An t-Oileánach/23

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Tosach mo shuime sa Ghaoluinn
[ 243 ]
XXIII
TOSACH MO SHUIME SA GHAOLUINN

Na leanbhaí am’ mhúineadh, léigheamh na scéal, teacht Mharstrander, an fear nár bádh, an phiast mhór, an searc.

Suim bhlianta roimis sin do beirtí amuich orm ar an dtír móir go lán-mhinic i gcomhnaidhe insa dubhluachair. Insa tigh gur ghnáth liom stad do bhíodh a gclann ar scoil do shíor. Do bhí an teanga Ghaedhealach ’á mhúineadh ar scoil Dhúnchaoin san am san, comh luath le h-aon scoil i nÉireann, im’ thuairim. Do bhíodh clann an tighe seo ag léigheamh scéalta gan staonadh dhom gach uair a bheireadh orainn ’n-a dteannta nó go ráinig dúil agam féin insa ghnó agus gurbh’ éigean dóibh an leabhar a thabhairt dom féin agus duine aca ar a cheart do bheith ag meabhrú an achrainn dom do bhí ’á leanúint—litir buailte, litir sínte, litir chabhartha, fé mar atá.

Níor ró fhada a thóg sé uaim-se sa chao’ ná rabhas ag brath ortha chun mo scéal do léigheamh dom an uair a bhí eolas ar an ndeifiríocht agam. Toisc go raibh mo cheann lán di, agus má bheadh abairt bhacach ag teacht treasna orm, ní raibh agam ach é lorg im’ inchinn féin, bhí an réidhteach le fagháil agam ann gan bacúint le cách.

Ní fada go raibh leabhar agus leabhartha agam agus na daoine insan Oileán so ag teacht ag éisteacht liom ag léigheamh na sean-scéalta dhóibh agus cé go raibh lán-chuid díobh aca féin níor fhan aon bhlas aca ortha chun iad féin a bheith ’á rádh d’á chéile seachas an slacht a chuireadh an leabhar [ 244 ]ortha. Ba lán-fhada go mbeinn cortha de bheith ’á léigheamh dóibh san am san mar do bhí an gomh dearg orm féin chun dul chun cinn.

Ó’n am san amach do bhíodh cor-dhuine ag teacht fé dhéin an Oileáin seo.

I dtosach mí Iúil lá Domhnaigh thug naomhóg ó Dhúnchaoin duine uasal go dtí an Blascaod. Fear lom árd geal-chroicinn glas-shúlach dob’ eadh é. Ní raibh aige ach blaise na Gaoluinne ar a theangain. Do ghaibh sé trí sna daoine agus do bhrath sé iad agus tráthnóna do cheistigh sé cuid aca an mbeadh ionad ósta le fagháil aige. Dubharthas leis go raibh agus do réidhtigh é i dtigh an Rí agus do chuaidh thar n-ais gan a thuille rádh ná a dhéanamh.

Ní ró fhada dhe’n Luan go raibh a chip is a mheanaithí bailithe isteach aige. Cuireadh ceist air cad é an réasún nár fhan sé i bParóiste an Fhirtéaraigh agus dubhairt sé go raibh an iomarca Béarla thríd an nGaoluinn aca agus ná raibh san ag oiriúint do féin; go raibh mar dhualgas air scoth cheart na teangan d’fhagháil agus gur annso do bhrath sé an Ghaoluinn dob’ fhearr.

D’fhiafruigh sé dhe’n Rí cé an duine annso dob’ fhearr chun na teangan do mhúineadh dho. Do bheartuigh an Rí dho gur mise an té sin mar go rabhas ábalta ar í léigheamh agus go raibh Gaoluinn mhaith bhlasta agam sarar léigheas riamh í.

Do ghaibh sé chugham gan ró mhoill agus do cheistigh me. Do chuir leabhar chugham, “Niamh.” “Táir go maith, ach a’ bhfuil Béarla agat?” ar seisean. “Níl Béarla mór agam, a dhuine uasail,” arsa mise leis. “Déanfaidh san,” ar seisean.

An chéad lá do chuamair le chéile thug sé an teideal máighistir dom!

Carl Marstrandar dob’ é é. Fear breagh dob’ eadh é, uasal, íseal agus, dar ndóigh, is sin mar bhíonn a lán d’á sórt go mbíonn an fhoghluim go léir ortha. Chúig mhí do chaith sé insa Bhlascaod. Téarma insa ló do bhímís le ’chéile [ 245 ]ar feadh leath na h-aimsire, a dó nó a trí huaire ’chluig gach lá ach tháinig tuairisc chuige ná beadh an aga aige do ceapadh ar dtúis do agus annsan b’éigean do bheirt againn atharú dlí do chur ar bun. Do chuir sé ceist eile orm—ar bh’fhéidir liom dhá théarma insa ló a chaitheamh ’n-a theannta?

Tar éis gnó an lae do bheith déanta iseadh do théighinn go dtí é mar do bhíodh na h-oidhcheannta fada san am de’n mbliain do bhí ann. Do bhíodh seilg ar siubhal agus naomhóg agam féin, agus fear eile im’ theannta agus ní lobhálfadh súd do, aon aimsir, do chuirfeadh siar óm’ sheilg me, do chaitheamh leis. Níorbh’ fhéidir liom an tarna téarma a chaitheamh ’n-a theannta ach insa ló; ach mar sin féin connus a bheadh eiteach an duine uasail agam? Dubhart leis go ndéanfainn mo dhícheall do.

Dob’ ’eo le ’chéile sinn agus an uair a thagainn-se isteach chun dinnéir do théighinn go dtí é agus níor mhór ar fad a chuireadh an turus san siar insa tseilg me. Oidhche Nodlag díreach do shroich sé a bhaile dúthchais tar éis sinn d’fhágaint. Do chuir sé an t-ór buidhe chugham tar éis dul abhaile dho. Ní fhuaireas aon tuairisc air le fad’ an lá.

Tuairim na bliana 1909 iseadh bhí an Lochlannach, Marstrander, ’ár measc. Ní ró fhada ’n-a dhiaidh sin gur ghluais chughainn Tadhg Ó Ceallaigh. Gaedhilgeóir maith dob’ eadh é. Do bhíodh scoil Ghaedhealach gach tráthnóna i dtigh na scoile aige timcheall cúpla uair a chluig gach oidhche. Níor leigeas aon tráthnóna tharm gan a bheith ’n-a theannta.

An uair chéadna sin iseadh tháinig litir chugham ó’n Lochlannach lán de pháipéar chun ainm gach ainmhidhe ar an dtalamh, ainm gach éin sa spéir, ainm gach éisc sa bhfairrge agus ainm gach luibhe ag fás a chur chuige anonn go Lochlainn agus órdú agam gan baint le h-aon leabhar ach iad a litriú insa bhlas do bhí agam féin.

Seadh, ní rabhas ró oilte ar an dteangain a bhreacadh san am so agus, a bhuachaill mhaith, níor mhór dom a bheith go sár-mhaith chun na h-ainmneacha so go léir a litriú ceart. Do [ 246 ]thagras an scéal le Tadhg. “Ó!” arsa Tadhg, “déanfam le cabhair a chéile iad go rábach.” Ní raibh aon leisce ar Thadhg chun an ghnótha mar do thaithin an obair leis féin thar barr. Do bhíodh tamall gach lá againn ortha nó go rabhadar críochnaithe againn agus gur seoladh chuige anonn iad.

Níor fhan Tadhg againn ach mí.


An bhliain tar éis Tadhg ár bhfágaint do bhí iasc go flúirseach le fagháil gach oidhche gurbh’ fhéidir leo dul ag triall air. Do bhíodh leath-dosaon naomhóg ó Dhúnchaoin ag teacht, leis. Ní bhídís sin comh h-oilte ar an bhfairrge san am san agus mar táid ó shin.

Seadh, do bhí an oidhche seo bog ciúin fliuch agus dob’ ’eo gach naomhóg againn chun na fairrige. Do chaith an oidhche go maith nó go raibh a leath caithte. Lár na h-oidhche bhaineamair an calath amach agus thriomuigheamair an naomhóg. Do bhain gach nduine againn amach a thigh féin agus d’itheamair greim bídh. Annsan do bhogamair amach arís agus do bhí cuid de sna naomhóga ’ár dteannta agus a thuille aca, gur chuaidh na fearaibh a chodladh, nár chuaidh amach thar n-ais chuige agus do bhí naomhóga Dhúnchaoin nár imigh abhaile i n-ao’ chor ach d’fhan ar snámh timcheall calaith an Oileáin.

Ní raibh aon staonadh ag dul ar an bhfearthainn. B’eo le gach naomhóg againn sa tsoláthar, cuid againn tamall maith ó bhaile. Ní rabhamair féin ró fhada ó thalamh. Do scaoileamair amach na líonta, gach a raibh sa naomhóig díobh. Ní rabhadar ach sínte insa bhfairrge an uair a chualamair an fothrom ag déanamh orainn agus cad a bheadh ann ach feothan gaoithe. Do bhí an feothan comh fuinniúil gur chuir sé gach nduine againn anuas de’n dtochta ar thóin na naomhóige agus do bhain crothadh maith as an naomhóig féin.

Do phreabas go dtí an téad do bhí ag coimeád na líonta as dheire na naomhóige agus do chromas ar í tharrac nó go raibh na líonta ag teacht orm. Annsan d’imigh an ghaoth [ 247 ]arís comh h-obann agus tháinig sí agus tháinig sórt suainis ar an scéal. Dubhairt an bheirt eile féachaint a’ raibh aon bhreac éisc isna líonta agus do bhí breac fada fánach. “Scaoil siar aríst iad,” ar siad-san, mar nár tháinig aon tsiolladh eile gaoithe ar feadh an méid sin aimsire.

Ní raibh ach an téad sínte siar insan am gur ghluais an fothrom, ba sheacht mhó ná an chéad cheann, nár fhág aon bhraon sáile insa bhfairrge gan tógaint anáirde insa spéir agus do bhain crothadh as an naomhóig agus do raid soir, siar í.

“Preab de gheit agus tairrig aniar an téad!” arsan bheirt; “beidh sé séidthe gan mhoill.”

“Nach breagh do bheadh sé ar bórd anois againn dá leanfaimís dár láimh an uair úd,” arsa mise; agus preabaim go dtí an téad gan mhoill.

Ní raibh sé im’ chumas ionga ná órlach a thabhairt liom de’n líon. Dob’ éigean dom m’aghaidh a thabhairt ar dheire na naomhóige agus mo dhá sháil a chur i gcoinnibh na maidí cos agus is righin mall do bhí sé ag teacht mar sin féin.

Thugamair an líon isteach slán, foláin; ach níor shíon go dtí mar do bhí ann insan am san le gaoth agus fearthainn. Do bhíomair lom díreach chun na gaoithe ar an gcalath. Is amhlaidh do bhí fear againn ag rámhaidheacht agus an bheirt eile againn ag stiúradh agus, cé go raibh dhá dhola iarainn agam-sa i ndeire, do lúbadar leis an ngreim a rug ortha.

Is ar a tharrac do bhí a shábháilt againn mar ba dhóbair go gcuirfaí thairis an gcalath sinn d’á fheabhas mar dheineamair ár ndícheall. Ar shroichstint an chalaith dhúinn do bhí sé ’n-a bharra taoide agus taoide árd rabharta do bhí ann agus do bhí an cladach lán de naomhóga rómhainn agus an áit ana-chumhang.

Ar chur na téide i dtalamh dúinn do bhí le clos gur ghaibh naomhóg soir tríd an ngóilín agus gan innti ach aon fhear amháin agus gur ó Dhúnchaoin í, go raibh an bheirt eile de’n chriú i dtír uaidh tar éis iad do léimeadh ar an gcloich ar theacht isteach dóibh gan téad ná faic a bhreith i dtír leo as [ 248 ]an naomhóig. Do ghlan an naomhóg agus an fear aonair thríd an ngóilín soir agus as go bráth leis trí anaithe na h-oidhche. Dob’ olc an scéal é dá mbeadh leigheas air; ach ní raibh.

Do lean an gála ar shéideadh thar fóir i rith na h-oidhche agus do bhí an naomhóigín agus an fear ’á thiomáint ag an ngaoith roimpe treasna tré Bhágh an Daingin nó go raibh eadartha bó amáireach ann. Insan am san de ló iseadh séideadh isteach cuan Bhéil-Ínse é féin agus a naomhóg, gan mhaisle ná máchaill. Do glacadh go maith ann é; an scríb curtha dhe aige agus é ’n-a chaonaidhe aonair agus do bhí iongantas ortha conus nár chuir an scannradh féin chun báis é i rith na h-oidhche móire fada.

Tar éis teacht abhaile dhom féin b’éigean dom an doras amach do chur díom arís féachaint an raibh na daoine muinnteartha ar saor age baile; agus b’iad an chlann a chuir an méid sin cúraim orm, mar do bhí a n-úncailí féin ar an bhfairrge agus ca bhfios dóibh ná raibh an scríb beirthe ortha. Do bhí an bháisteach ag tuitim go tiugh fós gan aon sánas agus is ar mo dhearnacha dob’ éigean dom dul ó thigh go tigh aca. An uair a bhaineas mo thigh féin amach dob’in é an uair díreach do bhí sé ag breacadh agus é ag triomú. Do chaitheas díom anuas agus do bhaineas an leabaidh amach agus me tuirsithe, traochta agus níor mhór an aga go rabhas im’ chnap innti.

Lár-na-mhanathar an lae sin do chuaidh daoine ó’n mBlascaod amach go dtí an tír ag caoineadh an fhir bháidhte, mar do bhí saghas tórraimh ann. I lár an scéil istigh cé bhuailfeadh an doras isteach chúcha ach an fear féin. Thug long gaile treasna go Daingean é féin agus a naomhóg agus a líonta.

Do leath an scéal amach ar fuaid na tíre gur thuit so amach agus ní ró fhada gur tháinig duine ó’n rialtas agus do bhreithnigh an góilín. An uair a chuaidh sé thar n-ais ní fada gur cuireadh an obair ar siubhal agus bhí sé ar siubhal nó go raibh an góilín dúnta agus é níos aoirde ná aon áit eile mór dtimcheall air. Do bhí an obair tamall maith ar siubhal. [ 249 ]Thugas féin chúig púint déag aisti agus ní raibh agam ach págh fir agus breac-lá maith ná bínn, chuige, ann.


Do bhíos ag iascach oidhche tamall tar éis an ghóilín sa chalath a dheisiú. Oidhche bhreagh dob’ eadh í agus ní raibh orainn dul ró fhada ó bhaile. Pé scéal é ní raibh mórán éisc ag bualadh linn agus do bhaineamair amach an Tráigh Bhán agus thugamair cor ann. Ní fada do bhí na líonta curtha againn san am gur bhraitheamair umlosc ’á dhéanamh tamall siar insa líon. Dubhart féin leis an mbeirt eile go raibh rón insa líon agus má bhí aon mhairciréal ann go mbeadh sé ithte aige gan ró-mhoill; ach ní mór an tsuim do chuir an bheirt im’ ghlór agus do scaoileadar an scéal trí n-a gcluasa.

Ní ró fhada ’na dheabhaidh sin go ndubhairt an fear tosaigh go raibh diabhal éigin sa líon mar go raibh sé ag tarrac an lín agus na naomhóige leis go mear.

Ní raibh an focal as a bhéal san am gur tháinig conach ar an rud do bhí insa líon agus do thairrig leis na líonta agus an naomhóg tuairim míle slí agus ba bheag nár bháidh sé sinn de’n iarracht san ach go raibh fiche feadh de théid as ceann an lín agus dob’ éigean í leigeant leis go dtí an méid do bhí im’ láimh di.

Ní raibh faic le déanamh annsan ach na líonta leigeant leis agus ba mhór an cur chun deire ar iascaire bhocht é sin. Dubhairt an fear tosaigh tarrac ar an dtéid arís agus do dheineas agus thugamair smut de’n tsaighne ar bórd agus dob’ ’in é an uair do bhí an béarla againn le n-a chéile! Oidhche ghealaighe dob’ eadh í agus an uair a chonnacamair an allait ghroidhe tamall siar ó dheire na naomhóige tháinig an liathbhuidhe ar thriúr againn gan aon phioc feasa againn cad ba chóir ná ba cheart dúinn a dhéanamh. Dubhairt an fear tosaigh liom-sa gan na líonta a scaoileadh uaim, gurbh’ fhearr leis a bheith báidhte, féin, ná bheith gan líonta!

Do chaitheamair i bhfad mar sin agus b’éigean dúinn bheith [ 250 ]ag scaoileadh an lín siar agus aniar. Do bhí an phiast mhór agus na sé cinn de líonta casta uirthi ach aon líon amháin; agus an uair a thugadh sí a h-aghaidh le fánaidh dob’ éigean leigeant leis an dtéid gach uair nó go mbuailfeadh sí thíos ar an ngainnimh. Do bhíomair ag comhrac léi nó gur dhruideamair leis an gcalath. Do bhí scian mhaith ar oscailt agam i gcomhnaidhe chun tarrac ar an dtéid ach do bheadh san faillítheach agam dá raghadh an phiast chun buile.

Fé dheire do shroicheamair an calath mar do fuaireamair cabhair ó dhá naomhóig eile. Do bhí lán linne an chalaith innti. Ní ró fhada gur dhein sí umlosc ar an linn agus bháidh sí a raibh ann againn agus do bhuail sí clabhta de’n ioróig droma do bhí uirthi i gcoinnibh na cloiche. Do scoilt sí an chloch agus do bhain leath-tonna meadhchaint aisti. Is beag nár chuir sí chun báis a raibh ar an gcalath le scannradh an uair a thriomuigh sí. Do bhí ae innti do dhein solus do’n oileán go ceann cúig bliana. Do bhí obair ar na líonta bhaint di. Do bhíomair gan líon aici ach na téada, iad stolta stracaithe. Ní raibh triúr againn insa mhaith céadna ó shin, do bhí an iomad de’n annródh beirthe orainn. Do bhíomair báidhte mara mbeadh a ghiorracht do’n gcalath bhíomair.

Do bhíomair lá eile agus cloch róid ag coimeád na naomhóige agus doraithe againn ag marbhú éisc. Ní ró fhada gur ghaibh an searc fé bhun na naomhóige agus é anonn ’s anall gan é fhágaint, ná níorbh ’fhéidir é chur ó’n áit. Do bhí fear againn sínte treasna ar an dtochta agus gan dabht do bhí a dhá chois treasna amach thar gunail. Do bhíos féin i ndeire na naomhóige agus súil dár thugas cad a chífinn ná an searc agus a chraos ar leathadh aige agus é ag déanamh, bolg anáirde, fé dhéin na gcos. Do leigeas scread ar an bhfear láir a chosa tharrac. Do dhein de gheit. Do chuaidh a leath de’n searc anáirde as an uisce agus is beag nár bháidh sé sinn de’n scríb sin.

Dob’ éigean dúinn tarrac suas agus an talamh a bhaint amach; agus do lean sinn an fhaid a bhí dhá fheadh uisce aige. [ 251 ]Ní raibh aon mhaith insa lá san ionnainn ná ní raibh an misneach céadna go ceann seachtaine ’n-a dhiaidh againn.

N’fheaca aon phiast riamh ó shin i mbarra an uisce ná go dtiocfadh criothnú im’ chroidhe. Is minic do bhí naomhóg, agus bád, báidhte tar éis na h-oidhche agus, go minic, sa lá, agus théigheadh de sna daoine a dhéanamh amach cad a thagadh treasna ortha. Is é mo thuairim gurab oll-phiast mar seo a thugann fogha fútha agus an taobh síos a thabhairt suas dóibh. Is mó rud a bhíonn ag faire ar lucht na fairrge.