62697Séadna — Caibidiol 14Peadar Ua Laoghaire
[ 114 ]

CAIBIDIOL A CEATHAIRDEUG.

Peig.—Mar adúbhart ó chianaibh, nuair a thuig Sadhbh Dhiarmuda Léith go raibh cleamhnas Mháire Ghearra briste, dúbhairt sí le gach aoinne gur bh’í féin a bhris é, agus gur bh’é cúis gur bhris sí é, a bheith geallta ag Séadna dhi go bpósfadh sé í féin.

Níor chuir aoinne ’na coinnibh. Bhí daoine a chreid é agus bhí daoine nár chreid é. Ach pé acu chreideadar é nó nár chreideadar, ní baoghal gur chuir aoinne chun an sgéil d’áiteamh uirthi. Bhíodh sí coitchianta ’ghá mhaoidheamh gur bh’í féin an cailín a chuirfeadh smacht ar ghiobstéiríbh de shaghas Bháb an Leasa agus Nóra an Tóchair. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, go raibh iomad meas aici uirthi féin chun a rádh go bpósfadh sí fear do bhí geallta do mhnaoi eile.

Síle.—Airiú, nár bh’í an cuirptheach í!

Peig.—Is amhlaidh mar bhí an sgeul aici, a Shíle, i ndeire bára, d’inis sí an sgeul ar an gcuma san chómh minic, agus gan aon duine ag cur ’na coinnibh, gur dóigh liom gur chreid sí féin é fé dheire thiar thall.

Síle.—Conus dh’fhéadfadh sí a chreideamhaint gur gheall sé í phósadh, agus nár thrácht sé riamh léi air?

Peig.—Ní’l aon tseó, a Shíle, ach a bhoige agus a shaoráidíghe a chreidimíd an rud a thaithnean linn, uaireanta, go mór mór má bhímíd chómh ceann-dána san nach fiú le h‑aoinne cómhairle ár leasa a thabhairt dúinn, agus dá dtugadh, ná glacfaimís uaidh í.

Gobnait.—Go deimhin is dócha gurab shin mar dh’imthigh ar Chonn Sheághain Óig. Bhí sé ag teacht abhaile ó’n [ 115 ]sráid oídhche, agus d’fhan sé ag ól i n‑áit éigin, go raibh formhór na h‑oídhche caithte. Ansan nuair a bhí sé ag déanamh ar an mbaile, bhí eagla air go mbéadh a mháthair a’ pléidh leis i dtaobh í choimeád an oídhche go léir ar an dtinteán ag feitheamh leis. Isé rud a dhein sé ’ná a leigint air go bhfeacaidh sé sprid thíos ar an mBóthar Leathan. Do chreid an mháthair é toisg an ainim aerach a bheith ar an áit. Ní raibh aon chómharsa a thagadh isteach ’na dhiaigh san go ceann abhfad ná cuireadh sí fheuchaint ar Chonn an sgeul dh’innsint. B’é crích an sgéil é go dtáinig oiread san sgannra ar Chonn roimis an sprid úd ná feacaidh sé riamh, ná leigfeadh eagla dhó an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na h‑oídhche a thuitim, dá bhfaghadh sé Éire air.

Peig.—Pé ’cu a chreid Sadhbh féin é nó nár chreid, bhí a lán des na cómharsanaibh a chreid láithreach é, agus ba ghearr gur chreideadar go léir é. Cheapadar, is dócha, toisg an deighleáil leathair a bheith idir Dhiarmuid agus Séadna, go mb’fhéidir go raibh an gheallamhaint ann. Pé sgéal é, bhí sé socair ’na n‑aigne gur mar gheall ar Shadhbh do theip cleamhnas Mháire Ghearra. Ansan, nuair a chuimhnigheadar ar an dturus úd Dhiarmuda suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb’fhéidir ná raibh Diarmuid chómh mór gan fios a ghnótha féin agus a shíleadar.

“Á,” a deiridís le n‑a chéile, “ní’l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.”

Micil agus a mháthair a bhí go troma-chroídheach de dhruim an sgéil. Gan amhras bhí a fhios ag Siobhán ná raibh baint ar bith ag Sadhbh le briseadh an chleamhnais, ach ní raibh a fhios san ag Micil. Ach má bhí troma-chroídhe ar Shiobhán i dtaobh na beirte sin a bheith sgartha go bráth [ 116 ]le chéile ar an saoghal so, bhí troma-chroídhe agus cancar agus buile ar Mhicil i dtaobh a rádh go mbéadh sé de phláinéid ar Shéadna go dtug sé geallamhaint phósda do Shadhbh.

Síle.—Agus dar ndóigh níor thug, a Pheig.

Peig.—Cheap Micil gur thug.

Síle.—Ní dhéanfainn dabhta dhe! Nach iongantach ná teipfeadh air, uair éigin, an tuathal a cheapadh!

Peig.—’Sdó, bhí sé i mbeul gach aoinne aici. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe aici. Lasmuich de Shéadna féin agus de Mháire Ghearra agus de Shiobhán, ní raibh duine ná daonaidhe ná raibh an sgéal aige fé mar chuir Sadhbh amach é. Dá mb’é Seághan Ceatach féin é, bhí sé buailte isteach ’na aigne go raibh geallamhaint phósta tabhartha ag Séadna do Shadhbh, agus gur bh’í an gheallamhaint sin a bhí ar aigne Shéadna an lá bhíodar ag siúbhal sa pháirc ar aghaidh tíghe Shéadna amach, é féin agá thafaint air Máire a phósadh, agus eisean ag admháil méid a ghrádha dhi, agus sa n‑am gcéadna ag cur an uile shaghas constaice i gcoinnibh an chleamhnais.

Síle.—Agus an é sin a bhí ar siúbhal acu? Conus a fuaradh amach é, a Pheig?

Peig.—Níor fuaradh amach é gur leath ráfla Shadhbh ar fuid na h‑áite, agus gur airigh Seághan é. Ansan do bhuail sé buille d’á bhais ar a leath-ghlúin, agus dúbhairt sé i n’aigne féin, “Ó! Tuigim anois,” ar seisean, “cad a bhí ar aigne Shéadna an lá úd. Nach mór an iongnadh,” ar seisean, “nár inis sé dhom, lom díreach, cad a bhí ar aigne aige, agus gan mé bheith ag dul chómh dian air, ’ghá chur suas chun mná do phósadh, agus geallamhaint phósta tabhartha aige do mhnaoi eile? Dáltha an sgéil,” ar seisean, “ní fheadar cad é an [ 117 ]crann a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt uaidh d’á leithéid de mhnaoi.”

Nuair a bhuail Seághan agus an sagart um a chéile do shocruigheadar an sgeul eatortha ar a sástacht féin. Go dtí san, do theip ar aoinne acu bun ná barr d’fhághail ar an sgeul, ach nuair a bhí ráfla Shadhbh acu do thuigeadar é go léir tríd síos.

Síle.—Thuigeadar, dar leó féin.

Peig.—Dar leó féin, go díreach. Cheapadar go raibh bun agus bárr an sgéil go cruinn agus go baileach acu nuair a bhí fios na geallamhna acu, agus is iad a bhí go h‑athtruaghach agus go dubrónach de bhárr an mhí-ádh a bhí ar Shéadna, agus an chuma i n‑a raibh Sadhbh ag déanamh toirmisg dó.

“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa ’n sagart, “cad é an mallachar radhairc a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt d’á leithéid de mhnaoi.”

“Is dócha,” arsa Seághan, “gur an fhaid a bhí an dealbhas air a dhéin sé é. Do gheibheadh sé leathar ar cáirde go minic ó Dhiarmuid, agus b’fhéidir gur cheap an fear bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbéadh tinteán tirim teann aige, pé i n‑Éirinn é, pé compórd eile bhéadh aige ná ná béadh.”

“Gabhaim-se orm,” arsa ’n sagart, “ná raibh aon bhaoghal go bpósfadh sí an uair sin é. Ach mar sin féin, b’fhéidir nár mhisde léi an gheallamhaint do ghlacadh uaidh. Níl teóra le n‑a leithéidí nuair a luíghid siad amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar an éitheach.”

“Fágaim le h‑uadhacht, a Athair,” arsa Seághan Ceatach, “gur dócha go bhfuil an ceart agat. Ach ar a shon san, tá a lán sa sgeul nach féidir a thuisgint. An lá bhí sé thiar agam’ thigh-se, dúbhairt sé gur oir dó [ 118 ]cúpla focal a labhairt le Máire. Cheapas ná raibh uain aige ar dhul isteach nuair a bhí sé imthighthe. Má labhair sé i n‑aon chor níor labhair sé thar an dá fhocal. D’imthigh sé mar imtheóchadh an t‑eun. Pé rud adúbhairt sé, ní fheaca-sa riamh a leithéid d’athrughadh i n‑aon Chríostaidhe agus a bhí inti sin as san amach. Do tháinig a goile dhi agus do tháinig a luisne dhi. D’imthigh an mhairbhitíghe agus an dúire. Ba ghearr go raibh a guth chómh h‑aibigh agus a gáire chómh binn agus dh’airigheas riamh ó n‑a máthair, an lá is óige a bhí sí. Má’s amhlaidh dh’inis sé dhi go raibh geallamhaint tabhartha do Shadhbh aige, is deacair a rádh go dtógfadh san an ceó d’á croídhe mar a tógadh é. Ba dhóigh liom gurab é rud a dhéanfadh sé ’ná an galar dóghach a chur ar fad uirthi.”

“Am briathar ’s ambasa, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “go bhfuil iongnadh mhór agat d’á chur orm, feuch. An lá tháinig sé anso chun cainte liom-sa, cheapas, nídh nárbh’ iongnadh, gur chun an chleamhnais a chríochnughadh a tháinig sé. Dúbhairt sé liom gur bh’fhearr leis ’ná a raibh d’ór agus d’airgead an tsaoghal aige go bhféadfadh sé Máire a phósadh. Cheapas féin go raibh sgeul áthais agam d’á innsint dó nuair adúbhart leis gur bh’fheasach dom Máire bheith lán-toilteanach do’n chleamhnas. I n‑a inead san is amhlaidh ba dhóigh leat gur innseas dó go raibh sí tar éis bháis. ‘Is truagh agus is tubaisteach an sgeul é,’ ar seisean, agus do sgiúrd sé an doras amach uaim mar dhéanfadh duine buile.”

“Pé rud adúbhairt sé le Máire, le n‑ar baineadh an galar dóghach di, tá eagla orm go bhfuil greim daingean éigin ag Sadhbh air, agus mura mbéadh go bhfuil, ná béadh sise ’ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe mar atá sí, agus ná sgarfadh seisean chómh bog le mnaoi go raibh oiread san ceana aige uirthi, agus aici air.”

[ 119 ]“Agus feuch,” arsa ’n sagart, “ar an dtaobh eile de’n sgeul. Ní saoráidíghe atá sgartha aige-sean le Máire ’ná atá sgartha aici-sin leis.”

“Dar fiadh, a Athair, is fíor dhuit é!” arsa Seághan. “Agus gan éileamh ag aoinne uirthi.”

“Is é an sgeul is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam-sa é,” arsa ’n sagart.

“Nár chóir, a Athair,” arsa Seághan, “má thug sé geallamhaint do Shadhbh Dhiarmuda, go bhféadfaí teacht ar bhun-phréimh an sgéil agus an gheallamhaint do chur i leath-taoibh? Dar ndóigh tá a fhios ag an saoghal ná fuil sé ceangailte air i láthair Dé an gheallamhaint sin do sheasamh.”

“Gan amhras,” arsa ’n sagart, “má tá an gheallamhaint ann, ní’l sé ceangailte air í sheasamh.”

“Má tá sí ann, a Athair, an eadh?” arsa Seághan. “Deabhruighean san gurab é do thuairim-se ná fuil sí ann. Mura bhfuil sí ann, nár chóir go bhféadfaí cosg a chur le teangain Shadhbh? Má ’s éitheach atá ar siúbhal aici is mór an truagh é leigint i n‑aisge léi. D’á fhaid a leigfear i n‑aisge léi é iseadh is dána leanfaidh sí dhe. D’á luaithe a cuirfear cosg léi iseadh is lugha an díobháil a bhéidh déanta aici. Má ’s éitheach atá ar siúbhal aici,—mura bhfuil aon éileamh aici ar Shéadna le ceart geallamhna,—do bhuadhaigh sí ar a bhfeaca riamh de mhnáibh, agus do bhuadhaigh Séadna ar a bhfeaca riamh d’fhearaibh.”

“Conus é sin?” arsa ’n sagart.

“Mura bhfuil aon éileamh ag Sadhbh air,” ar seisean, “cad ’tá ag teacht idir é agus pósadh m’inghíne?”

“Siní díreach an cheist,” arsa ’n sagart.

“Isí, a Athair,” ar seisean; “agus tá a fhonn orm leanamhaint siar ar an gceist sin go dtagaidh a réidhteach [ 120 ]liom, luath nó mall. Dá mbeitheá am’ chás, a Athair,” ar seisean, “ní ró mhaith do raghadh sé dhuit Sadhbh Dhiarmuda bheith ag magadh fút ar an gcuma so.”

“Ní’l Sadhbh ag magadh fé aoinne ach fúithi féin, a Sheághain,” arsa ’n sagart. “Ach ar a shon san, ámh, is fíor dhuit gur mór an truagh gan smacht a chur ar a leithéid dá mb’fhéidir é. Agus anois a chuimhnighim air, ní dócha go raghadh Diarmuid suas chómh dána go tigh Shéadna, ’ghá fhiafruighe dhe cad a cheap sé dhéanamh i gcóir na Máirte, mura mbéadh go raibh ceart nó teidiol éigin aige.”

“Agus feuch féin, a Athair,” arsa Seághan, “cad é an saghas freagra thug Séadna air. ‘Ní’l aon fhonn pósta orm,’ ar seisean, ‘agus ní bhéidh go fóil’; díreach fé mar a deurfadh sé, ‘ní’lim ollamh fós ar an ngeallamhaint úd do chómhlíonadh.’”

“Ambasa, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “ní deirim ná go bhfuil an ceart agat. Tá sé ar naisg aici, agus is mór an truagh é.”

Síle.—Ómhais’, ómhais’, ómhaise! Feuch air sin mar obair! Cad é an donas a bhí ag baint a meabhrach díobh? Dar ndó’, tá a fhios ag an saoghal go ndeurfadh sé an méid sin cainte agus gan aon gheallamhaint a bheith air. Ba dheas an bheirt iad! Cad é an díobháil dom ach an sagart féin.

Cáit.—Is dó’, feuch, a Shíle, a chuid, ní raibh aon eólas acu ar rún Shéadna, ná aon choinne ar bith acu le n‑a leithéid. Dá mbéadh, b’fhéidir go dtuigfidís an sgeul chómh maith agus thuigimíd-ne é. Ach conus fhéadfadh aoinne cuimhneamh air? Níor inis sé d’aoinne beó é. Níor thrácht sé amach as a bheul air le h‑aoinne dár mhair riamh, ó’n gcéad lá go [ 121 ]dtí an lá a bhí an uair sin ann. Ar thugais fé ndeara a chruinne agus a fheabhas a choimeád sé é ó’n uile dhuine d’ár labhair leis? Bhíos ag faire ar an sgeul, agus bhínn ’ghá cheapadh ó am go h‑am go sleamhnóchadh focal éigin uaidh a leigfeadh amach é; ach níor shleamhnuigh an smiog ba lúgha uaidh. Ní raibh aon nídh eile ’ghá chosg air Máire Ghearra a phósadh ach an rún a bhí aige i n’ aigne féin. Ní raibh eólas ar bith ag an sagart ná ag Seághan Ceatach ar an rún san. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe ag Sadhbh gur gheall sé í féin a phósadh. Ní raibh aoinne ag bréagnughadh an sgéil sin. Conus a fhéadfadh aoinne a rádh ’ná go mb’fhéidir go raibh rud i bhfuirm fírinne sa sgeul? Ceapaim féin ná féadfadh Seághan Ceatach agus an sagart a n‑aigne do shocarughadh ar aon rud eile ach air seo, nár bh’fholáir nó go raibh an gheallamhaint ann.

Síle.—Agus dar ndó’, ba mhór an éagcóir é, a Cháit.

Cáit.—Ba mhór, gan amhras, ach cad é an leigheas a bhí air?

Síle.—Ba dhó’ liom gur cheart do dhaoinibh feuchaint rómpa agus gan an éagcóir a dhéanamh.

Cáit.—Ambasa, a Shíle, ba cheart. Ach ní fhágan san ná gur minic a crochadh duine san éagcóir agus gan leigheas ag aoinne air.

Gobnait.—D’airigheas-sa gur crochadh duine mar sin san éagcóir thiar i n‑aice an Rátha Mhóir fadó, nuair a bhriseadar na Buachaillí Bána an cóisde agus a mharbhadar an fear a bhí ’na ghárda air.

Nóra.—Cad ba ghádh dhóibh é mharbhadh, a Ghobnait?

Gobnait.—Is amhlaidh a cheapadar go raibh páipeur ag fear an chóisde, agus gach aoinne a bhí ’na cheann ar [ 122 ]Bhuachaillíbh Bána go raibh a ainim sa pháipeur san, agus nuair a raghadh an cóisde go Tráigh-Lí go gcurfaí armáil amach, agus aon fhear go raibh a ainim sa pháipeur go mbéarfaí air agus go gcrochfaí é. Isé rud a bheartuigheadar ’ná teacht roimis an gcóisde agus an páipeur a bhaint amach ar ais nó ar éigin. Nuair iaradar an páipeur isé rud a dhéin an fear a bhí ’na ghárda ’ná caitheamh leó. Bhí arm teine acu-san chómh maith agus bhí aige-sin, agus do chaitheadar leis, agus do thuit sé marbh ar an mbóthar. Ar maidin lar na mháireach do bhuail amach ar an mbóthar seanduine bocht a bhíodh ag aedhreacht i gcómhgar na h‑áite, agus nuair a chonaic sé an duine marbh do stad sé ag feuchaint air agus sgárd ’na shúilibh. Le n‑a linn sin do tháinig an t‑arm dearg suas, agus do rugadh ar an seanduine bocht, agus do cuireadh suas croch láithreach chun a chrochta.

Síle.—Agus cad chuige é chrochadh gan chúis?

Gobnait.—Ambasa, a Shíle, ba chuma leó súd cia’cu a bhí cúis chuige nó ná raibh. Seanduine bocht simplidhe dob’ eadh é, gan pheacadh. D’iar sé an sagart a thabhairt chuige, agus do tugadh. Nuair a bhí a fhaoisdin déanta aige, agus iad ’ghá bhreith suas chun na croiche, bhí sé ag tuitim i gceann a chos le sgannradh. Ní fhéadfadh sé siúbhal ná seasamh. Ansan do labhair an sagart leis agus dúbhairt sé, “Ní fiú dhuit a leithéid sin d’eagla bheith ort,” ar seisean. “Ní túisge do sgarfaidh anam le colainn agat ar an gcroich ’ná bheidh aoibhneas na bhFlathas agat láithreach.”—“An ndeirean tú liom é?” arsa ’n seanduine bocht.—“Deirim gan amhras,” arsa ’n sagart. “Tá Íosa Críost agus [ 123 ]Muire Mháthair ansúd thuas ag feitheamh leat.” Tháinig neart agus misneach láithreach dó. “Druididh uaim amach,” ar seisean leó. Chuir sé an dréimire suas de gan congnamh, agus do crochadh é. Bhí sé ceithre fichid.

Cáit.—Ba dheas an gníomh é! Dá bhfaighinn lom ortha do chrochfainn iad mar a chrochfainn madraí uilc. Na cladhairí gránda! An seanduine bocht! Agus a fhios acu ná raibh sé agus ná féadfadh sé bheith ciontach. Nár chóir go mbéadh náire ortha!

Gobnait.—Náire! ’Dhe, cá bhfios dóibh siúd cad a bhain le náire? Bhídís ag lámhach agus ag crochadh na ndaoine ins gach aon bhall an uair sin. Nach shin é an fear san thíos i Magh Chromdha do bhuail aníos Gort na Lice maidean Domhnaigh ar muin a chapaill, agus a ghuna ar a bheulaibh aige, agus nuair a chonaic sé an duine bocht i n‑aice an tuir ar a ghlúinibh ag rádh na Coróinneach Muire, do sgaoil an pléar tríd!

Cáit.—Ambasa, a Ghobnait, is fíor dhuit. Do dhéin sé mar sin é. Bhíos i Magh Chromdha lá i n‑aonfheacht le Neill agus thaisbeáin sí dhom é, agus am briathar, nuair a chonac é, gur choruigh mo chuid fola. Bhí sé ansúd go liath láidir ag siúbhal na sráide, chómh dána agus dá mba ná béadh a leithéid déanta aige. Do theip orm gan nimh mo shúl do chur ’na láimh dheis. Thug sé fé ndeara mé ag feuchaint ar an láimh, agus d’iompuigh dath gorm ar an mbitheamhnach. B’é b’fhada liom go rabhas as a radharc, geallaim dhuit é.

Síle.—Cé h‑é féin, a Cháit?

Cáit.—’Dhe, an sean chladhaire sin thíos Dochtúir de Faoite.

[ 124 ]Síle.—Agus cad ’na thaobh nár crochadh é?

Gobnait.—’Seadh go díreach! Cad ’na thaobh nár crochadh é! Cad ’na thaobh nár crochadh M’leachlainn? Níor crochadh. ’Siad na Cárthaigh a crochadh, nuair a dhearbhuigh M’leachlainn ortha an gníomh a dhéin sé féin.

Cáit.—Nach é Cormac Mac Cártha a lámhuigh Bob Hutchison, a Ghobnait?

Gobnait.—Isé, nuair a sheasaimh M’leachlainn ua Dubhagáin ar an dtaobh thiar de agus chuir sé beul a ghuna le n‑a dhrom, agus dúbhairt sé, “Lámhuigh é, a Chormaic,” ar seisean, “nó lámhfad-sa thusa!” Agus dar ndó’, ní raibh de na Cárthaigh ann ach Cormac. Ní raibh Ceallachán ná Tadhg ann i n‑aon chor, agus do crochadh an triúr. Agus ní baoghal, a Shíle, gur crochadh M’leachlainn.

Síle.—’Sdó, go deimhin, ba dhóigh le duine ort-sa, a Ghobnait, gurab iad na daoine ciontacha is mó a théidhean saor, agus gurab iad na daoine macánta a crochtar. Do crochadh an seanduine thiar i n‑aice an Rátha Mhóir, agus níor crochadh an mhuintir a chroch é. Do crochadh na Cárthaigh, agus níor crochadh M’leachlainn. Níor crochadh Dochtúir de Faoite.

Gobnait.—Ar airighis riamh, a Shíle, cad dúbhairt sean Sheón Léadar leis an bhfear oibre? “Duine macánta iseadh mise,” arsa ’n fear oibre.—“Duine macánta!” arsa Seón. “Imthigh uaim, a dhuine mhacánta!” ar seisean. “Ní dhéanfadh duine macánta mo ghnó-sa i n‑aon chor.”

Peig.—Fan leat go fóil, a Ghobnait.

“Tá sé ar naisg aici,” arsa ’n sagart, “agus is mór an truagh é. Ach cad ’tá le déanamh againn?”

“Cad a bhéadh le déanamh againn,” arsa Seághan, “ach [ 125 ]an gheallamhaint a chur i leath-taoibh? Ní’l sé ceangailte ar Shéadna an gheallamhaint do sheasamh. Ní bhéadh sé ceangailte ar aon fhear beó a bhéadh ’na chás. Is geallamhaint gan éifeacht í.”

“Tá san uile fíor go leór,” arsa ’n sagart, “ach conus a curfar i leath-taoibh í? Siní an cheist. Cad é an chéad aitheasg atá le déanamh againn?”

“Is é céad aitheasg a dhéanfainn-se, a Athair,” arsa Seághan, “dul soir go tigh Dhiarmud’ Léith agus an ceann a bhaint de’n sgeul láithreach dó féin agus do Shadhbh, agus a innsint dóibh lom díreach ná fuil aon tairbhe sa gheallamhaint, ná fuil ann ach díth céille dhóibh bheith ag brath air go bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an nduine.”

“Má dhéinir mar sin,” arsa ’n sagart, “ceapaim gurab é céad aitheasg a dhéanfaidh Sadhbh a fhiafruighe dhíot go tur agus go teann cé dúbhairt leat teacht chun cainte léi, nó an é Séadna a chuir chuici tú leis an dteachtaireacht san, agus má’s é, gurab é a cómhairle féin duit imtheacht abhaile agus aire thabhairt dod’ ghnó féin, agus leigint do Shéadna an cleas céadna a dhéanamh.”

“Má’s eadh, a Athair,” ar seisean, “cad déarfá lem’ dhul chun cainte le Séadna féin ar dtúis?”

“Agus cad déarfá leis?” arsa ’n sagart.

“Déarfainn leis,” ar seisean, “gur mór an truagh dhó a shaoghal a sgaoileadh uaidh ag seasamh geallamhna gan bhrígh, agus gan ceangal air i láthair Dé an gheallamhaint do chómhlíonadh.”

“Ní fhéadfainn aon tuairim a thabhairt,” arsa ’n sagart, “fé’n bhfreagra gheabhthá uaidh. Is duine ró dhoimhinn ró dhorcha é. D’á ghéire thabharfá tuairim fé’n gcaint a bhéadh le teacht uaidh, nuair a thiocfadh an chaint [ 126 ]bhéadh sí seacht míle ó’n dtuairim. Ach do gheallfainn duit go ndéarfadh sé rud éigin ná béadh coinne agat leis agus a bhainfeadh ded’ bhonnaibh thú.”

“Ní fheadar an tsaoghal, a Athair,” arsa Seághan, “cad is maith dhom a dhéanamh.”

“Ar inis Máire dhuit,” arsa ’n sagart, “cad dúbhairt Séadna léi an lá a bhí sé thiar?”

“Níor inis, a Athair,” ar seisean, “agus níor fhiafruigheas di é.”

“B’fhéidir,” arsa ’n sagart, “dá mbéadh a fhios agat cad dúbhairt sé léi an lá san, go dtabharfadh san oiread eólais ar a aigne dhuit agus a chuirfeadh ar an mbóthar gceart tú sul a raghfá chun cainte leis.”

“Tá go maith, a Athair,” ar seisean. “Fiafróchad anois di é nuair a raghad abhaile, ar a shon nach maith liom trácht i n‑aon chor léi air, le h‑eagla go gcuirfeadh sé aon bhuairt uirthi agus go bhfillfeadh an lionn-dubh úd airís uirthi.

“Ní’l agat,” arsa ’n sagart, “ach an sgeul do tharang anuas chómh réidh, chómh neamhchuiseach agus is féidir é.”

Caibidiol 14
62697Caibidiol 14