CAIBIDIL A XII
FÍNNÉIḊEAĊT EIḂLÍS
D’ḟan sé in a ṡuiḋe suas díreaċ agus a ḃeul ar leaṫaḋ aige
“Táim annso!” ar sí sin, ag éiriġe in a seasaṁ go hobann, agus níor ċuiṁniġ sí riaṁ ar an méid ḃí tar éis dul innte ó ṫáinig sí isteaċ ’sa ċúirt. Ar a héiriġe in a seasaṁ dí agus leis an ḃfuinneaṁ ḃí léi nár ḃuail íoċtar a gúna ar ċinn an ḋáreug agus leagaḋ gaċ aoinne riaṁ aca síos i lár na cúirte, síos ar ċinn na ndaoine go léir ḃí gairid do ḃosca an Ċoiste. Eaċtraḋ b’eaḋ feuċaint orra le n-a gcinn fúṫa agus a gcosa in áirde. Ċuir sé i gcuiṁne ḋ’Eiḃlís ciotarainn a ḃain dí féin ’sa mbaile seaċtṁain roiṁe sin nuair a leag sí báisín a raiḃ bric órḋa ann agus ḋortaḋ iad go léir ar fuaid an tiġe.
“Ó, gaḃaim párdún agaiḃ!” ar sí sin, agus d’aiṫneoċ’ aoinne ar a caint go raiḃ an-ċaṫuġaḋ uirre. Ċrom sí dá bpiocaḋ suas. Ḃí a ḟios aici in sliġe éigin gurb’ ṡin é an ceart—go raiḃ sé ċoṁ ceart aici iad sin a ḃailiuġaḋ [ 140 ]agus a ḃí sé ḋí na bric órḋa a ḃailiuġaḋ — ṡíl sí go ḃfuiġfidís bás maran gcuirfí ṫar n-ais arís ’sa mbosca iad.
“Ní ḃfuiġfear dul ċum cinn leis an dtriail,” arsaiġ an Rí, “go mbeiḋ gaċ aoinne den Ċoiste ṫar n-ais in a áit féin — gaċ aoinne riaṁ den dáreug,” ar sé sin, ag feuċaint go geur ar Eiḃlís.
D’ḟeuċ Eiḃlís ar an áit a raiḃ an Coiste, agus cad a ḃeaḋ ná an t-arcluaċra agus a ċeann fé agus a iarball san aer aige agus corruiġe beag dá ḃaint aige as anois agus arís. Ar éigin a ḃí ann corruiġe. Is aṁlaiḋ a ċuir Eiḃlís isteaċ bun ós cionn é.
Rug sí ar iarball air agus ṡocruiġ sí in a ċeart arís é: “Aċt is cuma é ar ndóiġ,” ar sí sin, “ní measa den ċúis ḃí dá pléiḋe a iarball a ḃeiṫ in áirde aige, le hé a ḃeiṫ fé.”
Nuair ḃí an Coiste tar éis teaċt ċúċa féin roinnt agus pé ṁéid ciall a ḃí aca cruin- niġṫe le n-a ċéile arís agus gaċ aoinne aca agus a ṡlinn agus a ṗíosa cailce féin aige ċromadar ag scríoḃaḋ síos cúntas ar an gciotarainn a ḃain dóiḃ, gaċ aoinne aċt an t-arcluaċra boċt: ḃí sé sin ró ṫré n-a ċéile aon rud a scríoḃaḋ. D’ḟan sé in a ṡuiḋe suas díreaċ agus a ḃeul ar leaṫaḋ aige ag feuċaint in áirde ar ḟraiġṫeaċa an tiġe.
“An ḃfuil a ḟios agat-sa aon rud i dtaoḃ an scéil seo táimíd do ṗléiḋe?” arsaiġ an Rí le hEiḃlís.
“Dada go Dia,” arsaiġ Eiḃlís. “Dada a ċuigint ná ar aon ċor?” arsaiġ an Rí. [ 141 ]"Dada go Dia, adeir mé leat,” arsaiġ Eiḃlís.
“Éist leis sin,” arsaiġ an Rí leis an gCoiste, “sin rud an-éifeaċtaṁail.” Ḃí an Coiste ag tosnuġaḋ díreaċ ar na focail seo a scríoḃaḋ síos ar a gcuid slinnte aca nuair a laḃair an Coinín Gléigeal: “Mí-éifeaċtaṁail, a ṁeas tú a ráḋ, le toil do ṁór-uaisleaċta,” ar sé sin go hurramaċ, aċt mar sin féin ḃí sé ag dranġail, agus ag bagairt ar an Ríġ le linn na cainte ḋó.
“Ó, ’seaḋ, mí-éifeaċtaṁail, ar ndóiġ, ṁeas mé a ráḋ,” arsaiġ an Rí d’urċar, agus annsin lean sé air ag caint leis féin agus ag cur na ḃfocal — an-éifeaċtaṁail — mí-éifeaċtaṁail - mí-éifeaċtaṁail — an-éifeaċtaṁail, tré n-a ċéile mar a ḃeaḋ sé d’iarraiḋ a ḋeunaṁ amaċ ciaca an focal ceart.
Scríoḃ cuid den Ċoiste “an-éifeaċtaṁail,” agus cuid eile “mí-éifeaċtaṁail.” Ḃí Eiḃlís ag feuċaint isteaċ ṫar a nguailne, agus ċonnaic sí gur mar sin a ḃí: “Aċt is cuma é, dar ndóiġ,” ar sí sin léi féin.
An ḟaid a’s a ḃí an Coiste ag scríoḃaḋ ḃí an Rí ag scríoḃaḋ in leaḃairín beag póca ḃí aige. “Ciúineas!” ar sé sin d’urċar, agus léiġ sé amaċ as a leaḃar: “Riaġal a dó a’s dá ḟiċead. — Caiṫfiḋ gaċ aoinne ḃfuil breis is míle ar aoirde ann an Ċúirt d’ḟágaint.”
D’ḟeuċ gaċ aoinne ar Eiḃlís. “Ní ḟuil míle ar aoirde ionnam-sa,” arsaiġ Eiḃlís.
“Tá,” arsaiġ an Rí.
“Tá, geall le ḋá ṁíle,” arsaiġ an Ḃain- ríoġain. [ 142 ]"Ní ḟágfa mé an áit seo, pé sceul é,” arsaiġ Eiḃlís, “rud eile, ní riaġal coitċionta é sin; anois díreaċ a ċeap tú é.”
“Sé an riaġal is sia ’sa leaḃar é,” arsaiġ an Rí.
“Dá mb’é, baḋ ceart go mba Riaġal a hAon é,” arsaiġ Eiḃlís.
D’iompuiġ an Rí ar ḋaṫ an ḟalla agus ḋún sé a leaḃairín. “Tugaiḋ ḃúr mbreaṫ,” ar sé sin go criṫeánaċ leis an gCoiste.
“Tá fínnéiḋeaċt eile ’sa sceul,” arsaiġ an Coinín Gléigeal, ag éiriġe in a ṡeasaṁ go hobann. “Anois díreaċ fuaireaḋ an páipeur so caiṫte ar an úrlár.”
“Cad atá scríoḃṫa ann?” arsaiġ an Ḃain- ríoġain.
“Níor oscail mé fós é,” arsaiġ an Coinín, “aċt baḋ ḋóiġ liom gur leitir é a scríoḃ an cime seo ċum duine éigin.”
“’Dé’n seolaḋ tá uirre?” arsaiġ duine ḋen Ċoiste.
“Ní ḟuil aon seolaḋ uirre,” arsaiġ an Coinín, “ní ḟuil aon rud a ċuigint scríoḃṫa leaṫ is amuiġ uirre.” Ḃí sé ag oscailt an ṗáipéir le linn na cainte ḋó: “Ní leitir in aon ċor é,” ar sé sin, “tar éis gaċ aon rud; roinnt filiḋeaċta tá ann.”
“An é scríoḃaḋ an ċime seo tá ann?” arsaiġ duine eile ḋen Ċoiste.
“Ní hé, ṁuise,” arsaiġ an Coinín, “agus sin é taoḃ is aite ḋen sceul.” (D’ḟeuċ an Coiste an-ṫré n-a ċéile; ḃí an sceul ag dul ’sa ṁuilleann orra.)
“Is dóċa gur ḋein sé aiṫris ar scríoḃaḋ ḋuine éigin eile,” arsaiġ an Rí. [ 143 ]"Le toil do ṁór-uaisleaċta,” arsaiġ an Cuireata, “níor scríoḃas-sa é, agus ní ḟuil aon ċruṫuġaḋ aca gur scríoḃas; ní ḟuil aon ainm leis.”
“Marar ċuiris t’ainm leis, is aṁlaiḋ is measa tá an sceul,” arsaiġ an Rí. “Ḃí tú ar tí aċrann éigin a ċur ar bun ráiḋte ’s nár ċuir tú t’ainm leis mar a ḋeunfaḋ aon duine macánta.”
Ḃí an-ḃualaḋ bas anois ann don Ríġ. B’iad so na focail b’ḟáiġeaṁla duḃairt sé indiu.
“Ná daorann san é?” arsaiġ an Ḃain- ríoġain, “agus baintear …”
“Ní fíor san,” arsaiġ Eiḃlís, “agus rud eile ḋe, ní ḟeadar siḃ in aon ċor cad dó tá an ḟiliḋeaċt so ag tagairt.”
“Leiġ dúinn í,” arsaiġ an Rí.
Ċuir an Coinín air a spiacláirí. “Cá dtosnó’ mé, a Rí onóraiġ?” ar sé sin.
“Tosnuiġ i dtosaċ,” arsaiġ an Rí go faid- ċeannaċ, “agus léiġ leat siar go deireaḋ; do-ġeoḃa tú stad annsin.”
Ní raiḃ focal as aoinne i dTiġ na Cúirte an ḟaid agus a ḃí an Coinín ag léiġeaṁ an ṁéid seo im’ ḋiaiḋ:
“Duḃradar liom go raḃais léi, Agus gur ṫráċt tú ar mo láiṁ; Ṁol sí sin go hárd mo ċáil, Aċt aṁáin ná feudfainn snáṁ.
Ċuir sé sin an sceula ċúċa Ná raḃasa t’réis éiriġe. Agus, Dia linn! anois cad a ḋeunfa tú, Má ċuireann sí an sceul ċum crí’. [ 144 ]Ṫugas-sa a haon dí sin, Dó san a ṫugadar a dó; A trí nó a ceaṫair ṫugaise ḋúinn; Agus, feuċ! nárḃ’ olc an dóiġ.
Ba liom-sa féin iad san go léir, A’s ċasadar orm arís; Aċt ṫáinig sí ċuġam istoiḋċe aréir, Dá ráḋ go raḃadar i ndísc.
Má’s rud é go milleánfar mise ná í I dtaoḃ na gcúrsaí so. A ḃfuascailt go léir tá ort-sa, a ċroiḋe! Nó is giorra ḋúinn, “uṫ!” ná puṫ.
Im’ ṫuairim-se is tusa féin Ṫáinig idir í a’s me A’s ċuir é siúd ċoṁ fada i gcéin Gan bean ná spré aige.”
“Tá croċaḋ na mílte ’sa ḃfínnéiḋeaċt san,” arsaiġ an Rí, ag tógaint a leaḃair amaċ as a ṗóca arís; “seo-igí, a Ċoiste, tugaiḋ …”
“Feuċ,” arsaiġ Eiḃlís (agus ní raiḃ pioc eagla uirre laḃairt leo, ċuaiḋ sí ċoṁ mór sin i méid ó ṫáinig sí isteaċ ’sa Ċúirt). “Feuċ,” ar sí sin, “taḃarfa mé raol d’aoinne a ḃainfiḋ meaḃair as an gcaint sin. Ní ċreidim go ḃfuil ciall ná meaḃair le baint as.”
Scríoḃ gaċ aoinne ḋen Ċoiste síos ar a ṡlinn féin: “Deir sí ná creideann sí go ḃfuil ciall ná meaḃair le baint as,” aċt níor ṫug aoinne aca fé n-a ṁíniuġaḋ.
“Maran ḃfuil ciall ná meaḃair ann,” arsaiġ an Rí, “ag lorg meacain i ḃfail muice [ 145 ]’seaḋ ḃeiṫ d’iarraiḋ ciall ná meaḃair a ḃaint as, agus ní gáḃaḋ dul in a ṫrioblóid, aċt, fan leat anois go ḃfeicimíd,” agus d’oscail sé amaċ an páipeur, leag sé ar a ġlúine ċuige é, ḋún sé súil leis: “Is dóiġ liom tar éis gaċ aon rud go ḃfuil ciall éigin leis — “aċt aṁáin ná feudfainn snáṁ” — ní ḟuil snáṁ agat-sa, an ḃfuil?” ar sé sin leis an gCuireata.
Ḃain an Cuireata boċt croċaḋ as a ċeann agus is é ḃí ag feuċaint go cásṁar. “Ar ḋóiġ leat orm go mbeaḋ?” arsa mo ḋuine boċt. (Do b’ḟuiris d’aoinne a ráḋ ná beaḋ snáṁ ag cárta).
“Tá san go maiṫ agus ní ḟuil go holc,” arsaiġ an Rí, agus ċrom sé ag meaḃruġaḋ na cainte leis: “’Ṁol sí sin go hárd mo ċáil’ - mo ċáil-se é sin, dar ndóiġ — ’má ċuireann sí an sceul ċum crí’’ — duit-se a ṫagrann sé sin, a laoġ!” ar sé sin leis an mBainríoġain - “’Ṫugas-sa a haon dí sin, dó san a ṫugadar a dó’ — sin mar d’imṫiġ na prátaí rósta, ar ḋóiġ …”
“Is eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt léiġ leat: “A’s ċasadar orm arís …’”
“Is eaḋ, ar ndóiġ,” arsaiġ an Rí, “agus dá ċoṁarṫa san féin sin iad annsin ar an mbórd iad. Ní ḟuil aon rud níos soiléire ná san. Agus feuċ leat arís — ’Ṫáinig idir í is mé’ — agus, dar ndóiġ, a ċuid den tsaoġal! níor ṫáinig aoinne riaṁ eadrainn.”
“Níor ṫáinig riaṁ,” ar sí sin, ag breiṫ ar ḃuideul an duiḃ ḃí taoiḃ léi agus dá ċaiṫeaṁ le binib leis an arcluaċra. (Ḃí Taḋg boċt tar éis éiriġe as a ḃeiṫ ag scríoḃaḋ le n-a ṁéir ó’s rud é nár ḟan aon scríoḃaḋ ar an [ 146 ]tslinn ċoṁ luaṫ agus a ṫirmiġ sé; aċt ṫosnuiġ sé anois ag scríoḃaḋ ar a ḋíċeall báis leis an duḃ ḃí ag rioṫ anuas le n-a ṗluc.)
“Tugtar an ḃreaṫ!” arsaiġ an Rí. “Ná tugtar, ná tugtar!” arsaiġ an Ḃain- ríoġain. “Gearrtar an pionós an ċeud uair - agus annsin tugtar an ḃreaṫ.”
“Dícéille, a ḃean!” arsaiġ Eiḃlís, “ar airiġ aoinne riaṁ a leiṫéid de ġnó? …”
“Éist do ḃeul!” arsaiġ an Ḃainríoġain, agus deallraṁ an áiḃirseora uirre.
“Ní éisteoċad!” arsaiġ Eiḃlís.
“Scuabtar an ceann dí!” arsaiġ an Ḃain- ríoġain i gcoṁ-árd a cinn agus a guṫa. Níor ċorruiġ aoinne.
“’Dé’n beann atá ag aoinne oraiḃ-se,” arsaiġ Eiḃlís. (Ḃí sí ċoṁ mór agus ḃí sí riaṁ anois.) “Cad atá ionnaiḃ aċt paca cártaí?” ar sí sin.
D’éiriġ an paca go léir in áirde ’san aer ós a ceann mar saiṫe beaċ agus ṫáiniġeadar anuas ’sa mulla uirre; leig sí screuċ aiste agus ṫug sí iarraċt ar í féin a ċosaint orra, agus ḋúisiġ sí as a codlaḋ. Ḃí sí in a luiġe ar an mbán, a ceann leagṫa ar ḃeinn a deirḃṡéir, agus í sin dá cosaint ar na cuileoga ḃí ag teaċt ṫimċeall ar a haġaiḋ dá cráḋ.
“Dúisiġ, a Eiḃlís, a leinḃ, is fada an codlaḋ ḃí agat,” arsaiġ a deirḃṡiúr léi.
“Ó, ḃí taiḋreaṁ iongantaċ agam!” arsaiġ Eiḃlís, agus d’innis sí dá deirḃṡiúr ċoṁ maiṫ agus a fuair sí cuiṁneaṁ orra na heaċtraí go léir ó ṫósaċ go deireaḋ, gaċ aon rud mar atá léiġte agat-sa ’sa leaḃar so; agus nuair [ 147 ]ḃí deireaḋ aici leis ṫóg a deirḃṡiúr in áirde ar a baclainn ċúiċe í, agus ṗóg sí í agus aduḃairt: “B’iongantaċ an taiḋreaṁ é gan daḃt; rioṫ leat isteaċ anois, a ḃuiḋeanaċ, ċum do ċuid té. Tá sé ag éiriġe déiḋeanaċ.” D’éiriġ Eiḃlís in a seasaṁ agus rioṫ sí léi, agus ní ḃfuiġfeaḋ sí a ċur as a haigne na heaċtraí go léir a ṫaiḋriġeaḋ dí, ní naċ iongnaḋ.
EAĊTRAḊ EIḂLÍS GO NUIGE SEO.