnuidhe a bheimíd i dtreo le n‑a leithéid de lá.”

Do thuigfinn go maith do sna freagraí sin anois nuair atáim aosta, is dócha, ach bhíos aidhmiúil, óg an uair sin. Mise ag tabhairt m’úncail abhaile agus lán an tighe de pháistí ’n‑a dhiaidh agus gan bolg cuid aca ró lán nó go dtabharfadh airgead na muice rud éigin chúcha. Bean na h‑Inise nár fhág ’n‑a diaidh i n‑oileán mhara ach dhá chloich mine buidhe, agus aon phioc de thinneas an tighe ná an bhaile ní raibh uirthi féin ná ar Dhiarmaid. An uair a dheineas machtnamh mar seo do chaitheas anáirde liom féin an scéal agus dubhart im’ aigne go mbeadh deire órdaithe agam le cur ortha ach do réir mar déarfaidís féin do bheith leo; agus is sin mar do bhí.

Do bhí a lán bailithe amach as tigh an óil san am so ach ní raibh an fear mór. Do bhí bean na h‑Inise ag cainnt leis agus sa chainnt dóibh dubhairt sí go mbeadh uirthi capall ó’n mbaile mór do bhreith léi go Dúnchaoin amáireach a bhí chúichi, “agus,” ar sise, “dá bhfairfinn capaill na tuaithe ó mhaidean do bheadh mo chuid ualaighe thiar anocht.”

“A’ bhfuil ualach agat-sa?” arsan fear mór liom-sa.

[ 126 ]“Leath-phaca mine a bheidh agam,” arsa mise.

“Beidh rud éigin age Diarmaid, leis, is dócha,” ar seisean.

“Beidh gan amhras,” arsa mise. Do bhí Diarmaid gan chiall an uair seo.

“Mo lámh agus m’fhocal daoibh go mbeadh annso ar a hocht a chlog ar maidin amáireach má mhairim,” ar seisean.

Do ghaibh sé a chapall agus do thiomáin leis tríd an sráid mhóir síos agus is dócha ná raibh sé i bhfad ag baint a thighe féin amach. Do chasas isteach mar a raibh an réic Diarmaid. Ní raibh a sheasamh aige ach go h‑olc. Do lean bean na h‑Inise me.

“Téanam,” arsa mise leis, “go ragham abhaile nó an bhfuil aon lúb istigh insan alpachán mná d’fhágais id’ dhiaidh agat?”

“Ní bean ró bhreagh í,” ar seisean. “Ní baoghal di.”


Do stracamair linn amach é agus do bhaineamair tigh an bhidh amach. Do cuireadh biadh maith chughainn ach is beag a chaitheamair de. Do bhaineas féin an leabaidh amach agus do thuit mo chodladh go luath orm. Siar i bhfad insan oidhche ’seadh tháinig an sean-úncail orm agus do thuit d’á chodladh go tapaidh agus d’fhan mar sin ar nós an duine mhairbh. Do bhaineas féin sráice eile as agus an t‑am gur bhraitheas, thar n‑ais, do bhí an mhaidean ag breacadh agus an lá ag teacht. D’fhanas im’ dhúiseacht annsan mar dubhart liom féin go mbeadh fear an chapaill chugham sara fada, sé sin má b’fhear ar a fhocal é. Níor cheapas go mbeadh sé chugham comh luath agus do cheap sé ach bhí dóchas agam go dtiocfadh sé am éigin insa lá, mar nárbh’ fhear gan fuaimeant é.

Ní ró fhada bhíos ag machtnamh mar sin an t‑am gur bhraitheas glór na trucaille, ach níorbh’ é an fear mór a rith im’ aigne a bheith ann comh moch san. Ach do bhí dearmhad orm mar gurbh’ é bhí ann go cruinn. Do chuir sé a chapall mar ar ghnáth leis é chur agus tháinig go dtí sinn. D’fhanamair go [ 127 ]raibh an bricfeast ullamh agus annsan bhíomair ag bailiú gach ní isteach sa trucaill mar bhíodar déanta suas againn ó’n lá roimis sin. Ní mór an t‑anam a bhí i nDiarmaid na mBeach fós; ach pé aca san é as go bráth linn as an mbaile mór tar éis trí lá agus trí oidhche bheith caithte againn ann.

Thugamair ár n‑aghaidh ar Dhúnchaoin agus bhíomair ann go luath. Do bhí bád tagaithe amach fé bhrághaid bhean na h‑Inise. D’fhág fear an chapaill slán agus beannacht againn agus thug aghaidh ar Bhaile an Fhirtéaraigh, a bhaile dúthchais.

Bhuaileamair síos go dtí an bád láithreach agus sheolamair go dtí an Blascaod Mór. Níor cuireadh lón na h‑Inise as an mbád, do dhein Diarmaid plean bualadh siar go dtí an chloch san ’n‑a dteannta agus fanúint cúpla lá thiar, gléas fiadhaigh do bhreith linn agus go mbeadh beart breagh coiníní ag filleadh againn.

Ní raibh dul as agam-sa cé ná raibh mór-fhonn orm toisc me bheith suaidhte tar éis an Daingin; ach drifiúr do bhean na h‑Inise do bhí pósta age Diarmaid agus drifiúr do Dhiarmaid dob’ eadh mo mháthair agus ’na theannta san do bhí an óigbhean sa scéal. Do bhínn féin agus í féin ag spochaireacht ar a chéile i gcomhnaidhe.

Thógamair anáirde ár seolta arís agus as go bráth linn gur shroicheamair Inis Mhicileáin. Thugamair dhá lá agus dhá oidhche insa chloich sin, birt coiníní ag teacht gach tráthnóna againn, amhráin go flúirseach i rith na hoidhche nó go mbíodh sé a h‑aon a chlog, is dócha, agus codladh go eadartha annsan. Ní stadadh an sean-úncail annsan ach am’ luadhachtaint féin agus na mná óige le ’chéile gach oidhche agus gach uair agus do bhíodh sórt rógaireachta ag baint leis gan amhras, mar gach rud suaithinseach d’á mbíodh le fagháil thugadh sí sin aire go mbeadh ár gcuid de age beirt againn i bhfios agus i gan fhios ar feadh na h‑aimsire!

Maidean an tríú lae ní raibh sé ró bhreagh ar fad agus do dheineamair beartú ar bheith ag baint an tighe amach. Do bhí ár lán-ualach ar gach duine againn ag teacht go dtí an [ 128 ]bád agus do lean a raibh sa chloich go dtí an t-uisce sinn agus ní raibh fead ná glaodh asta toisc sinn do bheith ’á bhfágaint. Níl gnó agam-sa ’á rádh ná gur chailleas féin mo chuid suilt, pé duine eile do chaill í, agus ní h-iongnadh san agus me ag scarúint leis an dtamall grinn is mó do bhuail riamh liom agus ’n-a theannta san me ag tabhairt mo chúil leis an ógmhnaoi ba thaithneamhaighe liom ar an dtalamh naomhtha insan am san.

Seadh do bhogamair linn aniar agus do bhí formad maith linn ag an muinntir do bhí i bhfus. Bhí ár n-ualach de choiníní saille againn agus gan ag an gcuid i bhfus ach feamnach, is móin, is aoileach.

  1. Inis Mhicileáin.
  2. .i. Ní h‑ionann san.