An t-Oileánach/7

An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Deire le scoil agam
[ 69 ]

VII
DEIRE LE SCOIL AGAM

An seana-shaighdiúir máighistir, an cigire chuige, mise im mhúinteóir! ag fiadhach ar choiníní.

Lá breagh Domhnaigh do ghluais bád isteach ó’n dtír agus daoine stróinséartha innti. N’fheadair aenne cérbh iad féin nó gur shroicheadar na daoine ar bharra an chalaith.

Scriosúnach d’fhear mhór árd lom dob’ eadh é agus cuma dhroch-shláinteach air agus cuma chríona ’n-a theannta san. Bhí sé pósta agus a bhean ’n-a theannta agus beirt leanbh aca. Bhí trí cosa fé’n mnaoi, cos chliste, cos ghearra agus cos mhaide. Do leig duine thoir agus duine thiar giota gáire as agus dubhairt duine: “D’á aimilitheacht atáid siad,” ar seisean, “nach maith atá na páistí aca.” “Sé sin toil Dé, a dhuine,” arsa duine eile, d’á fhreagairt, go raibh breis d’aitheanta a chreidim aige.

Do bhaineadar tigh na scoile amach. Bhí deighilt insa tigh sin chun múinteóirí do lonnú ann. Thug na daoine teine a ndóthain chúcha agus do shocruigheadar iad féin síos ann chun a ngnótha do chur ar bun.

Seana-shaighdiúir do fuair cúpla gráinne insan arm dob’ eadh é agus do bhí réal sa ló (pinsin) aige. Ní raibh sé ’n-a chumas a bhróga do dhúnadh, ná cromadh chuige, de dheascaibh an gráinne chuaidh ’n-a chliathán. Dob’ aimilithe an bheirt iad, ní ’á chasadh leo é, ach b’fhearr bean na dtrí gcos pic ná [ 70 ]eisean mar do bheadh sí sa bhaile mór go rábach roim aon bhean dhá choise mar thugadh sí ana-thruslóg go léir leis an maide.

Bhí bliain nach mór dúnta ag an scoil an uair seo agus do deineadh í oscailt ar maidin Dé Luain. Ní raibh aenne i n‑easnamh ar an scoil an lá úd. Múinteóir nua, dar ndóigh! Is beag nár chuaidh na daoine aosta ag féachaint conus mar bheadh an fear nua ag cur de.

Bhí oidí scoile tearc an uair úd agus do chuaidh de’n tsagart aon duine d’fhagháil agus an uair dob’ fhada leis do bhí an scoil gan aenne do chuir sé é seo ann go ceann tamaill. Ní raibh sé ar aon choláiste riamh ná é ró mhaith ar an mbun-scoil ach oiread. Pé scéal é b’eo leis an léigheann ar siubhal ar maidin Dé Luain.

Is cruinn díreach do bhí an Rí ar a shuidheachán féin romham. Do sméid sé orm teacht i n‑aice leis agus do chuas. Thug cogar dom—“Nach pollta atá an croiceann ag an scolárdach,” ar seisean. “Tá sé mion-phollta go maith,” arsa mise leis. Bhí ’fhios agam-sa óm’ athair gur rian na bolgaighe bhí ann ach n’fheadair an Rí cad é an rud bolgach chuige an t‑am san d’á shaoghal.

Níor mhór an léighean do ghlac an ghramaisc a bhí ar scoil an lá úd mar nách ag féachaint ar leabhar ná pháipéar a bhíodar ach ag tabhairt bhean na dtrí gcos fé ndeara a thugadh í féin le teasbáint anois is arís. Duine fíor-mhacánta dob’ eadh an múinteóir agus ní bhíodh oiread de chrith-eagla roimis agus do bheadh roim fhear eile do bheadh mallaithe. Tar éis an tsaoghail do bhíodh na scoláirí go maith aige.

Uair sa ráithe théigheadh sé go dtí an baile mór agus thugadh sé bosca misleán leis agus ubhla chun lucht na scoile. Pé lá d’fhanadh aon leanbh istigh thagadh sé ag traill air agus ubhall nó milseán aige chuige agus is é ghluaisigheadh leis go fonnmhar agus cnap ubhaill aige ’á phromsáil ar nós capaill. Toisc é bheith tláth is beag d’fhanadh istigh aon lá uaidh.

Is é siúd an múinteóir déanach go rabhas-sa aige agus an [ 71 ]Rí leis agus a lán eile againn, mar thug sé tamall maith ann. ’Sí an droch-shláinte do chuir as insa deire é. Bhí sé chun Corcaigh a bhaint amach ach do cailleadh fé shlí an duine bocht timcheall Thráighlí. Is beag a bhí aige de’n léigheann ná raibh piocaithe againn uaidh sarar imigh sé.


Cé gur lom buidhe an cúntanós a bhí ar an máighistir ba dhóigh leat nárbh é an fear céadna é an uair a bhuail cigire an doras isteach chuige lá. Tháinig spionnadh beag suas ’n‑a aghaidh fé mar bheadh duine bheadh beagán éadtrom ’n‑a chéill agus ní deirim ná go raibh san ag baint leis an uair sin, pé rud eile bhí ’n‑a theannta air.

Is mise nár thóg san air a bheith atharaithe roimis an mbioránach a tháinig, mar tháinig crith-eagla ar a raibh de ghramaisc ar scoil roimis. An seithe reamhar buidhe bhí air ba dhóigh leat gur i bpáirt de’n tSín a cuireadh ’on chliabhán é. Bhí gach duine, beag agus mór againn, ar bheagán cainnte agus pé gnó bhí idir lámha againn ’á dhéanamh go ciúin. Níorbh’ fhada dhom gur ghaibh an maighistir chugham agus figiúirí ar shlinn aige agus dubhairt liom iad a chaitheamh suas comh luath agus dob fhéidir liom é. Ba bhearna réidh liom-sa san a dhéanamh agus do dheineas gan mhoill. Is é an cigire a chuir chuige féin iad agus leis an mearathall ní raibh sé ’n‑a chumas iad a chur le chéile.

Toisc ná raibh an t‑oide ró shláintiúil thug sé taom breoiteachta as an gcrith-eagla do chuir an cigire air, cé go raibh an scoil ar oscailt gach lá. Dubhairt an máighistir go mbeadh sé buidheach go deo dhíom ach seasamh ’n‑a ionad sa scoil agus go mbeadh an Rí im’ chongnamh. Meaintín dob’ eadh a bhean agus tháinig sí go dtí m’ mháthair agus dubhairt sí léi comhairle thabhairt domh-sa chun me ghríosach chun scoile faid a bheadh an máighistir breoite. “Agus má tá cuilt nó aon rud le déanamh agat déanfad duit é,” ar sise.

Do bhíos féin agus an Rí ’ár dhá múinteóir ar feadh mí [ 72 ]agus, ní ’á bhreith as so é, ba bheirt sinn ná raibh le moladh, mar pé rud a bhí ’ár gcumas do dhéanamh ní leigfeadh an mí-fhoirtiún ná na crosa dhúinn é dhéanamh. Do bhí balcairí láidre ar scoil an Bhlascaeid an uair úd agus ba mhó go mór a bhíodh clis agus cúirtéireacht ar siubhal againn ná dintiúirí an léighinn. Ach pé scéal é do breacadh an mí amach ar an gcuma so gan bhuairt gan bhrón.


Ní fada ’n‑a dhiaidh sin gur cailleadh an t‑oide agus dúnadh an scoil arís agus do bhíos féin an Rí arís le chéile chun sealgaireacht i gcnoc agus ar a’ bhfairrge. Má bhí mianach an pheata ag baint liom-sa féin fós, toisc gur mhe an duine deirineach de’n ál, do bhí an mianach céadna insa Rí toisc gurbh’ é an chéad duine de’n ál é. D’fhág san cead uilc is maitheasa againn nach mór.

Maidean áirithe do ghluais sé chugham go moch.

“Thug rud éigin thu comh moch so,” arsa mo mháthair leis.

“Ragham a’ fiadhach,” ar seisean. “Tá an lá ana-bhreagh. Tabharfam sciúird as so siar go Ceann Dubh agus b’fhéidir go mbeadh leath-dosaon coinín againn. Ca’il Tomás? ’N‑a chodladh fós, is dócha.”

“Iseadh go díreach,” ar sise.

“Táim annso, a bhuachaill,” arsa mise, mar d’aithnigheas a ghuth seachas guth aenne eile a bhíodh ag teacht fé’n dtigh.

“Preab id’ shuidhe agus ragham ag fiadhach,” ar seisean.

“Ach níl gléas maith fiadhaigh agam,” arsa mise.

“Tá, a bhuachaill!” ar seisean, “tabharfad-sa an firéad liom.”

“Ach ní leigfear leat í, is baoghal,” arsa mise leis.

“Goidfead-sa í óm’ athair chríona,” ar seisean.

Chuir mo mháthair mo chuid bídh chugham agus ní rabhas i bhfad ’á shlugadh agus an méid ná raibh oiriúnach le slugadh de do bhí an muileann go faobharúil chun na coda san—cliathán de chíste déanta de mhin bhuidhe ghairbh, láidir a dhóthain do chapall, gabhar buidhe agus liath-uisce bainne.

[ 73 ]B’eo le ’chéile an bheirt againn. Buaileann seisean an firéad síos ’n‑a bhrollach. Bhí dhá mhadra mhaithe againn agus ramhan agam-sa ar mo ghualainn. Chun cnuic linn go fuadrach. An uair a bhíomair i dtreo leis na coiníní do bhuail conaigéar linn. Do thairrig an Rí a fhiréad amach as a bhrollach, do chuir sreang léi agus do scaoil isteach í. Do leath líon annsan ar gach poll a bhí ar an gconaigéar. Níorbh’ fhada gur rop coinín amach ach do ghaibh an líon é go tapaidh. Do dhein sé fuairnín se mar do bhí béal-shreang fé. Do bhain amach as an líon é agus do chuir an líon ar tinneall arís mar do bhí cheana. Ní raibh ach an méid sin déanta aige san am gur rop ceann eile amach i malairt poill. Níor ghaibh an firéad aniar nó gur chuir sí an ceann deiridh chughainn. Casann sí aniar nuair ná buailfidh aon ní eile léi.

Do bhí seacht cinn de sheibineacha coiníní curtha age’n bhfiréad chughainn as an bpoll san agus iad gabhtha age sna líonta. B’eo linn go dtí lanntán eile do bhí tamall uainn. Do scaoil sé isteach í agus do bhí sí tamall istigh sarar ghaibh aon ní amach. Fé dheire do sháidh coinín mór láidir amach fé’n bpoll. Do ghaibh an líon é ach do thairrig sé an staic a bhí ’á choimeád agus dob’ ’eo leis le fánaidh ach tháinig an dá mhadra suas leis.

An uair a bhí sé um árd an tráthnóna agus an ghrian ag tuitim siar do labhair an Rí: “Ní fhéadfam na coiníní a thabhairt abhaile leis an ocras,” ar seisean.

“N’fheaca aon fhear riamh d’fhear gharbh mar thu is túisce a thuiteann leis an ocras i gcomhnaidhe ná thu,” arsa mise leis, “agus tabharfad féin iad ar fad abhaile liom mara mbeidh a thuille ’gainn.”

Do bhí dosaon go leith marbh an uair seo againn—beart maith—agus sinn beartaithe ar bheith ag tabhairt ár n‑aghaidh ar a dtigh. Bhí loma-chasóg agam féin agus póca maith mór uirthi ó’n dtaobh istigh agus do bhí cannta maith aráin insa phóca. Ní mise do chuir ann é ach mo mháthair. Dubhairt [ 74 ]sí, is dócha, go raibh an lá fada agus go mbíonn na daoine óga géar-ghoileach, rud dob’ fhíor di.

Do thairrigíos amach é, dheineas dhá leath dhe agus thugas a leath do’n Rí. Ní raibh righte comh deacair a shásamh an uair úd agus táid anois. Do phramsáil sé siar é go milis agus deagh-bhlas aige air mar ná raibh a dhóthain aige dhe. An uair a bhí sé meilte siar aige do bhrath sé láidir é féin agus do chuir an firéad i bpoll is i dhá bpoll nó go raibh dosaon ag an nduine againn ag teacht abhaile agus an réilthín anáirde.